Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Fear bocht (50+)

 
Is fearadh ar an tír an "dole" seo. Dar príosta, is fearadh ar dhaoine bochta é ar aon-nós. Céard a dhéanfaidís marach é?
 
fear
Go leige Dia a sláinte di! Is mór an grádh diadha a rinne sí, agus an dílleachta bocht sin a thabhairt léithe. Fearfaidh Dia agus Muire Mháthair a cuid grádh Dia uirre. Siad atá i riocht
 
Dar diagaí tá chuile fhear dhá árdú (i bpáighe) ach go bhfoiridh Dia ar an talmhaí bocht. Tá sé foirghe ar fad
 
fóir
Go bhfoire an t-Athair Síorraí anocht orainn, nach beag a scruball fear ar bith a chuaigh ag déanamh a leithide de chleas ar dhílleachta bhocht
 
Chuaidh fear thart annseo an bhliadhain cheana, a's é gléasta mar bheadh tinncéara ann. Ar a chaomhamhaint a bhí sé ingeall ar bhean bhocht eicínt a rubáil a's a mharbhú, thart síos. Dheamhan duine beo, nach gcuirfeadh sé dalladh púicín air. Siar faoi Chonamara in áit eicínt a rugthas air as a dheire, a's cuireadh príosúntacht le na ló air. Má cuireadh fhéin ba mhaith an aghaidh sin air, ná ar aon-duine eile a dhéanfadh a leithide de chleas.
+
Chomh uain's a bhí an dá shean-fhear bhochta sin annsin ag béal a' doruis aige, chaith sé a shaoghal a' meabhrú do lucht cuarta chuile bhiorán dá bhféadfaidís a dhéanamh orra(b) a dhéanamh dhóib. Dheamhan duine sa tír anois, nach a' deanamh bioráin air fhéin atá. Níorbh é leath-chóir Dé é, mara dteagadh cothromacan síneadh na h-uaire ar ais air fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan mórán díol-truaighe í, má tá sí fhéin a faghail cothromacan síne na h-uaire anois ó bhean a mic. Dheamhan leath-chirt a dhéanfadh sí léithe, dhá mhéad dhá ndéanadh sí uirre, arae mharbhuigh sí fhéin an tsean-bhean bhocht a fuair sí sa teach sin roimpe — máthair an fhir.
 
Ní fheicim fear a' bith is lugha contanás ná é do'n duine bhocht. Cé'n bhrigh, ach gur as an lathaigh a d'eirigh sé fhéin.
 
Dheamhan aithne air, an cíosáinín bocht, nach fear ar foghnamh é fhéin.
 
baile
Ar fhága sib sa mbaile an sean-fhear bocht?
 
Ní hé 'chuile fhear bóthair a's bealaigh a leigfinn isteach, ach ba mhór a' grádh Dia lóistín a thabhairt do'n duine bocht siúd.
 
beart
Ní bheadh beart a' bith ab fhearr d'fhear bhocht a dheanamh ar a' saoghal atá ann, ná'n talamh a fhágáil annsin i dtigh an mhíádha, a's a dhul a' saothrú, in áit a' bith a bhfaighead sé saothrú.
 
bior
Níl bior-eanga ar a' mbean bhocht, ach is suarach a' t-iongnadh sin, a's lán a' tighe aice ar aon-chéill. Níor bhris cearc an áil a h-iogán (a h-eagán) ariamh, a's sin é 'fhearacht aice-se é. Is geall le dhul ar a muirghín, an saothrú beag sin atá aigéan a fear.
+
bocht 1
Ní fhéadfadh an fear céadna a bheith ar a mhaltraid de chaoi ach bocht, a's 'sé a chionntsiocair fhéin é. Thug sé fuadach dhá raibh aige.
TUILLEADH (11) ▼
Tá'n fear saidhbhir ceart go leor, ach 'sé'n duine bocht atá ag íoc ann i gcomhnuidhe.
Fear bocht a bhí ann ag dul thart ag iarraidh a chodach.
Níor eitigh mé fear bocht ariamh faoi dhéirce ná faoi lóistín na h-oidhche.
Bhíodh fir bhochta a's mná bochta isteach in a sealtaí roimhe seo. Ní maith a bhíodh duine imthighthe nuair a bhíodh duine eile isteach.
Is mór a' mhaith a tháinic ar a' saoghal ó'n am a mbíodh fir bochta a's mná bochta ag (d)ul thart ag iarraidh a gcodach 'chuile lá, a's chuile phuínnte sa ló amanntaí.
Dheamhan ceird fhiuntach a' bith a bhí ann fadó, ach fir bhochta ag (d)ul thart ó theach go teach, poiléataraí a's botháin bheaga chois a' bhóthair aca(b), a's rógairí reatha a's tóruidhthe ag imtheacht a' robáil, a's a' sladadh. Níl tada de'n obair sin anois ann.
Is beag a bhéarfadh orm imtheacht in m'fhear bocht indiaidh mo chinn romham, a's ag iarraidh mo chodach ó theach go teach. B'fhearr dhom sin fhéin, ná ag iarraidh a bheith a' baint cirt dhíbse, a's gur mór líb dom, an greím a chuirim ar mo bhéal.
Bhí lán a chraicinn d'olc air, a's ba bhocht dó sin — fear a raibh a chuid millte, a's gan sásamh na séanadh le faghail aige faoi.
Nach bocht dó a bheith claoidhte fhéin — fear nar fhága an leaba, a's nach ndeacha greim ar a bhéal le chúig lá!
Má tá sé falamh fhéin, nach bocht dó sin — fear nar ghnothuigh oiread a's cluithche ó shuidh sé anocht ag clár na h-imeartha.
Nach bocht dom codladh a bheith orm — fear a chaith an oidhche aréir ar neamh-chodladh!
 
