Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deabhadh
ainm-fhocal, fireann.
Measaim go bhfuil an focal seo ag seirgeadh. Níl sé ach i mbailteachaí áirithe, agus ag teallaigh áirithe ins na bailteachaí sin féin, ach na daoine a mbíonn sé aca, is minice a bhaineas siad leas as ná as deifir
deifir, bruid, forú, driopás, anbháthadh, géarú ins an siubhal, in obair agus rl.
+
Déan deabhadh. Mara mbeidh tú bruideamhail thairis sin, is truagh shaoghalta duit amach annseo, an uair a bhéas an obair ar fad fút féin
Nach breagh nach ndéanfá deabhadh agus gan a bheith ag fáil bháis léithe. Caithfear an t-ath-pholl a aichghróigeadh (aithghróigeadh) fós
TUILLEADH (2) ▼
Ní chuirfeadh do chumhachta faoi ndeara dhó deabhadh a dhéanamh, ach ag snámhuidheacht leis mar siúd agus ag comhaireamh na gcoisméigeachaí. Go bhfóiridh Dia air, ach a mbeidh sé mór
Fuair tú amach an ceann a dhéanfadh deabhadh, ab é an bás bradach sin. Déanfaidh b'fhéidir!
·
Breagh nach mbeadh deabhadh ionnad agus an obair a dhéanamh de ghort an gharta. Annsin bheadh an chuid eile de'n lá agad in do chomhnaí
Bhí an oiread deabhadh orm agus nach raibh goir agam breathnú fúm ná tharm

Féach freisin

deabhadh in iontrálacha eile (6)

 
abair
Abair má's lib a dhul ag an scoil, nach mór daoib deabhadh a dhéanamh
 
Ní bheidh sé craptha agaibh anois th'éis a (bhur) ndichill roimh an múr. Is beag an baoghal oraibh. Tá cion cheithre bheart ann fós, nó tuilleadh. Déanaighidh deabhadh ar aon-chor
 
Déan deabhadh anois má rinne tú ariamh é. Is gearr nach léar duit do láimh. Tá an lá ag diúltú dhá sholus cheana, agus níl siar ná aniar ann an tráth seo bhliain. Dhá mbeadh an lorry líonta againn ó sholus, níor chás duinn é. Níl muid ag iarraidh fearacht Sh. Ph. Mh. a dhéanamh leis: spaidealach agus scrathachaí agus clocha a thabhairt dó de shiubhal oíche!
 
'Bhfeiceann tú an féar sin? Rinne sé dreoghchan riar orm. Bhí an-aimsir ann nuair a bhain mé é, ach bhí deabhadh orm go dteighinn in éadan móna, agus bhuail mé ar a chéile é cho h-éascaidh in Éirinn agus a d'fhéad mé. Diabhal mé gur shíl mé go bhfuair sé neart gréine agus fuair, ach ní fuláir dó an t-ionbhadh a fháil in a dheidh sin
 
dubh 3
Tá bun na gaoithe ag dubhachan go mór le tamall. Dheamhan a fhios agam nach dtiocfaidh an chuid eile de'n lá ceáthannach. Déan deabhadh anois go gcrapaidh muid linn!
 
dún
Déan deabhadh a dhiabhail áluinn! Ní bheidh muid amuigh as seo roimh dhúnadh na h-oíche. Is gearr a d'aireochthá an oíche ag sciorradh isteach. Níl siar ná aniar ins an lá an tráth seo de bhliain