Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
faon-, fionn-
/fīn/
réimír aidiachtúil
meath-; scoth-; roinnt, beagán.
+
Bhí faonoscailt ar an doras (faonoscailt adeirtear go minic, ach tá fionnoscailt freisin ann) — oscailt bheag; gan é a bheith dúnta ar fad nó é a bheith leathoscailte
Fuair mé faonoscailt ar an doras agus shiúil mé isteach
TUILLEADH (4) ▼
Fág an doras ar faonoscailt (nó faonosclaithe). Is mór an fionnórtas é ar an meirbheadas seo
Cé a d'fhága an geata ar faonoscailt? Nach bhfuil a fhios agaibh go maith go bhfuil na hasail sin ag forcamhás go dteaga siad isteach ar an tsráid ag smailceadh
Níor chuir tú an maide sa mbearna sách maith. Nuair a fuair siad (beithígh) faonoscailte í, leag siad ar fad í
Ní dhearna mé ach fionnoscailt a thabhairt ar an doras agus mo cheann a chur isteach. Nuair a chonaic mé an teach bán chrap liom aríst
+
Tá fionnoscal sa doras — siúnta a dtiocfadh an solas isteach thríd, nó cláirín a bheith imithe as (tabhair faoi deara gur "san" atá sa leagan seo agus nach "ar"; fíonn adeirtear i gcónaí sa gcás seo, agus ní faon
Céard a rinne an fionnoscal sin sa doras. Tá an gath gréine isteach ann. An clár atá imithe as? Duine eicínt a thug pound dó. Nach bhfuil a fhios agaibh go bhfuil adhmad an dorais sin chomh lag leis an luachair?
TUILLEADH (1) ▼
Tá fionnoscal sa doras. Ceann de na cláir atá ar bogadh. Ní mór cupla tairne a fháil agus é a dhaingniú nó brisfidh sé ó chéile ar fad
·
D'fhága diabhal eicínt agaibh — crosaim aríst sibh! — an drisiúr fionnosclaithe agus chuaigh na cait isteach ann gur dhóirt siad an bainne. Slán a mháithreach! Is mór an scrios é, bainne a chur amú mar sin

Féach freisin