dobrónach
—aidiacht as dobrón
—
an-bhuartha; brónach; leanndubhasach.
+–
Tá sé dobrónach go leor, ní nach ionadh, i ndiaidh an chapaill. Nach uirthi a bhí an smál agus a dhul isteach sa gclochar sin. Bhí an bascadh sin lena haghaidh chreidim
Dhá bhfeictheá chomh dobrónach agus a bhreathnaigh sé orm. M'anam ón diabhal, go raibh sé ag smutaireacht chaoineachán. Nach é an deargphleoitín é!
TUILLEADH (3) ▼
Is maith dobrónach a chuaigh sé siar abhaile nuair a chonaic sé nach raibh tada lena aghaidh féin. Tuilleadh diabhail aige anois, ná ag duine ar bith eile a chuirfeas a shúil thar a chuid mar é
M'anam go sílfeá nach raibh sí an-dobrónach mar sin chor ar bith, théis go raibh a fear os cionn cláir. Ach gheobhaidh sí fear eile, arsa tusa. Tá iasc sa bhfarraige chomh maith agus a gabhadh fós
M'anam muise mura mbeadh mise le dhéanamh dobrónach ach a bhás sin, gur beag an dobrón a bheadh orm. Dheamhan ar mhiste liom dhá mbeadh a bhfuil de cheannphoirteachaí faoin domhain imithe. Is beag an scéal iad sin: ag ullmhúchan scléipe agus achrainn agus diabhlaíochta
Féach freisin
→
dobrón