→
fáideog
coinneal (26)
+
→
fáideog
Dhá mbeadh fáideóig bharraí fhéin ag na daoine ní bheidís bascha. B'fhearr iad ar chaoi ar bith ná na coinnle atá ar an saol ó tháinig an cogadh. Bíonn siad ídithe ar an bpuinnte le smál. Sheasfadh fáideóg achar fada. An bhfuil cainnt ar bith go bhfairsingeóidh ola go goirid
TUILLEADH (3) ▼
Ní raibh ach an cléireach ag teacht amach leis an bhfáideóig len a coinnle a lasadh san am ar shroich mé an séipéal. Ní raibh ceathar ann rómham
Ní raibh mé ariamh gan an choinneal nó a hábhar ach uair amháin agus rinne mé fáideóg; ní raibh mé ariamh gan an choinneal nó a hábhar ach uair amháin ar choinnigh mé fáideóg = ní raibh mé ariamh gan an choinneal nó a hábhar nó má bhíos ní raibh Fionnán gan broibh (ainm áite) (Fc. "coinneal", "ábhar")
Dírigh an fháideóg san gcoinneal sin, nó is gearr go mbeidh sí ó rath le smál
→
fáinne
Th'anam ón riabhach é mar scéal, cáil do chíonán? … Fáinne óir ort! Ní raibh tú ariamh gan an choinneal nó a hábhar. Bhí tú tráthúil leis an gcíonán an uair sin ar chaoi ar bith
→
féar
Níor shiúil sé talamh ná féar aon-mhac is míádhasaí ná P. má bhíonn aon-deóir caite aige. Bíonn coinneal in a shúile nó go n-aimsighe sé duine eicínt
+
→
fíóg
Ní fhaca tú aon-choinneal ariamh is fhearr ná fíóig. Siad a bhíodh againn uiliog fadó. = fíógaí a bhaint agus a dhlaoitheadh. Bealadh a chur annsin air. Ola faidhtíní nó ola runnach a leaghadh ar cham agus na fíógaí a thumadh inte: sin í an bhealadh. Fód móna a fháil annsin agus cipín sailí agus an cipín a chur san bhfód, agus eanga a chur i mbarr an chipín agus an fhíóg a chur isteach san eanga. Nuair a bheadh an fhíóg (brobh) caite go dtí an eanga, leigean leis amach aríst an fhad céanna agus mar sin nó go mbeadh sí caite. Seo iad an cineál coinnle a bhí ann leathchéad agus trí fichid bliain ó shoin.
TUILLEADH (1) ▼
Ní bheadh fíóg ar bith agaibh ó tá na coinnle gann
→
cailm
Ó throisc mé an fhad seo anois dhá uireasbha, ní chuirfe sé aon-chailm orm troisceadh scathamh eile. 'Ó chaith mé an choinneal, caithfe mé an t-orlach'.
Is beag a' mhaith coinnleoir gan coinneal (sórt leath-fhocal. Níl aon-mhaith sa slacht nó 'san ornáid d'uireasbha codach nó cur leis).
Dhá aicísighe an mac, ní choinneochadh sé coinneal do'n athair (níl aon ghoir aige ar an athair; ní measa é ná'n t'athair etc)
→
buail
Ar a' dá luath a's a mbuaileann a' taghd é, tagann coinneal in a shúile, a's ionnsuigheann air a' gearradh fiacal.
Dhá an-tlásaighe dhá bhfuil an t-athair, ní choinneochadh sé coinneal de'n mhac (sháruigh an mac é; is measa an mac ná luirgní dóighte; níl léigheamh ar bith ar an mac; níl cinneadh faoi'n saoghal leis an mac; is measa an mac seacht n-uaire; bhain an mac fhearr-is-barr dó agus rl.)
→
íochtar
Bhí béal air, agus ní choinneochadh na diabhail in íochtar Ifrinn coinneal dó = bhí droch-bhéal amach a's amach air. "Cé'n sórt coinneal sin ort? Nach raibh neart soluis ann dá h-uireasbha." (Freagra abartha ar an gcainnt dheireannaigh)
→
dall 1
Dheamhan call coinneal duit. Is maith dhuinn againn sa dorchadas féin é. Is léar do'n dall a bhéal, adeir siad
→
donacht
Bhí chuile dhuine ag caint ar dhonacht Mh. ach ní choinneódh sé coinneal dó seo atá ann anois. Tá ruibh air seo
→
dreolán
Ní choinneochadh an teanga a bhí aige muis coinneal do'n teanga a bhí ag dreolán de mháistirín scoile a bhí annsin thoir. Bhí sí thrídh lasadh ar fad aige. Chuala mé oíche é thoir tigh Th. — oíche a raibh mé ag ól ann — agus shíl mé go gcuireadh duine eicínt a dhrad in a bholg leis an loscadh mionnán mór a bhí air. Ach 'sé'n chaoi a raibh siad ag scairtighil gháire faoi.
→
dris
Dá mbeadh sí cho cantalach le dris, bainfear ceart di annsiúd deirimse leat. Tá an phrioc de mháthair atá annsiúd indon coc achrainn a choinneál len a rogha duine. Agus deir siad nach gcoinneochadh sí coinneal do'n inghin. Caile cheart í sin. Agus 'ar ndú an splíota de mhac siúd ann, chuirfeadh sé dhá chrích Mhuire thrín a chéile. Meas tusa nar mhór do bhean a chasfaí isteach in a lár sin a bheith in a h-amhus críochnuighthe leis an gceann is fhearr a fháil orra sin
→
díle 1
An uair a bhuaileas ruibh na cainte é, cheapfadh duine gurb í an díle a bheadh ag teacht air, bíonn sé cho luath-chainteach sin. Níl ort ach muintir Mh. a tharraingt aige. Teagann coinneal ann agus áitigheann air ag cur caoi orra, agus ag díbliú orra. Déanann sé leitheachaí de na focla in a bhéal, bíonn an oiread sin an-bháthadha air. Níl greann go h-éag ach éisteacht leis
Is fiú mhór é muise le h-ais na bliana anuiridh. Anuiridh ní raibh le fáil ag an duine ach leath-ghalún (ola mhór) agus cá'id a ghabhfadh an méid sin. Ba ghearr le dhul leath-ghalúinín gágach. Bhíodh muid i dtuilleamuidhe na gcoinnle sin an uair a d'fhaghadh muid iad, ach mo chreach na coinnle! Dá mbeitheá annseo anuiridh chaithfeá a theacht le díogarnach bheag soluis, agus dá mbeadh sin féin agad, is tú a bheadh buidheach. Tá muid thar cíonn imbliana: dhá ghalún an teach. Is mór an subháilce an solus féin. Má tá easbaidh ann anois, ní easbaidh soluis é
+
→
díol 2
Tá díol coinneal mhór na Nodlag de smaois leis.
TUILLEADH (1) ▼
Tá buille ins an mbéim ann fós cheapfainn, agus an díol a chuala mé é a thabhairt ar na P. an oíche cheana a raibh mé thiar ann ag iarraidh iasacht uird. Bhí se sínte ins an gclúid agus gan smeámh ann nó gur caintigheadh ar na P. Dhírigh sé aniar annsin, agus coinneal ann. A dhearbhráthair mo chroidhe thú, d'áitigh air …
→
dúchas
Tá dúchas nó diabhal eicínt air ar an aimsir seo. Diabhal baoghal ar bith nach bhfuil, agus cho fiadháin agus atá sé ag imeacht. An bhfaca tú an choinneal atá in a dhá shúil? Níl sé ag déanamh comhnaí ar bith ach oiread