Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Is ionann a bhfuil anseo agus an chéad leath den saothar foclóireachta, nár foilsíodh cheana, a scríobh Máirtín Ó Cadhain (1906-1970), údar, gníomhaí teanga agus scoláire Gaeilge, idir 1937 agus 1946.

Thug Máirtín Ó Cadhain faoin saothar foclóireachta seo mar dhuine de mheitheal foclóirithe a chuaigh i mbun focail Ghaeilge a bhailiú óna gceantar Gaeltachta féin, tar éis don Roinn Oideachais a iarraidh go ndéanfaí amhlaidh chun ábhar a chruinniú le chéile le haghaidh foclóir mór Gaeilge-Béarla. Bhí a chéad samplaí curtha ag Máirtín faoin mbliain 1937, agus daichead bliain ina dhiaidh sin in 1977, foilsíodh Foclóir Gaeilge-Béarla, in eagar ag Niall Ó Dónaill.

Lean an Cadhanach den ábhar foclóireachta a chur chuig an Roinn gur chuir sé an sciar deiridh, is cosúil, in 1946; faoin am sin bhí sé ar shéala bheith ar dhuine de na scríbhneoirí cruthaitheacha is iomráití a bhí in Éirinn sa 20ú haois. Tháinig úrscéal ceannródaíoch, Cré na Cille, óna pheann in 1949, a thug ardán dósháraithe dá bhua mar scríbhneoir agus do chaint chraicneach mhuintir Chonamara.

Is mór an clú a thuill Ó Cadhain ina dhiaidh sin mar scríbhneoir cruthaitheach, ach anseo castar orainn é faoi éide an fhoclóirí agus an teangeolaí, agus é i mbun fiosrúcháin agus míniúcháin ar bhrí agus ar fhoirmeacha teanga a mhórchanúna féin. San obair fhoclóireachta a scríobh sé agus atá curtha ar fáil anseo den chéad uair, is ar chaint a mhuintire a tharraing sé chun brí agus úsáid na bhfocal a chur in iúl, agus ar an ábhar sin is léargas iontach é an méid seo ar an tuiscint a bhí ag Ó Cadhain ar an teanga phobail mar mheán cumarsáide agus scríofa. Anuas air sin, faightear léargas iltoiseach san fhoclóir ar shaol agus ar theanga Ghaeltacht na Gaillimhe sa chéad chuid den 20ú haois, agus mar sin is mór agus is tábhachtach an tuiscint atá le fáil as ar theanga, ar shochaí agus ar phobal na Gaeltachta sa tréimhse sin.

Struchtúr an Fhoclóra

D’oibir an Cadhnach ar a fhoclóir thar thréimhse fhada blianta agus níorbh ionann i gcónaí dálaí na hoibre sin, óir chaith sé tamall i gCnoc an Arbhair agus sa Churrach faoi imtheorannú. Chuir sé lámhscríbhinní ina bhfuil breis agus 1.1 milliún focal de théacs ina iomláine chuig an nGúm, lán le sainmhínithe, samplaí agus cuntais chuimsitheacha ar úsáid na gceannfhocal a bhí roghnaithe aige.

Ar an suíomh seo cuirtear ar fáil na 748 ceannfhocal a chuir an Cadhnach i dtoll a chéile faoin túslitir ‘D’, arb ionann é agus an litir is cuimsithí a chuir sé le chéile, as an saothar ar fad. Sa chur síos aige ar na 748 ceannfhocal sin, tugann sé breis agus 1000 ciall agus suas le 16,000 sampla, idir abairtí gonta gairide agus scéilíní níos faide, agus véarsaí filíochta agus amhrán scaipthe tríothu chomh maith.

Ba ionann an múnla oibre a bhí ag an gCadhnach ina chuid obair foclóireachta ar fad; scríobhadh sé ceannfhocal agus gach uile bhrí in aice leis, ar feadh a eolais féin, agus ansin chuireadh sé síos eolas agus samplaí a léirigh conas mar a bhí difríochtaí céille agus úsáide ann, ag brath ar an gcomhthéacs teanga agus canúna ar aon – ba mhinic leis dealú a dhéanamh idir brí i gceantar amháin de Ghaeltacht na Gaillimhe seachas a chéile. Is tábhachtach, mar shampla, an fhianaise atá aige ón Ghaeilge a bhíodh le cloisteáil ar an Achréidh. Tarraingíonn sé go láidir ar logainmneacha, ar an mbéaloideas agus ar chaint a chomharsan agus a mhuintire, rud a fhágann go bhfuil macalla láidir den daonnacht agus den phobal ar an saothar seo.

