→
fáideog
ábhar (43)
+
→
faitíos
Is minic a bhí faitíos ar dhuine gan ábhar — (leathfhocal)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an faitíos mór orm agus ní gan ábhar, arsa tusa
→
fara
"'Och, och,' arsa an chearc agus í ag dul ar an bhfara, 'Nach brónach agus nach deacrach é ábhar mo scéil. Céile mo leabthan, agus athair mo chlainne; Ag dul san áit nach bhfillfidh go héag'" (As Cearc agus Coileach)
Dúirt mé leis an táilliúr dhá mbeadh aon cheo d'earasbarr aige as ábhar na culaith é fhéin dhá choinneáil
→
foláir
Sé cinn a fuair tú. Ní foláir duit sin. Is beag a bheas le reic agat ach a mbeidh ábhar dorais bainte astu
Sin í a bhfuil an fhreagraíocht trasna aici! Go deimhin is maith an t-ábhar í dhá haois!
→
fáideog
→
fáinne
Th'anam ón riabhach é mar scéal, cá'il do chíonán? … Fáinne óir ort! Ní raibh tú ariamh gan an choinneal nó a hábhar. Bhí tú tráthúil leis an gcíonán an uair sin ar chaoi ar bith
→
colg
Tháinig colg air leis an sagart, ní nach ionadh, arae bhí sé dhá chur i dteannta críochnaithe gan ala gan ábhar.
→
cromnasc
Ceannaigh ábhar glac chromnasc má théann tú chuig an siopa. Tá na caoirigh ag déanamh millteanais agus ag imeacht ar chuid chuile dhuine.
→
brabach
Má bhíonn aon bhrabach agat ar dhíol an ghiota flainín, coinneoidh tú ábhar péire stocaí dhom — má bhíonn aon cheo olla (snátha) le cois agat, théis díol an ghiota flainín a bheith riartha, coinneoidh tú díol péire stocaí dhom.
→
buail
Bhuail fonn ropaireachta í agus d'ionsaigh sí mé — ní raibh fáth ná ábhar ar bith eile aici leis ach an méid sin.
Chuala mé go bhfuil an chailleach lena thabhairt chun dlí faoina caitheamh amach gan fáth gan ábhar.
Beidh fiannaíocht air shula bheas an teach nua déanta. Níl ábhar ar bith le fáil anois
→
ionsaigh
D'ionsaigh sí mé gan fáth gan ábhar — thug sí fúm gan údar. Thiocfadh dó go gciallódh sé díbliú nó troid aranta le na lámha
Sin é úll na haithne a mhic ó. Tá an drocháisc istigh aige. Ó gach leanbh mar a hoiltear, agus gach uige mar a hábhar, adeir siad
→
foithnín
Más ag faire ar an dá mholt siúd atá sibh le aghaidh ábhar báiníní, beidh sibh dhá uireasa. Dheamhan foithnín orthu, cé is moite dhá dhath ar éigean goin-olann. Nach bhfuair siad bearradh Samhna
Tá M. beag seo thíos bunfhuasaoideach go maith anocht ach ní bheadh an treaghdán fhéin air sin nuair a ghabhfadh sé dhá fhuasaoid. M'anam muise má theagann an buachaill siúd air (fliú), go mbeidh a ábhar aige shula mbeidh sé réidh leis
→
fuil 1
Fuil íne atá déanta ag cois S. Is furasta a aithinte uirthi é. Tá an t-ábhar ar fad cruinnithe sa lorga
+
→
fáth
Bhuail sé mé gan fáth gan ábhar — gan údar ar bith
TUILLEADH (3) ▼
Buaileadh tinn é gan fáth gan ábhar
Dhá mbeadh aon fháth aige dhom, níor mhiste liom é, ach m'ionsaí gan fáth gan ábhar?
Dheamhan fáth ná ábhar nach ndéanfá féin é. Tá tú chomh díomhaoineach le do leithide ar bith!
