Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

buille (100+)

+
abair
Is maith leis an t-aifreann a rá ar bhuille an naoi i gcónaí
TUILLEADH (1) ▼
Dar mo choinsias, d'fhéadfá a rá nach bhfuil sé sin ag ligean aon bhuille marbh ina chuid oibre
 
Bhí sé ag obair inné mar adéarfá leis é, ach ina leaba sin, dheamhan buille ar bith inniu
 
daba
Má tá sé in ann an daba sin (feoil) a choinneáil leis féin i gcónaí, dheamhan cailleadh air. Amadán a bheadh ann dhá ndéanadh sé aon bhuille maitheasa agus fuíoll na bhfuíoll aige mar atá sé
 
Tá sé i ngreamús ann sách daingean ar chuma ar bith le nach mbainfidh buille fánach mar sin as greim é
 
Dhaingneoinn an tairne tuilleadh, ach feictear dom go bhfuil an clár buille tanaí
 
dán
Níl i ndán glanta dhóibh. 'Sé a chosúlacht é ar chuma ar bith, agus deir siad go mbíonn an chosúlacht ann. Chuile lá beo a dtéim amach le soipín a bhaint astu (fataí i gcall a nglanta), teagann rud eicínt a chuireas as mo bhuille mé
 
dána
Bhí an t-ádh ar an tír s'againn féin nach raibh sí sa gcogadh chor ar bith. Cúnamh Thaidhg an tSléibhe do Mhuirbheach gan buille leis ná ina aghaidh arsa tusa. Agus b'amhlaidh ab fhearr é. Mura bhfuil tú mór ná láidir ná bí dána ná drochmhúinte
+
danra
Díthreabhach danra í le cur amach ag obair. Chaithfeadh sí lá fada samhraidh ansin ag faire na splaince gan iarraidh buille maitheasa a dhéanamh. 'Sí atá coilgneach freisin má fhaigheann duine ar bith aon chaidéis dhá cuid díomhaointis
TUILLEADH (1) ▼
Mo chreach mhaidne, tá a bhfuil sa teach ansiúd chomh danra le chéile faoi bhuille ar bith oibre a dhéanamh: dar leat féin gur ag comórtas le chéile a bheidís, go bhfeicidís cén duine acu ba deacra a chur amach agá n-a chuid oibre. Gróigfidh fear acu é féin ar an teallach agus déanfaidh fear eile agus fear eile an cleas céanna, nó nach mbeidh áit ag míoltóig ina ngaire. Níl go dona ann ach an díthreabhach bocht is athair dóibh atá amuigh moch deireanach ag saothrú. Sin é an díol trua ar chaoi ar bith
 
daoire
Má théann tú ag ceannacht fhéir anois ní bhfaighidh tú é ach ar a dhaoirse. Is dona a d'oibrigh tú — agus fios agat go dteastódh sé uait — nár cheannaigh ní ba thúisce sa mbliain é nuair a gheofá buille saor é. Tá an bhliain ag teacht an-déan (dian) freisin
 
daol
Murach go bhfuair sé daol ó rud eicínt, ní bheadh sé ag imeacht ar an gcóir sin le seachtain: gan buille maitheasa a dhéanamh, ach soir agus anoir an bóthar agus síos go cladach. B'fhéidir gurb í an cailín atá aige i M. atá ag dul ag pósadh nó ag déanamh roghain ar fhear eicínt eile. Níl aon duine in Éirinn is fusa a shaighdeadh ná é ar ndóigh
 
daor 1
Is daor an buille air é. Dar mo choinsias, is beag iarraidh ar fiú chúig phunt fhichead í, ní áirím a mbeidh de chostas air. B'fhéidir go gcomhairleodh sin anois é. Ach ní féidir an drochdhuine a chomhairleachan
 
Tá sí buille dathúil, ach níl sí sách dathúil aige siúd. Spéir na gréine nach mór dó
+
de
Ní dhéanfaidh sé siúd aon bhuille lena mharthain aríst, mar níl sé de theacht aniar ann aon bhuille a dhéanamh
TUILLEADH (1) ▼
Leag sé é de bhuille mhaide
 
