Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ball (50+)

 
Chuaigh feánach lucht portaigh soir san leoraí ar ball. Shíl mé nach mbeadh aon-obair aca inniu agus saoire ar an lá. Ach chreidim nach miste leo sin céard a dhéanfas saoire ná sollúna
+
Chonnaic mé ag dul síos an bóithrín ar ball é a fhearacht's dhá mba ag dul abhaile a bheadh sé. Má sea fhéin, tá sé in am sin aige, agus gan a bheith ag leádrán annseo níos fuide.
TUILLEADH (3) ▼
Bhí tuagh annseo agus fearacht an scéil ar ball, tháinig duine dhá hiarraidh, agus níor thug sé ar ais í = ar nós an scéil a hinnsíodh goirid ó shoin (roimhe sin san gcómhrá) faoi rud a imeacht agus gan é a theacht ar ais (is minic nach mbeadh a leithide i gceist roimhe sin chor ar bith, ach go n-abraíthear "fearacht an scéil ar ball" mar sheóraí chainte, ar nós an Bhéarla: no more than a thing", "no more than a story", ("ach an oiread le rud", "ach an oiread le scéal")
Níor chuibhe (chuí) dhó é a dhéanamh fearacht an scéil ar ball
Chuir mise fataí freisin, agus fearacht an scéil ar ball, ní dheachaidh a ndóthain leasú orra, agus tá a shliocht orra
+
fios
Ní raibh aon-fhios agamsa go raibh sé básuithe go dtí ar ball
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mbeadh fios rúin ná broscáin aige gur mise an chéad-bhall a d'fheicfeadh sé roimhe, is mór m'aimhreas a dtiocfadh sé isteach
Chuaigh fios soir ar Sheán ar ball = cuireadh scéala (fios) i gcoinne Sheáin ar ball
 
Tá ball dóráin follasach uirri faoin a smig
 
D'airigh mé fothram eicínt ar ball, ach ní carr a bhí ann in a dheidh sin
 
Cén sórt fothramán é sin a chuala muid ar ball? "Blastannaí" a chuaigh amach ab ea? Ba diabhaltaí an fothramán a rinne sé mara ndeachaidh amach ach ceann
 
Céard a thug an roiseadh sin do "tyre" do bhicycle? Tá an "tube" ag freagairt ann. Ná fág ball na háite nó go gcuire tú deis eicínt air. Mara gcuire fágfaidh sé ar an mbóthar thú
 
fág i
Foighid ort! Tá an-tsaint san airgead aige, ach fágfaidh sé in a dhiaidh é ar ball = ní fhéadfaidh sé a thabhairt san uaigh leis
+
fág
Nar fhága mé ball na háite choíchin, má leag mise ariamh barr mo láimhe ar do bhicycle!
TUILLEADH (3) ▼
Marach gur eirigh liom a theacht i láthair, sin ní fhágfá. Bhí tú réidh leis. Mharódh sé thú ar bhall na háite
Ní fhágfadh sé ball na háite marach an truaighe a ghlac mé dá chuid páistí = mharóinn ar an láthair é
Fág na beithigh (gan bleán, gan beathú etc.) go dtí ar ball
 
Ba gheall le solas fáideóige a chonnaic mé ag teacht aniar an tamhnaigh ar ball. Ní féidir gurb iad muinntir Bh. a bheadh ag tóraíocht duine eicínt, nó b'fhéidir gur beitheach a chuaigh amú
 
Ní theagann fíbín ar bith ar do chuid beitheach-sa bail agus beannú orra! … Nach bhfaca mé thiar san ngarraí ar ball iad agus gan cor aca
 
Chonnaic mé thiar annsin thiar é (an gasúr) ar ball a's é caidhleadh suas chloch in a gcárnán — a' déanamh tighthe beaga dhó fhéin mar dhóigh dhe!
+
Má chuireann aon-duine de'n ghrifisc sin aon-chaidéis ormsa, dar brigh an leabhair, ní bheidh aige ach maltraid. 'Chuile bhall aghamsa, ach duine de'n dream sin.
TUILLEADH (1) ▼
Dar príosta dá bhfaghad sé aon-chaidéis d'aon cheo dhá mbeadh agamsa, ní fhágfadh sé ball na h-áite go gcuireadh sé 'bail ó Dhia air'.
 
Nach mór an cam srón birín orm go gcaithfe mé a dhul faoi dhó sa ló chuig an 'bpump', ag iarraidh bairillí uisce, a's neart uisce ar mo chuid talmhana fhéin, ach nach leagfaidís (na beithidhigh) smut air ingeall ar a' gcaile mhineoig. Ach is beag a' locht a bheidheas acu air, ar ball, nuair a theang(mh)óchas an tart tuille leobhtha.
 
As candáil a bhí thíos ag an T. M. a cheannuigh sí an ball sin.
 
Níor mhór do dhuine a bheith stuamdha le ball mar sin a chinnireacht (Rothar gluaiste).
 
