Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
buille
ainmfhocal, firinscneach
iolra: buillí, corruair buillíochaí
1.
iarraidh; fadhb, pléisc.
a.
+
Thug sé buille dhó.
Thug sé a sheanbhuille dhó (sainbhuille)
TUILLEADH (8) ▼
Thug sé buille dhá dhorna dhom (buille de chloich, buille cloiche, buille dhá bhróig srl)
Thug sé a sheanbhuille dhó, ach dheamhan feanc a bhain sé as ina ainneoin sin.
Má thugann sé buille dhó, giorróidh sé leis.
Buail buille air.
Tharraing sé buille mhaide air, ach níor sheas an fear eile talamh.
Má tharraingeann tú aon bhuille ormsa, sin é a mbeidh de shaol agat fhéin.
Is maith é faoina chuid buillí — tá sé buailteach
Deir tú leis a thairg buille a bhualadh orm.
+
Dheamhan buille ná boiseog a bhuail mé air (bíonn boiseog ina leannán ag buille mar seo)
Ciontaíodh san éagóir é, arae dheamhan buille ná boiseog a bhuail sé ach an oiread leis an té nár rugadh.
TUILLEADH (5) ▼
Ní bhuailfidh mé buille ná boiseog ort, ach tabharfaidh mé cead do chinn duit go bhfeice muid cén bhail a bheas ort ar ball.
Ní bhuailfeadh a mháthair buille ná boiseog air, pé ar bith cén ábhailleacht a dhéanfadh sé: tá a shliocht air anois, tá sé ligthe leis fhéin ar fad.
Ná buail buille ná boiseog air. Smachtaídís fhéin é más breá leob é.
Ní raibh aon chall buille ná boiseog a bhualadh ariamh air ag dul chuig an scoil, arae bhí sé meabhrach grinn thar aon duine eile.
Bíodh a chuid lessons aige nó ná bíodh, dheamhan a ligfeadh an faitíos don mháistir buille ná boiseog a bhualadh air.
+
Ná raibh ann murar shíl sé mé bhualadh de bhuille maide.
Níor buaileadh buille mhaide ann ó thús deireadh go tosaigh.
TUILLEADH (26) ▼
Bhí siad ag glaomaireacht agus ag béiceach, ach níor buaileadh aon bhuille ina dhiaidh sin.
D'éirigh Dia liom nach bhfuair mé an buille a tarraingeadh orm: dhá bhfaighinn, bhí mo chnaipe déanta.
Níor buaileadh aon bhuille san éagóir ann, ná dheamhan buille — fuair chuile dhuine dhá raibh ag troid cóir agus ceart.
Bhí céad buille ag teacht orm in éineacht — bhí go leor in m'éadan
Níor éirigh leis thar cupla buille — ní bhfuair sé ach iarraidh nó buille amháin
Tháinig tú saor go leor má bhí tú taobh le buille.
Má thugaim an buille uaim, déanfaidh mé leicíneach dhíot.
Ní raibh duine agam a bhuailfeadh buille dom (a chúnamh dhom)
Bhuailfinnse buille dhuit dhá mbeinn ann — bhuailfinn buille leat (do chúnamh dhuit)
Glacfaidh mé gach is a bhfaighidh mé ach buillí.
Glac chuile shórt ach buillí.
D'éirigh liom aon bhuille amháin a fháil air
Chloisfeá tormán na mbuillí a bhí dhá mbualadh air leathmhíle ó láthair.
Bhí púir ag éirí as le chaon bhuille dhá raibh sé a fháil.
Is gearr le dhul do bhuille air siúd — ní chuirfidh sé aon cheo as dó
Mura bhfuil agat ach buille de dhorna, is gearr le dhul buille de dhorna air siúd.
Is olc an éadáil buille uaidh siúd.
Dheamhan deoir bhainne sláinte a d'ól sé ó fuair sé an buille sin.
Bhascfadh sé siúd duine le buille.
Brúfaidh mé do cheithre cnámha ar a chéile le buille.
D'éirigh buille amháin liom air — fuair mé buille amháin air.
Ní bhíonn aon chaitheamh i ndiaidh an bhuille nach mbuailtear
Ní thiocfaidh an buille sin leis má mhairimse — cúiteoidh mé an buille sin leis.
I nDomhnach, má fhaighimse aon deis choíchin air, sin buille nach dtiocfaidh leis.
Má thugann sé aon bhuille dhomsa, ní bheidh aige ach malrait — bhéarfaidh mé buille ar an mbuille dhó
Lig mé leis an buille sin, ach ní thiocfaidh an chéad bhuille eile leis chomh réidh — bainfidh mé díoltas amach, má thugann sé aon bhuille aríst dom
+
Fan ó na buillí, má tá do leas ar Dhia — má tá an t-ádh ort, fan as achrann; coinnigh ó na buillí, ar uain nó ar éigean
Níl aon chomhairleachan air sin ach buillí — ní smachtóidh tada é ach buillí
TUILLEADH (10) ▼
Ní thabharfainn aon bhuille uaim go gcinneadh orm
Tá neamhshuim déanta aige anois de na buillí lena bhfuair sé acub.
Is faoi bhuillí is fhearr é.
Má théann sé ar bhuillí, ní mór a cheangal — má thosaíonn sé ag bualadh, caithfear é a cheangal
Shíl mé agus an bhuile a bhí air, go dtiocfadh sé ar bhuillí as a dheireadh ach dheamhan é.
Seachain thú fhéin ar na buillí ar chuma ar bith.
Sábháil mé ar na buillí.
Déan tarrtháil dhom ar na buillí.
Chosain sé buille dhom — chuaigh sé idir mé agus an buille
Ní raibh cosaint ar bith agam ar na buillí a bhí 'teacht orm mar a bheadh Dia dhá rá leob.
+
Chuir tú as mo bhuille mé — bheadh buille (buailte) agamsa murach thú. Chosain tú buille orm
Chuir sé as mo bhuille mé leis an gciotóig.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé an-úsáideach le na lámha. Is beag duine nach gcuirfeadh sé as a bhuille (tá sé in ann na buillí a bheadh ag teacht air a chosaint go maith)
+
Tá buille dalba aige.
Thug sé buille dalba dhom le fás fuinseoige
TUILLEADH (10) ▼
Fuair sé na buillí céatacha, agus má fuair fhéin, ní bhfuair sé a chomhairleachan ina dhiaidh sin.
Fainic thú fhéin air! Tá an buille céatach aige.
Ní aireoidh tú choíchin go dtuga sé cuaifeach de bhuille dhuit — buille céatach — a dhéanfas pleibistín díot ar áit na mbonn.
Tá buille áibhéil aige má éiríonn leis an dorna a leathnú ceart ort.
Is áibhéil an buille a thug tú uait, dhá mbeadh tada roimhe!
Má fhaigheann tú buille acub siúd (.i. de na buillí áibhéile atá aige), déanfaidh sé ceirtlín díot.
Siúd é an Dia aithnítear — é fhéin agus a chuid buillí diabhalta — is fiú é a sheachaint, mar tá an t-an-bhuille go deo aige; is cóir fanacht óna bhuille, mar ní éadáil ar bith é
Tá fíorbhuille aige — dubh-bhuille; an-bhuille amach is amach
Tá buille ciotach aige — iarraidh a chuirfeadh as do bhuille thú; iarraidh spleách; iarraidh a gheofá in áit nach mbeadh aon tsúil agat léithe
Tá an-bhuille ciotóige aige — tá sé in ann an-iarraidh a thabhairt uaidh lena chiotóig
b.
buille feill: buille san éagóir; buille a buailfí le dobeart nó le imeartas; buille cleasach ealaíonta; buille fealltach; buille le drocharm (scian srl.).
+
Thug sé an buille feill dhó (fuaim ar feill mar adh i dTadhg)
Is beag aige siúd an buille feill a thabhairt uaidh.
TUILLEADH (18) ▼
Níor airigh mé ariamh gur thug sé buille na feill dhom, in íochtar mo bhronn (tuiseal ginideach ar "bhrú" nó "bró")
Fainic é siúd, nó tabharfaidh sé an buille feill dhuit gan aireachtáil.
Is air nach mbeadh an mhairg an buille feill a thabhairt uaidh, dhá bhfaigheadh sé ar a dheis é.
Tabharfaidh sé an buille feill duit: 'sé atá deas air.
Is maith a bheas tú ar t'airdeall fhéin nó tabharfaidh sé an buille feill duit.
Shíl sé buille na feill a thabhairt dhom le cloich, ach thapaigh mise mo ghnaithe, arae chuir mé cor cam ina láimh.