Tabharfaidh sé an buille agus ní dea-bhuille é
 
deacair 2
Is deacair le na Séamais sin buille ar bith a dhéanamh mura gcuirtear chun cathachtála dhóibh ceart é
+
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ann. Ní hé an ministéara a chruinníodh chor ar bith iad, ach bhí proictéara aige a théadh thart. Chuala mé an tseanmhuintir ag rá go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na hiomrachaí ansin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichiú hiomaire a d'fhágaidís aige. Déantaí an cleas céanna le na stucaí coirce: stuca as chaon deich stuca a fhágáil gan tarlú, nó go dtugadh an proictéara leis é. Ba in é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm is an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt ansin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fháil: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ann. Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatarthu … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na seandaoine ag rá go mbídís ag blaoch i dtóin an phroictéara nuair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaí. Bheadh rud ar a shon agat dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (sa bpríosún). Ach ní raibh baol orthu siúd go raibh siad chomh hadhartha agus go mbéarfaí orthu. Measaim go mbíodh an ministéara féin ann scaití, mar chuala mé P. N. ag rá nuair a bhí siad ina bputaí, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaí ag fuagairt i ndiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cár fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'iontaigh, a bhí sa ministéara a bhí anseo … (Cuntas faoi na deachmaí sa gceantar sin ó Sheán Ó Beáin, Páirc Gharbh, An Carn Mór, Baile Chláir)
TUILLEADH (1) ▼
Anois atá sé ag íoc deachma na sláinte. Thug sé sin drochthónáiste dhó fhéin as a óige, agus ní fhéadfadh sé rith leis. Chaithfeadh sé a dhul roimhe uair eicínt. Dheamhan fear dhá bhfaighidh an tónáiste nach bhfágfaidh sí a shéala air luath nó mall. Is olc an rud í an chois fhliuch, agus an ghail bhruite as do chuid éadaigh thuas ar do chraiceann. Ba in é a fhaisean sin muis. Ní bheadh géilliúint ar bith aige d'athrú éadaigh ná stocaí. 'Sé an chaoi a dtosódh sé ag flithmhagadh fút faoi. 'Níl siad ag cur tada asam dhom,' adéarfadh sé. Ar ndóigh bhí an scéal sin ceart go leor, go dtí leis an aimsir. Sin é an buille
 
Ag dul chun deacracht a bheas sé an mhóin a thriomú lá ar bith feasta. Tá sé buille deireanach sa mbliain
 
 Ní dea-ghoic ar bith í sin air. Chomh luath agus a fheicfeas tú é (fear) ag cur na goice sin air féin, bí ar do shon féin ansin. Tá an buille ag teacht
 
Ab in é a chonaic mé ag dealú leis suas an t-ard. Bailíodh leis anois. Ní fearr timpeall na mbólaí seo é sin. Ceo ar bith mura mbeadh sé te nó trom, bheadh sé ardaithe leis aige. Tá sé sin buille luathlámhach a mhic ó mo chroí
 
dealg
Dealg sceiche a thóg sé an chéad uair agus ní thabharfadh sé cead d'aon duine a dhul ina gaire nó go ndearna sí cois bhocht sa deireadh. Chuir mé ceirín léithe le cupla oíche ag ceapadh go dtarraingeodh sé an drochábhar, ach dheamhan cosúlacht air scaradh fós léithe. Níl ceirín ar bith, adeir siad, is fhearr ag dealg ná teanga an tsionnaigh dá mbeadh sí againn. Tharraingeodh sí sin de ghorta gharta é, ach cá'il sí? Sin é an buille
 