Eagráin

Tá trí cinn d’eagráin den fhoclóir curtha ar fáil anseo istigh:

  • Buntéacs: tras-scríbhinn dílis de bhuntéacs Uí Chadhain ar fáil anseo;

  • Bunlitriú: eagrán atá ar aon litriú leis an mbuntéacs ach a bhfuil struchtúr nua curtha ar na ceannfhocail ann;

  • Nualitriú: eagrán nach bhfuil de dhifríocht idir é agus an t-eagrán sa bhunlitriú ach a litriú. Is é an t-eagrán seo an leagan is túisce a fheicfidh an t-úsáideoir, ach is féidir babhtáil idir é agus an leagan sa bhunlitriú ar leibhéal an cheannfhocail.

Ba é réiteach an bhuntéacs an chéad chéim den obair eagarthóireachta. Ba ionann sin agus tras-scríobh cruinn dílis a dhéanamh de shaothar lámhscríofa Uí Chadhain, atá ar fáil den mhórchuid i gcartlann An Ghúim (tá míreanna eile den ábhar i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus i gColáiste na Tríonóide). Tá tuilleadh eolais faoi shaothar lámhscríofa Uí Chadhain, agus an modh eagair a leanadh agus é á thras-scríobh, le fáil anseo.

Ar chríochnú na tras-scríbhinne, cruthaíodh liosta ceannfhocal as an ábhar, agus tosaíodh ag obair ar na samplaí úsáide iomadúla a chur ina n-áit féin laistigh de struchtúr saindeartha foclóra, ina mbeadh cialla, fochialla agus grúpaí samplaí. Tá na mionsonraí faoin obair seo ar fáil sa mhodh eagarthóireachta a leanadh agus an t-eagrán sa mbunlitriú á réiteach, a bhreacann conas a rinneadh saindearadh ar struchtúr a chuirfeadh ar ár gcumas an t-ábhar a scríobh an Cadhnach a leagan amach in ord.

Feictear luaineacht nach beag i gcóras litrithe bhuntéacs an fhoclóra, luaineacht is dual do théacs Gaeilge a breacadh idir na blianta 1937 agus 1946. D’fhonn éascaíocht a dhéanamh do léitheoirí an tsaothair, cinneadh leagan den fhoclóir a chur ar fáil a mbeadh a litriú ag teacht le gnás litrithe Foclóir Gaeilge-Bearla (1977) – an t-eagrán sa nualitriú. Tá cuntas ar na hathruithe agus ar an modh eagair anseo.

Socraíodh dícheall buntáiste a bhaint as an gcur i láthair digiteach seo, agus cruthaíodh ardán don ábhar óna mbeifí in ann brabhsáil, léitheoireacht, cuardach agus taighde idir theangeolaíoch agus liteartha a dhéanamh.

Tá naisc curtha ar fáil ar fud an fhoclóra agus dá bharr sin beidh úsáideoirí ábalta teacht go furasta ar cheannfhocail éagsúla sa chás go bhfuil siad laistigh de shamplaí úsáide faoi cheannfhocal eile, rud a chuirfidh go suntasach leis an léargas atá ar fáil anseo ar an gCadhnach i mbun na bhfocal.


Cuireadh na heagráin seo de Foclóir Mháirtín Uí Chadhain i dtoll a chéile mar chuid den obair leanúnach in Acadamh Ríoga na hÉireann leis an gcuspóir Foclóir Stairiúil na Gaeilge a dhéanamh, ina ndéanfar tuairisc chuimsitheach ar bhrí agus úsáid focal Nua-Ghaeilge sa tréimhse ar fad idir 1600 agus an lá atá inniu ann.

Is le caoinchead An Ghúim (Foras na Gaeilge) atá an t-ábhar seo a fhoilsiú; gabhaimid buíochas freisin le hIontaobhas Uí Chadhain agus leis An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as an tacaíocht a cuireadh ar fáil don tionscnamh.