Ar an dá luath agus a bhfuair sé mo chúl leis, thug sé buille na feill dhom.
Thug sé buille na feill, ach is buille é nach dtiocfaidh leis má fhaighimse aon tsaol dhe rath.
Sin é a bhealach ariamh fhéin: buille na feill a thabhairt do dhuine le scian nó le cloich.
Fhóbair go raibh buille na feill faighte agam murach chomh maith agus a bhí mé ar mo mhaidí.
Thabharfadh an bhratainn shalach sin buille na feill duit ar iontó an tsoip.
Ní raibh a mhalrait de bhéas ag siúl ariamh fhéin leob: buille na feill a thabhairt do dhuine gan aireachtáil — sin é a mbeadh uathub.
Nuair a fuair sé caite ar meisce é, ba ghearr an mhoill air an buille feill a thabhairt dó agus a raibh ar iompar aige a bhaint di.
Shíl sé mé a shá, agus an buille feill a thabhairt dhom d'aon iarraidh, ach ní dheachaigh leis dhá ealaíonta é.
Is tútach an cleas d'aon duine breith ar chloich le buille feill a thabhairt d'aon duine
Breá nár fhan sé uathub agus ní fhéadfaidís an buille feill a thabhairt dó, ach níor bheo é gan a bheith ag brú orthub agus ag déanamh teanntáis leob má b'fhíor dhó fhéin. Is olc a chuaigh an teanntás dó as a dheireadh.
'Faltanas Mhuintir Laoi agus buille feill Chlann Dhonnchadha' (leathfhocal)
Sin iad na buachaillí aige! Ar chuala tú ariamh é — faltanas Mhuintir Laoi agus buille feill Chlann Dhonnchadha (de chlann Dhonnchadha an té a bhuail é)
c.
buille na speirthe: buille a chniogfadh duine; buille a chuirfeadh duine ó mhaith; buille a ghiorródh leat; buille a dhéanfadh do chreach.
+
Chreidim gur thug sé buille na speirthe dhó, ó fhada go dtí é. Má thug fhéin, ní dhearna sé leath a cheart leis. Is fada dhá thuaradh dhó fhéin é.
Mura bhfana sé as mo bhealach, tabharfaidh mé buille na speirthe dó, luath nó mall.
TUILLEADH (13) ▼
Beidh sé ag siocadh liomsa go dtuga mé buille na speirthe dhó as taghd.
Thug an bocsálaí eile buille na speirthe dhó gan traíáil (ionú) ar bith.
Go lige Dia a shláinte do Sheán! Is fada buille na speirthe ag teastáil ón mbuachaill sin!
Is minic a shíl Sasana buille na speirthe a thabhairt don tír seo, ach tá muid beo dhá hainneoin ina dhiaidh sin, agus dhá dteagadh an díleá ar Shasana amárach, chaithfeadh muid cúis mhaith a dhéanamh dhá huireasa.
Séard a thug buille na speirthe don dream sin ar fad, nuair a ghealladar fhéin go maithfidís an cíos ar fad. Bhí a fhios ag an saol nach bhféadfaidís má ba leob é a íoc le Sasana.
Sin é a thabharfas buille na speirthe ar fad don duine bocht, má imíonn an mac anois uaidh.
Ní bhfuair na daoine buille na speirthe críochnaithe gur stopadh iad gan a dhul go Meiriceá.
'Sé dúnadh agus donacht Mheiriceá a thug buille na speirthe do mhuintir na tíre seo. Tá siad gan saothrú ar bith anois.
Ní bhfuair mé buille na speirthe críochnaithe gur bhuail tú an t-aon robála orm (i gcártaí)
Gheobhadh do chuileata buille na speirthe ó mo chíonánsa dhá gcastaí an bealach seo í.
Nach spleách uaidh buille na speirthe a thabhairt do dhuine? — bheadh sé ag dul siar in do bhéal agus san am céanna, ag déanamh an-dochar dhuit
Dhá gcuirteá do rí isteach fúmsa, diabhal bréag nach breá a gheobhadh sé buille na speirthe.
Dhá mbeadh tada ar fónamh agamsa, ní ligfinn do shean-naoi thar mo dhoras gan buille na speirthe a thabhairt dó, ach bhí mé fuar folamh mar is minic liom a bheith
d.
buille marfach: iarraidh a thabharfadh leathmharú ort; drochiarraidh; dubh-bhuille
+
Tá an buille marfach i gcónaí aige.
Ghreamaigh an buille marfach dó ariamh fhéin.
TUILLEADH (5) ▼
Má théann sé ar bhualadh chor ar bith, buillí marfacha a thabharfas sé uaidh.
Tá beith ar a láimh an buille marfach a thabhairt uaidh i gcónaí.
Is cinniúint air é nó tabharfaidh sé an buille marfach uaidh.
Fan glan air siúd. Tá an buille marfach aige.
Is measa dhuit dorna uaidh siúd ná ó Gholl Mac Móirne. Tá an buille marfach aige.
e.
buille spleách: buille imeartha; buille a buailfí i ngan fhios; buille feill; buille a bhuailfeadh duine agus é ag ligean air fhéin lena linn go raibh sé ina dhá chuid déag leat.
+
'Sé a thug an buille spleách dhom.
Má théann tú dhó, mar atá mise a rá leat, gheobhaidh tú buille spleách air. Má thosaíonn sé ag gabháil le buile, abair nach raibh aon neart agat air agus nach raibh tú ag iarraidh a ghortú.
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé leis ariamh ariamh go dtug sé buille spleách isteach faoin gcroí dhó.
'Sé an buille spleách a gheobhas sé sin ort má fhéadann sé, ach cé measa buille eile.
Tosaíonn sé ag ealaín agus ní bheadh a fhios an súgradh nó dháiríre é nó go bhfaighe sé a dheis le buille spleách a thabhairt duit.
Lig de do chuid buillí spleácha ormsa anois. Má tá tú ag iarraidh achrainn, buail ceart mé.
f.
buille na sní: an buille buaic; buille na speirthe; an buille cniogtha (Achréidh) (sní = snoigheadh, snaighe? = lagadh, cniogadh, tabhairt chun talún).
+
Bhí buille na sní agam péin — is agam a bhí an buille deiridh; thug mé talamh do mo chéile comhraic; chuir mé ó mhaith é le buille
Is maith a chruthós tú nó beidh buille na sní aige siúd
TUILLEADH (10) ▼
Ní mian leis imeacht gan buille na sní a bheith aige — an focal deiridh den chaint; an gob nó an tsáiteán deireanach a thabhairt uaidh; brabach a fháil ar an gcaint i ndeireadh na cúise
Cinnfidh air nó beidh buille na sní aige.
Is maith a bheas tú ar do mhaidí nó beidh buille na sní aige.
Dhá mhéad brabach (cainte) dhá bhfaighe tú air, béarfaidh sé buille na sní dhuit as a dheireadh.
'Sé is tráthúla (.i. i gcaint) dhá bhfaca mé go hiomaí. Bíonn buille na sní aige i gcónaí i gcónaí.
Hé brí cén comhoide múinte a bhí aige, tá sé in ann buille na sní a thabhairt uaidh i gcónaí — pé ar bith cé mhúin an dea-chaint nó an nathaíocht dó, bíonn brabach cainte i gcónaí aige ar chuile dhuine eile
Ar chuala tú chomh haigeanta agus a thug sé buille na sní uaidh ar deireadh thiar?
Thug sé buille na sní don mháistir, dhá fheabhas de chainteoir é. 'Sé atá deas air.
Dheamhan mórán mairge air siúd buille na sní a thabhairt uaidh nuair a thogrós sé é. Tá bua cainte aige
"Thug an sagart buille na sní don mhinistéara as a dheireadh ina dhiaidh sin" (as scéal faoi shagart agus ministéara a bhí ag sáraíocht nó ag cailicéireacht faoi chúrsaí creidimh. D'éirigh leis an sagart gob maith a thabhairt don mhinistéara a chuir ina thost é, más fíor don scéal)
g.
an buille réidh: an suaimhneas; an síocháin, gan aon araoid a bheith agat ar aon duine.
+
Is fearr dhuit an buille réidh — is fearr dhuit an suaimhneas ná an t-achrann
Glac an buille réidh — ná bí ag troid
