Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fionnscaradh
·
Tá sé imithe amach ag fiach agus ag fionnscaradh inniu — ag fiach; ag seilg. Focal a chuirtear le fiach; fc. fiach
Chuaigh sé amach an lá sin ag fiach agus ag fionnscaradh: "a sheabhac ar a bhois, a ghadhar lena chois, agus a chapall breá donn dhá iompar"

fionnscaradh in iontrálacha eile (5)

 
beann
"Chuaigheadar ag fiach agus ag fionnscaradh, agus ba ghearr gur éirigh fia na mbeann rompub" (as seanscéal; tá an chiall seo den fhocal ionann is seargtha anois.)
+
fiach 1
Bhí muid ag fiach agus ag fionnscaradh ar feadh an lae — ag fiach. Cuirtear "fionnscaradh" ar chuingir leis go minic. Leagan an-choitianta sna scéalta é
TUILLEADH (3) ▼
Chaith an cúpla seo an lá ag fiach agus ag fionnscaradh agus ba bheag a d'éirigh leo ach go dtáinig siad abhaile agus a ngoile ina nglaic acu tráthnóna
Shílfeá go n-eireofá amach ag fiach agus ag fionnscaradh dhuit fhéin agus gan thú a bheith in do spreasán istigh ansin
Ní dhearna mé fiach ná fionnscaradh ariamh thar rud ar bith