→
buille
as buille (50+)
→
fána
Tá an chú sin caite le fánaidh ar fad. Shílfeá go mbeadh sí níos teangmháilte ná sin as a tosach. Meastú an gortú a d'eireódh di. Baineadh cupla treascairt aisti agus í ag coráil an ghirria an lá cheana, ach shílfeá nach raibh tada uirre ach go raibh sí buille beag cróilithe go ceann dhá lá.
Eirigh as an bhfánaíocht agus déan buille eicínt maitheasa, feasta choíchin. Ach níl fír na maitheasa ionad
→
comaoin
B'fhearr dhuit gan a bheith buailteach, nó gheobha tú an té a thiubhras cumaoin do láimhe dhuit as a dheire. Níl buille ar bith chomh maith leis a' mbuille réidh.
Déarfainn nach áit buaile ná sean-bhaile dhuinn an áit seo anois, má fhéadann muid imtheacht as, ach sin é an buille! Ní mé a bhféadfa?
→
buail
Nach truagh mé ar bord cuain, as gan mo charaid le glaodhach; buille gualann ní bhuailfidh dhom go deire mo shaoghail ("Antoine Mac Conmara" — Seán Mac Conmara a chum)
+
→
buille
Thug sé a shean-bhuille dhó, ach dheamhan feannc a bhain sé as in a aindeoin sin.
TUILLEADH (43) ▼
Bhí púir ag eirghe as le 'chaon bhuille dhá raibh sé a fhaghail.
Shíl mé a's an bhuile a bhí air, go dtiocfadh sé ar bhuillí as a dheire, ach dheamhan é.
Chuir tú as mo bhuille mé = bheadh buille (buailte) agamsa marach thú. Chosain tú buille orm.
Chuir sé as mo bhuille mé leis a' gciotóig.
Tá sé an-úsáideach le na lámha. Is beag duine nach gcuirfeadh sé as a bhuille (tá sé indon na buillí a bheadh a' teacht air, a chosaint go maith).
Breagh nar fhan sé uathab, a's ní fhéadfaidís an buille feill a thabhairt dó, ach níor bheo é, gan a bheith 'brughadh orra(b) a's a' déanamh teánntáis leo(b) má b'fhíor dhó fhéin. Is olc a chuaidh an teanntás dó as a dheire.
Mara bhfana sé as mo bhealach, tiubharfa mé buille na speirthe dó, luath nó mall.
Beidh sé a' siocadh liomsa, go dtuga mé buille na speirthe dhó, as taghd.
Dhá mhéad brabach (cainnte) dhá bhfaighe tú air, béarfa sé buille na snighe dhuit as a dheire.
Thug an sagart buille na snighe do'n mhinistéara as a dheire in a dheidh sin (as scéal faoi shagart a's ministéara a bhí a' sáruigheacht nó a' cailicéaracht faoi chúrsaí creidimh. D'eirigh leis a' sagart gob maith a thabhairt do'n mhinistéara a chuir in a thost é, má's fíor do'n scéal).
Ná fág a' sean-fhear as margadh ach an oiread le duine. Tá buille sa mbéim ann fós, dhá aosta dhá bhfuil sé.
D'imthigh an buille sa mbéim as uileag le goirid.
Mara ndéana tú buille eicínt thairis sin, b'fhearr dhuit eirghe as ar fad — b'fhearr sin!
Níl mé indon aon-bhuille a dhéanamh, in áit ar bhain mé stangadh as mo dhruím, leis a' bhféar, tá goirid ó shoin.
Tá sé chomh maith dhom a rádh nach raibh uirre ach aon-bhuille amháin, arae, níorbh fhiú trumpa gan teanga an t-iomróir eile. Is mó a bhí sé 'cuir as dhuinn.
Cuireadh as do bhuille thú shílfeá.
Bheadh sé déanta anois agham, marach an chaoi ar chuir tú as mo bhuille mé.
Nuair a shílim a bheith ar dhruim na muice, sin é an uair a chuirtear as mo bhuille mé igcomhnuidhe.
Bhí liom, marach an chaoi, ar chuir an t-ógánach sin as mo bhuille mé (féach ógánach).
Níl neart a' bith aghamsa ar a' moill, arae 'chuile uair dhá mbíonn súnás oibre orm, sin é an uair a chuirtear as mo bhuille mé.
Bhí an liathróid amuigh aige, marach gur eirigh liom é 'chuir as a bhuille.
Níl neart agham fiachaint (féachaint) le luach leithphighne a dhéanamh, nach gcuirfe duine eicínt as mo bhuille mé. Is mó dhá fhonn atá orm, gan tada a dhéanamh anois.
'Breagh nach n-éistfeá liom, a's gan a bheith de mo 'chur as mo bhuille 'chuile phuínnte?
Is beag a thaithnigh leis gur cuireadh as a bhuille é, muis.
Is fánach a' rud atá indon duine a chuir as a bhuille, nuair nach mbíonn aon-luighe leis an obair aige.
Is fadó an lá a bheadh ceart bainte de Shasana ag D. marach an dream, atá acht a's áithrid, ag iarraidh é 'chuir as a bhuille.
Bheadh an geábh sin liom, marach an diabhlánach sin thíos, a chuir as mo bhuille mé.
Bheadh an cheist fuascailte, dhá mbeithí gan mé 'chuir as mo bhuille.
Dhá bhfaghainn cead mo chinn, a's gan mé 'chuir as mo bhuille, b'fhéidir go mbeidhinn indon sin fhéin a dhéanamh.
Má chuireann tú as a bhuille chor a' bith é, ní dhéanfa sé mogal duit uaidh sin amach.
Nach deas a cuireadh as a bhuille é, a's gan súil a' bith aige leis.
Tá sé imeartha. Is deas a chuir sé as mo bhuille mé, a's mé 'siúráilte' go raibh liom.
Tá mé as mo bhuille agad
Cuireadh as do bhuille thú a dhuine bhoicht! = duine a raibh bleid buailte aige ar chailín, a's chuaidh duine eile in a bhárr air.
Chuir tú as mo bhuille mé = chuaidh tú idir mé a's bean eicínt a bhí gabhthach liom; bhain tú bean díom; chuir tú araoid eicínt orm fhéin a's ar bhean a bhí gabhthach liom.
Tá sé chomh maith dhaoib an slaimín féir sin thiar a bhaint as a bhuille indiu, ó thárla sibh réidh go dtí é.
Tá móinfhéar annsin thíos agham atá spealta le dhá lá, a's dheamhan slam dhe a baineadh as a bhuille fós, ná 'raibh aon-ghoir agham corrán a leagan air, le 'bhfuil de chruadhóig thairis orm.
Níl an aimsir in araidheacht aon-fhéar a bhaint as a bhuille — níl sin.
Tá sé chomh maith dhaoibh an lá breagh a thapú, a's an garraidhe féir sin thiar a bhaint as a bhuille, a's é leigean amach. Má sheasann a' bhroththaighil seo, beidh sé indon cocaí beaga a dhéanamh dhe trathnóna.
Is mairg dhaoib nar bhain a' cúl thoir as a bhuille freisin, a's bheadh congnamh maith trioma(igh) anois air.
Seo í an uair le féar a bhaint as a bhuille.
Ar maidin a bhain mé an cúilín sin as a bhuille, a's inDomhnach, má fhaghann sé lá eile mar a' lá indiu, beidh sé in araidheacht é a chur i gcoca móinfhéir.
Is dona a chruthuigh tú nar bhain a' garraidhe sin as a bhuille indiu, a's ní aireochthá go mbeadh sé in alt a choctha agad.