bocht 2
Ba deacair a díol d'fhear a fhaghail di, scathamh, ach is buidhe bocht léithe cimleachán a' bith anois = is corr-fhear a mbeadh sí sásta leis scathamh, ach is furasta í 'shású faoi fhear anois.
 
bruach
InDomhnach bhí sé sáthach bocht scathamh. Ní raibh bonn bán air. Nach mb'éigean dó, cuid dhá chuid talmhana a 'dhíol? Ach dar fiadh, tá sé bruach ar bhruach leis a' té is fhearr ar a' mbaile anois. Ach ní mór linn dó — an fear croidhe. 'Is fhearr eirghe as ná tuitim ann' adeir siad.
 
aice 2
Tá a fear sean, in aice bheith bocht dó.
+
Is tútach a' fear é, má tá indán's gur bhuail sé thall ar a' dithreabhach bocht sin, gurb é a rinne an míllteanas, a's fios maith aige nach hé.
TUILLEADH (1) ▼
An té atá indon an seachadadh-amach a dhéanamh 'sna siopaí seo, gheobhfa sé 'chuile shórt faoi na luach, ach a' créatúr bocht atá ag iarraidh áirleacain, buailfear thall air sin é. 'Fear dhá bheathú, a's fear dhá mharbhú' mar adeir a' ceann eile.
 
Dhá mbeadh an oiread eile spré aice, an ágóidín bhocht, ní bhfuigheadh sí fear a h-iarrtha.
 
ailím
Is bocht an ailím d'fhear oibre, 'scadán caoch' (féach "scadán").
 
átha
Is mór adéarfá liom a bheith cruadh, ach cé milleán sin orm, nuair fheicfeas tú duine a bhfuil lán phúirthín na h-átha d'airgead aige, a's a chuirfeadh amach fear bocht taobh le leithphighinn.
 
Fear gan aon-choinsias a gheobhadh ann fhéin a dhul ag fiachadh ar an mbaintrigh bhoicht sin, ach is mian leis an diabhal siúd a dhá láimh a fháscadh timpeall ar an saol. Is cuma leis é ach 'chuile shórt a chrapadh leis dhó fhéin. Ba mhinic len a mhuinntir an tréatúlacht a dhéanamh
 
fiolla
Suidhfidh sé i mbun T. Déanfaidh sé fiola dhó (dhe) mara ndíbrighe sé uaidh é. Deir siad gurb é an cheird a bhí orra thíos ann an oíche cheana, ag caitheamh na teine suas ar fud an tí. Dheamhan a gcomhnóidh siad go gcuire siad an teach thrí lasadh air. Is dóibh is mó náire a bheith ag siocadh le sean-fhear bocht mar sin
 
feall 1
Tuilleadh ghéar den diabhal aige anois! Ba bheag an scruball a bhí aige fhéin an fear bocht sin thiar a mharú. É a mharú a rinne sé scáth ar fhága sé beó dhe. Sé cóir Dé é anois gur eirigh an cleas céanna dhó fhéin. Más feáll filleann
 
