Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fillicín, fillicíní
ainmfhocal, fireann
roic, cruinniúchaí, fonsaí, siúntaí, uaimeannaí.
·
Tá fillicíní ina bholg, tá sé chomh tógtha sin — duine nó beathach a mbeadh bolg ramhar air, d'fheicfeá cruinniúchaí nó sórt roic trasna a bhoilg an áit a mbeadh na fonsaí feola ag éirí dhá chéile
Cuirfidh an mhuicfheoil sin fillicíní sa mbolg agat má sheadaíonn tú dhá hithe

fillicín in iontrálacha eile (1)

 
fonsa
Tá fillicíní ina bholg le na fonsaí feola atá air. Dheamhan a leithide de mhéadail! Má mhaireann dó, is gearr nach mbeidh gair ar bith ag bolg J. ar a bholg