Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ídighthe (30)

 
caidhl
Dar príochaidhe tá'n chaidhl a bhí aghamsa annseo ionann's ídighthe aríst.
 
Bhí mo chuid síl fhéin ídighthe, a's fuair mé an oiread ó T. Mh. a's a chraith na cupla caolóid a bhí thiar le claidhe dhom. Nach n-aithneochthá an mhaith atá orra(b) thar a' gcuid eile de'n gharrdha!
 
Tá sé ídighthe uileag, agus is beag a' dochar dhó, a's a bhfuil de chasacht a's de chrochaillí air.
 
beo 1
M'anam muise mara gcuire tú i bhfocal anois go beo, tapa í, go mbeidh tú réidh léithe. Chuala mé go raibh sí ídighthe aige, go dtí mála amháin.
 
Ní bheadh baoghal a' bith, go mbeadh aon-bhrabach beag siúcra ort. Tá mo chuid fhéin ídighthe, a's dheamhan goir agham corruighe anonn ná anall ó'n teach, go dteaga siad ó'n bportach.
 
Bheadh brachlainn agam, marach go raibh na logaigh ídighthe orm, a's ní fiú do sheacht mallacht na portáin ar a n-aghaidh fhéin.
 
bruach
Is gearr go mbí an bruach ídighthe = an mhóin ar fad bainte air, nó é caithte.
 
Tá'n lucht fheamuinne ar bheidhil a bheith ídighthe. Ní mórán leis a' gcúilín thiar a thiubharfas sí léithe. Is beag a' dreabhlás í feamuinn Chonamara sin in a dhiaidh sin (lucht feamuinne a ceannuigheadh as Conamara, a's bhí sí ionann's ídighthe).
 
aer
Tá sé in am ag a bholg a bheith ídighthe (bolg an aeir) feasta = th'éis scathamh mór a thabhairt a' báisteach.
+
airigh
Aireocha na muca an 'bran' a bheith ídighthe. Ní chuirfidís smut san tubán indiu, nuair a shín mé beatha (ch)uca(b).
TUILLEADH (1) ▼
Aireocha na daoine an t-iasc glas a bheith ídighthe, ach bhain muid solamar maith dhe, an fhad's sheas sé ("Iasc glas" = runnaigh, bolmáin, mangaigh etc, a bhuailea(nn)s an cladach agus na glas-chuanta, in a gcluithchí sa bhfoghmhar)
 
iontas
Ní dhéanfainn iongantas ar bith, dhá mbeadh beithidhigh lasta ambáireach, mar sé sin an fáth, tá cuid mhaith acu ídighthe anois (féach lasta agus ídighthe)
+
ídigh
Tá na fataí ionann's ídighthe againn = ionann's caithte.
TUILLEADH (3) ▼
Tá'n mála mine ídighthe go dtí sin = caithte.
Tá sí an-ídighthe = suaidhte, snuighte, tanuidhe, as a ceann-aghaidh, fearacht duine th'éis ruaige móire tinnis a chur di.
Tá sé ídighthe ar fad, le goirid = duine dhá ghoid as leaba a chéile.
 
Tá sí ídighthe go h-íochtar (cruach mhóna, mála mine agus rl.)
 
Tá deireadh a bhfuil de leasú ann anois ídighthe hébrí céard a dhéanfar
 
Sin é an béilí deireannach sean-fhataí i mbliana. Tá siad ídighthe anois
 
Is diomallaighe sib ar mhóin ná trí theach. Tháinic ualach móna indé, agus tá sé indáil le ídighthe anois aríst. 'Sé 'u' (bhur) gcloch neart an lá a bhaint as
 
Ná bac le fataí. Bhí díol baile d'fhataí annsin thoir, marach an chaoi ar dhiomluigh siad sin iad. Ní chreidfinn ó'n saoghal nachar thug duine eicínt cruiteannaí asta, mar hébrí cé'n diomallú a gheobhaidís, níor cheart dóibh a bheith cho h-ídighthe agus atá siad
 
