1.
iarraidh; fadhb, pléisc.
a.
+–
Thug sé buille dhó.
Thug sé a shean-bhuille dhó (sain-bhuille).
TUILLEADH (8) ▼
Thug sé buille dhá dhorna dhom (buille de chloich, buille cloiche, buille dhá bhróig etc)
Thug sé a shean-bhuille dhó, ach dheamhan feannc a bhain sé as in a aindeoin sin.
Má thugann sé buille dhó, giorrócha sé leis.
Buail buille air.
Tharraing sé buille mhaide air, ach níor sheas a' fear eile talamh.
Má tharraingeann tú aon-bhuille ormsa, sin é 'mbeidh de shaoghal agad fhéin.
Is maith é faoi na chuid buillí = tá sé buailteach.
Deir tú leis a thairg buille a bhualadh orm.
+–
Dheamhan buille ná bosóg a bhuail mé air (bíonn bosóg in a leannán ag buille mar seo).
Cionntuigheadh 'san éagcóir é, arae, dheamhan buille ná bosóg a bhuail sé, ach an oiread leis a' té nar rugadh.
TUILLEADH (5) ▼
Ní bhuailfe mé buille ná bosóg ort, ach tiubharfa mé cead do chinn duit, go bhfeiceamuid cé'n bhail a bheidheas ort ar ball.
Ní bhuailfeadh a mháthair buille ná bosóg air, pé'r bith cé'n ámhuilleacht a dheanfadh sé: tá a shliocht air anois, tá sé leigthe leis fhéin ar fad.
Ná buail buille ná bosóg air. Smachtuighidís fhéin é, má's breagh leo(b) é.
Ní raibh aon-chall buille ná bosóg a bhualadh ariamh air, a' dul chuig an scoil, arae bhí sé meabhrach grínn thar aon-duine eile.
Bíodh a chuid 'lessons' aige nó ná bíodh, dheamhan a' leigfeadh an faitchíos de'n mhaighistir, buille ná bosóg a bhualadh air.
+–
Ná raibh ann, marar shíl sé mé bhualadh de bhuille maide.
Níor buaileadh buille mhaide ann, ó thús, deire go tosuigh.
TUILLEADH (26) ▼
Bhí siad a' glaodhmaireacht, a's a' béiceadhach, ach níor buaileadh aon-bhuille 'na dheidh sin.
D'eirigh Dia liom nach bhfuair mé an buille, a tarraingeadh orm: dhá bhfaghainn, bhí mo chnaipe déanta.
Níor buaileadh aon-bhuille 'san éagcóir ann, ná dheamhan buille = fuair chuile dhuine dhá raibh a' troid, cóir a's ceart.
Bhí céad buille a' teacht orm in aoinfheacht = bhí go leor in m'éadan.
Níor eirigh leis thar cupla buille = ní bhfuair sé ach iarraidh nó buille amháin.
Tháinic tú saor go leor, má bhí tú taobh le buille.
Má thugaim an buille uaim, déanfa mé leicíneach dhíot.
Ní raibh duine agam a bhuailfeadh buille dom (a chongnamh dhom).
Bhuailfinnse buille dhuit, dhá mbeinn ann = bhuailfinn buille leat (do chongnamh dhuit)
Glacfa mé gach's a bhfuighe mé ach buillí.
Glac chuile shórt ach buillí.
D'eirigh liom aon-bhuille amháin 'fhaghail air
Chloisfeá tormán na mbuillí a bhí dhá mbualadh air, leath-mhíle ó láthair.
Bhí púir ag eirghe as le 'chaon bhuille dhá raibh sé a fhaghail.
Is gearr le dhul do bhuille ar siúd = ní chuirfe sé aon-cheo as dó.
Mara bhfuil agad ach buille 'dhorna, is geárr le dhul, buille 'dhorna air siúd.
Is olc an éadáil buille uaidh siúd.
Dheamhan deoir bhainne slainte a d'ól sé, ó fuair sé an buille sin.
Bhascfadh sé siúd duine le buille.
Brughfa mé do cheithre cnámha ar a chéile, le buille.
D'eirigh buille amháin liom, air = fuair mé buille amháin air.
Ní bhíonn aon-chaitheamh indiaidh an bhuille nach mbuailtear
Ní thiocfa an buille sin leis, má mhairimse = cúiteocha mé an buille sin leis.
Indomhnach má fhaghaimse aon-deis choidhchin air, sin buille nach dtiocfa leis.
Má thugann sé aon-bhuille dhomsa, ní bheidh aige, ach maltraid = Bhéarfa mé buille ar a' mbuille dhó.
Leig mé leis a' buille sin, ach ní thiocfa an chéad bhuille eile leis chomh réidh = bainfe mé díoghaltas amach, má thugann sé aon-bhuille aríst dom.
+–
Fan ó na buillí, má tá do leas ar dhia = má tá an t-ádh ort, fan as achrann; coinnigh óna buillí, ar uain, nó ar éigin.
Níl aon-chomhairleachan air sin, ach buillí = ní smachtócha tada é, ach buillí.
TUILLEADH (10) ▼
Ní thiubharfainn aon-bhuille uaim go gcínneadh orm.
Tá neamh-shuím déanta aige anois, de na buillí, le na bhfuair sé aca(b).
Is faoi bhuillí is fhearr é.
Má theigheann sé ar bhuillí, ní mór a cheangal = má thosuigheann sé a' bualadh, caithfear é a cheangal.
Shíl mé a's an bhuile a bhí air, go dtiocfadh sé ar bhuillí as a dheire, ach dheamhan é.
Seachain thú fhéin ar na buillí ar chuma ar bith.
Sábháil mé ar na buillí.
Déan tárrtháil dhom ar na buillí.
Chosain sé buille dhom = chuaidh sé idir mé a's an buille.
Ní raibh coisint a' bith agham ar na buillí, a bhí 'teacht orm, mar bheadh Dia dhá rádh leo(b).
+–
Chuir tú as mo bhuille mé = bheadh buille (buailte) agamsa marach thú. Chosain tú buille orm.
Chuir sé as mo bhuille mé leis a' gciotóig.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé an-úsáideach le na lámha. Is beag duine nach gcuirfeadh sé as a bhuille (tá sé indon na buillí a bheadh a' teacht air, a chosaint go maith).
+–
Tá buille dalba aige.
Thug sé buille dalba dhom le fás fuinnseoige.
TUILLEADH (10) ▼
Fuair sé na buillí céadtacha, a's má fuair fhéin, ní bhfuair sé a chomhairleachan in a dheidh sin.
Fainic thú fhéin air! Tá'n buille céadtach aige.
Ní aireocha tú choidhchin go dtuga sé cuaibhtheach de bhuille dhuit — buille céadtach — a dhéanfas pleibistín díot ar áit na mbonn.
Tá buille áidhbhéil aige, má eirigheann leis a' dorna a leathnú ceart ort.
Is áidhbhéil a' buille a thug tú uait, dhá mbeadh tada roimhe!
Má fhaghann tú buille acab siúd (i.e. de na buillí áidhbhéile atá aige), déanfaidh sé ceirtlín díot.
'Siúd é an 'dia aithnighthear' — é fhéin a's a chuid buillí diabhalta = is fiú é 'sheachaint, mar tá an t-an-bhuille go deo aige; is cóir fanacht ó'n a bhuille, mar ní éadáil a' bith é.
Tá fíor-bhuille aige = dubh-bhuille; an-bhuille amach a's amach.
Tá buille ciotach aige = iarraidh a chuirfeadh as do bhuille thú; iarraidh spleádhach; iarraidh a gheobhfá in áit nach mbeadh aon tsúil agad léithe.
Tá an-bhuille ciotóige aige = tá sé indon an-iarraidh a thabhairt uaidh le na chiotóig.
b.
Buille feill = buille 'san éagcóir; buille a buailfidhe le doibeart nó le imeartas; buille cleasach ealadhanta; buille fealltach ; buille le droch-arm (scian etc).
+–
Thug sé an buille feill dhó (fuaim ar "feill" mar "adh" i d"Tadhg").
