Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

bás (100+)

 
abair
Deir tú leis an gcúin a cailleadh, adeir sí. Shílfeá nach leigfeadh an náire dhi é sin a rádh, lá agus gur leig sí 'un báis le amhgar í
+
Ní bhfuighidh sé sin aon-bhás choidhchin. Beidh sé ag dul ins na céid-déaga mar sin, agus ualaigh ag teacht air, agus é ag díriú aniar aríst ag caitheamh gail de'n tsean-dúda. Nach bhfuil sé ag saothrú báis ó a rugadh mé agus dheamhan bás ná bascadh fós air
TUILLEADH (2) ▼
Chuaidh do shean-athair — 'ndéanaidh Dia trócaire air! — ins na céad-déaga. Bhí siad ar thob a leagan amach an uair a tháinig mothú ann in ath-uair, agus ghlaoidh sé ar do shean-mháthair agus ar t'athair. Chaith sé caint eicínt leo. "Gheobhaidh mé bás su(a)ímneach anois," adeir sé. Thuit sé siar agus níor fhan deoir ann níos mó
Chuaidh sí sin ins na céad-déaga leis an bhfiabhras. Bhí déanta len a bás ag dochtúirí agus ag 'chuile dhuine. Ach is cosamhail nach raibh an t-imeacht uirre in a dheidh sin. 'Sí atá luath láidir indiu th'éis a clann a bheith tóigthe aice
 
daigh
Tá faitíos orm an doigh sin a theagas air, gur ó chancar í. Tá cancar a mhic ó ar leath do thíre. Níl innseacht ar bith ar a bhfuil ag fáil bháis leis anois, agus ní bhíodh caint ar bith fadó air
+
dáil
Tá sé indáil le ag fáil bháis
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhfuair sé bás fós ach tá sé indáil leis
Fuair sé bás indáil leis nuair a chuala sé go raibh a fhios agamsa é
 
dall 3
Deir siad gur bhuail sí rud eicínt idir an dá shúil air, agus gur dhall sí é. Bhí sé dall go bhfuair sé bás
 
Tá a bhfuil ins an teach damnuighthe aige anois, ag iarraidh imeacht go Sasana. Diabhal mise muis, go bhfaigheadh sé cead a chinn marach cho baoghlach agus atá an áit thall faoi láthair. An uair a bhí sé suaímneach, agus gan tada dhá chaitheamh anuas ann, ní raibh luighe ar bith aige a dhul ann. Ach anois níl breith bonn báis aige go mbeidh sé imighthe. Is beag dhá chuid contráilteacht' é mo léan
+
dán
Is iomdha rud atá indán do'n duine ó lá a bheirthe go dtí lá a bháis = is iomdha tonnáiste atá in áirid dó ag an saoghal
TUILLEADH (4) ▼
Sin é an bás a bhí indán ag Dia dhó. Ní raibh a theacht uaidh aige
Níl a fhios ag duine cá'il fód a bháis ach léar (de réir) mar tá sé indán ag Dia dhó, agus léar mar chuirfeas Dia fios air
Níl indán báis dhó agus a liachtaí uair agus a chuaidh an ola air
'Sé an chaoi a bhfuil an scéal sin má eirigheann rud duit le do chiontsiocair nó le do chionfaillighe féin, ní raibh ann ach go raibh sé indán duit. Sin caint ar sreath, adeárfainnse. Chonnaic mé laogh le T. Mh. annseo thuas dhá chailleadh le buinneach anuiridh. Ó'n lá ar bhuail sí é, go dtí an lá ar thug sí léithe é, dheamhan thiomanta purgóid ná buidéal a thug an fear sin do'n laogh sin, ná go fiú's a chur ar mhalrait féir ní dhéanfadh sé. Bhí mé féin agus é féin annsin thuas chois an chlaidhe ag breathnú air ag fáil bháis. "Ní raibh aon-dán eirghe dhó" adeir sé. "'Séard a bhí le déanamh leat" adeirimse "chúig bhliana príosúin a dhul ort"
 