deamhan 1
Dheamhan an measa beirthe é a dhuine bhoicht. Sin é an chaoi. Chuile bhuille in aghaidh an duine bhoicht go bhfóire Dia orainn (níl mé róchinnte gur an .i. dheamhan an, is cóir a scríobh i gcásannaí den tsórt seo. Fuaim /ə/ atá ann)
+
déan 1
Tá sé ag déanamh go hóg. Deir tú leis a chaitheas an lá ó mhaidin go faoithin amuigh ar an talamh ag obair. 'Sé an gnaitheach é anois, agus daoine ag rá nach ndéanfadh sé sin aon bhuille maitheasa lena ló
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé ag déanamh go hóg a mhic ó, nó go dtáinig an leiciméara sin ag cur chomhairle orm, agus chuir sé as mo bhuille ar fad mé. Caithfidh sé fanacht ansin anois go dtí amárach. B'fhéidir go gcríochnóinn ar maidin é faoina bheith slán dúinn
+
Droch-bhicycle é sin; nó go mbeifeá déanta air, ach ó bheifeá, ní iarrfá a mhalrait go deo. Tá sé seacht mbliana agamsa anois agus bhain mé an-cheart dó (de). D'aireofá buille trom é i dtosach ach ní fhágfaidh sé ar an mbóthar choíchin thú, murab é do chiontsiocair féin é. Sin rud amháin faoi ar chaoi ar bith
TUILLEADH (1) ▼
'Siad Clainn nDonnchadha déanta iad clann L. sin. Faltanas mhuintir Laoi agus buille feill Chlann nDonnchadha a chuala mé ariamh. Is acu sin atá an buille feill ar chaoi ar bith. Bheadh an tsúil ar do bhois acu shula d'aireofá é
 
Dhá mbeadh déanamh maitheasa ann, ní ag mháinneáil (fáinneáil?) thart ansin ar feadh an lae a bheadh sé agus a gharraí thart cheal glantacháin. Fuair sé an saol róleisciúil san am a chuaigh thart; gan call dó buille ar bith a dhéanamh nuair a bhí lán tí acu ann. Ach bainfear siar as é anois ó tá sé ina aonraic
 
Chreidim go raibh an dearcadóir agaibh inniu sa scoil. Ar thug sé mórán buillí don mháistir?
 
dearg 1
Dhá mionnaíodh J. go bhfaca sé ag bualadh an bhuille é, thabharfaí faoi dearg é, ach níor mhionnaigh.
+
deas 1
Ba deas í mo cheird muis, ag brú seanchaillí thart i gcairrín! Dhá mbeinn gan aon bhuille oibre a fháil le mo ló, ní dhéanfainn é
TUILLEADH (1) ▼
'Sé a bheadh deas air, dhá bhfaigheadh sé a sháith le n-ithe. Ach sin é an buille! Céard a choinneodh a sháith le n-ithe leis. D'íosfadh sé siúd an tsáith Mhuimhneach
 
deas 3
Tá an ghaoth buille ó dheas anois
 
Má fhostaíonn tú é i ngreim deasóige agus cor a chur inti ar an bpointe boise, cuirfidh tú dhá bhuille é. Ach mura mbeidh tú dubhthráthúil, tá tú as, arae má bhraitheann sé go bhfuil tú ag dul ina éadan, cuirfidh sé luí fia ort de dhorna
 
Bhraith na póilíos an deatach. Ní féidir an deatach a chur i bhfolach. Sin é an buille. 'Sé an deatach i gcónaí a ghníos spíodóireacht ar fhear an phoitín
 
Ara a dheartháir mo chroí tú, tá déidín tite ag a bhfuil sa teach seo cheal fags, agus é ag cinnt orthu aon cheann a fháil. Ní cheal a shaothraithe é muis. Chuaigh duine acu soir chomh fada le tigh Bh. N. an oíche cheana, ach dheamhan ceann a d'éirigh leis ach an oiread. Reicfidís istigh sa teach thú nuair a bhíos siad dhá bhfuireasa. Ní mian leo buille maitheasa a dhéanamh. Tháinig mé isteach an lá cheana agus ubh agam a fuair mé beirthe. Hé brí cén chaoi ar sciorr an focal uaim féin gurb eo é seascach na gcearc — leathfhocal é atá agam — 'm'anam nach é,' adeir sé 'nach (ach) seascach na bhfags agus an tobac.' Tá a fhios ag mo chroí go mbeadh trua agat dóibh scaití nuair a bhíos siad lá nó dhó dhá bhfuireasa
 
