fuiseog
—ainmfhocal, baineann
—
an t-éan a dtugtar an lark uirthi i mBéarla. Tá ar a laghad trí chineál ann: an fhuiseog bheag, an fhuiseog mhór agus an fhuiseog shléibhe nó an fhuiseog mhóna (an ceann a bhíos sa sliabh).
+–
Bhí sé ina shuí leis an bhfuiseoig; bhí sé ina shuí le giolcadh na fuiseoige (le fáinne na fuiseoige) — leis an réalt
D'éirigh sé inniu le fáinne na fuiseoige
TUILLEADH (1) ▼
Caithfidh mé a bheith in mo shuí amárach le giolcadh na fuiseoige
fuiseog in iontrálacha eile (7)
+
→
fáinne
Níl ann ach éirí le fáinne na fuiseoige — le giolcadh na fuiseoige
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sé ina shuí le fáinne na fuiseoige nó roimhe
Meas tú an ngabhfainnse ar páí aigesean. Ghabhfadh muise! Le bheith in mo shuí le fáinne na fuiseoige. Ba deas í mo cheird
→
clóic
Tá clóic mhór air go deimhin! — fear ar bith a bhíonns ina shuí le giolcadh na fuiseoige chuile mhaidin agus é spréachta ag dúiseacht chuile dhuine eile sa teach.
Bhí siad sin doghrainneach chuile lá ariamh leis an té a bheadh ar páí acu. Mharódh sé iad le obair. Is minic a chonaic mé thíos sa ngarraí iad go mbeadh an dubh ar an oíche agus nár léir dóibh an láí. Agus an táirm chéanna ag tosaí ar maidin. Mura mbeidís aige le giolcadh na fuiseoige, spréachfadh sé leo. Ba in é féin an drocheallach — ba é sin
Ní raibh aon aithne lae air ar fhágáil an tí dhom, agus ba bheag an díogarnach lae a bhí ann ar A. D. L. féin. Ach ghiorraigh M. an bóthar dúinn. 'Sé atá deas air. Bhfuil a fhios agat cén cheird a bhí air soir ar feadh an bhóthair gur bhailigh muid na F.: ag aithrist ar phoirt na n-éan. Go leaga an diabhal éan dár dhúisigh nach raibh sé in ann a fhreagairt. Máirseáil na fuiseoige féin tá sé aige. Tá bua eicínt aige siúd nach bhfuil ceart
→
díth
Mura mbeidh obair déanta aige, ní de dhíth éirí moch é. Bíonn sé amuigh le giolcadh na fuiseoige chuile mhaidin. Ach b'fhearr cearc i ngarraí ná é. Ag imeacht ag cipiléireacht a chaitheas sé an lá