danra
h-Iarradh air fanacht ins an mbaile. Bhí siad in a suidhe go te, agus 'ar ndú is dó a shroichfeadh a raibh ann. 'Deile, agus é in a bhior in aon-tsúil. Ach ní bheadh aon-tsástuigheacht air go dtugadh sé ruaig go Sasana. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn 'ar ndú'. Duine aerach a bhí ann, agus bhí an dream a bhí i Sasana dhá shaghdadh. D'imigh leis. Chaoin a mháthair uisce a cinn ag iarraidh a choinneál, ach ba bheag an mhaith dhi é. Dheamhan ar dhubhairt an t-athair drúcht ná báisteach ach "A chomhairle féin do mhac dhanra" adeir sé "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa". B'fhíor dhó. Fuair sé fód a bháis i Sasana. Dhá mhí a bhí sé ann an uair a thuit ceann de na rudaí eile sin air — na "bombs"
+
daor 2
Daoradh é, agus tligeadh 'un báis é. Maitheadh dhó ina dheidh sin é. An sean-L. a thug ó'n gcroich é. 'Sé a bhí deas air!
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon-tsásamh aige ann le cupla lá an uair nachar daoradh fear Chiarraidhe. Chaith sé an tseachtain ag guidhe len a bhás. Thapuigheadh sé an t-am a dteagadh an "nuaidheacht" 'chuile thráthnóna (an páipéar). "'Bhfuil sé daorta fós" adeireadh sé. Bhí sé dhá bheo-phianadh ceart 'nuair nach raibh siad dhá thligean de ghort an gharta
+
Nach breagh nach ndéanfá deabhadh agus gan a bheith ag fáil bháis léithe. Caithfear an t-ath-pholl a aichghróigeadh (aithghróigeadh) fós
TUILLEADH (1) ▼
Fuair tú amach an ceann a dhéanfadh deabhadh, ab é an bás bradach sin. Déanfaidh b'fhéidir!
+
deacair 1
Cuirim léan agus deacair air, agus nar fhagha sé bás choidhchin nó go bhfeicidh sé a theallach fhéin cho falamh agus atá mo theallach-sa
TUILLEADH (1) ▼
Cuirim deacair le na shaoghal air, an murdaróir a thug bás dom' athair!
+
Tiubharfaidh sí an laogh siúd atá aice do'n deachma. Níl aon-bhiseach faoi. Tá sé in a ghuróir annsiúd le claidhe agus má bheireann oíche sheaca air, beidh sé in a spéice ar maidin. Shílfeá go mbeadh smais eicínt air thairis siúd. An-údair uiliog a tháinic ó'n tarbh sin. Ach sin é an tógáil a fuair an díthreabhach bocht. Níor thóig sí aon-laogh ariamh, ach iad ag imeacht in a mbás ar sliobarna mar siúd
TUILLEADH (1) ▼
Muna mbeadh ar Sh. Mh. fadó ach léas ar a mhéir, d'fhanfadh sé istigh. Níor facthas a leithide ariamh le aire air fhéin. Dhá bhfiosr(uighth)eá de Sh. annsin céard a bhí air, ní thiubharfadh sé de thoradh ort i gcomhnuí ach "a mhic ó mo chroidhe thú, caithfidh mé deachma na sláinte a íoc". Ní innseochadh sé go bráth duit, céard a bheadh air. Ach ba deacair dó, arae ní bhíodh ceo na frighde air leath na gcuarta, nach (ach) nach dtiubharfadh sé an áit amach air féin ar bhás an domhain, dhá mbeadh gaimh ar bith ins an uair. Spriosáinín beag dona a bhí ann. Shéidfeá de do bhois é go dtí an Domhan Thoir. Bhíodh spideog air an lá ba bhreácha ins an mbliain … Ní bhíodh de leath-rann againn féin annsin in áit ar bith dá mbíodh sé ach "a Sh. caithfear deachma na sláinte a íoc." Is maith is cuímneach liom an oíche ar tórradh é. Tá sé suas le cupla scór blianta go maith. Bhí mé féin agus bulc de na scurachaí isteach in éindigh le P. Mh. a bhí annseo thuas ann. Chuaidh muid ar a' nglúine go gcuireadh muid faoi bhrigh na guidhe é. Níor dhubhairt P. urnaighe ar bith — go ndéanaidh Dia grásta ar an mbeirt agus ar na mairbh ar fad. 'Sé'n chaoi a raibh P. ag breathnú isteach air as cíonn cláir agus é ag rádh: "tá deachma na sláinte íoctha agad faoi dheire, a ghiolla sin. Ba cheart go bhfaightheá luch pine (luck-penny) maith anois, agus cho fada agus a chaith tú dhá íoc." Ní raibh aonduine ins an teach nach raibh falrach gáirí air. Cuímneochaidh mé air go dteighidh na h-órdógaí orm. Dar fiadh cuímneochad
 