TUILLEADH (2) ▼
Níl buille ar bith is fhearr ná an buille réidh — níl rud ar bith is fhearr ná an síocháin
Mo chomhairle dhuit nach bhfuil buille ar bith is fhearr dhuit ná an buille réidh
h.
+
Is mór (diabhaltaí srl.) an buille ort nár fhéad tú imeacht inniu — is mór an ní ort, is díol trua thú, nár fhéad tú imeacht inniu; is rud é a chuirfeas as duit nár fhéad tú imeacht inniu
Is mór an buille orm gur cailleadh an bhó orm.
TUILLEADH (15) ▼
Is mór an buille air mura bhféada sé a dhul ag saothrú.
Deir (dar) liom fhéin gur mór an buille ar dhuine a bheith d'uireasa foghlama ar an saol atá ann.
Is mór an buille ort é mar sin fhéin mura mbeidh an Béarla agat má chaitheann tú an baile a fhágáil.
Is mór an buille ar na daoine an mhairteoil sin a stopadh.
Níor mhór an buille chor ar bith na beithígh dhá mbeadh aon tsaothrú ann thartub, ach dheamhan saothrú ná cuid de shaothrú.
Is diabhaltaí an buille ort do bhicycle a bheith buailte suas. D'fhéadfá éirí amach dhuit fhéin corruair tharas a bheith cuibhrithe istigh i gcónaí.
Ní buille go dtí é a mhic ó!
Is mór an buille orainn an díleá a bheith ar a (ár) gcuid, ní ceasacht ar Dhia é.
Is diabhaltaí an buille ar an duine bocht gur loic an cur air i mbliana.
Is dalbaí an buille ar an tír seo go bhfuil Meiriceá buailte suas sa saothrú. Airíonn cuid mhaith é a d'fhaigheadh lán laidhre chuile Nollaig roimhe seo.
Is mór an buille air go raibh sé buailte suas i gcaitheamh an earraigh. Níor chuir sé síol i dtalamh fós i mbliana.
Abair gur mór an buille air é! Cén bhrí dhá mbeadh slí ná fáltas ar bith thairis ag an duine bocht, ach níl.
Ní aireoidh lucht airgid an tae bheith ardaithe, ach i nDomhnach fhéin, is mór an buille ar an duine bocht é.
Is mór an buille air nach bhféadann sé a dhá láimh a chur timpeall ar an saol agus é a chrapadh leis dhó fhéin ar fad (duine santach, antlásach, gar dhó fhéin)
D'fhéadfá a rá gur mór an buille na sicíní uileag ag imeacht, ach ní anois a aireos muid iad, ach amach anseo nuair nach mbeidh ubh ná eirín againn le n-ithe ná le díol.
i.
sin é an buille!: sin é an scéal; sin í an cheist. Sin é an rud atá idir chamánaí, le réiteach, nó le fuascailt.
+
Ach an dtiocfaidh sé? Sin é an buille! (Tabhair faoi deara an difríocht idir ciall agus béimniú sa gcéad chuid, de réir mar cuirtear !? ina dhiaidh. Chiallódh sé agus ! ina dhiaidh, agus é a rá go fonóideach, nach dtiocfadh sé go brách. Bheadh comhbhéim ar na focla uileag, 'sé an rud ceart mar seo, ach a dtige se, ach b'fhéidir go n-abrófaí an rud thuasluaite nuair a bheifí ag magadh nó ag fonóid faoi dhuine adúirt tiocfaidh sé roimhe sin. Má cuirtear ? ina dhiaidh, ní mór a bhéimiú. Is ceist a bhíos ann an uair sin)
Déarfaidh mé leis é má fheicim é. Ach an bhfeicfidh mé é? Sin é an buille!
TUILLEADH (10) ▼
D'íocfainn ar an bpointe boise é dhá mbeadh an t-airgead agam. Ach níl an t-airgead agam. Sin é an buille!
D'ólfadh sé dá mbeadh a dheis aige, ach níl a dheis aige. Sin é an buille, agus an buille dháiríre!
An gcuimhneoidh sé é a mheabhrú dhó chor ar bith, sin é an buille!
Níl líon lé agam. Sin é an buille! Níl aon ghair agam a dhul in aon áit d'uireasa díol mo fhreastail.
Íosfaidh sibh an rud go maith ach cá bhfaightear a luach? Sin é an buille!
Is furasta bean airgid a rá, ach cá bhfaighidh sé bean airgid? Sin é an buille!
Tá sé sean agus níl aon láthar ann. Sin é an buille!
Níl scrupall ar bith agam an t-airgead a iarraidh air, ach an dtabharfaidh sé aon toradh orm? Sin é an buille!
Dhá mbeadh a fhios againn céard a rinne sé leis an bpáipéar chúig phunt a fuair sé, ach sin é an buille!
Tá sé ag gabháil le gaoith na gcnoc agus ní éistfidh sé liom. Sin é an buille!
2.
buille sa mbéim: rath nó fónamh a dhéanamh; bainne sláinte a ól; láthar ná lúd a theacht ann; a bheith ar a chóir féin.
+
Ní bhuailfidh sé buille sa mbéim lena shaol aríst; tá sé réidh leis — ní dhéanfaidh sé aon mhaith; beidh míshláinte ag gabháil dó an fhad is a mhairfeas sé aríst; ní bheidh sé ar a chóir fhéin go brách aríst; ní ólfaidh sé aon deoir bhainne sláinte go dté fód air
Ón lá a bhfuair sé an buille sin, níor bhuail sé aon bhuille sa mbéim uaidh sin amach — bhí an buille a fuair sé i gcónaí ag gabháil roimhe
TUILLEADH (7) ▼
Is maith an t-ádh atá air má bhuaileann sé aon bhuille sa mbéim níos mó.
Ó tháinig an méid sin donachta air níor bhuail sé aon bhuille sa mbéim, ná ní bhuailfidh mura bhfuil ag Dia.
B'fhéidir go mbuailfeadh sé buille sa mbéim fós chomh maith le ceachtar againn. Tá Dia láidir agus máthair mhaith aige.
B'fhurasta a aithinte go raibh a chuid maitheasa ar iarraidh agus nach mbuailfeadh sé aon bhuille sa mbéim tí (ní) ba mhó.
Is beag adéarfadh chúig bhliana ó shin go mbuailfeadh sé aon bhuille sa mbéim lena ló aríst, ach tá sé ina sheanléim anois chomh maith agus a bhí sé aon oíche ná aon lá ariamh.
Bhí liostachas fhada air agus ba é comhrá dochtúirí nach mbuailfeadh sé aon bhuille sa mbéim go deo aríst, ach m'anam gur maith an mhaise dhó anois é, théis a ndeachaigh sé thríd.
Má tá sé buailte síos aríst, tá sé réidh le aon bhuille sa mbéim a bhualadh lena mharthain.
+
Ní fheicfidh tú aon bhuille sa mbéim ionam níos mó. Leagha na bhFiann ní leigheasfadh mé anois.
Hé brí cén scanradh a cuireadh air an oíche sin, níor fhan aon bhuille sa mbéim ann ó shin.
TUILLEADH (15) ▼
Níl mé chomh croite agus feictear dhuitse. Tá buille sa mbéim ionam fós, míle buíochas le Dia. Cá bhfios don té sin! B'fhéidir go gcuirfinn thusa fós, dhá dhonacht mé.
Níor fhága an iarraidh sin buille sa mbéim ann beag ná mór.
Tá a bhuille sa mbéim ar iarraidh anois an duine bocht.
Ná fág an seanfhear as margadh ach an oiread le duine. Tá buille sa mbéim ann fós, dhá aosta dhá bhfuil sé.
D'imigh an buille sa mbéim as uileag le gairid.
Dhá mbeadh buille sa mbéim ar bith ionam fhéin d'ionsóinn é — ach níl faraor!
Ó thiocfas duine aois an phinsean anois, is beag an buille sa mbéim a fhananns ann uaidh sin amach.
Dár príosta, tá buille sa mbéim san athair fós. Dheamhan a fhios don té sin! Dhá bpósadh sé fhéin aríst nach deas an bhail a chuirfeadh sé orthub, agus chuile shúil le Dia acub lena bhás lá ar bith.
Is doiligh d'fhear a bhfuil na cheithre scóir sáraithe aige buille sa mbéim a bheith ann.
Céard a bhéarfadh dhó buille sa mbéim a bheith ann agus é sna déaga is trí fichid.
Tá an dream sin (.i. dream áirid polaitíochta a bhí i gceist ag an gcainteoir) tugtha anuas go mór le scaitheamh, ach tá buille sa mbéim iontub fós.
