bás (50+)
→
faitíos
Diabhal pléidh a bhéas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Feacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseall ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air
+
→
fios
Níl fios oíche ná lae aca ar a bhás = tá déanta len a bhás, agus ní fios cén nóiméad
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh fios a báis agam nuair gur chuala mé ó Ch. annsin thoir é = ní raibh a fhios agam go raibh sí básuithe
→
freagair
Is beag nach bhfuair mé na seacht mbáis san gcurach nuair a chonnaic mé an mulán ag freagairt róm, agus an churach ag dul caol díreach uirri.
+
→
féar
Faghann na ba bás an fhad's' bhíos an féar ag fás = cailltear daoine leis an amhgar cho uain agus a bhíos siad ag fanacht le cabhair, go bhfagha a gclann postaí, go dteaga a gclann in éifeacht, go mbeidh a gcuid eallaigh, a gcuid barr etc. in alt a ndíolta agus rl.
TUILLEADH (3) ▼
Cén uair a bhéas na muca sin le díol má fhágann Dia againn iad? Faoi Shamhain seo chugainn. Céard a thóigfeas na daoine idir dhá am … Faghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás
Tá moill ar mhóin shul a mbeidh sí le díol. Faghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás. Mara dteighe an uair ar thriomach thairis seo dheamhan fód móna a bhéas in alt a díolta go bhfeice tú achar
Tá dhá bhliain eile uirre siúd san gColáiste. Dhá mbeadh sí in a máistreás bheadh sí indon deóladh a choinneál leis an athair agus leis an máthair. Dheamhan slí ó Fhlaithis Dé aca. Ach faghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás
→
calm
'Calm a's deagh-lá go bhfagha t'anam, a ghaidí' adeir a' t-iascaire a's an t-athair a' saothrú báis (as scéal magamhail faoi iascairí cladach Teampuill Mhuire).
Dheamhan lá ó tháinic cuimne dhom, nachar chuala mé an ceann céadna a' ceisniú, a's a' leigean tinnis uirre fhéin, ach tá sí annsiúd in a ruacán caillighe fós, a's gan cosamhlacht a' bith báis uirre.
→
cinnire
Dar mo choinsias muise, mara bhfuil an capall an-mhín, ní shin é an cinnire ab fhearr liom in a h-éadan — bás bradach. Má chuireann sí cosamhlacht a' bith uirre, dheamhan a' dóichide rud a dhéanfadh sé sin, ná cead a' bhealaigh a thabhairt di.
→
comaoin
Ní cumaoin duit gan a dhul chomh fada léithe, a's bás a fir a chású léithe. Ba mhaith í fhéin, lá an andógha.
→
abhaile
Sin é cúrsaí an tsaoghail. Níl aon-séanadh ar a' mbás, go bhfoire Dia orainn! Tiocfamuid uilig abhaile lá eicínt, má's fada gearr é.
+
→
baile
Ná samhluigh an baile sin liom thar aon-bhaile. Fhobair go bhfaghainn bás leis an ocras istigh in a cheartlár, a's ní fhaca mé an té a thairgeochadh braon tae dhom 'na dheidh sin.
TUILLEADH (1) ▼
Is gar do bhaile a bhí fód a bháis, aindeoin ar shiubhail sé.
→
bannaí 1
Thug sé bannaidhe béil dhom, dhá bhliadhain ó shoin, gur agham a d'fhágfadh sé 'chuile shórt th'éis a bháis, ach is beag a' mhaith dhom é sin, anois, faoi nach ndearna sé udhachta air.
+
→
bealach
Tá sé ag giorrú an bhealaigh. Sílim gur gearr a' bás uaidh anois.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé a' giorrú an bhealaigh le gabhail 'un seachtmhaine, a's ní bhfuair sé aon-bhás fós 'na dheidh sin. Nach áidhbhéil a' seasamh aige é!
'San am ba mhó a raibh sé a' déanamh créatúlacht' ar a chuid tionóntaí, leagadh dhá chapall é, a's é 'fiadhach lá. Ó'n lá sin amach, níor ól sé aon-deoir bhainne slainte. Bhuail aicíd eicínt é dlúth 'na dhiaidh, a's shaothruigh sé an bás go maith.
+
→
críoch
Dochtúirí Chríghe Fódla, a's ní dhéanfaidís aon-mhaith do dhuine, má bhíonn a' bás air. Nuair a bheidheas do lá caithte, caithfe tú imeacht.
TUILLEADH (1) ▼
Na críocha déigheannacha — bás, breitheamhnas, ifreann, a's flaitheas.
+
→
beo 1
T.: Cé'n chaoi 'bhfuil tú? S.: Beo ar éigin, leisce bás a fhaghail (níl ann ach modh focail. Ní móide go mbeadh clóic a' bith ar a' té adéarfadh é).