Ba shin é an lá deacrach dó, an lá a ndeachaidh sé anonn go Sasana. Ach cé'n neart a bhíos air? Níl a fhios ag duine cá'il fód a bhás
 
"Calm agus dealá do t'anam, a dhaidí", adeir an t-iascaire, nuair a fuair an sean-dhaidí bás = ba shin é guidhe an iascaire; "May there be no moaning of the bar when you put out to sea"
 
dealg
Chuaidh sí sin isteach ins an aspuicil in a bás ar sliobarna, ach an uair a tháinig sí amach bhainfeá fuil aisti le dealg spíonáin. Sin í nach ndeacha an áit istigh go dona dhi ar chuma ar bith
 
Ní chaitheann sé snig bháistighe amach ins na réigiúin sin ó bhliain go bliain ach an uair a dhéanas sé í, déanann sé go deannachtach í. Chuala mé mac Ph. Sh. a bhí in Ástraoille ag rádh go bhfuil áiteacha annsin nar facthas aon-deoir bháistighe ariamh. Tagann daoine ar an saoghal agus faghann siad bás — agus b'fhéidir saoghal maith féin a fháil — gan aon-mhúr báistighe a fheiceál. Is aisteach an chaoi a bhfuil cuid de na tíorthachaí bíodh a fhios agad
 
Rinne siad suas le chéile aríst an t-am a bhfuair an mháthair bás. Go dtí sin, ní raibh siad ag beannú dhá chéile. Shílfeá go bhfuil siad ina dhá chuid déag le chéile anois aríst
+
Bhí déanta len a bhás = bhíothas cinnte go bhfuigheadh sé bás; síleadh nach raibh indán eirghe dó
TUILLEADH (10) ▼
Peaitch bocht, tá sé ar na preaba deireannacha. Tá déanta len a bhás
Chuala mé go raibh siad déanta len a bhás. Nach diabhlaí sin, agus gan ann ach fear óg. Má tá sé dhá scór, 'sé a chloch-neart é. Níl sé lá ná leiceann thairis
Is ait an mac é an saoghal gan "doubt" ar bith. Tá siad déanta len a bhás anocht, agus nach bhfuil sé ach arbhú aréir go deireannach ó a chonnaic mé ag caitheamh léim fhada annsin thíos é, agus má bhí féin, níor náire dhó sin. Ní raibh aon-fhear annsin indon a dhul 'fhoisceacht 'mbeannuighidh Dia dhó
Bhí déanta len a bás ag dochtúirí agus ag sagairt agus ag 'chuile dhuine. Eitinn a bhí uirre agus chuaidh sí go doras an bháis léithe ceart go leor. Ach an té nach mbíonn an t-imeacht air, dheamhan bás ná bascadh a theagas air. 'Sí atá sean-bheo indiu, agus is gearr go mbeidh inghin in a méid féin aice, bail ó Dhia agus ó Mhuire orra beirt
Ní chuirfinn suim ar bith annsin. Má tá indán eirghe dhó eireochaidh sé, dhá mbeadh déanta len a bhás ag dochtúirí na cruinne agus ag Feara Fáil. Beannacht Dé dhuit. Cé mhéad duine a chonnaic muid cheana a bhí tugtha suas ag dochtúirí, agus 'siad atá luath láidir indiu. Is fearr é Dia ná dochtúr ar bith
Tá déanta len a bhás. Níl aon-tsúil go dtiubharfaidh sé mórán leis an oíche leis. Tá srannán ann anois a chloisfeá go réidh socair amuigh ag céim na sráide. Chuaidh an ola air indiu
Is minic cheana a bhí déanta len a bás, ach tá sí sin cho cruadh-chúiseach le glas-mhíol Márta. Ní mharbhóchadh tada í sin mara bhfaghadh sí amluadh faoi dhroch-thuairt sneachta; sin nó reodh 'sa sioc
Is beag an t-iongnadh go bhfuil déanta len a bás, má's í an tsean-bhean seo thuas atá tú a rádh. Tá aois mhór aice, agus níor fhan lúb ar bith innte le goirid. Dhá bhfaghadh 'chuile dhuine an oiread saoghail léithe, ní bheadh aon-údar clamhsáin aca
Sin é an chaoi a mbeadh sé sin, ag ithe agus ag gearradh ar 'chuile dhuine, dhá mbeadh déanta len a bhás. Ní fhaca mé a chuid siomsánacht ag aonduine i gcaitheamh an tsaoghail ariamh. Ach níl áird ar bith le tabhairt air. Sin é a bhealach. Dheamhan peacadh air
Tá déanta len a bhás. Leig de do chuid cumadóireacht' anois. Dheamhan tinneas ná tromas air, má sin é do scéal. Nach bhfaca mé ag stolladh romhair é ins an ngarrdha ó dheas de'n teach indé, agus mé ag dul thart
 
