→
                  
                    
                      baile 
                    
                  
                
              
            Sráid-bhaile (4)
                    →
                    bealach 
                  
                  
                    Níor leigeadh a shlainte ariamh le fear bóthair ná bealaigh as a' tsráid-bhaile chéadna.  An cluithche scaibhtéaraí ba mhó a bhí ar foth ná ar féar, is istigh sa mbaile sin a bhí siad scathamh.
                    Tá an bhean sin aige an-diomallach.  'Ar ndú, níl a fhios céard a leigeas sí amú.  Cé'n bhrigh dhá mbeadh aon-ghantann beatha orra, ach níl.  Tá a cuid muc agus a cuid cearc, agus a cuid beithidheach igcomhnaí ag géimneach agus ag grágghail agus ag sclamhaireacht leis an ocras, agus an rud a bhí a thabhairt dóibh scuabtha leo ag mádraí an bhaile de'n tsráid.
                    Rug sí orm i lár na sráide agus phóg sí agus dhiúrn sí mé as comhair na tíre.  Ní thiubharfainn deoir fhola le náire.  Cé'n bhrigh nó gur thosuigh sí ag caint: "a mhac mo chol-ceathar, a mhac mo chol-ceathar nach bhfaca mé leis an fhad seo … ".  Mo choinsias agus dar m'anam, níor tháinic aon-lá ariamh mar é ar shlata an bhaile mhóir, agus cáir ar 'chuile fhear