deil 1
Bhí cláirín ansin an lá cheana agus ba é a bheadh ar deil lena aghaidh dhá mbeadh a fhios cá ndeachaigh sé. Ach sin é an buille. Ní fhágfaí fad méire sa teach seo
+
deilbh 1
An Crann Deilbh: "de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaití a dtomhais le riail le fad áirid a bheith iontu agus leithead áirid sna maidí trasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide trasna. Rinne P. M. Mh. ceann acu dhúinne anseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht i chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé chomh maith dhúinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go brách aríst. Ní bheadh na gearrchailí sin in ann aon deilbh a dhéanamh …" Cur síos an tsnátha ar an gcrann deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige) "an dá chuaille a chur ina seasamh ansin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim is ag giall an dorais. Ní bheidís chomh hard leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide trasna a chur suas orthu: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach iontu in eangaí mar a bheadh leaba. Bíonn rungaí ar nós dréimire sa dá mhaide a bhíos ina seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuí ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht is nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tí ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tointe fada na hóinsí a bheith agat! Ansin tosóidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéad uair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) den tsnáth — an méid banlámh a bheas le dul san uige (/ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcrann agus beidh siad dhá chur sin síos choíchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tabharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orthu ar fiar — ach gan snaidhm ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dté siad go barr. Anonn trasna ansin agus anuas ar an deis chéanna ar an taobh eile ó runga go runga go dteaga siad go talamh. Anall trasna go dtí an áit ar thosaigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéanna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar airde na maidí. Scaití bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adúirt sé) mar a fheilfeas dóibh. Tugtar céadta sa deilbh den uige léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad hocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mura mbeadh ann ach seacht gcéad, ní bheadh aon leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag hocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sreangáinín ar an méid sin. Céad a bheadh ansin. Beidh farasbarr leithid san éadach léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thograíonn tú. Chonaic mé chaon chineál acu. Bíonn chúig chlannaí fichead i chuile chéad. Ní foláir fios a bheith agat cé mhéad céad ann shula bhaineas tú den chrann deilbh é. Nach in é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach ina gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siúl i gcónaí i gcónaí. Ní fheilfeadh dhuit aon bhuille marbh a ligint in do chuid oibre dhá mbeifeá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. Sa ngeimhreadh bheifeá an lá leis ar fad. … Nuair a thógtar anuas den chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaidhm nó crios ar chaon chloigeann dhe ansin, agus déanfaidh tú suas ina throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an uige. Tá sé faoi réir ansin le dhul ag an bhfíodóir … Gan amhras is aon tsnáth amháin a bheas ann. Dhá mbriseadh an snáth sa deilbh, ghreamódh sí ar an bpointe den chuid eile den tsnáth é. Chuirfeadh sí snaidhm air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
TUILLEADH (2) ▼
Ar ndóigh más cúrsaí mar sin é, níor cheart d'aon duine buille ar bith a dhéanamh. Tá an aimsir mar is toil le Dia í, agus níl aon neart againne uirthi. Bain amach do chuid féir, agus lig de do chuid bundúin. Beidh grian fós ann lena thriomú. Deilbh an saol agus gheobhaidh tú inneach dó
Caithfidh mé an feac a dheilbhiú beagán shula fhéadfas mé a chur sa láí. Tá an bhróigín buille rófhairsing
 
Lig tú buille deireanach ort féin é. I ndeireadh na bliana a rugadh thú siúráilte go leor. Ach i dtús na bliana a rugadh S. anseo bail ó Dhia air. Bhí sé istigh nuair a bhí an bheadaíocht bheag sin ann
 
