Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fuasaoideach
aidiacht
casaoideach, gearánach, lochtaitheach.
+
Tá sé dubhfhuasaoideach — ag clamhsán i gcónaí faoi rud eicínt nó go bhfuil tinneas air
Tá M. beag seo thíos bunfhuasaoideach go maith anocht ach ní bheadh an treaghdán fhéin air sin nuair a ghabhfadh sé dhá fhuasaoid. M'anam muise má theagann an buachaill siúd air (fliú), go mbeidh a ábhar aige shula mbeidh sé réidh leis
TUILLEADH (1) ▼
Bean fhuasaoideach a bhí chuile lá ariamh sa saol inti