Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
oscartha
Cois Fharraige
ligthe, mór, bríomhar (ní bhaineann sé le lúth), láidir.
+
Tá sé siúd chomh hoscartha agus nach mbainfeá feanc as dhá mbeifeá leis go deo
Ní raibh gair agam filleadh ná feacadh a dhéanamh ag na fir mhóra oscartha a bhí fúm is tharam.
TUILLEADH (2) ▼
Má tá sé oscartha, is beag an cur leis atá ann.
Ní fheicfeá go hiomaí fear chomh hoscartha, áibhéalta leis

oscartha in iontrálacha eile (3)

 
Is dual dó sin a bheith mór oscartha. Ba diabhaltaí an clifeartach d'fhear é a athair fhéin, go ndéana Dia grásta air.
+
Ar an dá luath agus ar airigh mé an scafall ag sníomh fúm, thug mé léim ghlan-oscartha anonn agus d'éirigh Dia liom gur rug mé ar an bpíopa — is maith a chuaigh mé as nár maraíodh mé. Bhí Dia in m'fhabhar.
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh sé suas glanoscartha gan méir a bhaint dhá shrón go Both Loiscthe gur ól sé feadhnach poitín ann, ach ní raibh sé chomh hoscartha sin ag teacht abhaile! — bhí siúl aige ag dul ann, ach ní raibh ag teacht ar ais, mar bhí ballasta istigh aige