Bhí sé buille deireanach sa maidin nó go dtáinig sé
 
Tá an iascach caite i dtraipisí le deireanaí ó thosaigh an fuadach ar an móin. Roimhe seo, ghabhfadh fear suas taca Dhomhnach Chrom Dubh agus bhainfeadh sé dhá shleán mhóna le aghaidh na tine. Thriomódh ana na Féile Míchil dó í. Dheamhan buille a ghnídís i gcaitheamh an tsamhraidh ach mathshlua acu thíos ar chuile charraig ansin thíos ag iascach. Is deacair fear a fheiceáil anois ann
+
deis
Dhá bhfaighinnse deis air, thabharfainn dual na droinne dhó. Ach sin é an buille. Cá bhfaighidh mé deis air. Ní mé an dtaobhaíonn sé tigh M. G. ar cuairt chor ar bith anois
TUILLEADH (5) ▼
Is maith an deis í ceart go leor, an té a bheadh faoi réir faoina comhair, ach sin é an buille. Cé atá?
Níl deis ar bith agamsa aon bhuille oibre a dhéanamh. Feiceann tú féin an chaoi atá orm. Bíonn an mhaidin thar droim shula bhíos freastal déanta agam ar bheithígh agus ar ghamhna
Ná bac leis siúd ag cur deis ar thada! Bhain sé féar ansin thíos anuraidh, agus níor bhain sé as a bhuille é, gur lobh sé ar an talamh le amlua. Sin é an fear tí agus urláir agat!
Ní fhéadfaidh mise aon bhuille oibre a dhéanamh nó go bhfaighe mé láí a bheas ar mo dheis. Ar ndóigh ní cheapann tú go bhfuil fear ciotach in ann láí dheiseal a oibriú. Baol air
Iontaigh ar an taobh eile agus beidh do bhuille ar do dheis agat. Tá tú ag bualadh anois in aghaidh deise, agus do do chloí féin
 
Tá teach deisithe aici sin mo léan, ach d'éireodh di, agus gan í ag déanamh aon bhuille eile, ach ag sciúradh agus ag glantachán agus ag socrú
 
deoin
Ní scarfaidh sé leis dhá dheoin ar chaoi ar bith. Ach sin é an buille: an bhfuil an dlí in ann a bhaint dó. Dheamhan a fhios agamsa an bhfuil
 
dia 1
Go deimhin féin, is furasta giorrú leis siúd. An buille is fánaí ar bith, chuirfeadh sé ag tabhairt na gcor é. 'Sé a bhfuil ann go bhfuil an t-anam caite ann
+
dia 2
Ní dhéanann sé aon bhuille ó Luan go Satharn ─ ar feadh na seachtaine
TUILLEADH (1) ▼
Obair! Dheamhan buille a ghníos T. ó mhaidin go faoithin ná ó Luan go Satharn, ach istigh sa gclúid ag léamh nuaíochtaí
+
diaidh
Ní raibh a fhios agam é go dtí ina dhiaidh sin. Bhí sé buille mall ansin — tar éis sin; tar éis an ruda
TUILLEADH (4) ▼
Chuir sé turraic ionam, agus caitheadh i ndiaidh mo mhullaigh mé isteach i dtom neantóg atá ar cholbha an bhóthair ann. Bruitheadh agus loisceadh mé ceart críochnaithe. Bhí sé ag faire ariamh nó gur tháinig sé fúm gan aireachtáil, agus gan fios rúin ná soiscéil agam. Beidh a shliocht air: ní ghabhfaidh leis. Tabharfaidh mise an buille feill dósan agus gan cuimhne ar bith aige air
Níl a dhóthain aoise ag an stócach sin fós le dhul i ndiaidh capaill, dá mbeadh sí buille meargánta chor ar bith. Is beag an baol
Is fada mé i ndiaidh buille a fháil ar an gcarrachán sin, ach níor casadh in mo bhealach ceart é ina dhiaidh sin
Ní bheinn i ndiaidh buille nó dhó air ach mé féin dhá dtabhairt dó. Ach dhá dtugadh duine eicínt eile dhó iad bheadh an duine sin do mo chur as mo shásamh. Níor mhór dom fhéin an bualadh a dhéanamh go mbeadh só ceart agam air
 
