Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Ní rinne (50+)

 
Ní hé m'fhearacht-sa a rinne sé; gan tréas ar bith a chur ar fhear na móna. Dhá dtapaínnse mo ghnatha mar a rinne seisean agus gairm chúirte a chur ar fhear an leóraí, gheobhainn mo chuid airgid freisin. Ach níor thapaíos
+
feáin
Ní bheadh fí ná feáin air mara bhfádh sé an ágóidín sin le pósadh, agus nuair a fuair ba bheag an suaimneas a rinne sé léithi. Nar réití Samhain ná Bealtaine eatorra muis!
TUILLEADH (1) ▼
Sé a rinne é. Níl aon-mhaith dhuit a pháirt a thógáil. Ní hé a mhalrait a rinne é, cho siúráilte agus atá an feáin ar an móin
 
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. "Buailfidh mé fhéin faoi", adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. "Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith". Ach m'anam má rinne narbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneóinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghárha ann agus an sruth i m'aghaidh
+
focal
Bhí a fhios agam go maith ar an gcaoi ar las sí suas gur sciorradh uaithe a rinne an focal. Ní thiúrfadh sí deoir fhola le náire. D'imigh an chaint uaithe uaidh sin amach
TUILLEADH (1) ▼
Tá láimh agus focal idir í fhéin agus S. Mo chreach mhaidne an láimh agus focal sin muis. "Gheall tú dhom agus rinne tú bréag liom go mbeitheá rómham ag cró na gcaerach". Sin é a fhearacht aice sin é. Ní fhanfadh sí dhá mhionóid leis dhá bhfaghadh sí a mhalrait
 
Rinne sé an choir. Is furasta aithinte anois air é, ní dhá roinnt leis é. Foillsíonn Dia rudaí mar sin = agruíonn Dia rudaí mar sin ar dhuine (san saol seo fhéin); is follasach é na rudaí a thárluíos do dhuine go raibh Dia ag ídiú nó ag fearadh a dhroch-ghníomhra air
 
Marach cho follasach agus a rinne sé é, bhí an báire leis. Más le duine caimiléaracht a dhéanamh, ní mór dó a bheith cuibhiúil!
+
Tá léinteachaí na bfrugaisí caite in aer. Diabhal a bhfuil sé achar ar bith ó a rinne mise ceann aca do Sheán annseo, ach dheamhan a chos a chaifeadh í. "Leis an tír a bheith ag tabhairt sunntais dom", adeir sé. "Ní bhíonn siad sin anois ach ar shean-daoine". "T'anam cascarha ón diabhal" adeirimse leis. "Tá sí sách maith agad. Chaith fir ab fhearr ná thú iad, agus ba bheag an locht a bhí aca orra".
TUILLEADH (1) ▼
Ní iarrfadh sé go deó ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leór, ach caitheann sé a shaol ag cipiléaracht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leó. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shoin, agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann, agus nach raibh an oiread áite fágha aige ann san deireadh agus go suíofadh sé síos! B'éigin dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais!
 
Is orm a fágadh é, ach ní mé a rinne é = is orm a leagadh é; dúradh gur mé a rinne é
 
fág i
Fágfamuid in a dhearmad é. Níor mhaith liom a rá gurb é a ghoid d'aon-uaim a rinne sé. Marab é fearacht an fhear fadó leis an ngáirleóig aige é: "ní do do ghoid atá mé a gháirleóg ach dot' árdú liom".
 
fága
Tá an fharraige ag míniú anuas aríst. Is furasta aithinte é, agus a bhfuil de na fágaí sin inti. Rinne an bádóir seól inniu, ach ní dheachaidh sé thar bharr na C. D'fhill sé ar ais aríst. B'oibrithe leis a bhí sí déarfainn. Tá sé saothraithe go maith ag an duine bocht agus fuiríocht caladh air annsin le seachtain.
 
fág
'Ar ndó' ní dhéanfadh aon-fhear beó an cleas a rinne sé ach é fhéin, ach cár fhága tú an tseafóid agus an leibideacht?
 
