Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

aindeoin (50+)

 
cailm
Is beag an chailm a chuir an bháisteach air, aindeoin go raibh sé a' roilleadh.
 
Nuair a bhí na buachaillí báire eile sin, in ainm's a bheith ar a gcaomhamhaint, bhánuigh siad na tamhnachaí sin fré chéile. Dubhairt P. D. liom gur mhinic ab éigean dó eirghe dhá leaba 'san oidhche, le duine aca(b) a leigean isteach innte. Deirimse leat gur beag é a bhuidheachas anois, aindeoin ar chaith sé orrab.
 
carn
Ó bhuail an méid sin ghiorranála mé, bíonn mo phíobán cárnuighthe leath na gcuarta. Fuair mé buidéal ó'n dochtúr air, ach dheamhan lá maitheasa a rinne sé dhom, aindeoin gur íoc mé mo leath-ghine bhuidhe air.
 
catóg
Aindeoin go bhfuil fairsingeacht aige, dheamhan de rath le cuid mhaith de'n talamh. Gurráin a's catógaí é fré chéile.
 
Chonnaic mé annsin thiar é — M. Sh. G. Dheamhan oiread do dhorna a bhí ann, a's ina dheidh sin, ní fhágfad sé aon-chlifeartach dhá mhéid sa tír, nach dtiubharfadh sé talamh dhó. Ní raibh ordlach bacaird ann ach iarann = bhí sé chomh cruadh leis an iarann. Aindeoin nach raibh méid a' bith ann, ní bheadh mairg a' bith air cleathaire mór millteach a leagan.
 
Is mó coimhightheas é ná'n dearbhráthair go mór, aindeoin nar fhága an dearbhráthair an baile ariamh.
 
Coireocha sé sin go maith ar chuile dhuine, ach ar a mhuinntir féin, ach mise imbannaí gur beag adéarfas sé leo(b) sin, aindeoin go mbíonn sé fhéin a's iad fhéin in árachaí 'chéile chuile lá.
 
Dheamhan ar íoc sé an leath-chíos deireannach fós, aindeoin go raibh sé gligthe (dlighte) aige é 'íoc lá Bealtaine. (Leath-chíos; "sos"; cess; moiety).
 
Ní fhaca tú a leithide de bhail ariamh dhá chur ar dhuine. Bhí an 'bicycle' árduighthe uaidh, ag S., a's b'éigean dó siubhal aníos, aindeoin gur gearr a bhí le dhul aige. 'Marcuigheacht go Gaillimh, a's cead siubhal abhaile' a bhí ann.
 
baile
Is gar do bhaile a bhí fód a bháis, aindeoin ar shiubhail sé.
 
baing
Chinn air aon-bhaing a bhaint as Tam, aindeoin nach de cheal a shaothruighthe é. = rinne sé a dhicheall feannc nó cor a bhaint as nó é 'leagan, ach chinn air.
+
beart
Ní thiubhrad sé le rádh, go gclisfeadh sé faoi'n mbeart féir, aindeoin go raibh a sceadamán amuigh aige dhá iomchur.
TUILLEADH (3) ▼
Deirimse leat, aindeoin nach raibh foghluim a' bith air, ná focal Béarla in a phluic, gur b'shiúd é 'bhí indon a bheart a tharraingt i Meriocá. Tá 'shliocht air anois; 'sé atá ina shuidhe go te ann léar (de réir) mar chuala mé.
Is maith beachtuighthe n mac é D. ach dheamhan goir a bhí aige in a dheidh sin, imirt ar Sh. Bh., aindeoin nach cheal a shaothruighthe é. Chaith sé an bhliadhain a' cur beart in a shuidhe, len' imirteas ar a's chinn air in a dheidh sin.
Tá sé chomh h-imeartha, chomh h-ealadhanta, le na bhfaca tú ariamh, a's, a's aindeoin sin a's uileag, is beag beart a' bith, nach dteigheann in' aghaidh.
 
coiric
Is deacair é sin a chuir as a' gcoirricín aige anois, aindeoin nach raibh géilleamhaint a' bith aige dhó, an chéad uair = smaoineadh nó tuairim.
 
Ba deannachtach a' bháisteach í sin, aindeoin nach raibh ann ach crao(bh) mhúr. Níl snáth orm go craiceann aige.
 
crinn
Sháruigh sé siar i mo bhéal gur a' sceithligeadh bréag a bhí mé aindeoin gurb é cnámh chrínnte na fírinne a bhí is chuile fhocal amháin dár dhubhairt mé.
 