ding
Measaimse nach dteastódh púdar ar bith uaithi sin. Tá siúntaí uirthi agus d'éireodh sí ina screamhannaí de dhroim a chéile dá mbeadh geanntrachaí maithe agat. Ach níl aon ghinn a rath agat. Sin é an buille
+
Sin é an chaoi a bhfuil sé. Buaileann daol é laethanta. Ní fhaca tú aon fhear oibre go hiomaí a chinnfeadh air. Ach chomh luath agus a chuireas sé an méid sin díocais thairis, ní fhanann maith ná maoin ann. Dheamhan is móide buille maitheasa a dhéanfadh sé aríst go ceann coicíse.
TUILLEADH (2) ▼
M'anam muise gur furasta dhomsa ar leathuinsín gágach tae sa tseachtain chuile fhéith in mo chorp a chur faoi dhíocas ag obair. Ní hea, ach is mé is fearr ar bith agus a bheith in ann aon bhuille a dhéanamh ar an mbod siar eile sin (coffee). Ní mó ná dhá bhfaighinn dalladh feola agus dalladh pórtair go mbeinn in ann foghail eicínt a dhéanamh. Maidir le go bhfuil cothú fear oibre sa mbeatha atá ag imeacht anois — níl muise. Is ait atá na daoine ag cruthachtáil go bhféadann siad breith ar láí ar bith léithe
Níor chuir tú do dhóthain díocais sa mbuille. Sin é a chlis ort
 
A dhul ag baint mhóna don chouncil nó a dhul ag obair ar bhóithrí — sin roghain an dá dhíogha go siúráilte. Ní ghabhfaidh mise ar cheachtar acu. Sílim go mbuailfidh mé anonn go Sasana áit a bhfuil páí mhaith agus gan buille ar bith
+
díol 2
Dá mba é mo dhíol é, choinneoinn é. Taitníonn an t-éadach liom. Ach cén mhaith sin. Tá sé buille beag
TUILLEADH (2) ▼
Níl aon díol trócaire ann go dtí é. Thíos ansin ar shlata na Gaillimhe agus muirín lag lúbach aige, agus gan buille maitheasa a dhéanamh le bliain mhóir fhada. An mbeadh a fhios ag aon duine ó Dhia anuas cén chaoi a bhfuil sé dhá bharraíocht chor ar bith agus gan slí ná fáltas ó neamh aige
Tá buille sa mbéim ann fós cheapfainn agus an díol a chuala mé é a thabhairt ar na P. an oíche cheana a raibh mé thiar ann ag iarraidh iasacht oird. Bhí sé sínte sa gclúid agus gan smeámh ann nó gur caintíodh ar na P. Dhírigh sé aniar ansin, agus coinneal ann. A dheartháir mo chroí thú, d'áitigh air …
+
Tá rún aige díoltas a bhaint amach nó is cinniúint air é. Siúd é an diabhlánach céanna nach ligfidh tada le aon duine. Is mian leis an buille deiridh a bheith aige féin i gcónaí
TUILLEADH (1) ▼
Is fada an lá é sin i ndiaidh díoltas a bhaint den deartháir faoina chur amach, agus féacha féin go dtug sé an buille feill dó faoi dheireadh thiar thall
 
Is díoltasach an sórt duine é. Níl a leithide eile ann. Má chuirtear as a bhuille é féin tada, ní chónóidh sé choíchin go gcuirfidh sé cuid is mó ná sin as don té a bhí ciontach leis. Maith in aghaidh an oilc! Níl a fhios aige céard é
 
B'fhéidir nuair a bheadh a ráithe príosún déanta aige faoin mbuille sin go mbeadh diomdha na bruíne air. Comhairleoidh an áit sin é
 
Díomhaoineas ar fad é an saol anois. Dheamhan buille oibre ann, mura dté duine go Sasana
 
díon 1
Cró concrete é agus hé brí cén sórt suaitheadh a thug sé don choncrete nó cén bealach a ndearna sé é, níl díon an deoir féin sna ballaí. Shoraidh dhó nach ndearna cró cloiche. B'fhearr balla fuar go fada ná é siúd. B'fhéidir go mbeadh sé buille fuar, ach bheadh sé tirim. Dheamhan fuar a bheadh dó ach an oiread dhá mbuailtí le bualtraigh bó é mar a ghníodh na daoine ariamh. Tá chuile intreacht ag teacht amach anois, ach níl ina leath ach ealaín le dallamullóg a chur ar dhaoine. Sin é an méid
 
