Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
feirbínteacht
ainmfhocal, baineann
cantal; abhlóireacht; nuall; sceaimhínteacht.
+
Théis a bhfuil de chraicínteacht agus d'fheirbínteacht aige, ba mhaith éasca a lig sé faoi ach a dtáinig tusa isteach. Is maith an rud grá nó faitíos ar ndóigh — sceaimhínteacht; ag bollaireacht agus ag ullmhúchan achrainn
Lig de do chuid feirbínteacht anois nó gheobhaidh tú rud ar a shon
TUILLEADH (1) ▼
Ní sheasfadh an saol leis sa teach le feirbínteacht agus maistínteacht, ach diabhal smid ar bith ó bhaileos sé amach. D'fhéadfadh fear den bhaile é a bhualadh trasna an bhéil, agus dheamhan cor a bheadh aige, ach d'ídeodh sé orainne é ach a dteagadh sé abhaile. Níl ann ach cladhaire fir ina dhiaidh sin