→
fáideog
coinneal (26)
+
→
fáideog
Dhá mbeadh fáideoig bharraí fhéin ag na daoine ní bheidís basctha. B'fhearr iad ar chaoi ar bith ná na coinnle atá ar an saol ó tháinig an cogadh. Bíonn siad ídithe ar an bpointe le smál. Sheasfadh fáideog achar fada. An bhfuil caint ar bith go bhfairsingeoidh ola go gairid
TUILLEADH (3) ▼
Ní raibh ach an cléireach ag teacht amach leis an bhfáideoig lena coinnle a lasadh san am ar shroich mé an séipéal. Ní raibh ceathar ann romham
Dírigh an fháideog sa gcoinneal sin nó is gearr go mbeidh sí ó rath le smál
→
fáinne
Th'anam ón riabhach é mar scéal, cá'il do chíonán? … Fáinne óir ort! Ní raibh tú ariamh gan an choinneal nó a hábhar. Bhí tú tráthúil leis an gcíonán an uair sin ar chaoi ar bith
→
féar
Níor shiúil sé talamh ná féar aon mhac is mí-ásaí ná P. má bhíonn aon deoir caite aige. Bíonn coinneal ina shúile nó go n-aimsí sé duine eicínt
+
→
fíóg
Ní fhaca tú aon choinneal ariamh is fhearr ná fíóig. 'Siad a bhíodh againn uileag fadó. — fíógaí a bhaint agus a dhlaoitheadh. Bealadh a chur ansin air. Ola faoitíní nó ola ronnach a leá ar cham agus na fíógaí a thumadh inti: sin í an bhealadh. Fód móna a fháil ansin agus cipín sailí agus an cipín a chur sa bhfód, agus eanga a chur i mbarr an chipín agus an fhíóg a chur isteach san eanga. Nuair a bheadh an fhíóg(brobh)caite go dtí an eanga, ligean leis amach aríst an fhad céanna agus mar sin nó go mbeadh sí caite. Seo iad an cineál coinnle a bhí ann leathchéad agus trí fichid bliain ó shin.
TUILLEADH (1) ▼
Ní bheadh fíóg ar bith agaibh ó tá na coinnle gann
→
cailm
Ó throisc mé an fhad seo anois dhá uireasa, ní chuirfidh sé aon chailm orm troscadh scaitheamh eile. Ó chaith mé an choinneal, caithfidh mé an t-orlach.
Is beag an mhaith coinnleoir gan coinneal (sórt leathfhocal. Níl aon mhaith sa slacht nó san ornáid d'uireasa codach nó cur leis)
Dhá aicisí an mac, ní choinneodh sé coinneal don athair (níl aon ghair aige ar an athair; ní measa é ná an t-athair srl.)
→
buail
Ar an dá luath agus a mbuaileann an taghd é, tagann coinneal ina shúile agus ionsaíonn air ag gearradh fiacal.
Dhá antlásaí dhá bhfuil an t-athair, ní choinneodh sé coinneal don mhac (sháraigh an mac é; is measa an mac ná loirgní dóite; níl léamh ar bith ar an mac; níl cinneadh faoin saol leis an mac; is measa an mac seacht n-uaire; bhain an mac farasbarr dó srl.)
→
íochtar
Bhí béal air agus ní choinneodh na diabhail in íochtar ifrinn coinneal dó — bhí drochbhéal amach is amach air. "Cén sórt coinneal sin ort? Nach raibh neart solais ann dá huireasa" (freagra abartha ar an gcaint dheireanaigh)
→
dall 1
Dheamhan call coinneal duit. Is maith dhúinn againn sa dorchadas féin é. Is léir don dall a bhéal adeir siad
→
donacht
Bhí chuile dhuine ag caint ar dhonacht Mh. ach ní choinneodh sé coinneal dó seo atá ann anois. Tá ruibh air seo
→
dreolán
Ní choinneodh an teanga a bhí aige muis coinneal don teanga a bhí ag dreolán de mháistrín scoile a bhí ansin thoir. Bhí sí thrí lasadh ar fad aige. Chuala mé oíche é thoir tigh Th. — oíche a raibh mé ag ól ann — agus shíl mé go gcuireadh duine eicínt a dhrad ina bholg leis an loscadh mionnán mór a bhí air. Ach 'sé an chaoi a raibh siad ag scairtíl gháire faoi
→
dris
Dá mbeadh sí chomh cantalach le dris, bainfear ceart di ansiúd deirimse leat. Tá an phrioc de mháthair atá ansiúd in ann coc achrainn a choinneáil lena rogha duine. Agus deir siad nach gcoinneodh sí coinneal don inín. Caile cheart í sin. Agus ar ndóigh an spliota de mhac siúd ann, chuirfeadh sé dhá chrígh Mhuire thrína chéile. Meas tusa nár mhór do bhean a chasfaí isteach ina lár sin a bheith ina hamhas críochnaithe leis an gceann is fhearr a fháil orthu sin
→
díle 1
Nuair a bhuaileas ruibh na cainte é, cheapfadh duine gurb í an díle a bheadh ag teacht air, bíonn sé chomh luathchainteach sin. Níl ort ach muintir Mh. a tharraingt aige. Teagann coinneal ann agus áitíonn air ag cur caoi orthu agus ag díbliú orthu. Déanann sé leitheachaí de na focla ina bhéal, bíonn an oiread sin anbhá air. Níl greann go héag ach éisteacht leis
Is fiú mhór é muise le hais na bliana anuraidh. Anuraidh ní raibh le fáil ag an duine ach leathghalún (ola mhór) agus cáid a ghabhfadh an méid sin. Ba ghearr le dhul leathghalúinín gágach. Bhíodh muid i dtuilleamaí na gcoinnle sin nuair a d'fhaigheadh muid iad, ach mo chreach na coinnle! Dá mbeifeá anseo anuraidh chaithfeá a theacht le díogarnach bheag solais, agus dá mbeadh sin féin agat, is tú a bheadh buíoch. Tá muid thar cionn i mbliana: dhá ghalún an teach. Is mór an suáilce an solas féin. Má tá easpa ann anois, ní easpa solais é
+
→
díol 2
Tá díol coinneal mhór na Nollag de smaois leis.
TUILLEADH (1) ▼
Tá buille sa mbéim ann fós cheapfainn agus an díol a chuala mé é a thabhairt ar na P. an oíche cheana a raibh mé thiar ann ag iarraidh iasacht oird. Bhí sé sínte sa gclúid agus gan smeámh ann nó gur caintíodh ar na P. Dhírigh sé aniar ansin, agus coinneal ann. A dheartháir mo chroí thú, d'áitigh air …
→
dúchas
Tá dúchas nó diabhal eicínt air ar an aimsir seo. Diabhal baol ar bith nach bhfuil, agus chomh fiáin agus atá sé ag imeacht. An bhfaca tú an choinneal atá ina dhá shúil? Níl sé ag déanamh cónaí ar bith ach oiread