Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
frapáil
briathar
a.
maidí nó cúnamh den tsórt sin a chur faoi rud; prop Béarla
·
Frapálfaidh muid an bhinn seo ar ball ach a bhfaighe muid maidí
b.
borradh le duine nó cuidiú a thabhairt dó ina chall.
·
Ní raibh brá gill ar bith air sin cupla bliain ó shin ach tá sé frapáilte ag na deirfiúrachaí anois