Is beag aige siúd an buille feill a thabhairt uaidh.
TUILLEADH (18) ▼
Níor airigh mé ariamh gur thug sé buille na feill dhom, in íochtar mo bhrúnn (tuiseal gein. ar "bhrú" nó "bró")
Fainic é siúd, nó tiubharfa sé an buille feill dhuit gan aireachtáil.
Is air nach mbeadh a' mhairg an buille feill a thabhairt uaidh, dhá bhfaghad sé ar a dheis é.
Tiubharfa sé an buille feill duit: 'sé atá deas air.
Is maith a bheidheas tú ar t'áirdeall fhéin, nó tiubharfa sé an buille feill duit.
Shíl sé buille na feill a thabhairt dhom le cloich, ach thapuigh mise mo ghnaithe, arae chuir mé cor-cam ina láimh.
Ar a' dá luath a's a bhfuair sé mo chúl leis, thug sé buille na feill dhom.
Thug sé buille na feill, ach is buille é, nach dtiocfa leis, má fhaghaimse aon-tsaoghal (dh)e rath.
Sin é a bhealach ariamh fhéin: buille na feill a thabhairt do dhuine le scian, nó le cloich.
Fhobair go raibh buille na feill fáighte agam, marach chomh maith a's 'bhí mé ar mo mhaidí.
Thiubharfadh an bhrothtuinn shalach sin, buille na feill 'duit ar ionntodh an tsuip.
Ní raibh a mhalrait de bhéas a' siubhal ariamh fhéin leo(b): buille na feill a thabhairt do dhuine gan aireachtáil — sin é a mbeadh uatha(b).
Nuair a fuair sé caithte ar meisce é, ba ghearr a' mhoill air, an buille feill a thabhairt dó, a's a raibh ar iomchur aige, a bhaint di.
Shíl sé mé 'sháthadh, a's an buille feill a thabhairt dhom, d'aon-iarraidh, ach ní dheacha leis, dhá ealadhanta é.
Is tútach a' cleas d'aonduine breith ar chloich, le buille feill a thabhairt d'aonduine
Breagh nar fhan sé uathab, a's ní fhéadfaidís an buille feill a thabhairt dó, ach níor bheo é, gan a bheith 'brughadh orra(b) a's a' déanamh teánntáis leo(b) má b'fhíor dhó fhéin. Is olc a chuaidh an teanntás dó as a dheire.
'Faltanas Mhuinntir Laidhe a's buille feill Chlann Dhonnchadha' (leath-fhocal).
Sin iad na buachaillí aige! Ar chuala tú ariamh é — 'faltanas Mhuinntir Laidhe a's buille feill Chlann Dhonnchadha (de chlann Dhonnchadha an té a bhuail é).
c.
Buille na speirthe = buille a chriogfadh duine; buille a chuirfeadh duine ó mhaith; buille a ghiorróchadh leat; buille a dheanfadh do chreach.
+–
Chreidim gur thug sé buille na speirthe dhó, ó fhada go dtí é. Má thug fhéin, ní dheárna sé leath (d)e cheart leis. Is fada dhá thuaradh dhó fhéin é.
Mara bhfana sé as mo bhealach, tiubharfa mé buille na speirthe dó, luath nó mall.
TUILLEADH (13) ▼
Beidh sé a' siocadh liomsa, go dtuga mé buille na speirthe dhó, as taghd.
Thug an 'bacsálaidhe' eile buille na speirthe dhó, gan tríáil (ionbhadh) a' bith.
Go leige dia a shlainte do Sheán! Is fada buille na speirthe a' teastáil ó'n mbuachaill sin!
Is minic a shíl Sasana buille na speirthe a thabhairt do'n tír seo, ach tá muid beo dhá h-aindeoin in a dheidh sin, a's dhá dteagadh an díleághadh ar Shasana ambáireach, chaithfeadh muid cúis mhaith a dhéanamh dhá h-uireasbha.
'Séard a thug buille na speirthe do'n dream sin ar fad, nuair a ghealladar fhéin go maithfidís an cíos ar fad. Bhí fhios ag an saoghal nach bhféadfaidís, má ba leo(b) é 'íoc le Sasana.
Sin é a thiubhras buille na speirthe ar fad do'n duine bocht, má imthigheann a' mac anois, uaidh.
Ní bhfuair na daoine buille na speirthe críochnuighthe, gur stopadh iad gan a dhul go Meriocá.
'Sé dúnadh a's donacht Mheriocá a thug buille na speirthe, do mhuinntir na tíre seo. Tá siad gan saothrú a' bith anois.
Ní bhfuair mé buille na speirthe críochnuighthe, gur bhuail tú an t-aon-rubála orm (i gcártaí)
Gheobhfadh do chuileata buille na speirthe ó mo chíonán-sa, dhá gcastaí an bealach seo í.
Nach spleádhach uaidh, buille na speirthe a thabhairt do dhuine? = bheadh sé ag dul siar indo bhéal, a's ins an am céadna, a' déanamh an-dochar dhuit.
Dhá gcuirteá do righ isteach fúmsa, diabhal bréag, nach breagh a gheobhfad sé buille na speirthe.
Dhá mbeadh tada ar foghnamh agamsa, ní leigfinn do shean-naoi thar mo dhorus, gan buille na speirthe a thabhairt dó, ach bhí mé fuar falamh, mar is minic liom a bheith.
d.
Buille marbhthach = iarraidh a thiubharfadh leath-mharbhú ort; droch-iarraidh; dubh-bhuille.
+–
Tá'n buille marbhthach i gcomhnuidhe aige.
Ghreamuigh an buille marbhthach dó ariamh fhéin.
TUILLEADH (5) ▼
Má theigheann sé ar bhualadh chor a' bith, buillí marbhthacha a thiubharfas sé uaidh.
Tá beith ar a láimh, an buille marbhthach a thabhairt uaidh i gcomhnuidhe.
Is cinneamhaint air é, nó tiubharfa sé an buille marbhthach uaidh.
Fan glan air siúd. Tá'n buille marbhthach aige.
Is measa dhuit dorna uaidh siúd, ná ó Gholl Mac Móirne. Tá'n buille marbhthach aige.
e.
Buille spleádhach = buille imeartha; buille a buailfidhe i ngan fhios; buille feill; buille a bhuailfeadh duine a's é 'leigean air fhéin, le na línn, go raibh sé in a dhá chuid déag leat.
+–
'Sé thug an buille spleádhach dhom.
Má theigheann tú dhó, mar tá mise a rádh leat, gheobha tú buille spleádhach air. Má thosuigheann sé a' gabhail le buile, abair nach raibh aon-neart agad air, a's nach raibh tú ag iarraidh a ghortú.
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé leis, ariamh, ariamh go dtug sé buille spleádhach isteach faoi'n gcroidhe dhó.
Sé'n buille spleádhach a gheobhfas sé sin ort, má fhéadann sé, ach cé measa buille eile.
Tosuigheann sé ag ealadhain, a's ní bheadh fhios an sougradh (sugradh) nó dháiríre é, nó go bhfagha sé a dheis, le buille spleádhach a thabhairt duit.
Leig de do chuid buillí spleádhacha ormsa anois. Má tá tú ag iarraidh achrainn, buail ceart mé.
f.
Buille na snighe = an buille buaic; buille na speirthe; an buille criogtha (Achréidh) (snighe = snoigheadh, snaighe? = lagadh, criogadh, tabhairt 'un talmhan)
+–
Bhí buille na snighe agham péin = is agham a bhí an buille deire; thug mé talamh do mo chéile comhraic; chuir mé ó mhaith é le buille.
Is maith a chruthóchas tú, nó beidh buille na snighe aige siúd
TUILLEADH (10) ▼
Ní mian leis imtheacht gan buille na snighe a bheith aige = an focal deire de'n chainnt; an gob nó an tsáithteán deireannach a thabhairt uaidh; brabach a fhaghail ar a' gcainnt indeire na cúise.
Cinnfe air, nó beidh buille na snighe aige.
Is maith a bheidheas tú ar do mhaidí nó beidh buille na snighe aige.