TUILLEADH (8) ▼
Beo ar éigin leisce bás 'fhaghail, a mhic ó. Is maith an mhaise dhuit fhéin é, bail ó Dhia ort.
Nach gearr a' cháirde a thug a' bás dó, a's nach rug mé beo air!
Tá an chainnt sin ceart go leor — 'fan beo a chapaill a's gheobha tú féar' — ach ar chuala tusa ariamh 'go bhfaghann na ba bás 'fhad's bhío(nn)s a' féar a' fás'.
Cuirfe siad sin 'chuile shórt ar a' méir is fuide, a's dheamhan ar mhiste leob dhá bhfaghadh créatúir bhochta bás, chomhuain's bheidís a' fanacht leis a' gcabhair. 'Fan beo a chapaill, a's gheobha tú féar' dar ndóigh.
Breagh nach bhféadfá a bheith beo leis a' rud a bheitheá a dheanamh, a's gan a bheith a' faghail bháis as a chionn?
Níor mhaith dhuit a' bás a shamhailt leis siúd — fear atá beo, beithidheach fós.
Dheamhan cuimne 'bith báis ag Seán. 'Sé atá beo beithidheach, a's chomh maith a's 'chonnaic tú ariamh é.
Ní a' faghail bháis chor a' bith atá sí sin, ní hé t'fhearacht fhéin é. Cailín beo, bíodhgamhail í sin, deirimse leat.
+
→
beo 2
Dhá mbadh é mo bhás, nó mo bheo é, an uair chéadna, dhéanfainn é.
TUILLEADH (3) ▼
Má's é mo bhás nó mo bheo é anois, is cuma liom. Tiocfa mé thríd.
Ní beo liom mo bheo, a's ní bás liom mo bhás a's an chaoi atá orm = níl aon-drugal agam bás a fhaghail, arae tá mé a' saothrú an tsaoghail (nó luit, nó tinnis) thar m'acmhuinn, mar atá mé.
Ní beo liom mo bheo, a's ní bás liom mo bhás, ó rinne mé an imirce seo.
→
beos
Bíodh beodhas eicínt ionnad uair eicínt, a's ná bí ag imtheacht in do bhás i gcomhnuidhe mar sin.
→
bruach
Is fada an duine bocht a' crochadóireacht leis ar bhruach na h-uaighe, ach 'sé mo mheas gur gearr an bás anois uaidh ar aon-chor.
→
aer
Má bhíonn piorfhiachaí le cuir (dh)íot agad, a' faghail bháis dhuit idir a' t-aer 'sa' talamh a chaithfeas tú iad a chuir (dh)íot.
+
→
aiféala
Ní raibh breith búnn (bonn) báis agad ar bhean a fhaghail, agus anois ó tá sí agad, tá tú in aithmhéala = b'fhada leat go mbeitheá pósta, agus anois thárla pósta thú, is mó an dúil a bheadh agad a bheith scaoilte aríst.
TUILLEADH (1) ▼
'Tiocfa a bhás in aithmhéala ort' adeirim fhéin 'dhá laghad é' = 'beidh aithmhéala ort faoi na mharbhú, dhá laghad téagair é' adeirim féin (duine a bhí ag (dh)ul a 'marbhú oiread na frighde d'fhirín)
+
→
buail ar
Buaileadh soitheach faoi íochtar an bhaile, aimsir stoirme, a's is beag nar chaill oigiséad fíona a bhí innte, a raibh 'san áit. Bhí déanta le bás J. N. ach tháinic sé as 'na dheidh sin. Ó'n lá sin, go bhfuair sé bás níor bhlas sé d'aon-deoir óil, ach cérbh iongnadh sin: 'an té bhuailtear sa gceann bíonn faitchíos air'.
TUILLEADH (1) ▼
Níl innte ach 'bás ar sliobarna'. Is maith a chruthóchas sí, má sháruigheann sí 'gairbhshion na cuaiche'! Dhá bheachtuighthe dhá raibh sé buaileadh air í 'na dheidh sin.
+
→
buail
Bhuailfinn é, marach narbh fhiú liom a bhás a bheith orm = duine a bheadh 'san ísle-bhrigh nó go dona, éidtreoireach.
TUILLEADH (5) ▼
Bhuail uathbhás é, a's ní raibh breith bonn báis aige, go mbeadh an féar coctha, faitchíos báistighe = tháinic falrach 'un oibre air, a's níor fhan foighid a' bith ann, go raibh an féar in a chocaí aige, ar fhaitchíos go dtiocfad sé 'na bháistigh air.
Bhuail a' bás é = tháinic an bás air.
Sé'n bás a bhuail é an uair sin.
Ní miste dhuit céard a bhuailfeas thú, ach gan a' bás do do bhualadh.
Ghlac sé bás na mná go dona, a's buaileadh sa gceánn é, go goirid in a dhiaidh.