Bhí beirt cheannaidhe ag dul an bóthar fadó. Thosuigh siad ag sáraidheacht. Dubhairt ceann aca go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháruigh an ceann eile air nacharbh fhearr. Fágfamuid ar bhreitheamhnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é, adeir duine aca. Tá go maith adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siubhal ionnsaidhe. Ba ghearr go dtáinic siad ar dhearga daol ar an mbóthar. Chrom an ceannaidhe bréagach síos. "Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag" adeir sé leis an dearga daol. "An bhréag, go' deile", adeir an dearga daol. Sín amach mo gheall agam, adeir an Ceannaidhe bréagach. Shín. Scar siad len a chéile. Ba ghearr a chuaidh an ceannaidhe bréagach, nuair a thosuigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinic sé suas leis an dearga daol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamuigh an dearga daol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat dearga daoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneal. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinic an sagart. Nuair a chonnaic sé an deis a bhí air, chuaidh sé amach as an seomra agus thosuigh sé ag léigheamh a leabhair. "Gabh isteach" adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill "agus feacha cé'n chaoi a bhfuil sé." Chuaidh an cailín isteach. "Tá sé faoi dhearga daoil ar fad" adeir sí. "Níl sciolltar fágtha air, nach bhfuil ithte dhó." Léigh sé leis eádradh eile. "Gabh isteach anois" adeir sé "agus feacha cé'n chaoi atá air." "Tá fiche brat dearga daoil anois air," adeir sí. "Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh." "Tá an cholainn ag an diabhal," adeir an sagart, ach beidh an t-anam aghamsa dhá bhuidheachas." Tháinic an oiread eile díocais air ag léigheamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na dearga daoil)
 
Feairín deireoil cailltí é. Ach is cuma sin. Bhí sa (saithe) mná timpeall air. Ní miste leofa sin nuair a d'airigh siad an t-airgead aige. Ar an airgead a bhíos cion. Dhá mbeicheá ag dorus an bháis bhfuightheá (gheobhthá) bean ach airgead a bheith ugad (agad)
 
Dearbhráthair do'n chodladh an bás = tá an bás agus an codladh an-chosúil le chéile
 