Dhá mhéad brabach (cainnte) dhá bhfaighe tú air, béarfa sé buille na snighe dhuit as a dheire.
'Sé is tráthamhla (i.e. i gcainnt) dhá bhfaca mé go h-iomdha. Bíonn buille na snighe aige i gcomhnuidhe, igcomhnuidhe.
Hébrí cé'n comh-oide múinte a bhí aige, tá sé indon buille na snighe a thabhairt uaidh i gcomhnuidhe = pé'r bith cé mhúin a' deagh-chainnt nó'n nathuidheacht dó, bíonn brabach cainnte i gcomhnuidhe aige ar 'chuile dhuine eile.
Ar chuala tú chomh h-aigeanta a's a thug sé buille na snighe uaidh ar deire thiar?
Thug sé buille na snighe do'n mháighistir, dhá fheabhas de chainnteoir é. 'Sé atá deas air.
Dheamhan mórán mairge air siúd buille na snighe a thabhairt uaidh nuair a thogróchas sé é. Tá buadh cainnte aige
Thug an sagart buille na snighe do'n mhinistéara as a dheire in a dheidh sin (as scéal faoi shagart a's ministéara a bhí a' sáruigheacht nó a' cailicéaracht faoi chúrsaí creidimh. D'eirigh leis a' sagart gob maith a thabhairt do'n mhinistéara a chuir in a thost é, má's fíor do'n scéal).
g.
An buille réidh — an suaimneas; an síothchán, gan aon-araoid a bheith agad ar aonduine.
+–
Is fearr dhuit an buille réidh = is fearr dhuit an suaimneas ná'n t-achrann.
Glac a' buille réidh = ná bí a' troid.
TUILLEADH (2) ▼
Níl buille a' bith is fhearr ná'n buille réidh = níl rud a' bith is fhearr ná'n síothchán.
Mo chomhairle dhuit, nach bhfuil buille 'bith is fhearr dhuit, ná'n buille réidh.
h.
+–
Is mór (diabhaltaidhe etc.) an buille ort, nar fhéad tú imtheacht indiu = is mór an nídh ort; is díol truaighe thú, nar fhéad tú imtheacht indiu; is rud é a chuirfeas as duit, nar fhéad tú imtheacht indiu.
Is mór a' buille orm, gur cailleadh an bhó orm.
TUILLEADH (15) ▼
Is mór a' buille air, mara bhféada sé a dhul a' saothrú.
Deir (dar) liom fhéin gur mór a' buille ar dhuine, a bheith d'uireasbha foghluime, ar a' saoghal atá ann.
Is mór a' buille ort é, mar sin fhéin, mara mbeidh an Béarla agad, má chaitheann tú an baile a fhágáil.
Is mór an buille ar na daoine, an mhairtfheoil sin a stopadh.
Níor mhór a' buille chor a' bith na beithidhigh, dhá mbeadh aon-tsaothrú ann tharta(b), ach dheamhan saothrú ná cuid de shaothrú.
Is diabhaltaidhe an buille ort do 'bhicycle' a bheith buailte suas. D'fhéadfá eirghe amach dhuit fhéin corr-uair, fharrus a bheith cuibhrighthe istigh i gcomhnuidhe.
Ní buille go dtí é a mhic ó!
Is mór a' buille orainn, an díleághadh a bheith ar a' (ar) gcuid, ní ceasacht ar dhia é.
Is diabhaltaidhe an buille ar a' duine bocht, gur loic an cur air, imbliadhna.
Is dalbaidhe an buille ar a' tír seo, go bhfuil Meriocá buailte suas sa saothrú. Airigheann cuid mhaith é, a d'fhaghadh lán laidhre 'chuile Nodlaig roimhe seo.
Is mór an buille air go raibh sé buailte suas, i gcaith(eamh) an Earraigh. Níor chuir sé síol idtalamh fós imbliadhna.
Abair gur mór a' buille air é! Cé'n bhrigh dhá mbeadh slighe ná fághaltas a' bith thairis ag an duine bocht, ach níl.
Ní aireocha lucht airgid, an tae bheith árduighthe, ach indomhnach fhéin, is mór a' buille ar a' duine bocht é.
Is mór a' buille air, nach bhféadann sé a dhá láimh a chuir timcheall ar a' saoghal, a's é a chrapadh leis dhó fhéin ar fad (duine sanntach, an-tlásach, gar dhó fhéin).
D'fhéadfá 'rádh gur mór an buille na sicíní uileag 'imtheacht, ach ní anois 'aireochas muid iad, ach amach annseo, nuair nach mbeidh ubh ná eirín againn le n-ithe ná le díol.
i.
"Sin é an buille!" = sin é an scéal; sin í an cheist. Sin é an rud atá idir-chamánuidhe, le réidhteach nó le fuascailt.
+–
Ach a' dtiocfa sé? Sin é an buille! (Tabhair faoi deara an deifríocht idir ciall a's béimniú sa gcéad chuid, de réir mar cuirtear "!" nó "?" in a dhiaidh. Chiallóchadh sé a's "!" in a dhiaidh, a's e 'rádh go fonóideach, nach dtiocfad sé go bráth. Bheadh comh-bhéim ar na focla uileag sé'n rud ceart mar seo, "ach a dtige se", ach b'fhéidir go n-abróchthaidhe an rud tuais-luaidhte, nuair a bheithidhe a' magadh nó a' fonóid faoi dhuine adubhairt "tiocfa sé" roimhe sin. Má cuirtear "?" in a dhiaidh, ní mór "sé" a bhéimiú. Is ceist a bhíos ann an uair sin)
Déarfa mé leis é, má fheicim é. Ach a bhfeicfe mé é? Sin é an buille!
TUILLEADH (10) ▼
D'íocfainn ar a' bpuinnte boise é, dhá mbeadh a' t-airgead agham. Ach níl a' t-airgead agham. Sin é an buille!
D'ólfadh sé, dá mbeadh a dheis aige, ach níl a' dheis aige. Sin é an buille, a's an buille dháiríre!
A' gcuimhneocha sé, é a mheabhrú dhó chor a' bith, sin é an buille!
Níl líon lé agham. Sin é an buille! Níl aon-ghoir agham a dhul in aon-áit d'uireasbha, díol mo fhreastail.
Íosfa sib an rud go maith, ach cá bhfaighthear a luach? Sin é an buille!
Is furasta bean airgid a rádh, ach cá bhfaighe sé bean airgid? Sin é an buille!
Tá sé sean, a's níl aon-láthar ann. Sin é an buille!
Níl scruball a' bith agham, an t-airgead a iarraidh air, ach a dtiubharfa sé aon-toradh orm? Sin é an buille!
Dhá mbeadh fhios aghainn, céard a rinne sé leis an bpáipéar chúig phunt a fuair sé, ach sin é an buille!
Tá sé a' gabhail le gaoith na gcnoc, a's ní éistfe sé liom. Sin é an buille!
2.
Buille sa mbéim — rath nó foghnamh a dhéanamh; bainne sláinte a ól; láthar ná lúd a theacht ann; a bheith ar a chóir féin.
+–
Ní bhuailfe sé buille sa mbéim le na shaoghal aríst; tá sé réidh leis = ní dhéanfa sé aon-mhaith; beidh mío-shlainte ag gabhail dó an fhad's 'mhairfeas sé aríst; ní bheidh sé ar a chóir fhéin go bráth aríst; ní ólfa sé aon-deoir bhainne sláinte, go dteighe fód air.
Ó'n lá a bhfuair sé an buille sin, níor bhuail sé aon-bhuille sa mbéim uaidh sin amach = bhí an buille a fuair sé i gcomhnuidhe ag gabhail roimhe.
TUILLEADH (7) ▼
Is maith an t-ádh atá air, má bhuaileann sé aon-bhuille sa mbéim níos mó.
Ó tháinic a' méid sin donachta air, níor bhuail sé aon-bhuille sa mbéim, ná ní bhuailfe mara bhfuil ag Dia.
B'fhéidir go mbuailfeadh sé buille sa mbéim fós, chomh maith le ceachtar againn. Tá Dia láidir, a's Máthair mhaith aige.
