Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dobrón
/dubrū:n/, /dubrōn/
bíonn an b lom dólámh. Ar an gcéad tsiolla is mó a bhíos an bhéim, ach téann sí go dtí an dara siolla ag daoine, nó bíonn sí comhroinnte
brón mór; buaireamh thar cionn; leanndubh; cumha.
+
Tá dobrón air i ndiaidh an mhic
Bhí sé sách dona nuair a d'imigh an bhean, ach ó bhásaigh an iníon tá sé ina dhobrón air ar fad
TUILLEADH (4) ▼
Is beag an dochar di dobrón agus briseadh croí fhéin a bheith uirthi agus fear breá de mhac imeacht uirthi
'Sé an bás a d'fhága dobrón agus buaireamh uirthi. Deile? Dheamhan bean ní ba ghleoite ná í sin a chasfadh ort in do shiúl lae roimhe seo
Ó tháinig an dobrón sin uirthi, níor fhan croí ná misneach aici. 'Sí a d'athraigh. Bhí dhá chroí aici sin roimhe seo
'Níor chaith mé oíche ná lá ariamh i Meiriceá,' adeir sí, 'nach dobrón a bhíodh orm ó mhaidin go faoithin agus ó oíche go maidin. An méid só a fuair mé ariamh, is ó tháinig mé abhaile é'

Féach freisin

dobrón in iontrálacha eile (3)

 
deacair 1
Mo chumha agus mo dheacair nach dtigeann sí ar cuairt chugam leis an dobrón agus leis an gcaonach liath a bhaint de mo chroí
 
M'anam muise mura mbeadh mise le dhéanamh dobrónach ach a bhás sin, gur beag an dobrón a bheadh orm. Dheamhan ar mhiste liom dhá mbeadh a bhfuil de cheannphoirteachaí faoin domhain imithe. Is beag an scéal iad sin: ag ullmhúchan scléipe agus achrainn agus diabhlaíochta
 
dóigh 1
Ba mhaith an dóigh gáirí dhuit a theacht ag éisteacht leis oíche eicínt, má bhíonn sé i ngiúmar (humour). Tá scéalta aige a bhainfeadh gáire as na clocha. Ach má bhíonn múisiam ná dobrón ar bith air, ní bhfaighidh tú smid ná smeaid uaidh