Bhí diúltú aige roimh an aifreann ariamh fhéin, ní dhá roinnt leis é! Síos ag iascach, ná suas ag gróigeadh móna nó ag biorú claíochaí a bhuailfeadh sé ar uair an aifrinn, sé sin chomh uain is a bhí sé de rath air aon bhuille mhaitheasa a dhéanamh
 
dligh
Dar láthair Dé muis, dhligh C. a gcuid eascainí. 'Sí a dhligh — agus na buillí freisin dhá dtugaidís di iad. Dar ndóigh, níor tháinig iamh ar a béal le mo chuimhne ach ag sciolladóireacht agus ag géaraíocht orthu. Agus níor fhága sí cearc ná gamhain ariamh acu nár bhasc sí, nó ba chinniúint uirthi é. Ach gheobhaidh sí féin rud ar a shon anois ó na mná óga siúd. Diabhal mé go bhfuil siad scinnte amach ina gcailíní óga — bail ó Dhia orthu — scáth an t-achar ó bhí siad ag dul chun scoile
 
dlús
Mura dté dlús le na meaingeals muis, níl ghnaithe ar bith a dhul dhá gcur. Tá sé buille deireanach cheana féin, ach má ligeann sibh an tseachtain seo tharaibh beidh sé thar am
 
dlúth 1
"Cosamar an lín: barrach. Sin é an rud a bhaineas an tlú gairmit as an líon. Shníomhtaí an bharrach le tuirne olla, agus dhéantaí snáth di. Inneach a ghnídís den bharrach, agus ansin dlúth olla a chur air, agus é a dheilbh, agus uige a dhéanamh dhó (dhe) agus a thabhairt chuig an bhfíodóir lena fhíochan. Dhéanfaí píosaí dhó ar nós flainín. Nuair a bhíodh fite dhó, ghnítí súsaí dhó le caitheamh os do chionn sa leaba. 'Sé an t-ainm a bhíodh ar na súsaí sin "líon agus olann". B'fhearr ceann acu ná trí phluid. Bhídís buille garbh, ach má bhíodh fhéin, dhá mbeadh ceann acu ar an leaba, thiocfá le pluid amháin agus é." (giota as cuntas faoin líon ó m'athair)
 
do- 2
Bhí an capall sin a bhí go deireanach ag P. Sh. buille docheansaithe. Is beag nár chinn air a thaithiú le na mótars chor ar bith
 
dochar
Tá foghail mhór déanta ort, agus ní hé a d'fheil duit a dhuine bhoicht, ach níl rud ar bith is fhearr duit anois ná an buille réidh. Nuair is mó an dochar sea is fhearr an fhoighid
 
Bhí dodaireacht an tsaoil mhóir aige sa gcúinne, ach ní raibh duine ar bith ag féadachtáil a dhéanamh amach céard a bhí sé a rá, leis an meacan oilc a bhí ann. Níor mhóide gurbh fhearr dhó féin go bhféadfadh. Bhí an teach buille anglánta agus gheobhadh duine faoi na foraí an-éasca é
+
Hé brí céard a dhéanfas tú ná bí doicheallach leis. Cuir fáilte roimhe agus iarr isteach é, agus tairg cupán tae dhó. Ansin inis dó a bhfuil le rá agat, go mín mánla gan focal aranta ar bith. Ar a bhfaca tú ariamh ná téirigh chun drochmhúineadh leis mura gcinne ort. 'Sé an buille réidh an buille is fhearr
TUILLEADH (1) ▼
Is doicheallach an gotha atá ar an bhfarraige inniu. An bhfeiceann tú an bláth bán atá uirthi. Ní mórán dá fhonn a bheadh orm inniu m'aghaidh a thabhairt amach uirthi. Tá sí buille callóideach
+
dóigh 1
Is suarach an dóigh do dhuine ar bith a bheith dhá mharú féin ag dul suas agus anuas ansin dhá cheann de ló ar scáth coróinín airgid. Ach tá sé sách maith ag an dream atá sásta leis: i leaba gan buille amháin a dhéanamh go bhfaighthí hocht nó naoi de scilleachaí sa ló. Níorbh é luach do shláinte é an méid sin féin, ach b'fhearr é ná an chaoi a bhfuil sé faoi láthair
TUILLEADH (1) ▼
Lig dom ar son Dé ort! Mar dhóigh dhe nach ar aimsir a bhí sí chor ar bith! Sea, tá sí buille beag ró-ardnósach le bheith ar aimsir
 
dóigh 2
Ar ndóigh mo chreach ní dhéanfadh sé aon bhuille oibre. Baol air!
 