Ara ab é an fear a bhuail dallach dubh ar shagart an pharáiste! Thug an sagart punt dó an uair a chuir sé an béal bocht air fhéin go raibh an bhean agus an chlann i ngéar-chall. D'imigh leis agus d'ól sé é
+
danra
Mo chreach mhaidne, tá a bhfuil ins an teach annsiúd cho danra le chéile faoi bhuille ar bith oibre a dhéanamh: dair leat féin gur ag comórtas le chéile a bheidís, go bhfeicidís cé'n duine aca ba deacra a chur amach agán a chuid oibre. Gróigfidh fear aca é féin ar an teallach agus déanfaidh fear eile agus fear eile an cleas céadna, nó nach mbeidh áit ag míoltóig in a ngoire. Níl go dona ann ach an dithreabhach bocht is athair dóibh, atá amuigh moch deireannach ag saothrú. Sin é an díol-truaighe ar chaoi ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an saoghal sáthach dan(d)ra leis an mbean bhocht sin ar chuma ar bith. Cailleadh a fear agus d'fhága sé áilín lag lúbach uirre agus gan aice ach na cupla garrdha sin len a dtógáil. Shaothruigh sí an saoghal go maith an créatúr, ach tá na scurachaí anois ionchongantach agus diabhal a n-aireochaidh sí é feasta
 
daor 2
Ná bac leis an dlí sin! Nach raibh an dithreabhach bocht sin daorta, shul á tugadh isteach ins an gcúirt ariamh é. Dheamhan blas fios aca sin ar dhlí ach an oiread agus atá agamsa nach raibh i gcúirt ná i gcaibidil ariamh. Ba ghnaoidheamhla go mór dhóibh breith ar an bhfear sin agus a chrochadh as láimh, ná cúirt mhuga-maga mar sin a chur air
 
'Ar ndú' ní ag faire ar an sean-fhear bocht sin atá indeireadh a shaoghail agus a mhaitheasa atá tú
 
Nach diabhaltach an diachair atá ort nach leigeann de do chuid cumadóireacht. Tá an fear bocht thar bhárr a chéille agad. Cén bhrí ach picill a dhéanamh de ghrán seagail! Is "lad" thú!
+
Is diachta nach gcrochfaí an diabhlánach, agus a bhean marbhuighthe aige. Is mór an díol truaighe anois é mar dhóigh dhe, ach ní fheicim go bhfuil truaighe ar bith do'n chréatúr bocht atá faoi'n gcréafóig. Sin é an chaoi a mbíonn sé: fear dhá bheathú agus fear dhá mharbhú
TUILLEADH (1) ▼
Ba diachta dó nar fhan ins an mbaile. Is fada siar a thug a chosa é. Cá'r fhága tú an conórtas 'ar ndú! M'anam féin muise dá mbeadh seisean buailte síos — nar leigidh Dia an fear bocht! — gur fada go gcuimneochadh J. Mh. a theacht aniar do shiubhal a chos ag breathnú air. Tá baoghal beag air go deimhin
 
diaidh
Is minic ariamh a ghlan fear leis indiaidh a chinn roimhe agus ní fhaca sé aon-lá de'n ádh ariamh ach é. B'fhéidir go dtiocfadh an té sin abhaile blianta in a dhiaidh sin agus é in a ridire. Ní bheadh sé ach beo bocht, dhá bhfuirigheadh sé ins an mbaile i gcomhnaí
 
dlí
Is mór an feall nach dteagann sé de dhlí amach go gcaithfeadh 'chuile fhear a dhul cupla bliain le talmhaidheacht. Sin é an uair a bheadh a fhios ag na bleitheachaí móra seo, an chaoi a saothruigheann an talmhaidhe bocht a ghreim agus a dheoch
+
Deirimse leat gur shiúd í leac an doichill. Fanadh 'chuile fhear as an bpríosún. Mar adeir an t-amhrán: "Siúd é an príosún agus ná teigidh ann". Nach beag an scruball a bhíos i bhfear ar bith a chuirfeadh bean bhocht isteach annsiúd. Tá siad ann. Chonnaic mé iad. Duine ar bith a chaithfeas stráisiún annsiúd, tá a pheirfhiacha thairis.
TUILLEADH (1) ▼
Mara bhfuil airgead ar bois agad ná taobhuigh siopaí na G. Má thaobhuigheann is ag brughadh ar an doicheall a bhéas tú. Siúd é an áit deire ag duine le dhul mara bhfuil pócaí teann' agad. Ná bac leis an bhfear falamh. Níl siad siúd dhá iarraidh. Is beag é a n-iarracht air. Tá sé a fhearacht ag an bhfear fadó: —"Pócaí falmha bocht, buailidís bóthar agus gheobhaidh siad seantáin amach faoi'n tír"
 
Cuirfidh mise geall leatsa nach dóighide an Cháisc ar an Domhnach nó go leigfear amach saor slán é sin. Ara níl áird ar bith ar choir de'n tsórt sin annseo. Ach mise imbannaí, gur maith gasta a chuirfí cupla bliain ar fhear bhocht, agus gan míllteanas ar bith déanta aige
 
donán
Tá an donáinín sin muise cho suimiúil le fear ar fónamh. Cén bhrí ach go gcuirfeá seacht n-iomairí agus seacht n-eitrí uait an dreóláinín bocht de shéideóig