InDomhnach níl gnaoi 'bith agamsa ar a chuid clabaireacht' sin. 'Chuile bhall aghamsa ach clabaire. Níor thaithnigh clabaire ariamh liom, thar chineál duine ar bith.
 
Bheadh congnamh maith ar choirpéis a' tighe, in imtheacht sé seachtmhainí, ach an gaineamh a's na clocha a bheith ar bhall na h-áite.
 
coirt
Tá cairt shalachuir ar chuile mhíle ball dhá bhfuil istigh faoi chaolachaí an tighe. Caithfe tú a dhul a' sciúradh a Ph.
 
Is maith mar a thárla! Ó casadh isteach anois thú, ní fhágfa tú ball na h-áite go gcuire mé cumaoin eicínt ort. B'fhiú dhom freisin!
 
conán
Marach chomh sásta, a's atá an conán eile, mharbhóchad sé Seáinín ar bhall na h-áite, a's dá marbhuigheadh fhéin, dheamhan leath-cheart a dhéanfadh sé leis.
 
cora
'Bhfuil 'fhios agad, cé'n chéad bhall a bhí romham thoir ann — M. T. Uí D. — agus mo léan níor leis ab fhaillighe é, gan carra chainnte a chuir orm.
 
Sé'n chaoi a mbeidh sí ar ball, fágtha annsiúd ar a' tráigh thirm, gan Murrchadha gan Maghnus. Ní hé a mhalrait de chosamhlacht atá uirre, a's chomh deacair a's atá sé í 'shású faoi fhear. = ní iarrfa fear a' bith í, as deire na cúise.
+
Ba bhreagh an ball éadaigh é sin, an lá ar chuir tú suas ar do chraiceann é, a's feacha an bhail atá anois air, in a chithréabachaí.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan ball istigh faoi chaolach do thighe nach bhfuil in a chotréabachaí, ag na bacaigh de ghasúir sin. Neart bata nar mhór dhóib.
 
baing
Leag (d)e leathtaobh a' chloch sin go fóilleach. Foghanfa sí sin, nuair a theastóchas baing uaim ar ball.
+
Sé'n chéad bhall é chonnaic mé imbéal a' bhealaigh romham, a's mé ag (d)ul soir.
TUILLEADH (2) ▼
Is fhearr dhuit an malrach sin a smachtú in am. Má thugann tú a bhealach fhéin dó, cinnfe ort aon-cheart a bhaint dhó, ar ball.
Mara n-eirighe tú as a' mbealach sin (droch-ghnás nó droch-nós), caoinfe tú é, ar ball. Ach bíodh agad a mhic ó. Beatha do dhuine a thoil, mar adeir C. leis a' mac, nuair a chuaidh sé le tincéaracht.
 
Ní dheanfadh bealadh na h-airí, aon-mhaith do'n bhall uirníse sin anois, arae tá sé caithte ó Dhia a's ó'n saoghal.
 
Is beag an toradh a thiubhraidís sin ar a' bPápa fhéin, a's tagadh sé a' cainnt leo, arae tá'n bhradghail a's an leiciméaracht chomh bealtuighthe isteach ionnta(b) anois, a's nach scarfa sí leo(b) go n-imthighe an ball dubh de'n fheadóig.
+
Má's gabáiste l'aghaidh a' ndinnéir atá sa bpota seo, is mór mo mheas go bhfuil sí ó mhaith. Tá cuilíní súighe a' tuitim innte 'chuile phuínnte. InDomhnach is deas a' blas a bheidheas uirre ar ball.
TUILLEADH (1) ▼
Chuirfeá slat ar pharráiste, sul a bhfeicfeá teach chomh broghach brocach leis. Tá cuilín shúighe is 'chuile mhíle ball de.
 
Marach narbh fhiú liom a dhul a' fiachadh ort a chimleacháin, mo choinsias ' dar m'anam, ní fhágfá ball na h-áite go dtugainn do chuid fola le n'ól duit.
 
beo 1
Mara 'ndán's go n-imthighe, tú anois go beo deifreach, imtheocha tú ar ball, a's thú in aithmhéala.
 
beo 2
Is maith an scéal duit féin, nachar rug mise ort, nó dá mbeirinn, ní leigfinn do bheo leat as ball na h-áite
 
Má dheargann a' beodhchan beag sin fhéin, ceart, beidh teine mhaith ann ar ball."
 
biorach 2
Deir tú leis a' suc de laogh sin, nach leagfadh smut ar aon-deoir bhainne, ó cuireadh a' bhiorach air. Ach ólfa sé ar ball é, feicfe tú fhéin air, nuair a theánnfas an t-ocras leis.
 
bocht 1
Is breagh an ball í idteach duine bhoicht = bean bhreagh dhathamhail, ghléasta.
 
bocht 2
Mara dtaithnigheann siad leis, fágadh sé 'na dhiaidh iad. Níl duine a' bith dhá dtoghaint air, ach b'fhéidir go mbadh bhuidhe bocht leis iad 'fhaghail ar ball.
 
Is deas a' ball i dteach a' bith é, an bhollstaic bhradach sin!