Tuiteann déidín le gortú freisin. 'Bhfeiceann tú mac Th. G. annsin thiar ar bhuail capall de chic é isteach ar an ngiall. Níor chorruigh sé an giall go ceann fada. Bhí sé tugtha suas do'n bhás agus gan súil ar bith len a theacht. Chaith dochtúirí seachtain dhá láimhseáil, dar diaguí shrian sé as faoi dheire. Sílim nach dteagann sé roimhe, ná a dhath
+
deilbh 1
Tá sé deilbhthe amach l'aghaidh an bháis = duine a bhí go dona, suaidhte, claoidhte agus a raibh déanta len a bhás
TUILLEADH (6) ▼
Chreidim go bhfuil an bhean bhocht deilbhthe amach l'aghaidh an bháis. Is maith atá sí ag saothrú an bháis ar aon-nós. Diabhal bréag nach maith
Ní fhaca mise leis an tsíorraidheacht cheana é, agus go deimhin mara bhfaca féin, tá sé deilbhighthe amach faoi chomhair an bháis anois. Tiubharfaidh dhá lá dhéag na Nodlag rud le déanamh dhó
Bhí mé ag breathnú air as cionn cláir agus 'séard adubhairt mé le Jude gurb é an tinneas a dheilbh amach le h-aghaidh an bháis é. = bhí sé snuighte suaidhte
Tá sé deilbhthe amach anois le h-aghaidh an bháis ceart. Is furast aithinte air é. Nar ba buil le Dia go mbeadh liostachas cho fada orm leis ar chaoi ar bith
Níl 'chuile lá dhá bhfuil sé a chaitheamh anois ach dhá dheilbh amach l'aghaidh an bháis. Tá sé fánach aige a theacht as. Is beag an baoghal air a mh'anam. Tá a chuid maitheasa ar iarraidh
Dia dhá réidhteach nach hé atá claoidhte caithte. Dheilbh an tinneas sin amach l'aghaidh an bháis go maith é. Nach teann a bhíos duine in a dheidh sin. Ní bhfuightheá fear cho h-urrúnta leis sin dhá gcuirtheá slat ar pharáiste tá dhá bhliain ó shoin. Agus feacha indiu é agus gan ann ach na cheithre eite
 
'Sábhálaidh Dia sinn nach uirre atá an deimheas. Sin í a bhfuil bás na caillighe agus pósadh na mná óige aice ar chaoi ar bith
 
Is beag duine a bhí ins an ruta seo ariamh ba déircighe ná N. Th. Aimsir an droch-shaoghail adeir siad 'nuair a bhí na daoine ag fáil bháis as éadan le ocras agus amhgar, badh é sin a choinnigh an cheathramhadh seo beo. D'fhaghadh cho maith le deich nduine fhichead beatha ann 'chuile lá
+
Sin é deireadh an fhear poitín: bás ar an sliabh i bhfad uainn an anachain agus an urchóid
TUILLEADH (3) ▼
Deireadh an tseanduine i gcomhnaí é a chailleadh. An bhfaca tú aon-seanduine ariamh dhá mhéad aois dhá mbeadh aige, nach bhfuigheadh sé bás 'san deireadh!
Diabhal mé gur gearr an bás uaitse, má tá an oiread sin fuaicht ort oíche cho breagh léithe. Tús agus deireadh an duine ar an teine a tharraingigheas
Ní theagadh iadhadh air le mo chuímne ach ag caint ar an mbás, agus chreidim an rud a bhíos dhá shíor-luadh go dteagann sé isteach 'san deireadh. Tá sé féin imighthe anois, an duine bocht!
+
Tá chúig bhliana fós uirre sin shul a bhéas sí in a máistreás. Is fada an fanacht é, ach dhá mbeadh sí amuigh, choinneochadh sí deoladh leis. Is fhearr go deireannach ná go bráth, ach deir siad freisin go bhfaghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás
TUILLEADH (2) ▼
Níl aon-tsúil aca leis, agus níl aon-tsúil le bheith leis ach oiread. Tá sé deireannach déarfainn. Tá scéin an bháis idir a dhá shúil
Tá sé deireannach. Sin é biseach an bháis atá air anois. Gheobhaidh sé rud le déanamh agus an tseachtain a shárú
+
deo
Go deó agus go bráth, nó go bhfeicidh tú é sin ag suidhe síos ag seanchus le M. Sh. Gh. ar cheann an sconsa lá breagh Earraigh, ná h-abair go bhfuil aon-bhás air! = fear santach ag obair
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an-aois go deó ag an athair nuair a fuair sé bás
 
deoch 1
Ní thiubharfadh sé deoch de'n uisce dhuit dhá mbeitheá ag fáil bháis leis an tart. Tá sé an-daoitheamhail
 