B'fhurasta aithinte go raibh a chuid maitheasa ar iarraidh, a's nach mbuailfeadh sé aon-bhuille sa mbéim tí (ní) budh mhó.
Is beag adéarfadh chúig bhliadhna ó shoin, go mbuailfeadh sé aon-bhuille sa mbéim le na ló aríst, ach tá sé in a shean-léim anois chomh maith a's bhí sé aon-oidhche ná aon-lá ariamh.
Bhí liostachas fhada air, a's badh é comhrádh dochtúirí nach mbuailfeadh sé aon-bhuille sa mbéim go deo aríst, ach m'anam gur maith an mhaise dhó anois é, th'éis a ndeacha sé thríd.
Má tá sé buailte síos aríst, tá sé réidh le aon-bhuille sa mbéim a bhualadh, le na mharthainn.
+–
Ní fheice tú aon-bhuille sa mbéim ionnam níos mó. Leágha na bhFíann, ní leigheasfadh mé anois.
Hébrí cé'n scannradh a cuireadh air, an oidhche sin, níor fhan aon-bhuille sa mbéim ann, ó shoin.
TUILLEADH (15) ▼
Níl mé chomh craithte, a's feicthear dhuitse. Tá buille sa mbéim ionnam fós, míle buidheachas le dia. Cá bhfios (d)o(n) té sin! B'fhéidir go gcuirfinn thusa fós, dhá dhonacht mé.
Níor fhága an iarraidh sin, buille sa mbéim ann beag ná mór.
Tá a bhuille sa mbéim ar iarraidh anois an duine bocht.
Ná fág a' sean-fhear as margadh ach an oiread le duine. Tá buille sa mbéim ann fós, dhá aosta dhá bhfuil sé.
D'imthigh an buille sa mbéim as uileag le goirid.
Dhá mbeadh buille sa mbéim a' bith ionnam fhéin d'ionnsóchainn é — ach níl faraor!
Ó thiocfas duine aois a' phinsean anois, is beag an buille sa mbéim a fhana(nn)s ann uaidh sin amach.
Dár príosta, tá buille sa mbéim 'san athair fós. Dheamhan 'fhios do(n) té sin! Dhá bpósadh sé fhéin aríst, nach deas a' bhail a chuirfeadh sé orra(b), a's 'chuile shúil le Dia aca(b) le na bhás, lá ar bith.
Is doiligh d'fhear a bhfuil na cheithre scóir sáruighthe aige, buille sa mbéim a bheith ann.
Céard a bhéarfadh dhó buille sa mbéim a bheith ann, a's é ins na déaga a's trí fichid.
Tá'n dream sin (i.e. dream áithrid poiliteachta a bhí igceist ag an gcainnteoir) tugtha anuas go mór le scathamh, ach tá buille sa mbéim ionnta(b) fós.
Is iomdha splíontaidheacht a thug na Goill (na Gaill) dúinn, ach d'fhan buille sa mbéim ionainn dhá mbuidheachas, a's fanfa le congnamh Dé, má chuireann muid fhéin le chéile.
Breagh nach dtiocfadh splannc fir ionnad uair eicínt, nó a' bhfuil buille sa mbéim a' bith fanta ionnad.
Badh mhór i gceist é scathamh (i.e. bó mhór poiliteachta; a mbíodh trácht air go minic i bpáipéir a's i lanndáis) ach níor chuala mé tada uaidh le goirid, nó 'bhfuil buille sa mbéim a' bith fanta anois ann?
Deirimse buille sa mbéim leat! Tá sé ar a' leabhar ag a' bhfiach dubh, tá sin.
+–
Is do-chreidthe an scéal é, go dtiocfadh buille sa mbéim sa nGaedhilge aríst, a's chomh h-imthighthe a's tá sí ar fud na h-Éireann.
Shíl Sasana 'bliadhain a' droch-shaoghail' ('47) nach dtiocfadh aon-bhuille sa mbéim i muinntir na tíre seo, le na loiseag aríst, ach breagh go dtáinic, in a dheidh sin, a's ná raibh maith ag Sasana dhá bhárr!
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé fánach ag créatúr bocht, nach bhfuil ag gabhail ar a bhéal, ó mhaidin go faoithin, ná ó Luan go Satharn, ach arán a's uisce, aon-bhuille sa mbéim a theacht ann. Ba scéal in aghaidh Nádúir é, dhá dteagadh.
Ní fhéadfadh aon-bhuille sa mbéim a theacht ann, ná ní fhéadfad sé aon-bhiseach a dheanamh, a's chomh claoidhte, tarraingthe, a's tá an duine bocht.
3.
Ar bhuille an chluig = díreach ag an am; an t-am a mbuailfe an clog; an t-am a bheadh ceaptha amach.
a.
+–
Má's lib a bheith ag imtheacht, tá sé in am agaibh, arae tá sé ar bhuille an chluig anois.
Níor bhuail sé an seacht fós ach tá sé ar buille an chluig anois.
TUILLEADH (5) ▼
Níl sé baileach an h-aon, fós, ach tá sé ar bhuille an chluig anois.
Níl an leath-uair, caithte amach a's amach fós, ach tá sé ar bhuille an chluig anois = mara bhfuil an leath-uair caithte fós, tá sé ar na puinntí aige.
Ná corruigh go mbeidh sé ar bhuille an chluig, mar dheamhan a' marbhuigheann a' deifir é siúd, a' corruighe (Dá mbeadh focal tugtha agad do dhuine go gcasfá leis, nó go mbeitheá, roimhe, in áit eicínt).
Bí amuigh anois, ar a' dá luath, a's a mbeidh sé ar bhuille an chluig.
Deir tú leis, nar chorruigh go raibh sé ar bhuille an chluig, a's sáthach drugallach a bhí sé ag gabhail amach an uair sin fhéin.
+–
Tá sé ar bhuille (bhuillí) an trí anois = an trí a chlog.
Tá'n tsnáthad mhór ar bhuille an dó.
TUILLEADH (3) ▼
Is ceart dó a bheith ar bhuille an h-aon-déag feasta.
Ní cúrsaí cuarta é, a's buille an naoi bainte aige (an naoi buailte ag an gclog) = tá sé ro-dheireannach le cuairt a dhéanamh.
Tá sé thar am a dhul abhaile. Nar bhuail sé an dá bhuille dhéag?
b.
+–
Tá sé ar na buillí aige anois = tá sé ar na puinntí aige anois (am); ionann's é; indáil le; beagnach.
Ceist: 'bhfuil sé an dó fós? Freagra: 'tá sé ar na buillí aige anois'.
TUILLEADH (5) ▼
Níl sé in am scuireadh fós, ach tá sé ar na buillí aige.
Níl sé in am gluaiseachta fós, ach is gearr go mbí sé ar na buillí aige.
Ní baileach go bhfuil sé an deich, ach tá sé ar na buillí aige.
Níl sé in a lá fós, ach tá sé ar na buillí aige.
Níl sé in a lá fós, ach tá sé ar na buillí aige, nóiméad a' bith feasta.
4.
Buille maitheasa = mogal maitheasa nó oibre; punt oibre; déantús maitheasa dhá laghad; a dhath oibre; smeach maitheasa.
+–
Dheamhan buille maitheasa a rinne mé le gabhail 'un seachtmhaine ná buille maitheasa a d'fhéad mé a dhéanamh ag doightheachaí
Dheamhan buille maitheasa a rinne sé le coicís, ach ag imtheacht a' fálróid, a's a' seiteamus le na comhursanaí.
TUILLEADH (7) ▼
Dheamhan buille maitheasa a fhéadaim a dhéanamh ag iarraidh beithidhigh a fhaireadh gan a dhul imbradghail.
Dheamhan buille maitheasa a' bith is mian leis a dhéanamh, ach cead-scuir a fhaghail.
Dhá dhream nach bhfuil call dóib buille maitheasa 'bith a dheanamh — máighistirí scoile a's póilíos — a's dhá laghad, dhá ndéanann na maighistirí scoile, dheamhan buille 'bith ar na póilíos.