Is iomaí splíontaíocht a thug na Gaill dúinn, ach d'fhan buille sa mbéim ionainn dhá mbuíochas, agus fanfaidh le cúnamh Dé má chuireann muid fhéin le chéile.
Breá nach dtiocfadh splanc fir ionat uair eicínt, nó an bhfuil buille sa mbéim ar bith fanta ionat.
Ba mhór i gceist é scaitheamh (.i. bó mhór polaitíochta a mbíodh trácht air go minic i bpáipéir agus i lanndáis) ach níor chuala mé tada uaidh le gairid, nó an bhfuil buille sa mbéim ar bith fanta anois ann?
Deirimse buille sa mbéim leat! Tá sé ar an leabhar ag an bhfiach dubh, tá sin.
+
Is dochreidte an scéal é, go dtiocfadh buille sa mbéim sa nGaeilge aríst agus chomh himithe agus atá sí ar fud na hÉireann.
Shíl Sasana bliain an drochshaoil' ('47) nach dtiocfadh aon bhuille sa mbéim i muintir na tíre seo lena luiseag aríst, ach breá go dtáinig ina dhiaidh sin, agus ná raibh maith ag Sasana dhá bharr!
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé fánach ag créatúr bocht, nach bhfuil ag gabháil ar a bhéal ó mhaidin go faoithin, ná ó Luan go Satharn, ach arán agus uisce, aon bhuille sa mbéim a theacht ann. Ba scéal in aghaidh nádúir é dhá dteagadh.
Ní fhéadfadh aon bhuille sa mbéim a theacht ann, ná ní fhéadfadh sé aon bhiseach a dhéanamh agus chomh cloíte tarraingthe agus atá an duine bocht.
3.
ar bhuille an chloig: díreach ag an am; an t-am a mbuailfidh an clog; an t-am a bheadh ceaptha amach.
a.
+
Más libh a bheith ag imeacht, tá sé in am agaibh, arae tá sé ar bhuille an chloig anois.
Níor bhuail sé an seacht fós ach tá sé ar buille an chloig anois.
TUILLEADH (5) ▼
Níl sé baileach an haon fós, ach tá sé ar bhuille an chloig anois.
Níl an leathuair caite amach is amach fós, ach tá sé ar bhuille an chloig anois — mura bhfuil an leathuair caite fós, tá sé ar na pointí aige
Ná corraigh go mbeidh sé ar bhuille an chloig, mar dheamhan a maraíonn an deifir é siúd ag corraí (Dá mbeadh focal tugtha agat do dhuine go gcasfá leis, nó go mbeifeá roimhe in áit eicínt)
Bí amuigh anois ar an dá luath is a mbeidh sé ar bhuille an chloig.
Deir tú leis nár chorraigh go raibh sé ar bhuille an chloig, agus sách drogallach a bhí sé ag gabháil amach an uair sin fhéin.
+
Tá sé ar bhuille (bhuillí) an trí anois — an trí a chlog
Tá an tsnáthad mhór ar bhuille an dó.
TUILLEADH (3) ▼
Is ceart dó a bheith ar bhuille an haon déag feasta.
Ní cúrsaí cuarta é agus buille an naoi bainte aige (an naoi buailte ag an gclog) — tá sé ródheireanach le cuairt a dhéanamh.
Tá sé thar am a dhul abhaile. Nár bhuail sé an dá bhuille dhéag?
b.
+
Tá sé ar na buillí aige anois — tá sé ar na pointí aige anois (am); ionann is é; i ndáil le; beagnach
Ceist: 'An bhfuil sé an dó fós?' Freagra: 'tá sé ar na buillí aige anois.'
TUILLEADH (5) ▼
Níl sé in am scoradh fós, ach tá sé ar na buillí aige.
Níl sé in am gluaiseachta fós, ach is gearr go mbí sé ar na buillí aige.
Ní baileach go bhfuil sé an deich, ach tá sé ar na buillí aige.
Níl sé ina lá fós, ach tá sé ar na buillí aige.
Níl sé ina lá fós, ach tá sé ar na buillí aige, nóiméad ar bith feasta.
4.
buille maitheasa: mogall maitheasa nó oibre; punt oibre; déantús maitheasa dhá laghad; a dhath oibre; smeach maitheasa.
+
Dheamhan buille maitheasa a rinne mé le gabháil chun seachtaine ná buille maitheasa a d'fhéad mé a dhéanamh ag daitheachaí
Dheamhan buille maitheasa a rinne sé le coicís ach ag imeacht ag fálróid agus ag seiteamas lena comharsanaí.
TUILLEADH (7) ▼
Dheamhan buille maitheasa a fhéadaim a dhéanamh ag iarraidh beithígh a fhaire gan a dhul i mbradaíl.
Dheamhan buille maitheasa ar bith is mian leis a dhéanamh ach cead scoir a fháil.
Dhá dhream nach bhfuil call dóibh buille maitheasa ar bith a dhéanamh — máistrí scoile agus póilíos — agus dhá laghad dhá ndéanann na máistrí scoile, dheamhan buille ar bith ar na póilíos.
Tabhair cead dhom buille eicínt maitheasa a dhéanamh agus ná bí do mo mhearú mar sin i gcónaí.
Ta macnas air cheal aon bhuille maitheasa a dhéanamh.
Más leat aon bhuille maitheasa a dhéanamh, ní fhéadfaidh tú an oiread cion a bheith agat ar an leaba agus atá.
Cén chaoi a bhféadfadh sé aon bhuille maitheasa a dhéanamh. Níor cuireadh fír na maitheasa ann nuair a bhí í a chur ann.
+
Tá saol na bhfuíoll aige gan buille maitheasa ar bith.
Dheamhan buille maitheasa ar bith a bhí air ansiúd, ach ina dhiaidh sin, níor lig an leisce dhó aire a thabhairt dhá cheann posta
TUILLEADH (2) ▼
An bhfaca tú dream ar bith ariamh nach bhfuil buille maitheasa ar bith orthub ach máistrí scoile? Cupla uair sa ló agus leath na bliana ina gcónaí. Is olc an tír atá dhá n-íoc, leabharsa.
Tá an saothrú beag, ach dheamhan an fiú dhuit a rá go mbeidh buille maitheasa ar bith ort ann.
+
Níl déantús maitheasa ar bith ann. Is annamh a ghníonn sé aon bhuille oibre.
Dheamhan buille ar bith oibre air ansiúd, ach cupla loilíoch a bhleán, agus tá saothrú maith dhó ar an méid sin fhéin.
TUILLEADH (4) ▼
Cén chiall nach ndéanann sé buille ar bith oibre ar an aimsir seo?
D'uireasa aon bhuille oibre a dhéanamh atá an rachmall sin air. Deirimse leatsa gur beag an rachmall a bheadh air dhá gcaitheadh sé an cladach a thabhairt air fhéin chuile mhaidin le giolcadh an éin mar a dhéananns tuilleadh.
Is deacair dhó buille oibre ar bith a dhéanamh amuigh agus an t-airdeall nach mór dhó a dhéanamh ar an áit istigh.
Tá sé i dtír na hóige ann a mhic ó! Togha na beatha agus gan buille maitheasa ar bith!
+
An buille fhéin ní dhearna sé le mí anuas, ach ag imeacht ar ragairne agus ag déanamh aos díobhaill i gcaitheamh na hoíche ar fud na tíre.
Ní ligfeadh corp leisce dhó buille a dhéanamh.
TUILLEADH (12) ▼
Níl buille ar bith déanta agam ó mhaidin ach ag coinneáil cainte le T. Mh.
Mura ndéana tú buille eicínt thairis sin, b'fhearr dhuit éirí as ar fad — b'fhearr sin!
Is mairg dhuit nach bhféachfadh le buille eicínt a dhéanamh tharas mar atá tú.
Níl mé in ann aon bhuille a dhéanamh an áit ar bhain mé stangadh as mo dhroim leis an bhféar tá gairid ó shin.
Ní dhéanfaidh na daoine aon bhuille aríst go brách ach grásta Dé (ar dhrochaimsir)
Dheamhan buille déanta agam de bhláth bliana fós — ní dhearna mé aon obair fós i mbliana
Níl a fhios aige siúd le aon bhuille a dhéanamh, tá sé chomh díomhaoineach sin.
Beannacht Dé dhuit, a dhuine sin! Dheamhan an buille fhéin a rinne mé le mí ag ruaig tinnis a bhuail mé théis na Nollag.
Fuair tú amach an té a dhéanfadh aon bhuille ar fónamh — é sin!
Bhí spailpín agam bliain go ham seo agus dheamhan buille ar bith ba mhian leis a dhéanamh. B'éigean dom bóthar amach a thabhairt aríst dó agus duine eile a fháil.
'Sí a leasmháthair a thógfadh air gan aon bhuille a dhéanamh, scáth a bhfuil sé a fháil ar a son.
