Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

bain (50+)

+
Bhain an t-ól an faitíos dhó (dhe)
TUILLEADH (2) ▼
Le neart an fhaitiais a bhí air, níor bhain sé cois de rith nó go ndeachaidh sé isteach béal an dorais
Bain amach an briogadáin sin as roth an "bhicycle", faitíos na timpiste = ar fhaitíos go leagfadh sé thú (deirtear "faitíos na timpiste" freisin in áit "faitíos na fálach thuas", agus "faitíos na heirimisce". Sé is minice ag aos óg, in áiteachaí go háirid)
+
faoisc
Bain faoscadh eile as an gcóilis sin. Níl sí sách bruithe ná baol air fós
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhaineann siad asta ach an chéad-fhiuchadh: a bhfaoscadh ar éigin. Sin é an méid
Séard atá agad a dhéanamh an t-iasc sin a chaitheamh síos i gcúr na bhfataí agus bainfidh sin an goirteamas uiliog as. Níl ag an iasc sin ach faoscadh beag. Ólfaidh sib an abhainn má bhruitheann sib ar aghaidh féin é
+
Nach beag an t-earasbár a bhí agad nuair a bhain tú do dhíol fhéin as an síol!
TUILLEADH (8) ▼
Is caillte an aimsir í, ní ag ceasacht ar Dhia é. 'Chuile lá ag baint earasbár dá chéile = is measa gach lá dhá dteagann ná aon-lá roimhe sin
Níl aon-mhaith dhuitse a bheith ag caint ar sraith. Is measa an aimsir anois ná fadó. Nach bhfeiceann tú chuile bliain dhá bhfuil ag teacht go bhfuil sí ag baint fearasbár dhá chéile
Is diabhlaí deannachtach na ráigeannaí a bhí ann le dhá lá, agus chuile ráig aca ag baint fearasbár dhá chéile. Sin é anois é. Tá sé in am aice leigean fúithi dhá mba é toil Dé é
Ní bheadh a fhios agad cé is fhearr ná is measa den bhrotuinn sin. Gach uile dhuine aca ag baint fearasbár dhá chéile. Agus 'ar ndó' cár fhága tú an t-athair!
Ná bain roghain ná díogha as an dream sin. Níl ann ach gach uile dhuine aca ag baint earasbár dhá chéile. Nach fíor dhom é?
Níl garraí ag gabhail leis nach ag baint fearasbár donacht dhá chéile atá. Diabhal mé go bhfuil roinn thalúna annsin thiar aige, agus nach mbeadh sé ionrásta agad a siúl, tá sí cho hachrannach sin. Is beag nachar bascadh mé an lá faoi dheireadh inte, agus mé ag briseadh treasna go dtí an bóithrín thiar.
Cho fada agus is léar domsa é, sén chaoi a bhfuil gach dream aca ag baint earasbár donacht dhá chéile. Ab é anois? M'anam go feicthear dhomsa gurb é. Geallfaidh siad ar fad duit, ach sén deá-ghealladh agus an droch-choimhlíonadh é, mar adeir an ceann eile.
Tá sé ag baint earasbar amach ar an bplúr anois le seachtain = tuilleadh thar mar a bhíodh sé a bhaint amach cheana
 
Tá 'chuile fhata ar an bhfeáin aca lofa. Bhí a fhios agam sin. An chéad-bhéilí céad-fhómhair a bhain mé i mbliana, d'aithin mé go raibh siad roighnithe. Is beag an dochar dóibh ar scáth a bhfuair siad de thriomach
 
Chíotar dhom go bhfuil feánach mór san ngarraí aige inniu ag baint fhataí marab iad na cliamhaineachaí atá ann
+
feanc
É sin riu! Tá sé in aon-tulán amháin, agus ní bhainfeadh seacht gCatha na Féinne feanc as
TUILLEADH (2) ▼
Chaith mé an lá ag dul di le gró (do chloich), ach dhá naomhtaí mé, ní fhéadfainn feanc a bhaint aisti. Dar príosta, ní bhainfinn
Bhí cloch annsin thíos ag ceann an bhóthar, a mbíodh fir láidre dhá bhféachaint féin léithe. Ní bhainfeadh R. feanc aisti, ach thugadh T. gaoth di gan stró ar bith. Ba ghearr air é
 
Chas bean an Ch. léithi é a fhearacht siúd nach mór a bhain bean an Ch. di. An iomarca fad a bheith ar a teanga 'ar ndó'. 'Deile! Sílim muise nach ro-bhuíoch di fhéin atá sí as ucht bean an Ch. a tharraint uirri fhéin. Roinn sí an onóir léithi. Sí atá i riocht
 
Rinne sí cheithre leith den cháca, agus thug sí dóibh é: fearann an duine. Níor bhain sí fhéin oiread agus an bhearna bhruite as. Dheamhan é muis. Ba mhór an truaighe iad ar aon-chor: lucht bóthair agus bealaigh
+
feart
Tá mé eirithe as an tobac inniu, agus ní chaithfidh mé aon-ghráinne aríst le cúnamh Dé go dtí lá Fheil Pádraig na bhFeart. Bainfidh mé píopa as an lá sin. Deir siad nach dochar é
TUILLEADH (1) ▼
"Lá Fheil Pádraig na bhFeart a bhaintear as an chloch fhuar!" (Feic "Fionnán")
 