Tabhair cead dhom buille eicínt maitheasa a dhéanamh, a's ná bí do mo mheárú mar sin igcomhnuidhe.
Ta macnas air, cheal aon-bhuille maitheasa a dhéanamh.
Má's leat aon-bhuille maitheasa a dhéanamh, ní fhéadfa tú an oiread cion a bheith agad ar a' leaba a's atá.
Cé'n chaoi 'bhféadfadh sé aon-bhuille maitheasa a dheanamh. Níor cuireadh fír na maitheasa ann, nuair a bhí í 'chuir ann.
+–
Tá saoghal na bhfuigheall aige, gan buille maitheasa a' bith.
Dheamhan buille maitheasa a' bith a bhí air annsiúd, ach in a dheidh sin, níor leig an leisce dhó aire a thabhairt dhá cheann-posta.
TUILLEADH (2) ▼
'Bhfaca tú dream a' bith ariamh nach bhfuil buille maitheasa a' bith orra(b), ach maighistirí scoile? Cupla uair sa ló, a's leath na bliadhna in a gcomhnuidhe. Is olc a' tír atá dhá n-íoc, leabharsa.
Tá'n saothrú beag, ach dheamhan a' fiú dhuit a rádh go mbeidh buille maitheasa ar bith ort ann.
+–
Níl deantús maitheasa a' bith ann. Is annamh a ghníonn sé aon-bhuille oibre.
Dheamhan buille 'bith oibre air annsiúd, ach cupla loiligheach a bhleaghan, a's tá saothrú maith dhó ar a' méid sin fhéin.
TUILLEADH (4) ▼
Cé'n chiall nach ndéanann sé buille 'bith oibre ar an aimsir seo?
D'uireasbha aon-bhuille oibre a dhéanamh, atá an rachmall sin air. Deirimse leatsa gur beag a' rachmall a bheadh air, dhá gcaitheadh sé an cladach a thabhairt air fhéin 'chuile mhaidin le giolcadh an éin, mar dhéana(nn)s tuille.
Is deacair dhó buille oibre a' bith a dhéanamh amuigh, a's an t-áirdeall nach mór dhó a dheanamh ar an áit istigh.
Tá sé idtír na h-óige ann a mhic ó! Togha na beatha a's gan buille maitheasa ar bith!
+–
An buille fhéin, ní dhearna sé le mí anuas, ach ag imtheacht ar ragairne, a's a' déanamh aois díobhaill i gcaith(eamh) na h-oidhche ar fud na tíre.
Ní leigfeadh corp leisce dhó buille a dheanamh.
TUILLEADH (12) ▼
Níl buille 'bith déanta agham ó mhaidin, ach a' coinneál cainnte le T. Mh.
Mara ndéana tú buille eicínt thairis sin, b'fhearr dhuit eirghe as ar fad — b'fhearr sin!
Is mairg dhuit nach bhféachfadh le buille eicínt a dhéanamh fharrus mar atá tú.
Níl mé indon aon-bhuille a dhéanamh, in áit ar bhain mé stangadh as mo dhruím, leis a' bhféar, tá goirid ó shoin.
Ní dhéanfa na daoine aon-bhuille aríst go bráth, ach grásta Dé (ar dhroch-aimsir).
Dheamhan buille déanta agam, de bhláth bliadhna fós = ní dhearna mé aon-obair fós imbliadhna.
Níl fhios aige siúd le aon-bhuille a dhéanamh, tá sé chomh díomhaoineach sin.
Beannacht dé dhuit, a dhuine sin! Dheamhan a' buille fhéin a rinne mé le mí, ag ruaig tinnis a bhuail mé, th'éis na Nodlag.
Fuair tú amach an té a dhéanfadh aon-bhuille ar foghnamh — é sin!
Bhí spailpín agam bliadhain go h-am seo, a's dheamhan buille 'bith ba mhian leis a dhéanamh. B'éigin dom bóthar amach a thabhairt aríst dó, a's duine eile a fhaghail.
'Sí a leas-mháthair a thóigfeadh air, gan aon-bhuille a dheanamh, scáth a 'bhfuil sé 'fhaghail ar a son.
Thosuigh na fir oibre a' ceasacht páighe, a's mhionnuigheadar a's mhóidigheadar, dheamhan a' buille (dheamhan oiread a's an buille) a dhéanfaidís go bhfaghaidís árdú.
+–
Marach a chuid leisce a's leontaidheachta fhéin, nar thug aire dhá ghna(ithe), dheamhan buille a' bith a bhí air sin sa teach mór; ach bhuail uabhar é, a's fágann sin é fhéin go dona anois.
Dheamhan buille dhá bhárr = ní dhéanann sé mogal (smeach, punt, a dhath) oibre.
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhíonn buille a' bith ar lucht a' tsléibhe igcaith(eamh) an gheimhridh = ní bhíonn orra obair ná luadhainn a dhéanamh.
5.
Buille Rámha (iomradha) = iarracht aonraic iomradha ar na maidí rámha.
a.
+–
Dhá bhuille rámha, tiubharfa siad isteach ar an oileán thú. Níl sé achar a' bith ó'n tír.
Tá an-bhuille iomradha aige.
TUILLEADH (2) ▼
Níl air ach buille iomradha a thabhairt dhá bháidín, uair a' bith a mbuailfe uaigneas é ar an oileán, a's beidh sé istigh ar a' tír.
Coinnigh buille iomradha uirre, go dtaosga mé í.
+–
Níl aon-bhuille (d)e rath aige = ní iomróir maith é.
Thiubharfadh buille amháin ar chaladh shábhala iad, ach bhí an báthadh le na n-aghaidh = daoine a báthadh "láimh le tír".
TUILLEADH (3) ▼
Cuirfe buille eile suas ar a' talamh tirm í (currach).
Buille eile a's bheadh sí buailte agad ar a' tráigh.
B'éigin dóib a dhul ar na buillí = bádóirí nach mbeadh aon-chóir aca chaithfidís, a dhul ag iomradh.
·
Bhí siad a' teacht buille ar bhuille = le h-ais a chéile (dhá bhád, dhá ord etc.)
b.
+–
Bhí dhá bhuille rámha (nó dhá bhuille iomradha) ar a' mbád = beirt iomróirí.
Níl uirre ach buille amháin iomradha = ní fhéadfadh iomramh innte ach duine.
TUILLEADH (5) ▼
Ní raibh ach buille iomramha ar a' gcurra(igh) ar a bealach isteach dhi.
Cuir (buail) buille iomradha ar an mbád = teirigh ag iomramh.
Níor chuir siad uirre thar bhuille amháin iomradha.
Thug sé sa leath-bhord í, a's chuir sé buille iomradha uirre.
D'airigh sé an buille iomradha uirre isteach ar feadh an bhealaigh, ach nuair a bhuail sé caladh, níor léar dhó go raibh duine ar bith sa gcurrach ach é fhéin. Chaithfead sé nar dhuine saoghalta a bhí thiar aigeán a tóin.
+–
Tá bád dhá bhuille aige.
Tá sé chomh maith dhom a rádh nach raibh uirre ach aon-bhuille amháin, arae, níorbh fhiú trumpa gan teanga an t-iomróir eile. Is mó a bhí sé 'cuir as dhuinn.
TUILLEADH (4) ▼
Ní raibh call dhuinn a chuir uirre ach buille amháin, leis a' gcóir a bhí againn.
Bhí muid ar a' bhfeatha (meath?) mhóir, ach is gearr a bhí lom gaoithe andeas, a's dhá buille iomradha dhá(r) dtabhairt 'un tíre.
Bhí siad a' cur tharta(b) ar aon-bhuille amháin = bhí siad ag iomradh, a's na maidí ar chomh-imtheacht, ionann's nach mbeadh ar a' mbád ach buille amháin.
'Chonnaic sé chuige an currachán snámha, iomramh céad, a's gabhail dháréag a's gan uirre ach aon-bhuille amháin' (as "Céadtach Mhag Fhinn Rí Éireann").
6.
Buille marbh: do mhaidí a leigean le sruth roinnt; nó claochmú beagán, dhá mbeitheá ar do thairm oibre.
a.