deoir
Fuair sé bás. Dheamhan deoir a d'fhan ins an duine bocht.
+
Siúd é an áit dheireadh a mhic ó — an t-aspuicil. Ní bhfuighidh an fear is folláine ar bith ann ach an deoladh céadna a gheobhas an té a bheadh ag saothrú báis
TUILLEADH (1) ▼
"Bíodh an catmara ag an dochtúr" adeir sé. "Is fhearr a fhios agamsa céard a bhaineas dom féin, ná ag dochtúr ar bith. Ar son Dé torm (tabhair dhom) deoladh — dá mbadh é lún (lón) mo bháis é."
+
Ab é an deoruidhe sin a bheadh ag dul ag pósadh! Ara céard sin ort. Nach bhfuil sé ag fáil bháis le truailleachas. 'Leabharsa má fhaghann sé siúd bean, gheobhaidh 'chuile dhuine í
TUILLEADH (1) ▼
Níor tháinig aon-bhiseach ariamh air, ach in a dheoruidhe dhona mar sin. Cé'n bhrigh ach dá mbeadh aon-dreach air. Ach mo léan níl, ach in a bhás ar sliobarna mar a fheiceas tú. Dheamhan bás a gheobhfadh sé in a dheidh sin, ach ag imeacht thart ag déanamh bioráin agus ins an mbealach ar 'chuile dhuine
+
dia 1
Dheamhan bás fós air, agus ná h-abraíodh aonduine go bhfuil. Tá Dia láidir agus Máthair mhaith Aige
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan agus móide bás ná bascadh a d'eirigh dhó. Tá Dia láidir agus Máthair Mhaith Aige
Dia agus Muire linn anocht agus ambáireach! Nach bocht an bás a fuair sé
Nár ba lúidire an trócaire ar Dhia! Fuair sé bás gan ola gan aithrí
 
dia 2
Ó chaith sé an Luan, bheadh meas maith agam air. Shíl mé go raibh sé ag saothrú báis chuile mhionnóid an lá sin
+
diaidh
Níl in Peadar ach na cheithre eite anois. Tá sé tugtha anuas go mór ó a chonnaic mise go deireannach é. Ach is mór an t-iongnadh go bhfuil sé indiaidh a chéile chor ar bith agus cho gar do'n bhás agus a bhí sé. Shíl mé nach srianfadh sé thríd go bráth
TUILLEADH (6) ▼
Sásuigh thú féin go maith anois agus ná bí in aithmhéala aríst. Má ghníonn tú an pósadh uair amháin, níl aon-scaoileadh indán duit mara scaoilidh an bás thú, 'sábhálaidh Dia sinn. Mar sin, breathnuigh romhat go maith. Deir siad gur fearr breathnú amháin romhat ná dhá bhreathnú in do dhiaidh, agus go dtugann an duine dona dubh-léim. Má cheapann tú nach bhfeileann an bhean duit, fág 'do dhiaidh í. Sin é a bhfuil in a thimcheall
Beidh feamainn ann indiaidh a bháis. Shílfeá nach mbeadh sé cho sanntach sin ag an saoghal
Diabhal bacadh a dhéanfas mise air, ná cuid dhe bhacadh: oibrigheadh sé leis. Beidh talamh ann indiaidh a' (ar) mbáis. Fágfamuid in ar ndiaidh uilig é, fágfaidh sin
Chuaidh sé indiaidh a mhullaigh ann agus tuilleadh ghéar de'n diabhal aige! Ní raibh sé gabhthach le comhairle, agus tá a shliocht air anois. Bainfidh sí siúd deatach as. Ní raibh breith bonn báis aige nó go bpósfadh sé í sin. Spéir na gréine a bhí innte a mhic ó, má b'fhíor dó féin. Déanfaidh sí siúd spéir na gréine dhó (dhe) shul a bhéas sí réidh leis
Ní bhreathnóchadh sí díreach ort ar bhás an domhain, ach ag iarraidh thú a dhearcadh indiaidh a leicinn ingan fhios.
Bhí sé i gciúin-chomhrádh liom thíos ag ceann an bhóthair, agus ní fhaca tú aon-fhear go h-iomaidh ba spleodaraighe ná é. Maidir le scéalta bhí siad aige: bás na caillighe, pósadh na mná óige, cogadh, aontaigh agus eile. Ach hébrí cé'n dearcadh a thug sé indiaidh a ghualann, nach bhfaca sé T. Sh. ag déanamh againn (chugainn) aníos. Níor fhan sé leis an bhfocal a bhí ar a theanga a chríochnú, ach baint as soir an bóthar. Níl trust ar bith aige as T. ó'n oíche fadó ar ionnsuigh sé é ag teacht aniar ó'n R.
+
'Sé an díleághadh sin mar d'innis mé dhuit, a chuir de dhruim tighe é. Bhí sé fánach aige aon-chúis a dhéanamh. B'éigin dó an teach agus an talamh a dhíol agus a dhul síos go G. Bhí sórt sipín beag annsin aige ar feadh scathamh, ach níor eirigh sin leis ach an oiread. Tháinig an sirriam air agus thóig má's beag mór a bhí aige ann, in ómós fiacha. Fuair sé bás ins an "bpoorhouse" faoi dheire agus faoi dhó (dheoidh)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sruth agus gaoth leo an fhad agus a bhíodar thuas, ach ó'n lá ar athruigh siad síos chuaidh an saoghal in a n-aghaidh. Tháinic díleághadh ar a raibh ag gabhail leo. Go fiú agus an síol féin a chuiridís ní bhíodh sé ag eirghe leo. Is minic a loiceadh a gcuid fataí agus togha an bharr ag 'chuile dhuine eile. Bhí anachain muc agus anachain daoine orra in éindigh — ní dhá roint leo é. Fuair triúr mac breágh bás imbéal a chéile orra. Dheamhan a fhios agamsa a raibh eatorra ach an bhliain. An fear aca atá ins an gcomhaireamh ceann indiu, is beag fear tighe ná urláir in do thír is boichte ná é. Ní maith a chuaidh an imirce do na créatúir bhochta sin
 