Ní raibh mé ariamh gan an choinneal nó a hábhar ach uair amháin agus rinne mé fáideóg; ní raibh mé ariamh gan an choinneal nó a hábhar ach uair amháin ar choinnigh mé fáideóg = ní raibh mé ariamh gan an choinneal nó a hábhar nó má bhíos ní raibh Fionnán gan broibh (ainm áite) (Fc. "coinneal", "ábhar")
 
Rinne muid fhéin fáinne féir do'n bheirt agus thosuigh siad ag pliunncadh (pleanncadh?) a chéile. Tabhair pliunncadh air! Má sea fhéin, ní raibh goir ná gaobhar ag an mbleitheach mór ar Th.
 
fánaí 1
Fir fánaí a rinne a raibh d'obair annsin ariamh. Mara b'ea ní hiad fhéin é. Ní leigfeadh an spreallaireacht dóibh mórán a dhéanamh. Ní raibh d'fhear fánaí ach scilling san ló an uair sin. Deich bpínne ag baint fhataí, agus chuirfí anuas ar dhá thistiún thú ó bhaileódh sé lá Fheil Mártan. Is deacair a rádh nach mba suarach an saol é
 
fóir
Ní fóirínt mhór a rinne mise ort le go ngabhfainn dhá maoidheachtáil ort. Agus níl mé dhá maoidheachtáil ort, agus tá a fhios agad nach bhfuil, ach tá oiread den diabhal ort in a dheidh sin agus go gcaifidh tú an scéal a choinneál meabhraithe i gcomhnaí
+
Ní raibh aon-chinnirí de'n rath orra(b). Dhá mbeadh dhéanfaidís gníomh thar mar rinne.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh aon-stuaim sa gcinnire, ní imtheochadh sí d'aon-iarraidh mar rinne sí, ach ní raibh.
 
Níor chumaoin a' bith dhi, mo mhac-sa a mhaslú, a's marach í bheith in a streachaille, ní dhéanfadh sí é. Is minic roimhe seo, a rinne sé sin foghaint di.
 
(D)ar ndóigh, maran i gcoimhfhios a rinne sé, is ingan fhios a rinne sé é, ach nach shin é 'bhfuil 'na thimcheall? Ní fiú a dhul a' sáruightheacht faoi, scáth a bhfuil de dhochar déanta. Dheamhan's móide a leath-oiread cainnte a bhainfeadh scéal mór amach.
 
baing
Ní chuirfinn a' déanamh fail mhuc é, ní áirmhighim teach. Dheamhan baing a' gabhail leis a' mballa sin a rinne sé.
 
bannaí 1
Ní thiocfainn imbannaidhe ort, nach thú 'rinne é = ní rachainn faoi nach thú 'rinne; tá aimhreas agam gur tú 'rinne é.
+
Is maith a rinne tú cead a bhealaigh a leigean leis. Ní raibh gna(ithe) ar bith aghad, a' coinneál moille air.
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh díol a' bhealaigh d'ola sa motor, a's rinne sé staic orainn thiar ag an D. a's b'éigean domsa a dhul dhá mhíle, go bhfuair mé 'petrol' dó.
'Sé an rud is measa a rinne athair ná máthair ariamh a mbealach fhéin a thabhairt do ghasúir. Ar chuala tú ariamh é: 'a chomhairle fhéin do mhac Anna, a's ní bhfuair sé ariamh, níos measa'.
 
beart
Ní fhéadfadh sé beart ní ba tútaighe a dheanamh ná rinne sé. Nach faoi atá an tír a' cainnt? = ní fhéadfadh sé cleas ní ba thútaighe a dhéanamh.
 
D'ágruigh Dia air é, faoi bheith 'déanamh créatúlacht' ar dhaoine bochta mar sin. Rinne sé do-ní ar fhéin as a dheire.
 