Thosaigh na fir oibre ag ceasacht páí agus mhionnaíodar agus mhóidíodar dheamhan an buille (dheamhan oiread is an buille) a dhéanfaidís go bhfaighidís ardú.
+
Murach a chuid leisce agus leointíochta fhéin nár thug aire dhá ghnaithe, dheamhan buille ar bith a bhí air sin sa teach mór; ach bhuail uabhar é agus fágann sin é fhéin go dona anois.
Dheamhan buille dhá bharr — ní dhéanann sé mogall (smeach, punt, a dhath) oibre
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhíonn buille ar bith ar lucht an tsléibhe i gcaitheamh an gheimhridh — ní bhíonn orthu obair ná luain a dhéanamh
5.
buille rámha (iomramha): iarracht aonraic iomramha ar na maidí rámha.
a.
+
Dhá bhuille rámha, tabharfaidh siad isteach ar an oileán thú. Níl sé achar ar bith ón tír.
Tá an-bhuille iomramha aige.
TUILLEADH (2) ▼
Níl air ach buille iomramha a thabhairt dhá bháidín uair ar bith a mbuailfidh uaigneas é ar an oileán agus beidh sé istigh ar an tír.
Coinnigh buille iomramha uirthi go dtaosca mé í.
+
Níl aon bhuille de rath aige — ní iomróir maith é
Thabharfadh buille amháin ar chaladh shábhala iad, ach bhí an báthadh lena n-aghaidh — daoine a báitheadh láimh le tír
TUILLEADH (3) ▼
Cuirfidh buille eile suas ar an talamh tirim í (curach)
Buille eile agus bheadh sí buailte agat ar an trá.
B'éigean dóibh a dhul ar na buillí — bádóirí nach mbeadh aon chóir acu, chaithfidís a dhul ag iomramh
·
Bhí siad ag teacht buille ar bhuille — le hais a chéile (dhá bhád, dhá ord srl.)
b.
+
Bhí dhá bhuille rámha (nó dhá bhuille iomramha) ar an mbád — beirt iomróirí
Níl uirthi ach buille amháin iomramha — ní fhéadfadh iomramh inti ach duine
TUILLEADH (5) ▼
Ní raibh ach buille iomramha ar an gcuraigh ar a bealach isteach dhi.
Cuir (buail) buille iomramha ar an mbád — téirigh ag iomramh
Níor chuir siad uirthi thar bhuille amháin iomramha.
Thug sé sa leathbhord í agus chuir sé buille iomramha uirthi.
D'airigh sé an buille iomramha uirthi isteach ar feadh an bhealaigh, ach nuair a bhuail sé caladh, níor léir dhó go raibh duine ar bith sa gcurach ach é fhéin. Chaithfeadh sé nár dhuine saolta a bhí thiar ag a tóin.
+
Tá bád dhá bhuille aige.
Tá sé chomh maith dhom a rá nach raibh uirthi ach aon bhuille amháin, arae níorbh fhiú trumpa gan teanga an t-iomróir eile. Is mó a bhí sé ag cur as dhúinn.
TUILLEADH (4) ▼
Ní raibh call dhúinn a chur uirthi ach buille amháin leis an gcóir a bhí againn.
Bhí muid ar an mheatha mhóir, ach is gearr a bhí lom gaoithe aneas agus dhá buille iomramha dhá(r) dtabhairt chun tíre
Bhí siad ag cur thartub ar aon bhuille amháin — bhí siad ag iomramh agus na maidí ar chomhimeacht ionann is nach mbeadh ar an mbád ach buille amháin
"Chonaic sé chuige an curachán snámha, iomramh céad, agus gabháil dháréag, agus gan uirthi ach aon bhuille amháin" (as Céatach Mhag Fhinn Rí Éireann)
6.
buille marbh: do mhaidí a ligean le sruth roinnt; nó claochmú beagán, dhá mbeifeá ar do tháirm oibre.
a.
+
Níor lig sé aon bhuille marbh ina chuid oibre ó mhaidin — tá sé ar aon táirm amháin ag obair ó mhaidin; thug sé aire dhá chuid oibre
Siúd é an ceann céanna nach ligfidh aon bhuille marbh ina ghnaithe ach ar a tháirm i gcónaí.
TUILLEADH (8) ▼
Is crua an cás é má ligeann sé siúd aon bhuille marbh ina chuid oibre.
Lig sé buille marbh san iomramh — chlaochmaigh sé beagán san iomramh
Ní mór dhuit coinneáil uirthi (bád), agus gan aon bhuille marbh a scaoileadh san iomramh
Níor fhéad mé aon bhuille marbh a ligean in mo chuid oibre inniu, arae bhí féar ligthe amach agam agus dheamhan a raibh a fhios agam cén pointe a dtiocfadh an múr.
Níl gair agaibh aon bhuille marbh a ligean ionaibh fhéin aríst go mbí an t-earrach curtha.
Ní fhéadann fear na háite seo aon bhuille marbh a ligean ina chuid oibre aon uair. Ní túisce obair críochnaithe ná a bheas cruóg eicínt eile ag breith air.
Is mór is fiú dhuit an ceann oibre sin a bheith críochnaithe agat, arae is féidir leat do scíth a ligean anois agus corrbhuille marbh a ligean in do chuid oibre go dtaga earrach aríst.
Thú fhéin a bheas síos leis má ligeann tú aon bhuille marbh in do ghnaithe
b.
ball lag nó fabhtach i rud.
+
D'fhága sé buille marbh sa súgán — ball bog nó giota nár chuir sé a dhíol fuinnimh ann agus a bhí fabhtach dhá bharr sin
Ní raibh aon bhuille marbh ionam ó mhaidin deirimse leat — níor fhága mé tada in mo chónaí ionam fhéin, ach ag obair liom ar mo tháirm; bhí chuile bhall ag gabháil liom ar díocas nó ar a miotal
TUILLEADH (1) ▼
Níor fhága an t-ualach sin aon bhuille marbh ionamsa — ba é mo sheaneire é
7.
as buille: dhá mhaidí; treampán a chur idir duine agus a mhian; a dhul i mbarr rud ar dhuine, nó cur as dhó sa rud a bheadh sé ar tí a chur i gcrích (dhá bhuille amantaí)
+
Cuireadh as do bhuille thú shílfeá.
Bheadh sé déanta anois agam murach an chaoi ar chuir tú as mo bhuille mé.
TUILLEADH (16) ▼
Nuair a shílim a bheith ar dhroim na muice, sin é an uair a chuirtear as mo bhuille mé i gcónaí.
Bhí liom, murach an chaoi ar chuir an t-ógánach sin as mo bhuille mé (fc. ógánach)
Níl neart ar bith agamsa ar an moill, arae chuile uair dhá mbíonn súnás oibre orm, sin é an uair a chuirtear as mo bhuille mé.
Bhí an liathróid amuigh aige murach gur éirigh liom é a chur as a bhuille.
Níl neart agam fiachaint (féachaint) le luach leithphínne a dhéanamh nach gcuirfidh duine eicínt as mo bhuille mé. Is mó dhá fhonn atá orm gan tada a dhéanamh anois.
'Breá nach n-éistfeá liom agus gan a bheith do mo a chur as mo bhuille chuile phointe?
Is beag a thaitnigh leis gur cuireadh as a bhuille é muis.
Is fánach an rud atá in ann duine a chur as a bhuille nuair nach mbíonn aon luí leis an obair aige.
Is fadó an lá a bheadh ceart bainte de Shasana ag D. murach an dream atá acht is áirid ag iarraidh é a chur as a bhuille.
Bheadh an geábh sin liom murach an diabhlánach sin thíos a chuir as mo bhuille mé.
Bheadh an cheist fuascailte dhá mbeifí gan mé a chur as mo bhuille.
Dhá bhfaighinn cead mo chinn, agus gan mé a chur as mo bhuille, b'fhéidir go mbeinn in ann sin fhéin a dhéanamh.
Má chuireann tú as a bhuille chor ar bith é, ní dhéanfaidh sé mogall duit uaidh sin amach.
Nach deas a cuireadh as a bhuille é, agus gan súil ar bith aige leis.
Tá sé imeartha. Is deas a chuir sé as mo bhuille mé agus mé siúráilte go raibh liom.
Tá mé as mo bhuille agat
·
Cuireadh as do bhuille thú a dhuine bhoicht! — duine a raibh bleid buailte aige ar chailín agus chuaigh duine eile ina bharr air.
Chuir tú as mo bhuille mé — chuaigh tú idir mé agus bean eicínt a bhí gafach liom; bhain tú bean díom; chuir tú araoid eicínt orm fhéin agus ar bhean a bhí gafach liom