+–
Níor leig sé aon-bhuille marbh in a chuid oibre ó mhaidin = tá sé ar aon-táirm amháin ag obair ó mhaidin; thug sé aire dhá chuid oibre.
'Siúd é an ceann céadna nach leigfe aon-bhuille marbh in a ghna(ithe), ach ar a tháirm i gcomhnuidhe.
TUILLEADH (8) ▼
Is cruadh an cás é, má leigeann sé siúd, aon-bhuille marbh in a chuid oibre.
Leig sé buille marbh 'san iomradh = chlaochmuigh sé beagán 'san iomramh.
Ní mór dhuit coinneál uirre (bád), a's gan aon-bhuille marbh a scaoileadh 'san iomramh.
Níor fhéad mé aon-bhuille marbh a leigean in mo chuid oibre indiu, arae bhí féar leigthe amach agham, a's dheamhan a rabh fhios agham, cé'n puinnte a dtiocfadh an múr.
Níl goir agaibh aon-bhuille marbh a leigean ionnaibh fhéin aríst, go mbí an t-Earrach curtha.
Ní fhéadann fear na h-áite seo aon-bhuille marbh a leigean in a chuid oibre aon-uair. Ní túisce obair críochnuighthe ná 'bheidheas cruadhóg eicínt eile a' breith air.
Is mór is fiú dhuit an ceann-oibre sin a bheith críochnuighthe agad, arae is féidir leat do scíth a leigean anois, a's corr-bhuille marbh a leigean in do chuid oibre go dtaga Earrach aríst.
Thú fhéin a bheidheas síos leis, má leigeann tú aon-bhuille marbh in do ghnaithe.
b.
ball lag nó fabhtach i rud.
+–
D'fhága sé buille marbh sa súgán = ball bog nó giota nar chuir sé a dhíol fuinnimh ann, a's a bhí fabhtach dhá bharr sin.
Ní raibh aon-bhuille marbh ionnam ó mhaidin deirimse leat = níor fhága mé tada in mo chomhnuidhe ionnam fhéin, ach ag obair liom ar mo thairm; bhí chuile bhall a' gabhail liom ar díocas, nó ar a miotal.
TUILLEADH (1) ▼
Níor fhága an t-ualach sin aon-bhuille marbh ionnamsa = badh é mo shean-eire é.
7.
as buille = dhá mhaidí; treampán a chuir idir duine a's a mhian; a dhul imbárr rud ar dhuine, no cur as dhó sa rud a bheadh sé ar tí a chuir igcrích. (dhá bhuille amanntaí)
+–
Cuireadh as do bhuille thú shílfeá.
Bheadh sé déanta anois agham, marach an chaoi ar chuir tú as mo bhuille mé.
TUILLEADH (16) ▼
Nuair a shílim a bheith ar dhruim na muice, sin é an uair a chuirtear as mo bhuille mé igcomhnuidhe.
Bhí liom, marach an chaoi, ar chuir an t-ógánach sin as mo bhuille mé (féach ógánach).
Níl neart a' bith aghamsa ar a' moill, arae 'chuile uair dhá mbíonn súnás oibre orm, sin é an uair a chuirtear as mo bhuille mé.
Bhí an liathróid amuigh aige, marach gur eirigh liom é 'chuir as a bhuille.
Níl neart agham fiachaint (féachaint) le luach leithphighne a dhéanamh, nach gcuirfe duine eicínt as mo bhuille mé. Is mó dhá fhonn atá orm, gan tada a dhéanamh anois.
'Breagh nach n-éistfeá liom, a's gan a bheith de mo 'chur as mo bhuille 'chuile phuínnte?
Is beag a thaithnigh leis gur cuireadh as a bhuille é, muis.
Is fánach a' rud atá indon duine a chuir as a bhuille, nuair nach mbíonn aon-luighe leis an obair aige.
Is fadó an lá a bheadh ceart bainte de Shasana ag D. marach an dream, atá acht a's áithrid, ag iarraidh é 'chuir as a bhuille.
Bheadh an geábh sin liom, marach an diabhlánach sin thíos, a chuir as mo bhuille mé.
Bheadh an cheist fuascailte, dhá mbeithí gan mé 'chuir as mo bhuille.
Dhá bhfaghainn cead mo chinn, a's gan mé 'chuir as mo bhuille, b'fhéidir go mbeidhinn indon sin fhéin a dhéanamh.
Má chuireann tú as a bhuille chor a' bith é, ní dhéanfa sé mogal duit uaidh sin amach.
Nach deas a cuireadh as a bhuille é, a's gan súil a' bith aige leis.
Tá sé imeartha. Is deas a chuir sé as mo bhuille mé, a's mé 'siúráilte' go raibh liom.
Tá mé as mo bhuille agad
·
Cuireadh as do bhuille thú a dhuine bhoicht! = duine a raibh bleid buailte aige ar chailín, a's chuaidh duine eile in a bhárr air.
Chuir tú as mo bhuille mé = chuaidh tú idir mé a's bean eicínt a bhí gabhthach liom; bhain tú bean díom; chuir tú araoid eicínt orm fhéin a's ar bhean a bhí gabhthach liom.
8.
baintear féar as a bhuille nuair a craithtear nó a leigtear amach as a' tsraith é le na thiormú, no nuair a craithtear é le corrán nó le píce féir th'éis a spealta, leis a' salachar, na fothannáin, na giosadáin a's eile a bhaint as.
+–
Tá sé chomh maith dhaoib an slaimín féir sin thiar a bhaint as a bhuille indiu, ó thárla sibh réidh go dtí é.
Tá móinfhéar annsin thíos agham atá spealta le dhá lá, a's dheamhan slam dhe a baineadh as a bhuille fós, ná 'raibh aon-ghoir agham corrán a leagan air, le 'bhfuil de chruadhóig thairis orm.
TUILLEADH (9) ▼
Níl an aimsir in araidheacht aon-fhéar a bhaint as a bhuille — níl sin.
Tá sé chomh maith dhaoibh an lá breagh a thapú, a's an garraidhe féir sin thiar a bhaint as a bhuille, a's é leigean amach. Má sheasann a' bhroththaighil seo, beidh sé indon cocaí beaga a dhéanamh dhe trathnóna.
Is mairg dhaoib nar bhain a' cúl thoir as a bhuille freisin, a's bheadh congnamh maith trioma(igh) anois air.
Seo í an uair le féar a bhaint as a bhuille.
Ar maidin a bhain mé an cúilín sin as a bhuille, a's inDomhnach, má fhaghann sé lá eile mar a' lá indiu, beidh sé in araidheacht é a chur i gcoca móinfhéir.
Is dona a chruthuigh tú nar bhain a' garraidhe sin as a bhuille indiu, a's ní aireochthá go mbeadh sé in alt a choctha agad.
Indé a baineadh an bhuaic sin de'n pháirc as a bhuille, a's feiceann tú fhéin go bhfuil sé in alt a choctha indiu.
Bhí an ghail bhruithte ag eirghe as, gan é 'bhaint as a bhuille chor a' bith.
Craith amach é a's bain as a bhuille é.
9.
roinnt; cuid a' bheagáin; fionnadh beag
+–
Tá sé buille lag, l'aghaidh na h-oibre.
Bhí an lá buille fuar.
TUILLEADH (23) ▼
Tá sé buille droch-mhúinte, má theigheann tú sa gceann sin leis.
Bhí sé buille anglánta, faoi na caoirigh a dhul i mbradghail air.
Déarfá go raibh sé buille doscudhach anocht pé'r bith céard a chuir múisiam air.
Tá'n oidhche buille dorcha thar an oidhche aréir.
Tá'n mála sin buille trom dhuitse len' iomchur.
Tá'n bhó buille suaidhte, thar mar bhí sí idtús bliadhna.
Tá'n casán buille bog ag asal anois.
Tá'n mhairtfheoil sin buille láidir ag duine, le bheith dhá h-ithe dólom!
Ná cuir mórán araoide air anocht, arae tá sé buille cantalach.
Tá sé buille sean anois, le bheith a' bualadh báire. Ní fhéadfadh an choisidheacht a bheith aige, th'éis a dhichill.
