Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dobrón (dubh-bhrón?)
/dubrū:n/; /dubrōn/
Bíonn an b lom dólámh. Ar an gcéad tsiolla is mó a bhíos an bhéim, ach teigheann sí go dtí an dara siolla ag daoine, nó bíonn sí có-rointe
brón mór; buaidhreadh thar cionn; leanndubh; cumha.
+
Tá dobrón air indiaidh an mhic
Bhí sé sáthach dona nuair a d'imigh an bhean, ach ó bhásuigh an inghean tá sé in a dhobrón air ar fad
TUILLEADH (4) ▼
Is beag an dochar di dobrón agus briseadh croidhe fhéin a bheith uirre agus fear breagh de mhac imeacht uirre
'Sé an bás a d'fhága dobrón agus buaidhreadh uirre. D'eile? Dheamhan bean ní ba ghleoite ná í sin a chasfadh ort in do shiubhal lae roimhe seo
Ó a tháinic an dobrón sin uirre, níor fhan croidhe ná misneach aice. 'Sí a d'athruigh. Bhí dhá chroidhe aice sin roimhe seo.
"Níor chaith mé oíche ná lá ariamh i Meriocá" adeir sí "nach dobrón a bhíodh orm ó mhaidin go faoithin agus ó oíche go maidin. An méid sógh a fuair mé ariamh, is ó a tháinic mé abhaile é"

Féach freisin

Dobrón in iontrálacha eile (2)

 
deacair 1
Mo chumha agus mo dheacair nach dtigeann sí ar cuairt chugam, leis an dobrón agus leis an gcaonach liath a bhaint de mo chroidhe
 
M'anam muise mara mbeadh mise le dhéanamh dobrónach ach a bhás sin, gur beag an dobrón a bheadh orm. Dheamhan ar mhiste liom dhá mbeadh a bhfuil de cheannphuirteachaí faoi'n domhain imighthe. Is beag an scéal iad sin: ag ollmhúchan scléipe agus achrainn agus diabhlaidheacht'