8.
baintear féar as a bhuille nuair a croitear nó a ligtear amach as an tsraith é lena thriomú, nó nuair a croitear é le corrán nó le píce féir théis a spealta, leis an salachar, na fothannáin, na geosadáin agus eile a bhaint as.
+
Tá sé chomh maith dhaoibh an sláimín féir sin thiar a bhaint as a bhuille inniu ó tharla sibh réidh go dtí é.
Tá móinéar ansin thíos agam atá spealta le dhá lá agus dheamhan slám dhe a baineadh as a bhuille fós, ná a raibh aon ghair agam corrán a leagan air, le a bhfuil de chruóig thairis orm.
TUILLEADH (9) ▼
Níl an aimsir in araíocht aon fhéar a bhaint as a bhuille — níl sin.
Tá sé chomh maith dhaoibh an lá breá a thapú agus an garraí féir sin thiar a bhaint as a bhuille agus é a ligean amach. Má sheasann an bhrothaíl seo, beidh sé in ann cocaí beaga a dhéanamh dhe tráthnóna.
Is mairg dhaoibh nár bhain an cúl thoir as a bhuille freisin agus bheadh cúnamh maith triomaigh anois air.
Seo í an uair le féar a bhaint as a bhuille.
Ar maidin a bhain mé an cúilín sin as a bhuille, agus i nDomhnach, má fhaigheann sé lá eile mar an lá inniu, beidh sé in araíocht é a chur i gcoca móinéir.
Is dona a chruthaigh tú nár bhain an garraí sin as a bhuille inniu agus ní aireofá go mbeadh sé in alt a choctha agat.
Inné a baineadh an bhuaic sin den pháirc as a bhuille agus feiceann tú fhéin go bhfuil sé in alt a choctha inniu.
Bhí an ghail bhruite ag éirí as gan é a bhaint as a bhuille chor ar bith.
Croith amach é agus bain as a bhuille é.
9.
roinnt; cuid an bheagáin; fionnadh beag
+
Tá sé buille lag le aghaidh na hoibre.
Bhí an lá buille fuar.
TUILLEADH (23) ▼
Tá sé buille drochmhúinte má théann tú sa gceann sin leis.
Bhí sé buille anglánta faoi na caoirigh a dhul i mbradaíl air.
Déarfá go raibh sé buille doscúch anocht pé ar bith céard a chuir múisiam air.
Tá an oíche buille dorcha thar an oíche aréir
Tá an mála sin buille trom dhuitse lena iompar.
Tá an bhó buille suaite thar mar a bhí sí i dtús bliana.
Tá an cosán buille bog ag asal anois.
Tá an mhairteoil sin buille láidir ag duine le bheith dhá hithe dólom!
Ná cuir mórán araoide air anocht, arae tá sé buille cantalach.
Tá sé buille sean anois le bheith ag bualadh báire. Ní fhéadfadh an choisíocht a bheith aige, théis a dhíchill.
Tá sé buille dorcha thar dhuine eile — tá sé dúnárasach thar fhormhór na ndaoine; níl sé chomh pléascánta le chuile dhuine eile
Ní fhéadfadh an féar sin gan a bheith buille dreoite, arae sé sin an fáth, ní bhfuair sé an ghrian.
Shílfeá go raibh S. B. buille súgach anocht. Meas tú cár éirigh sé leis?
Tá sé buille deireanach anois le aghaidh a thabhairt in aon áit.
Tá sé buille brocfhliuch le corraí amach.
Tá fataí buille trom le n-ithe ag dul a chodladh do dhuine.
Tá sé buille beag bainte amach anocht — tá fonn macnais nó siamsa air
Níor mhór dhuit a bheith buille dúshlánach leis, más leat aon cheart a bhaint dhe.
Tá sé buille beag pointeáilte thar an athair, ach is furasta dhó sin
Tá an bhó bhreac buille dodach lena bleán, go mbí cleachtadh aici ort.
Tá sé buille beag bosach, ach dar ndóigh, ní ón ngaoith a thug sé sin.
Sé clocha a bheinn a iarraidh, ach níor mhiste é bheith buille beag faoi nó os a chionn.
Sé troithe airde an phóilí, ach tá siad ag glacadh daoine atá buille faoi anois má bhíonn siad feiliúnach ar chuile chaoi eile.
10.
+
Níl aon bhuille bog sa mbuachaill sin! — níl aon bhoigréis nó boige shíne ann; ní furasta imeartas air nó dallach dubh a chur air ná é a mhealladh.
Fuair tú amach é muis, an té a mbeadh aon bhuille bog ann!
TUILLEADH (9) ▼
Má fhaigheann sé buille bog ar bith ionat, imreoidh sé ort de do mhíle buíochas. Dhá bhríthin sin, is fhearr dhuit a bheith ar t'airdeall fhéin in am.
Is maith nach mór dhuit a bheith ar t'airdeall fhéin nó má fhaigheann sé buille bog ar bith ionat, beidh sé ag tuineadh leat go gcuire sé an oiread den dallach dubh ort agus go ndéana tú margadh leis.
Ná bíodh aon bhuille bog ionat ag plé leis sin nó beidh a lear ort fhéin; creid mé dhuit ann.
An té a n-aireoidh sí siúd aon bhuille bog ann, rachaidh sí suas ina mhuinchille, deirimse leat.
Chuirfeadh an ceann céanna an chluain Mhuimhneach ar an nGadaí Dubh le teann imeartais agus bladair. Mar sin, ná faigheadh sé aon bhuille bog ionat ach téirigh go bun an angair le do mhargadh.
Thapaigh sé a dheis agus 'sí a leasmháthair a thógfadh air é ó tharla go bhfuair sé an buille bog ionat.
Níl buille bog ar bith ann ag déanamh margaidh, ach ní fhágann sin nach fear gnaíúil é. Chaithfeadh sé luach bó leat dhá mbeadh aon bheann aige ort.
Má airíonn siad siod buille bog ar bith ionat, leagfaidh siad ort
Duine ar bith a n-aireoidh siad siúd aon bhuille bog ann ag glaoch óil, suífidh siad ina bhun. Dheamhan sileadh a thabharfainn dóibh, dá dtiteadh an teanga amach astub le dúil ann.
+
Shíl mé nach raibh buille bog ar bith sa gcailín sin tharas aon bhean sa tír. Cheapfá uirthi go raibh sí ciúin céillí.
Is buachaill báire é má fhaigheann sé bean ar bith a mbeidh aon bhuille bog inti.
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan buille bog ag gabháil léithe sin.
Cailín ar bith a n-aireoidh an leiciméara siúd aon bhuille bog inti, is bean le fán an tsaoil í.
11.
+
Is maith an buille í — is maith an dóigh í; bean dhéanta théagarthach a bheadh ina húdar maith buime nó ina dóigh maith clainne
Ní drochbhuille chor ar bith í.
TUILLEADH (2) ▼
Is ait an buille í, pé brí cé gheobhas le pósadh í.
Tá buille maith aige — bean urrúnta láidir
12.
buille faoi thuairim: barúil, meas, tuairim
+
Nach bhféadfá buille faoi thuairim a thabhairt faoi (air) — barúil réthuairim
Ní fhéadfainn mionnú air. 'Sé a bhfuil agam buille faoi thuairim.
TUILLEADH (8) ▼
Níor thomhais mé é, ach tá buille faoi thuairim agam go bhfuil sé leithchéad coisméig (portach)
Dhá mbeadh buille faoi thuairim ar bith agam cén áit a bhfaighinn é, thiocfainn ar a thóir.
Thabharfá buille faoi thuairim maith dhó gan é a mheáchan chor ar bith.
Tá an-bhuille faoi thuairim aige — thomhaisfeadh sé, nó bheadh sé in ann barúil mhaith a thabhairt, cén meáchan, airde, srl. rud.
Thug sé buille faoi thuairim go raibh an mhuic naoi gclocha go leith ar a cois, agus ní raibh sé i bhfad as ach oiread.
Is olc an buille faoi thuairim é sin — tá sé (tú srl.) i bhfad as
Dhá mbeinn in ann buille faoi thuairim fhéin a thabhairt faoi, bheadh liom.
'Sé a mbeinn a iarraidh buille faoi thuairim cé mhéad spray a theastódh uaim, agus níor mhiste liom faoi nó os a chionn ansin é

