Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dobrónach
aidiacht as dobrón
an-bhuadhartha; brónach; leanndubhasach.
+
Tá sé dobrónach go leor nidh nach iongnadh indiaidh an chapaill. Nach uirre a bhí an smál agus a dhul isteach 'sa gclochar sin. Bhí an bascadh sin len a h-aghaidh chreidim
Dhá bhfeictheá cho dobrónach agus a bhreathnuigh sé orm. M'anam ó'n diabhal, go raibh sé ag smutaireacht chaoineachán. Nach hé an dearg-phleoitín é!
TUILLEADH (3) ▼
Is maith dobrónach a chuaidh sé siar abhaile 'nuair a chonnaic sé nach raibh tada len a aghaidh féin. Tuilleadh diabhail aige anois, ná ag duine ar bith eile a chuirfeas a shúil thar a chuid mar é
M'anam go sílfeá nach raibh sí an-dobrónach mar sin chor ar bith th'éis go raibh a fear as cionn cláir. Ach gheobhaidh sí fear eile, arsa tusa. Tá iasc 'sa bhfarraige cho maith agus gabhadh fós
M'anam muise mara mbeadh mise le dhéanamh dobrónach ach a bhás sin, gur beag an dobrón a bheadh orm. Dheamhan ar mhiste liom dhá mbeadh a bhfuil de cheannphuirteachaí faoi'n domhain imighthe. Is beag an scéal iad sin: ag ollmhúchan scléipe agus achrainn agus diabhlaidheacht'

Féach freisin