Bhain sí an drioball den mhadadh amach ón dúid. Níor fhága sí fimín ar bith air
+
Nach fiosach an mhaise de do leithide de phiodarlann é. Céard a bhaineann sé dhuit céard a bhí mé a dhéanamh ann
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhaca mise aon-fhear ariamh is fiosaí ná M. N. "An bhfuil na fataí lánuithe agad?" "Cé mhead sleán móna bainte agad?" "Ar chuir muinntir T. Mh. mórán feamainn tirm amach?" …
+
fios
Cén chaoi a mbeadh fios rúin ná broscair agamsa faoi t'asal. 'Ar ndú' ní mise a bhain dó. Teirigh ar a thuairisc más breá leat
TUILLEADH (1) ▼
Ná habair tada. Níl a fhios go té sin (/ɡu t′ɛ̄/; don té?). B'fhéidir go mbainfeadh an scéal sin caint amach fós = níl a fhios ag aonduine cén chaoi a rachadh sé chun dochair duit
 
fleet
"Ó bhí mé cho haerach ar dtús agus gur ghéill mé do do shlí Dhá n-imíodh sé an méid sin san spéir leis an ngaoith Ní phósfainn anois thú dhá dteighinn ar "an bhfleet" Ach bainfidh mé arán as mo shláinte" (As "na Ba Cíara agus Bána")
 
fliuch 1
B'éigin dom baint dhíom leis an bhfliuchadh a fuair mé
 
fliuch 2
Bain díot na héadaigh fliucha
+
focal
Go díreach glan! Bhain tú an focal as mo bhéal! = A. ag caint le B. Chuirfeadh B. isteach air agus déarfadh sé an rud a bhí A. le rádh. Chuimhneódh sé gurb shin é an focal a bheadh sé ag dul a rádh agus déarfadh sé fhéin é
TUILLEADH (5) ▼
Sin í an fhírinne ghlan adeir tú. Faoin smaois a bhí é a bhualadh. Bhain tú an focal as mo bhéal.
Níl a fhios agam cén t-adhmad a bhainfinn as an bhfocal sin
Ní duine é Seán a ghabhfadh ag cur ionntú an fhocail ar thada. Innseóidh sé a scéal duit go baileach gan baint dó ná cur leis
Bhain sciorradh focail dom = bhí mé ag iarraidh focal nó rud áirid a rádh, ach focal nó rud eile adúirt mé; dúirt mé rud nach raibh cuibhiúil nó feiliúnach de dhearmad
Meastú nachar bhain sciorradh focail dom, agus nachar dhúirt mé dhá ghamhain i leabaidh dhá chapall. Shílfeá gur chuir an méid sin fhéin stuaic air. Ach bíodh aige!
 
Sé cinn a fuair tú. Ní fuláir duit sin. Is beag a bhéas le reic agad ach a mbeidh ábhar dorais bainte asta
+
Tá cead scuir agam anois. Níl tada ag fortabháil orm. Sách fada a bhí buairín orm. Beidh a shliocht orm anois: bainfidh mé ceól as an saol go ceann scathamh.
TUILLEADH (1) ▼
Nach shin é a bhfuil d'fhortabháil ort aríst i mbliana: na cupla gitín fataí sin a bhaint? Feacha mise nach bhfuil sop raithní bainte agam fós, agus tá seachtain ar an bportach orm freisin!
 
Is deacair dhó féar ná fóthair a bheith aige lá agus gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint, nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléaracht, agus ag biorú claidheachaí nuair a bhí aige a ghnatha a dhéanamh
 
Cén sórt fothram é seo a chloisim? An sceach atá bainte as an mbeárna ag an asal aríst?
 
Níor bhain mé ach barr móna i gceann thíos an phortaigh agus bhí an t-uisce ag freagairt ann ar an bpuinte.
 
Sén chaoi a bhfuil na freigisí sin ag cur an ghúna as a shlacht. Tá an iomarca aca ann. Bain as a leath
 
Ní fhágfadh sé fuinín gruaige ar mo cheann gan strachailt dhó (dhe) marach gur baineadh as greim é
+
Ná fág do chuid gruaige i bhfad eile gan baint díot
TUILLEADH (2) ▼
D'fhága sé an coirce thar am gan baint
Shílfeá gur mór an dícéille atá air a dhul ag cur anró air fhéin ag baint fheamainne le curach, agus dalladh feamainn dubh — airde crann loinge dhi — thíos annsin thíos aige ar chongar. Ach ní minic leis an gceann céanna gan an chontráil a dhéanamh. Oibríodh sé leis. Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur. Sin é a fhearacht aige sin é
 
fága
Tá an fharraige bainte. An bhfeiceann tú a bhfuil d'fhágaí inti. Tá tuilleadh den uair mhóir air