Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Nollaig (9)

 
An gcuimhníonn tú ar an lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos san mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos [le] sparán a raibh ceangal air! D'ionntaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as, agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar san sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbár a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? = chuaigh sé ar cúlráid i riocht agus go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
 
feáin
Ní raibh fíth ná feáin air mara dteigheadh sé ar an bportach ag tógáil mhóna ar maidin. Diabhal aithne air nach tirm a bhí sí! "Dhá mba triomach go Nollaig é anois", adeirimse "dheamhan fód den tsraith siúd a bheadh le dhul i gcruach". Síleann sé má theagann anna mar sin go dtriomódh sí ar an bpuinnte. Tá sí réidh leis go haithbhliain muise
 
fliuch 1
Ní raibh fliuchadh do bhéil de chineál ar bith óil annseo faoi Nollaig. B'annamh leis nach go barrbachall a bheadh sé
 
Romhat amach atá, anois. Inniu Lá Fhéile Fionnáin agus roinntear an fuacht. Ba shin é seanchas na sean-unndúirí ar chaoi ar bith. Trí lá roimh lá Nollag a cheapaidís do Lá Fhéile Fionnáin
 
Cén féirín Nollag a fuair tú?
 
Tá an gamhain sin an-fhíneáilte: ro-lom gan aon-fhíonnach. B'fhéidir dhó sceinneadh amach go maith. Má fhaghann sé aire is maith an beitheach a bhéas ann faoi Nollaig seo chugainn
 
Aimsir fhuar fheóthannach idir dhá Nollaig a bhí innte
 
fiú
Is fiú ór an aimsir atá anois ann thar mar a bhí sí le mí. Níor tháinic aon-lá ón Nollaig a leigfeadh luch as poll ná diabhal as Ifreann
 
feasta
Tá an Nollaig ar dhort abhaile lá ar bith feasta = tá sí ag tarraint orainn