Féach freisin

buille in iontrálacha eile (50+)

 
Dheamhan buille a dhein sé ó mhaidin ach caite ar an gceannfhearann ag séideadh tobac uaidh. Is dóigh go bhfuil sé breoite ó ól an lae inné
 
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó ligfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maíochtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl ina dhiaidh sin
 
Is fearadh do ghasúir an cócó seo. Bheidís thart dhá uireasa agus chomh deireanach agus a choinnítear ag an scoil anois iad. Ligtí amach ar bhuille an trí fadó iad — is maith nó is áirge do ghasúir é; it will have a good effect on children; it will benefit them; it is a great asset to them
 
fios
Níl duine ar bith nach í a leas a dhéanfadh dhá mbeadh a fhios aige é. Ach sin é an buille. Ní bhíonn fios a leasa ag duine
 
Ghabhfainn ar farraige inniu dhá mbeadh fear fobhairne agam, ach sin é an buille. Cá'il an fear fobhairne ab fhiú dhuit a thabhairt leat den bhaile seo. Níl a leithide ann
 
Níorbh fholáir dó chomh láidir agus a bhí sé. Dar fia dhá n-airíodh an ceann eile buille marbh ar bith ann, thapódh sé é. Is buachaillín crua é an fear eile fhéin
 
Ní iarrfadh sí aon bhuille maitheasa a dhéanamh go héag ach cead framsáil a fháil ar bhóithrí
 
Ní dhéanann sé buille maitheasa ach ag cur caoi ar an mbicycle atá aige, ag cur iongáis agus freigisí air. Agus ní túisce thuas aige iad ná anuas aríst
 
Dheamhan buille ar bith a níos sé sin ach ag máinneáil timpeall an bhaile ag coinneáil chuile dhuine eile ó obair
 
fána
Tá an chú sin caite le fána ar fad. Shílfeá go mbeadh sí níos teangmháilte ná sin as a tosach. Meas tú an gortú a d'éireodh di. Baineadh cupla treascairt aisti agus í ag coráil an ghiorria an lá cheana, ach shílfeá nach raibh tada uirthi ach go raibh sí buille beag cróilithe go ceann dhá lá.
 
