Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fiagaíocht
ainmfhocal baineann, ainm briathartha
ag fiach, ag seilg; ag fáiteall, ag soláthar; ag cipiléireacht le obair fhánaigh.
+
Tá sé thar cionn ag fiagaíocht sna locháin, i ndiaidh iascáin agus portáin, ach ní mórán foghail a dhéanfas sé ar an bhfeamainn — ní ag baint na feamainne a bhíos sé, mar ba chóir dó a bheith, ach ag tógáil iascáin agus portáin
Níonn an cat sin fiagaíocht mhór. Tá éan eile fostaithe inniu aige
TUILLEADH (2) ▼
Ní dhéanann sí luach na leithphínne de mhaith ach istigh chois na tine ag fiagaíocht ina cloigeann! — ag tóraíocht míol
Cá bhfuair tú an chearc fhraoigh? Is ait thú ag fiagaíocht. Diabhal bréag muise nach ait