Ní féidir buille maitheasa a dhéanamh ag doininn agus ag fuacht
 
dol 1
Tá a fhios ag chuile dhuine céard é do shlí ach níl a fhios ag mórán céard é do dhola. Sin é an buille (leathfhocal é) — tá a fhios ag chuile dhuine céard atá ag teacht isteach duit ach níl a fhios ag aon duine céard a bhíos ort a chaitheamh aríst; ní bhreathnaíonn daoine ach ar do shlí agus ní chuimhníonn siad gur call duit tada a chaitheamh, ainneoin scaití nach mbeadh díol do fhreastail agat
 
Bhí sé chomh maith do dhuine gan buille ar bith a dhéanamh agus a dhonacht (lena dhonacht) agus atá an saol
 
Tá ceann eile ag béal an dorais againne nach ndéanann buille maitheasa ó mhaidin go faoithin ach ag imeacht ag liúistíocht (leoistíocht) sa ngarraí ag chuile dhuine. Is deartháir do Thadhg Dónall mar adeireadh T.
+
dorcha
Bhí sé buille dorcha aréir dar príosta
TUILLEADH (1) ▼
Ba cheart duit dath a chur air sin a dhéanfadh an t-éadach buille dorcha
 
Tá tusa ag rá go bhfuil tú féin doscúch. Tá tú buille doscúch freisin. Ach bhí mise ag caint le sagart a bhí thart ansin sa samhradh. Bhí sé ag cur caoi dhom ar a shaol fhéin shula ndeachaigh sé ina shagart. Bhí sé sa gCogadh Mór agus amuigh sa mbriseadh. Théis an chogaidh, bhí sé ag obair i gcineál eicínt teach lóistín i Sasana agus ní bheadh a fhios agat cén pointe a mbainfí an bhaithis asat ann. Bhí chuile chineál duine dhá dhonacht ag tarraingt ann: murdaróirí, gadaithe agus mar sin. D'fhan sé ann ina dhiaidh sin. Nár dhoscúch an mac é sin. Agus tá sé ina shagart anois, agus ina thogha sagairt, cheapfainn
 
Diabhal a leagfadh sí smut air! Deirimse leatsa dhá mbeadh a díol ocrais ar an gcailín sin (capall) gur beag an locht a gheobhadh sí air, má tá sé buille dreoite féin. Mise i mbannaí gur gearr a bheadh a chapall seo thíos ina éadan. Caith amach ag na hasail é, agus ní bheidh siad i bhfad leis
+
dris
Nach mé atá sáiteach ab ea? Ní dheachaigh mé fút fós anocht nár thug tú an buille feill dom. Nár thuga tú do láimh glan ó do thóin leat ná do thóin ó na driseachaí, gan dochar gan díobháil do mo chuid cártaíse!
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an dris chosáin má fhéadann sé tada a chur as daoibh le abhlóireacht agus glaomaireacht. Ach ná tugaidh aird ar bith air. Beidh sé ar an gceird sin le sibh a chur dhá (bhur) mbuille. 'Sé a mbeadh uaidh, dhá bhféadadh sé sibh a chur ar gcúl
 
D'aireofá drithlíní ag dul thríot féin leis an gcodladh driúilic sin. Deir siad gur holc é dhá bhfaightheá buille sa gcois agus é ort
 
Bhí sé chomh maith dhuit buille d'ord ceardchan a fháil le fadhb uaidh sin. An bhfaca tú droichead na sróine ag S. G. ina dhiaidh?
 
droim
Tá siad thíos ansiúd chuile lá sa mbliain agus a ndroim le coirnéil acu, gan buille maitheasa a dhéanamh. Is furasta dhóibh agus an tír dhá dtógáil