Diabhal buille ar bith a níos sé sin ach ag imeacht go fánach mar sin
 
Éirigh as an bhfánaíocht agus déan buille eicínt maitheasa feasta choíchin. Ach níl fír na maitheasa ionat
+
féar
Tá sé ag baint an fhéir as a bhuille (fc. buille)
TUILLEADH (1) ▼
Dhá dhonacht dhá bhfuil an bháisteach seo ag féar atá ar sraith, is measa go fada é ag an bhféar atá ar a chois. An féar atá "ina luí" lobhfaidh amlú anois é. Tá sé buille deireanach sa mbliain
+
fóir
Níl buille maitheasa déanta agaibh ó mhaidin. Go bhfóire Dia ar an té atá in bhur gcleithiúnas!
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh mé fhéin ag déanamh fóirithint air agus ba mhó na buillí a d'éirigh liom ná leis fhéin. Ar ndóigh deir siad é: ní theagann fear an eadarascáin saor
 
Tá caidhfte mná aige, nach n-iarrfadh aon bhuille maitheasa a dhéanamh dhá lá a saoil, agus faigheadh sí duine a choinneodh comhrá léithe.
 
Déan do bhealach agus ná cuir caidéis ar aon duine, agus ní chuirfidh aon duine aon chaidéis ort. Níl buille ar bith is fhearr ná an buille réidh
 
calm
Má sheasann sé ina chalm mharbh mar seo i bhfad eile, caithfidh sibh a dhul ar na buillí — a dhul ag iomramh
 
Chreidfinn go raibh coill le bruach na farraige fadó. Is minic a d'fheicfeá mioncharcaireacha agus maidí giúsaí i mbarr na trá, ach a dhul síos buille domhain.
 
Ní ghnídís sin buille maitheasa ar bith eile fadó ach ag caoladóireacht agus ag ciseadóireacht, agus ag díol chléibh agus ciseáin i nGaillimh.
 
Má chuireann tú araoid ar bith ar an gcoinicéar siúd, ní bheidh agat ach malrait, ní bheidh sin. Mar sin, 'sé mo chomhairle dhuit ligean di ar fad. Níl buille ar bith is fhearr ná an buille réidh
+
B'fhearr dhuit gan a bheith buailteach nó gheobhaidh tú an té a thabharfas comaoin do láimhe dhuit as a dheireadh. Níl buille ar bith chomh maith leis an mbuille réidh.
TUILLEADH (1) ▼
Má tá sé moltanach fhéin ar an gcliamhain, leabharsa, ba chomaoin dó. Dheamhan buille a bheadh déanta aige murach a dtugann sé de laethantaí isteach dó.
 
cora
Báitheadh é sa gcora i sruth lán mhara. Scuab an sruth leis é, ach dhá mbeadh aon bhuille snámha aige, bhí leis.
 
Níor mhiste dhuit dhá mbeifeá gan buille ar bith a dhéanamh ach cuir an-chosúlacht ort fhéin — dhá dtrian den damhsa an chosúlacht tá a fhios agat.
 
Má tharraingím í (dorn), tabharfaidh mé an buille céatach duit.
 
Tá an cíosáinín sin thuas ag M. Bh. istigh againn chuile ré solais. Meas tú an ndéanann sé buille maitheasa ar bith, ach chreidim gurb é cuid an bheagáin atá sé in ann a dhéanamh théis a dhíchill. Dheamhan brí ann.
 
Airíonn siad buille bog san oinseoigín bhoicht. Murach sin, ní bheadh an saol bruíonach ina diaidh. An áit a mbíonn an óinseach, bíonn a cóisir ann.
 
M'anam muise gur maith é faoina chuid buillí, dhá chúilialta dhá bhfuil a ligean amach — 'sé an t-abhras a bhainfeá as a chuid cainte féin, go bhfuil sé lách socair, ach tá sé buailteach ina dhiaidh sin.
 
Ní fhaca mé ariamh é nach i mbéal an bhealaigh a bheadh sé. Meas tú an ndéanann sé buille ar bith maitheasa?
 
Níl an coigéal atá ann trí bhuille iomramha trasna, agus bháfaí man of war ann ina dhiaidh sin, tá sé chomh domhain sin.
 
An bhfaca tú uair chomh breá léithe ariamh ar choraice dhubh na bliana. Má tá sí buille fuar fhéin, tá sí teann tirim, agus dar príocaí, is mór is fiú an triomach.
+
crinn
B'fhiú dhuit an churach thiar agus curach an bhaile seo a fheiceáil ag crinneadh a chéile sna geallta. Dheamhan ionga ná orlach a bhí ag ceachtar acub ar a chéile nó go raibh siad fhoisceacht dhá bhuille iomramha de cheann cúrsa. Sin é an uair a chuaigh na maidí in ascar ar an dream thiar, agus chailleadar an geall.
TUILLEADH (1) ▼
Murach gur bhris an croga buaic orainne an uair sin a raibh muid fhéin agus curachóirí na T. B. ag crinneadh a chéile, dheamhan a fhios agam cén chaoi a ngabhfadh an geall. Ach is mór a chuir an méid sin dhár mbuille muid.
 
Níl aon trua le déanamh dhaoibh, nár tháinig abhaile fearacht chuile dhuine eile. Nach raibh a fhios agaibh nach mbeadh an lá in araíocht aon bhuille a dhéanamh ó thosaigh sé ar an gcrámhar sin!
+
Dhá bhfaighteá an chuaifeach de bhuille a tharraing sé ort, dheamhan fata a changlófá le do mharthain aríst.
TUILLEADH (2) ▼
Ní thiocfaidh an chuaifeach de bhuille sin leat. Ídeoidh mise ort é, feicfidh tú fhéin air.
Bhí an t-ádh ort nár éirigh an chuaifeach de bhuille siúd leat. Dar fiagaí dhá n-éiríodh, chodlófá go sámh anocht, chodlófá sin.
 
Déarfainn nach áit buaile ná seanbhaile dhúinn an áit seo anois má fhéadann muid imeacht as, ach sin é an buille! Ní mé an bhféadfaidh?
 
Is mairg dhuit nach ndéanann buille eicínt maitheasa tharas a bheith in do bhoideoide mar atá tú.
 
Siúd iad nach bhfuil aon bhuille bog iontub faoin rud atá acub. Chinnfeadh sé ar chat bhradach aon bhrabach a fháil orthub faoi thada.
 
Feictear dhom go bhfuil mé buille breoite inniu, murab é an slaghdán atá ag teannadh liom. I nDomhnach, dheamhan a fhios agam nach é
 
breá
Gheobhaidh sé locht ar dhaoine eile go maith, ach nach breá nach mian leis fhéin buille ar bith a dhéanamh.
 
An té a aireos sé sin buille adhartha chor ar bith, leagfaidh sé isteach chuige. 'Sé atá deas air.
 
aer
Dhá mbeadh lá go haer ann, ba é an mhaith amháin é, mar ní dhéanfaidís buille théis an sé a chlog.
 
Ní bhuailfidh mé fúithi chor ar bith. Tá sí buille beag róthaghdach agam — ní chuirfidh mé araoid ar bith ar an mbean sin nó ní phósfaidh mé í, arae tá sí róspadhartha nó ró-olc dhomsa
+
buail
"Nach trua mé ar bord cuain, agus gan mo charaid le glaoch; buille gualann ní bhuailfidh dhom go deireadh mo shaoil" (Antoine Mac Conmara — Seán Mac Conmara a chum)
TUILLEADH (2) ▼
Gheobhaidh sé bualadh ar an mbualadh agus buille ar an mbuille — sásamh as ucht buailte a rinne sé fhéin cheana
Is minic an buille le bualadh í (ciall gháirsiúil) — bean