dioc
Is gearr an bás uaidh anois, ó a tháinic an dioc sin air. Ní fheicfidh tú ins an gcomhaireamh ceann bliain ó indiu é. Dheamhan é muis.
+
Is cuma dhó céard a dhéanfas sé. Is gearr an bás uaidh. Tá sé ag imeacht in a ghiocaichín leis an bhfuacht.
TUILLEADH (3) ▼
Is gearr isteach ins an mbliain nua — dheamhan a fhios agam nach gearr isteach ins an ngealach nua — a thiocfas an ghiocaichín sin. 'Bhfeiceann tú an chruit atá ag teacht uirre, agus tá snuadh an bháis in a ceann-aghaidh
D'fheicfeá ag imeacht in a dhiocach suas ins na póirsí siúd é corr-uair agus pluideog dhearg air, agus é gorm leis an bhfuacht. Ba dona an mhalrait ag an duine bocht sin é. Dhá bhfanadh sé ins an áit a raibh sé, bhí aige, seachas a dhul síos ar na leaca fuara sin ag scríobadh leis an ngantann go bhfaghaidh sé bás
Tá giocaichín asail aige, agus is gearr an bás uaidh. Tá sé dhá chailleadh le truailleachas. Tiubharfaidh seachtain eile a dhíol le déanamh dhó. Sin é an uair a bhéas sé idteannta ceart, 'nuair nach mbeidh tada aige le móin, aoileach ná feamuinn a tharraint
 
Bhí a fhios agam go raibh an bás air an lá a bhfaca mé ag dul soir tharm annseo é, gabhtha gléasta gíogáilte suas. Dheamhan amach thar an dorus a chuir sé a chois leis an tsíorruidheacht roimhe sin. "Tá luadar eicínt fút a bhuachaill" adeirimse. D'ól sé an-fheánnach fuisce an lá sin. An chéad rud eile a chuala mé féin go raibh sé ar na maidí. Rámhailltí an bháis a thug amach an lá sin é. Dheamhan a athrú!
 
