Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
foragás
ainmfhocal, fireann
tairseach na fuinneoige taobh amuigh, go háirid má bhíonn bruach amach air, thar an mballa.
·
Tá foragás breá ar an bhfuinneoig sin
Bhí sé ina shuí thoir ar fhoragás na fuinneoige tigh J. Sh. Dh. ar feadh an lae ag tnúthán go n-iarrfadh duine eicínt isteach ag ól é. Ach ba é feitheamh an tsionnaigh ar mhagarlaí an tairbh aige é, dar liom féin