Tá sé buille dorcha thar dhuine eile = tá sé dúnárusach thar fhurmhór na ndaoine; níl sé chomh pléascánta le 'chuile dhuine eile.
Ní fhéadfadh a' féar sin gan a bheith buille dreoighte, arae sé sin a' fáth, ní bhfuair sé an ghrian.
Shílfeá go raibh S. B. buille súgach anocht. Meastú cá'r eirigh sé leis?
Tá sé buille deireannach anois, le aghaidh a thabhairt in aon-áit.
Tá sé buille broc-fhliuch le corruighe amach.
Tá fataí buille trom len ithe a' dul a chodladh do dhuine.
Tá sé buille beag bainte amach anocht = tá fonn macnais nó siamsa air.
Níor mhór dhuit a bheith buille dubhshlánach leis, má's leat aon-cheart a bhaint dhe.
Tá sé buille beag puinnteáilte thar an athair, ach is furasta dhó sin.
Tá'n bhó bhreac buille dodach le na bleaghán, go mbí cleachta aice ort.
Tá sé buille beag basach, ach dar ndóigh, ní ó'n ngaoith a thug sé sin.
'Sé clocha a bheinn 'iarraidh, ach níor mhiste é bheith buille beag faoi nó as a chionn.
Sé troighthe aoirde an phóilidhe, ach tá siad a' glacadh daoine atá buille faoi anois, má bhíonn siad feilmheanach ar 'chuile chaoi eile.
10.
+–
Níl aon-bhuille bog sa mbuachaill sin! = níl aon-bhoigréis nó boigshíneadh ann; ní furasta imeartas air, nó dallach-dubh a chuir air, ná é' mhealladh.
Fuair tú amach é, muis, an té a mbeadh aon-bhuille bog ann!
TUILLEADH (9) ▼
Má fhaghann sé buille bog a' bith ionnad, imreocha sé ort de do mhíle buidheachas. Dhá bhrighthin sin, is fhearr dhuit a bheith ar t'áirdeall fhéin in am.
Is maith nach mór dhuit a bheith ar t'áirdeall fhéin, nó má fhaghann sé buille bog a' bith ionnad, beidh sé a' tuinne(amh) leat, go gcuire sé an oiread de'n dallach-dubh ort, a's go ndeana tú margadh leis.
Ná bíodh aon-bhuille bog ionnad a' plé leis sin, nó beidh a lear ort fhéin; creid mé dhuit ann.
An té a n-aireocha sí siúd aon-bhuille bog ann, racha sí suas in a mhuinchille, deirimse leat.
Chuirfeadh an ceann céadna an chluain mhaoineach ar an nGaduidhe Dubh, le teann imeartais, a's bladair. Mar sin, ná faghadh sé aon-bhuille bog ionnad, ach teirigh go bun an-eangair (amhgair?) le do mhargadh.
Thapuigh sé 'dheis, a's 'sí a leas-mháthair a thóigfeadh air é, ó thárla go bhfuair sé an buille bog ionnad.
Níl buille bog a' bith ann, a' déanamh margaidh, ach ní fhágann sin, nach fear gnaoidheamhail é. Chaithfeadh sé luach bó leat, dhá mbeadh aon-bheann aige ort.
Má airigheann siad siud buille bog a' bith ionnad, leagfa siad ort
Duine a' bith a' n-aireocha siad siúd aon-bhuille bog ann a' glaodhach óil, suidhfe siad in a bhun. Dheamhan sileadh a thiubhrainn dóib, dá dtuiteadh a' teanga amach asta(b) le dúil ann.
+–
Shíl mé nach raibh buille bog a' bith sa gcailín sin, fharras aon-bhean sa tír. Cheapfá uirre go raibh sí ciúin céillidhe.
Is buachaill báire é, má fhaghann sé bean a' bith a mbeidh aon-bhuille bog ínnte.
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan buille bog a' gabhail leithe sin.
Cailín a' bith a' n-aireocha an leiciméara siúd aon-bhuille bog innte, is bean le fán a' tsaoghail í.
11.
+–
Is maith an buille í = is maith an dóigh í; bean dhéanta théagarthach, a bheadh in a h-ughdar maith buime nó in a dóigh maith cloinne.
Ní droch-bhuille chor a' bith í.
TUILLEADH (2) ▼
Is ait a' buille í, pébrí cé gheobhfas le pósadh í.
Tá buille maith aige = bean urradhanta láidir.
12.
Buille faoi thuairim = baramhail, meas, tuairim
+–
Nach bhféadfá buille-faoi-thuairim a thabhairt faoi (air) = baramhail réidh-thuairim.
Ní fhéadfainn mionnú air. 'Sé 'bhfuil agam buille-faoi-thuairim.
TUILLEADH (8) ▼
Níor thomhais mé é, ach tá buille faoi thuairim agam, go bhfuil sé leithchéad coisméig (portach)
Dhá mbeadh buille faoi thuairim a' bith agham, cé'n áit a bhfaighinn é, thiocfainn ar a thóir.
Thiubharfá buille faoi thuairim maith dhó, gan é a mheádhchan chor a' bith.
Tá an-bhuille faoi-thuairim aige = thomhaisfeadh sé, nó bheadh sé indon baramhail mhaith a thabhairt, cé'n meadhchan aoirde etc. rud.
Thug sé buille faoi thuairim go raibh an mhuic, naoi gclocha go leith ar a cois, a's ní raibh sé i bhfad as, ach oiread.
Is olc a' buille faoi-thuairim é sin = tá sé (tú etc.) i bhfad as.
Dhá mbeinn indon buille faoi thuairim fhéin, a thabhairt faoi, bheadh liom.
'Sé a mbeidhinn 'iarraidh buille faoi thuairim, cé mhéad 'spray' a theastóchadh uaim, a's níor mhiste liom faoi nó as a chíonn annsin é.
Buille in iontrálacha eile (50+)
Dheamhan buille a dhein sé ó mhaidin ach caite ar an gceann-fhearann ag séideadh tobac uaidh. Is dóigh go bhfuil se breóite ó ól an lae inné
→
fearacht
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó leigfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maoidheachtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl in a dheidh sin
→
fearadh
Is fearadh do ghasúir an cócó seo. Bheidís thart dhá uireasa, agus cho deireannach agus a choinníthear ag an scoil anois iad. Leigtí amach ar bhuille an trí fadó iad = is maith nó is áirge do ghasúir é; it will have a good effect an children; it will benefit them; it is a great asset to them
→
fios
Níl duine ar bith nach hí a leas a dhéanfadh dhá mbeadh a fhios aige é. Ach sin é an buille. Ní bhíonn fios a leasa ag duine
Ghabhfainn ar farraige inniu dhá mbeadh fear fobhairne agam, ach sin é an buille. Cáil an fear fobhairne ab fhiú dhuit a thabhairt leat den bhaile seo. Níl a leithide ann
→
foláir
Níorbh fhuláir dó cho láidir agus a bhí sé. Dar fiadh dhá n-airíodh an ceann eile buille marbh ar bith ann, thapódh sé é. Is buachaillín cruadh é an fear eile fhéin
→
framsáil
Ní iarrfadh sí aon-bhuille maitheasa a dhéanamh go héag ach cead framsáil a fháil ar bhóithrí
→
froigisí
Ní dhéanann sé buille maitheasa ach ag cur caoi ar an "mbicycle" atá aige, ag cur iongáis agus freigisí air. Agus ní túisce thuas aige iad ná anuas aríst
Dheamhan buille ar bith a níos sé sin ach ag máinneáil timpeall an bhaile ag coinneál chuile dhuine eile ó obair
→
fána
Tá an chú sin caite le fánaidh ar fad. Shílfeá go mbeadh sí níos teangmháilte ná sin as a tosach. Meastú an gortú a d'eireódh di. Baineadh cupla treascairt aisti agus í ag coráil an ghirria an lá cheana, ach shílfeá nach raibh tada uirre ach go raibh sí buille beag cróilithe go ceann dhá lá.