'Sé a raibh sé in a dhíogarnach lae ar éigin an uair a shéaluigh sé. Sin é an tráth ag an mbás i gcomhnuí — scaramhaint oíche agus lae. Teagann gaimh fhuaicht ann taca an trátha sin, agus scuabann sé leis an rud dona, má's duine nó beithidheach é
+
díol 2
Níl aon díol in Éirinn nar thug an dochtúr ar a fear faoi nar chuir sé fios ní ba túisce air. "Má fhaghann sí bás anois" adeir sé, "bíodh a bás ort-sa. Diúltaighim-se í ar fad." Marach go ndeacha sé go bog agus go cruadh air, ní chuirfeadh sé láimh ar bith ínnte
TUILLEADH (1) ▼
Is droch-bhodach é an sagart sin. Ní tada eile é. Teigheann sé ingeallta críochnuighthe le cruadhóig ola. Chuaidh mé siar aige an oíche a bhfuair B. — go ndéanaidh Dia trócaire uirre — bás. Bhí sé an-óg ins an oíche. Ba ar a chruadh-chúis dó a bheith an naoi a chlog. Níl aon-díol in Éirinn nar thug sé orm faoi nar tháinic mé níos túisce. "Ní raibh aon-ghoir agam air" adeirimse. "A dhath féin, ní raibh uirre trathnóna. Tinneas tobann é." Ach níor chlaon sé in a dheidh sin.
 
Bhí sé féin díoghaltasach. Dar mo choinsias is fada a shiubhailfeá shul a d'fheicfeá a leath-cheann eile ar dhonacht agus ar aicís. Agus breathnuigh ar an rud ad'eirigh dhó féin as deire na cúise. Nar ba lughaide an trócaire ar Dhia, fuair sé bás gan ola gan aithrighe
 
Cé mhéad adeir tú a chuaidh an dialúnach beag de laogh údan? Trí phunt! Chuaidh sé dhá phunt thar an gceart ar aon-chor. Is gearr an bás uaidh siúd. Dheamhan oíche Nodlag a fheicfeas sé beo choidhchin
 
Bheadh féar agaibh, marach an diomallú a rinne sib air, plaicín ghabhair a dhéanamh dhó idtús bliana, nuair a bhí neart tiomsacht' ag na beithidhigh ar an talamh. Anois caithfidh siad beatha a bhaint as a gcrága nó bás a fháil leis an ocras
 
Bhí an mháthair ar chuma ar bith sáthach diomdhach de mhuintir Sh. Dh. Níor thaobhuigh sí iad ó cailleadh an inghean. Dubhairt sí gur fhága siad annsin í, gan fios a chur ar an dochtúr go raibh sí ag saothrú báis
 
diúg
Nach deas uaithe gailleog fuisce a dhiúgadh! Bí ag faire uirre go bhfeicidh tú an chaoi a mblaisfidh sí di agus a mbainfidh sí braon aisti. Shílfeá gur tsiocair bháis di chuile bhlogam ach dar fiadh ní leigfidh sí uaithe í go bhfalmhuighidh sí í in a dheidh sin
 
Is deirbhshiúr dhlisteanach dó S. ach níl C. ach in a leas-deirbhshiúr aige. Fuair an mháthair bás agus í ag oileamhaint an dá leanbh sin. Dar fiadh is fadó ariamh an lá é. Má 'sí an deirbhshiúr is sine, níor cheart di a bheith i bhfad as deich mbliana fichead
 
'Sé an bás a d'fhága dobrón agus buaidhreadh uirre. D'eile? Dheamhan bean ní ba ghleoite ná í sin a chasfadh ort in do shiubhal lae roimhe seo
 
M'anam muise mara mbeadh mise le dhéanamh dobrónach ach a bhás sin, gur beag an dobrón a bheadh orm. Dheamhan ar mhiste liom dhá mbeadh a bhfuil de cheannphuirteachaí faoi'n domhain imighthe. Is beag an scéal iad sin: ag ollmhúchan scléipe agus achrainn agus diabhlaidheacht'
 
Tuige nach mba docharaighe an cancar ná an eitinn. Leigheastar cuid mhaith daoine as an eitinn anois, má theigheann duine roímpe in am, ach maidir le cancar, níl aon-leigheas in a chíonn, má bhuaileann sé duine. Deir siad go mbíodh sean-daoine dhá leigheas fadó le luibh eicínt ach ní maith go gcreidim é sin. Bhídís ag leigheas 'chuile shórt má b'fhíor dóib féin. Is mór an t-iongnadh go bhfaghadh duine ar bith bás an uair sin!