fraiseach
—ainmfhocal, baineann
—
féile; flaisc; córtas; oineach; gnaíúlacht; rabairne; caifeach; drabhlásach; bruithshléacht.
+–
Chaith sé a chuid airgid ina fhraiseach — rinne sé flaisc; chaith sé go rabairneach é
Má chastar i dteach an óil chor ar bith é, imíonn an t-airgead uaidh ina fhraiseach
TUILLEADH (4) ▼
Fraiseach mar sin a níos sé i gcónaí má dhíolann sé gamhain ná muic. Dhá mbeadh sé ina ridire, ní sheasfadh airgead leis
Seachain anois a ndéanfá fraiseach den phunt sin mar a níos tú i gcónaí. Ní bheadh caitheamh ina dhiaidh ar bith agam murach an dream a mbíonn tú ag tiomaint óil orthu. Diabhal uisce na bhfataí a thabharfainn dóibh
Rinneadh flaisc agus fraiseach anseo thíos aréir. Níor sheas cheithre galúin fuisce achar ar bith. Bhí a shliocht orthu: ní raibh ginealach an bhéil bheo ann nach raibh dallta ar meisce
Ná déanaidh fraiseach den bhraon fuisce sin anois. Is maith an rud riar a thabhairt dóibh. Tá a gceart i dhá ghloine.