Níl sí ó chrích fós, aindeoin go bhfuil sí amach go maith 'sna déaga a's fiche. Gheobha sí cráinfhear mór Achréidh; gan aon-choisméig siubhail, a gcinnfe air aon-bhean 'fhaghail is na bólaí s'aige fhéin.
+
M'anam gur maith an mhaise dhó é! Aindeoin go bhfuil na cheithre scóir caithte aige, 'sé atá cuisneach fós.
TUILLEADH (2) ▼
Frompáinín de bhean a bhí sa máthair, ach má badh eadh fhéin, ní chasfaidhe aon-bhean in do shiubhal ionnsuighe ort, ba cuisnighe ná í. Bhí a shliocht uirre: aindeoin a bhfuair si d'anró a's de sclábhuidheacht, mhair sí go raibh sí go h-árd le cois na cheithre scóir.
Leath-cheann cúpla an t-uainín sin. Bhí sé an-mheirbh nuair a rugadh é, aindeoin go raibh an t-uan eile cuisneach go leor.
+
beo 1
Má mhaireann dóib, is gearr go mbeidh an teach beo le luchain bheaga. Is mór a' babhta orainn gan aon-chut a bheith againn. Deirimse leatsa gur maith ann na cuit ina dheidh sin, aindeoin go mbíonn casaoid orrab amanntaí.
TUILLEADH (6) ▼
Tá sí beo beithidheach fós, aindeoin go bhfuil an céad sáruighthe aice.
Tá sé beo beithidheach fós, aindeoin gur comh-aois é fhéin a's Páidín se'aghainne 'ndéana Dia grásta air.
Aindeoin gur chuir sé triúr ban, tá sé féin beo, beithidheach fós.
Is beo sciobtha an mhaise dhó fós é, aindeoin go bhfuil sé seacht mbliadhna a' faghail an phinsean.
'Sé'n fear is stuama beo é, aindeoin nar chuir sé a théarma isteach ariamh le ceird.
Níor chodail mé néal ar feadh na h-oidhche aréir. Bhí iasc beo liom ar feadh na h-oidhche, aindeoin go sílfeá nach gcoinneochadh sin duine ó chodladh
 
bocht 1
Muise, dheamhan mórán le beo, bocht iad, aindeoin go bhfuil cuid mhaith gaisce a's gláimhthéisce aca(b).
 
bocht 2
Ní fearrde na boicht é, aindeoin, má's fíor dhó fhéin, nach mbeidís beo, marach é.
 
Ní tarbh é, ach bollstaic, ach níor coilleadh glan é. Bhí an coillteoir ar meisce an lá céadna, a's ba maoilscríobach a rinne sé a ghna(ithe), aindeoin gur h-íocadh é.
 
borr
Aindeoin ar buaileadh air, ní dhearna sé ach borradh leis.
 
Aindeoin gur thugadar láimh a's focal dá chéile, tá'n brochán dóirtighthe.
 
Níl aon-tóir ag na beithidhigh ar a' mbréinleach sin, ó thárla gur ar a' mbualtrach fhéin a d'fhás sé. (N)ach ní bheadh col a' bith acab leis, dhá bhfásadh sé ar bhualtrach capaill. Ar a' gcóir chéadna, ní bhíonn aon-chol ag a' gcapall leis a' mbréinleach a bheadh ar bhualtrach na bó, aindeoin nach leagfad sí smut ar a cuid fhéin.
 
'Sí atá sean-bheo fós, aindeoin go bhfuil aois mhór aice.
+
Buaileadh air, a' straoilleoigín faoi dheire thiar, aindeoin ar eitigh sé de mhná ar foghnamh.
TUILLEADH (3) ▼
Aindeoin go raibh an teach ceannuighthe aige thar barr-amach, shíl siad cíos a bhualadh air.
Aindeoin go bhfuil a' portach buailte ar a' teach aige, ba gann gortach í a theine.
Aindeoin an scoil a bheith buailte orra(b), is túisce a bhíos chuile ghasúr sa tír istigh ná iad.
 
Tá mé is na ceirteachaí aríst, aindeoin nach bhfuil sé thar thrí ráithe ó cheannuigh mé an chulaith éadaigh seo. Ach beidh a shliocht uirre: gheobha mise éadach aríst a mbeidh buaineadas, a's teacht aniar ann.
+
buille
Thug sé a shean-bhuille dhó, ach dheamhan feannc a bhain sé as in a aindeoin sin.
TUILLEADH (1) ▼
Is minic a shíl Sasana buille na speirthe a thabhairt do'n tír seo, ach tá muid beo dhá h-aindeoin in a dheidh sin, a's dhá dteagadh an díleághadh ar Shasana ambáireach, chaithfeadh muid cúis mhaith a dhéanamh dhá h-uireasbha.
 
ainm
Aindeoin gur Punncánach é, is tíreamhail é 'ainm (is tíreamhail a' t'ainm atá air = cé gur Punncánach é, tá ainm tíreamhail nó gaedhealach air. (tíreamhail = gaedhealach; homely)
+
Caithfe tú 'dhul chuig an scoil de do dheoin (dhiúin) nó do t'aindeoin = caithfe tú a dhul chuig a' scoil má's olc maith leat é; mara bhfuil tú sásta a dhul ann, cuirfear ann thú de'n bhuidheachas.
TUILLEADH (5) ▼
Déanfa mé é dhá ndeoin nó dhá n-aindeoin = déanfa mé é má's olc maith leo(b) é.
Tiocfa mise an casán sin dhá dheoin nó dhá aindeoin.
Chuala mé gur dhubhairt a h-athair léithe go gcaithfeadh sí é a phósadh dhá deoin nó dhá h-aindeoin.
Siubhailfe mise an bóthar sin dhá ndeoin nó dhá n-aindeoin.
Dhá mhéid treampáin dhá gcuirfe siad ormsa, ní bhacfa sin mé gan a dhul 'na chladaigh, dhá ndeoin nó dhá n-aindeoin.