Ní fhéadfadh aon-chríoch ar foghnamh a bheith ar a' gceann céadna arae ba h-olc é fhéin, agus is iomdha créatúlacht a rinne sé ar bhoicht na tíre.
 
beo 1
Ar a dhul isteach sa séipéal dhom indiu, ní raibh críostuidhe an bhéil bheo istigh romham, a's maidineachaí eile, bheadh sé lán. An droch-mhaidin a rinne é, is dóigh.
+
beo 2
Ní bheannócha mé dó le mo bheo ná mo mharbh, th'éis a' chleas a rinne sé orm.
TUILLEADH (1) ▼
Ní beo liom mo bheo, a's ní bás liom mo bhás, ó rinne mé an imirce seo.
 
Ní raibh aon-tsása(amh) aige ann, go dteigheadh sé sa mbile buaic orm faoi'n méidín sin míllteanais, a rinne na beithidhigh air, a's tuille diabhail aige, má chuaidh leis.
 
biorach 1
Má thaobhuigheann tú isteach a' teach seo aríst, a speic bhiorach, ní fhágfa tú é, gan dual na druinne a fhaghail. Rinne tú do cheart míllteanais, an oidhche faoi dheire, a's gan a bheith ag iarraidh tuille 'dhéanamh anocht.
 
bior
Ní dhéanfainn a' cleas a rinne sé, go díreach glan, go gcuirinn bior faoi mo shúil idtosach; b'fhearr liom bior a chuir faoi mo shúil, ná go mbeadh sé le casadh liom go ndearna mé a leithide de chleas; chuirfinn bior isteach thrídh mo shúil shul a ndéanfainn an cleas a rinne sé.
 
Ní tarbh é, ach bollstaic, ach níor coilleadh glan é. Bhí an coillteoir ar meisce an lá céadna, a's ba maoilscríobach a rinne sé a ghna(ithe), aindeoin gur h-íocadh é.
 
Tá brachlainn mhór arbhair imbliadhna aige, rud ab annamh leis. Maran ar a' mbliadhain a bhí sé, ní hé fhéin a rinne é.
 
Rinne sé béiceadán de fhéin le poitín. Bhí sé 'teacht amach thrídh na shúile, ní áirmhighim a mhaltraid.
 
buail
Buaileadh a mhac seisean sa gceisniú a cuireadh orra(b), a's ina dhiaidh sin, fuair sé uain a' ghabhail sa gcoláiste. Má's eadh, is caraideachaí, a's fabhar a rinne dhó é, a's ní foghluim.
 
Ní raibh ann ach aircín beag, ar feadh i bhfad, ach rinne sé buinneán annsin d'aon-iarraidh = duine a mhéadaigh d'aon-iarraidh.
 
ailím
Ní raibh aon-sásamh aige ann, nuair a fuair sé an chabhail (cabhail an chairr) go bhfaghadh sé na róthaí, a's 'séard a rinne mé é chaith(eamh) aige idir ailím a's mhádar = an carr a thabhairt dó ar fad.
 
Ní hé leas, ach aimhleas a rinne sé.
 
amach
Ní raibh cás ná náire air 'rádh amach, gurb é fhéin a rinne é.
 
Ní obair (n)ach an-tlás a rinne dhó é = dubhradh faoi dhuine a raibh a sháith 'mhaoin an tsaoghail aige; b'ait leis an gcainnteoir a chuir i gcéill, nach le obair a chuir sé idtoll a chéile í, ach le obair agus sainnt i dteannta 'chéile.
 
anuas
Níor chumaoin dó 'bheith anuas ormsa, mar ní dhearna mise oirille 'bith air, ach an oiread is 'rinne mé ar aon-duine eile
+
Ní chreidfinn gurab é t'athrú fhéin ariamh a rinne é = ní chreidfinn nach tusa a rinne é.
TUILLEADH (1) ▼
Ní chuirfe thar t'athrú féin é. Is tú a rinne é = tá mé dhá leagan ortsa, gur tú 'rinne é.
 
Ní dhearna sé brí báistí aréir. Rinne sé fraighfhliuchas beag
 
Is iomdha gar a rinne mé dhó ariamh ní dhá mhaoidheachtáil air é, ach dhá dteagainn in a linn (líon?) amáireach — nar leige Dia go dtiocfainn — tá faitíos orm nach gcuimhneódh sé ar an arán a hithiodh. Ach is cuma sin. Deir siad gur fearr sean-fhiacha ná sean-fhalamh