Eirigh as an bhfánaíocht agus déan buille eicínt maitheasa, feasta choíchin. Ach níl fír na maitheasa ionad
+
→
féar
Tá sé ag baint an fhéir as a bhuille (fc. buille)
TUILLEADH (1) ▼
Dhá dhonacht dhá bhfuil an bháisteach seo ag féar atá ar sraith is measa go fada é ag an bhféar atá ar a chois. An féar atá "in a luighe" lobhfaidh amlú anois é. Tá sé buille deireannach san mbliain
+
→
fóir
Níl buille maitheasa déanta agaibh ó mhaidin. Go bhfoire Dia ar an té atá in ur gcleithiúnas!
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh mé fhéin ag déanamh fóirínt air, agus ba mhó na buillí a d'eirigh liom ná leis fhéin. 'Ar ndó' deir siad é: ní theagann fear an eadarascáin saor
→
caidhfte
Tá caidhfte mná aige, nach n-iarrfadh aon-bhuille maitheasa a dheanamh dhá lá a saoghail, a's faghadh sí duine a choinneochadh comhrádh léithe.
→
caidéis
Déan do bhealach a's ná cuir caidéis ar aon duine, a's ní chuirfe aon-duine aon-chaidéis ort. Níl buille 'bith is fhearr ná'n buille réidh
→
calm
Má sheasann sé in a chalm mharbh mar seo i bhfad eile, caithfe sib a dhul ar na buillí = a dhul ag iomramh.
→
carcair
Chreidfinn go raibh coill le bruach na fairrge fadó. Is minic a d'fheicfeá mion-charcaireacha, a's maidí giúmhasaighe i mbarr na trághadh, ach a dhul síos buille domhain.
Ní ghnídís sin buille maitheasa a' bith eile fadó, ach a' caoladóireacht a's a' ciseadóireacht, a's díol chléibh a's ciseáin inGaillimh.
Má chuireann tú araoid a' bith ar a' gcoinicéar siúd, ní bheidh agad, ach malrait, ní bheidh sin. Mar sin, 'sé mo chomhairle dhuit leigean di, ar fad. Níl buille ar bith is fhearr ná'n buille réidh
+
→
comaoin
B'fhearr dhuit gan a bheith buailteach, nó gheobha tú an té a thiubhras cumaoin do láimhe dhuit as a dheire. Níl buille ar bith chomh maith leis a' mbuille réidh.
TUILLEADH (1) ▼
Má tá sé moltanach fhéin ar a' gcliamhain leabharsa badh chumaoin dó. Dheamhan buille a bheadh déanta aige, marach a dtugann sé de laetheantaí isteach dó.
→
cora
Báthadh é 'sa gcarra, i sruth lán mhara. Scuab an sruth leis é, ach dhá mbeadh aon-bhuille snámh' aige, bhí leis.
Níor mhiste dhuit dhá mbeitheá gan buille 'bith a dheanamh, ach cuir an-chosamhlacht ort fhéin — 'Dhá dtrian de'n damhsa an chosamhlacht tá fhios aghad.
Tá'n cíosáinín sin thuas ag M. Bh. istigh aghainn chuile ré soluis. Meastú a ndéanann sé buille maitheasa 'bith, ach chreidim gurb é cuid a' bheagáin atá sé indon a dhéanamh th'éis a dhichill. Dheamhan brigh ann.
→
cóisir
Airigheann siad buille bog 'san oinseoigín bhoicht. Marach sin, ní bheadh an saoghal bruigheanach 'na diaidh. 'An áit a mbíonn an óinseach, bíonn a cóisir ann.
M'anam muise gur maith é faoi na chuid buillí, dhá chúiliallta dhá bhfuil a leigean amach. = sé'n t-abhras a bhainfeá as a chuid cainnte féin, go bhfuil sé lághach, socair, ach tá sé buailteach 'na dheidh sin.
→
bealach
Ní fhaca mé ariamh é nach imbéal a' bhealaigh a bheadh sé. Meastú 'ndéanann sé buille 'bith maitheasa?
→
coigéal
Níl a' coigéal atá ann trí bhuille iomramha treasna, a's bháithfídhe 'man of war' ann 'na dheidh sin, tá sé chomh domhain sin.
→
coraice
'Bhfaca tú uair chomh breagh léithe ariamh ar choruice dhubh na bliadhna. Má tá sí buille fuar fhéin tá sí teann tirm, agus dar príocaidhe is mór is fiú an triomach.
+
→
crinn
B'fhiú dhuit an churrach thiar a's currach a' bhaile seo a fheiceál a' crinneadh a chéile 'sna geallta. Dheamhan ionga ná ordlach a bhí ag ceachtar aca(b)ar a chéile, nó go raibh siad fhoisceacht dhá bhuille iomramha de cheann cúrsa. Sin é an uair a chuaidh na maidí in ascar ar a' dream thiar, a's chailleadar an geall.
TUILLEADH (1) ▼
Marach gur bhris an croga buaic orainne an uair sin a raibh muid fhéin a's currachthóirí na T. B. a' crinneadh a chéile, dheamhan fhios agam, cé'n chaoi a ngabhfadh an geall. Ach is mór a chuir an méid sin dhá'r mbuille muid.
→
crámhar
Níl aon-truaighe le déanamh dhaoib, nar tháinic abhaile fearacht 'chuile dhuine eile. Nach raibh fhios agaibh, nach mbeadh an lá in araidheacht aon-bhuille a dhéanamh, ó thosuigh sé ar a' gcrámhar sin!
+
'Dhá bhfaighteá an chuaibhtheach de bhuille a tharraing sé ort, dheamhan fata a changlóchthá le do mharthainn aríst.
TUILLEADH (2) ▼
Ní thiocfa an chuaibhtheach de bhuille sin leat. Ídeocha mise ort é, feicfe tú fhéin air.
Bhí an t-ádh ort nár eirigh an chuaibhtheach de bhuille siúd leat. Dar fiaguidhe dhá n-eirigheadh, chodlóchthá go sáimh anocht, chodlochthá sin.
Déarfainn nach áit buaile ná sean-bhaile dhuinn an áit seo anois, má fhéadann muid imtheacht as, ach sin é an buille! Ní mé a bhféadfa?
Is mairg dhuit, nach ndéanann buille eicínt maitheasa, fharras a bheith in do bhoideoide mar tá tú.
→
brabach
Siúd iad nach bhfuil aon-bhuille bog ionnta(b) faoi'n rud atá aca(b). Chínnfeadh sé ar chut bhradach aon-bhrabach a fhaghail orra(b) faoi thada.
→
breoite
Feicthear (dh)om go bhfuil mé buille breoidhte indiu, marab é an slaghdán atá a' teannadh liom. InDomhnach dheamhan fhios agam nach hé
→
breá
Gheobha sé locht ar dhaoine eile go maith, ach nach breagh nach mian leis fhéin buille 'bith a dhéanamh.
→
bruach
Tá an oiread uathbháis oibre air siúd, a's go n-ionntóchad sé an sean-duine a bheadh ar bhruach na h-uaighe, trí h-uaire sa leaba, 'bhfeiceadh sé a mbeadh sé indon buille 'bith a dhéanamh.
→
adhartha
An té a aireochas sé sin, buille adhartha chor a' bith leagfa sé isteach chuige. 'Sé atá deas air.
→
aer
Dhá mbeadh lá go h-aer ann, badh é an mhaith amháin é, mar ní dhéanfaidís buille th'éis an sé 'chlog.
Ní bhuailfe mé fúithe chor ar bith. Tá sí buille beag ro-thaghdach agam = ní chuirfe mé araoid ar bith ar a' mbean sin nó ní phósfa mé í, arae tá sí ro-spadhartha, nó ro-olc dhomsa.
+
→
buail
Nach truagh mé ar bord cuain, as gan mo charaid le glaodhach; buille gualann ní bhuailfidh dhom go deire mo shaoghail ("Antoine Mac Conmara" — Seán Mac Conmara a chum)
TUILLEADH (1) ▼
Gheobha sé bualadh ar a' mbualadh a's buille ar a' mbuille = sásaimh as ucht buailte a rinne sé fhéin cheana.