dlúth 1
"In a aige — in a throisleáin — a bhíos an snáth th'éis an crann deilbh a fhágáil. In a cheirtlíní a bhíos an t-inneach. Chuirfeadh an figheadóir an aige 'san seol agus thosóchadh sé ag caitheamh an innigh air, nó go mbeadh na ceirtlíní ídighthe. Mara mbeadh a dhóthain innigh ag an bhfigheadóir, bheadh easnamh (/æsɴə/) ort, agus chaithfeá tuilleadh a fháil, hébrí cá bhfuightheá é. É a thógáil ó bhean eicínt … Inneach bán a chaitheamh ar dhlúth dubh sin é an ceann asna. Dhá mbeadh dlúth agus inneach bán ann, sin é an flainín bán — ábhar drárannaí agus báiníní agus pluideannaí. Bíonn an t-inneach agus an dlúth dubh le dhá ghlas chaorach. Nó d'fhéadfá olann daithte a chur ar bhán, l'aghaidh treabhsair agus bheist. Daithtear an dlúth agus an t-inneach l'aghaidh seaicéid nó chasógaí. Chuiridís láib ar an dath leis an mbréidín dhubh a bhíos 'sna seaicéid thíre a dhathú. Dhá ndaithteá inneach le scraith chloch, agus oiread na fríde glas chaorach a chaith thríd an dlúth, dhéanfadh sé éadach breagh. Rinne mo mháthair culaith dhó dhom annseo uair. Bhainfeadh sé an solas as do shúile. Ní raibh aon-bhean óg 'sa tír nach in mo dhiaidh a bhí nó go raibh sí caithte! Ach caitheadh in aer an obair sin. Níl triúr ban istigh in do thír indiu atá indon olann a dhathú. Níl a fhios aca céard a bhaineas dó" (Sliocht as cuntas faoi éadach ó Mháirtín Ó Chadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
Fuair sé drad-mhála maith annseo aréir. Ní féidir dó é a bheith ídighthe aige in aice a chuid féin
 
Sin é an áit a bhfuil tabhairt-amach na mbroc ins na clochair dhriseacha sin siar. Rinne muid an-sladadh orra anuiridh ach tá an áit beo leo aríst. Ní féidir a gcoinneál ídighthe
+
droim
Ba mhó go fada a bheadh de bharr an choca agadsa dhá ndíoltá in a charrannaí ar an margadh é, seachas a dhíol faoin a dhruim istigh in t'iothlainn féin. Tá féar in a ór anois, arae tá an farae uiliog ídighthe. Bhí an bhliain an-dona
TUILLEADH (1) ▼
Bhíodh muid ag bualadh báire annsin fadó. Sin é an fáth Druim an Bháire. Bhí druim uiliog siar ann go sruthán. Is beag a cheapfá sin anois, mar roisteadh uiliog é ó shoin ag daoine ag baint mhóna ann. Tá an mhóin féin ídighthe anois ann
 
Amach leo ins an iothlainn agus chonnaic siad coca féir ann a bhí ídighthe roint as a bhun. Thosuigh "set" aca ag teacht de rithte reathach faoi ar 'chaon taobh agus ag baint a ndíocais mar sin as an gcoca. B'fhearr ag baint a ndíocais as an gcoca iad ná as rud eicínt eile arsa tusa. Chuir siad druim ar ais é ins an deire. Tá mé ag ceapadh go raibh T. le buile agus le báine
 
Má tá tú ag iarraidh díogha na talmhana a fheiceál ná fág amach an áit a bhfuil tú. Teirigh suas ins na breaclachaí agus ins na diomallachaí atá thuas annsin i mB. an Ghl., agus gan garrdha as 'chuile dheich gcinn iontsaothruighthe. Tá caitheamh agus cáineadh ar na sléibhte, ach mise i mbannaí dhuit, má chaitheann tú an oiread anró agus easonóra leis an sliabh agus a caithtear lena clochair atá thart annseo, go mbeadh rud eicínt de bharr do shaothair agad. An-talamh é an sliabh sin suas, má fhaghann sé giollaidheacht cheart. Ach an talamh atá thart annseo, tá sé ídighthe — spíonta ag feamuinn chladaigh. Nach bhfuil an leac leis ins 'chuile áit ann
 
dóirt
Dóirt amach cupán caifí do Sh. An té nach bhfaghann an fheoil, is mór is fiú an eanradh (anbhruith) adeir siad. Tá an tae ídighthe
 
Nach bhfuil airgead ag dul fút agus tart ins an áit a bhfuil tú má tá sé de rath ort a shaothrú. Tá an oiread criathraigh annsin thuas agad agus nach bhfeicfidh tú ídighthe go bráth é. Breagh nach mbaineann tú móin? Tá daoine thart annsin ar na bailteachaí ag strócadh ag iarraidh fir fánaighe agus ní ghabhfá leo