→
deacrach
"Och! Och! arsa an chearc agus í ag gabháil ar an bhfara; Nach brónach agus nach deacrach é ábhar mo scéil; Céile mo leabthan agus athair mo chlainne; A dhul san áit nach bhfillfidh go héag." (as amhrán greannmhar Coileach agus Cearc
→
deoir
Má théimse in t'éadan beidh scéal agat air. Tabharfaidh mise ábhar caointe duit feicfidh tú féin air. Ní ag caoineadh a bheas tú agus gan deoir ó do ghrua mar atá tú anois
Bhí ábhar gúna breá agam agus thug mé suas aici sin thuas é go ndéanadh sí dhom é. Dhá bhfeictheá an bhail a chur sí air! Chuaigh sí dhá ghearradh agus bhí sí leis ariamh ariamh nó nach raibh mo dhóthain éadaigh agam faoi dheireadh thiar chor ar bith leis an diomalú (diomala, diomailt) a rinne sí air. Ba mhór an carghas éadach breá a chur amú léithe. Ach mise a bhí síos leis. Ná leagadh sí aon tsnáthaid ar aon tsnáth éadaigh go deo, mar níl a fhios aici a dhath faoi ach an oiread liomsa
→
dlúth 1
"Ina uige — ina throisleáin — a bhíos an snáth théis an crann deilbh a fhágáil. Ina cheirtlíní a bhíos an t-inneach. Chuirfeadh an fíodóir an uige sa seol agus thosódh sé ag caitheamh an innigh air, nó go mbeadh na ceirtlíní ídithe. Mura mbeadh a dhóthain innigh ag an bhfíodóir, bheadh easnamh (/æsɴə/) ort, agus chaithfeá tuilleadh a fháil, hé brí cá bhfaightheá é. É a thógáil ó bhean eicínt … Inneach bán a chaitheamh ar dhlúth dubh, sin é an ceann easna. Dhá mbeadh dlúth agus inneach bán ann, sin é an flainín bán — ábhar drárannaí agus báiníní agus pluideannaí. Bíonn an t-inneach agus an dlúth dubh le dhá ghlas chaorach. Nó d'fhéadfá olann daite a chur ar bhán, le aghaidh treabhsair agus bheist. Daitear an dlúth agus an t-inneach le aghaidh seaicéid nó chasógaí. Chuiridís láib ar an dath leis an mbréidín dhubh a bhíos sna seaicéid thíre a dhathú. Dhá ndaiteá inneach le scraith chloch, agus oiread na fríde glas chaorach a chaitheamh thríd an dlúth, dhéanfadh sé éadach breá. Rinne mo mháthair culaith dhó dhom anseo uair. Bhainfeadh sé an solas as do shúile. Ní raibh aon bhean óg sa tír nach in mo dhiaidh a bhí nó go raibh sí caite! Ach caitheadh in aer an obair sin. Níl triúr ban istigh in do thír inniu atá in ann olann a dhathú. Níl a fhios acu céard a bhaineas dó" (Sliocht as cuntas faoi éadach ó Mháirtín Ó Cadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
→
dochar
Rinne a mhéir braon. Lig sé í. Shílfeá go raibh cneasaithe di. Bhí ainfheoil ag teacht i mbéal an ghearrtha taobh amuigh. Ach rinne sí seile in athuair. Drochsheile. Lig sé aríst í. Má lig féin níl ag cneasú dhi. Is méir bhocht í. Tá ábhar i gcónaí inti, ach dar leat féin nach bracha é ina dhiaidh sin. Mura dté sé roimpi gan mórán achair, fiachfaidh (féachfaidh) sí é, mar tá an dochar istigh inti fós
→
domlas
Is beag an dochar den chréatúr an domlas a bheith inti. Fuair sí a ábhar: a fear agus a triúr mac a chur in aon bhliain amháin. Ar ndóigh, 'sí is fhearr ar bith nach bhfuil sí thíos sa talamh fadó
→
drúcht
Dheamhan drúcht ná báisteach adeir B. leis ach an oiread is atá mise a rá leatsa anois, ná an oiread sin féin, mar is minic liomsa rud eicínt a rá as greann le duine. Dhá gcuireadh sé caidéis ar bith air, déarfainn go dtug sé tsiocair eicínt dhó, ach bhuail sé cuaifeach air gan fáth gan ábhar
→
déirce
Clogs … sin é a bhfuair mé. Níl tada eile istigh ar shlata na Gaillimhe; ná níl a fhios cén uair a bheas. Tá cantáil ar na clogs féin ann: fir Achréidh ag sceanadh a chéile dhá gceannacht. Ba mhó déirce liom tada a fháil théis m'aistir agus m'anró. Tá leathar féin ar a ghainneacht ann. Ba bheag nár chinn sé orm ábhar péire tosaigh a fháil do C. Má mhaireann an cogadh seo i bhfad eile beidh na daoine i ndroch-arán. Deir siad muise go bhfuil na Germans ag beochan suas aríst
→
díbliú
D'ionsaigh sé ag díbliú orm gan fáth gan ábhar. Ach is beag nach dtug mise ábhar dhó shular dhealaigh mé uaidh. Dar fiagaí thabharfainn murach gur cosnaíodh orm é
B'ait an fear oibre é sin. Is beag a chuala ag díogarnaíl ná ag éagaoineadh é nó go bhfuair sé a ábhar. Ach tá a ábhar aige anois, an duine bocht, agus go maith. Ó bhain sé an stangadh sin as a dhroim, níl sé ar a chóir féin. Bíonn sé ag teacht roimhe i gcónaí
→
díol 2
"'Sé déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh"; "'sé ábhar an mhagaidh déanamh an mhagaidh" (seanfhocal agus an dá leagan air) — an té a bheas ag magadh, 'sé féin díol an mhagaidh