Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ball (50+)

 
Chuaigh feadhnach lucht portaigh soir sa leoraí ar ball. Shíl mé nach mbeadh aon obair acu inniu agus saoire ar an lá. Ach chreidim nach miste leo sin céard a dhéanfas saoire ná sollúna
+
Chonaic mé ag dul síos an bóithrín ar ball é a fhearacht is dhá mba ag dul abhaile a bheadh sé. Más ea fhéin, tá sé in am sin aige, agus gan a bheith ag leadrán anseo níos faide.
TUILLEADH (3) ▼
Bhí tua anseo agus fearacht an scéil ar ball, tháinig duine dhá hiarraidh agus níor thug sé ar ais í — ar nós an scéil a hinsíodh gairid ó shin (roimhe sin sa gcómhrá) faoi rud a imeacht agus gan é a theacht ar ais. Is minic nach mbeadh a leithide i gceist roimhe sin chor ar bith, ach go n-abraítear fearacht an scéil ar ball mar sheoraí chainte, ar nós an Bhéarla: no more than a thing, no more than a story, (ach an oiread le rud, ach an oiread le scéal)
Níor chuí dhó é a dhéanamh fearacht an scéil ar ball
Chuir mise fataí freisin, agus fearacht an scéil ar ball, ní dheachaigh a ndóthain leasú orthu agus tá a shliocht orthu
+
fios
Ní raibh aon fhios agamsa go raibh sé básaithe go dtí ar ball
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mbeadh fios rúin ná broscáin aige gur mise an chéad bhall a d'fheicfeadh sé roimhe, is mór m'amhras a dtiocfadh sé isteach
Chuaigh fios soir ar Sheán ar ball — cuireadh scéala (fios) i gcoinne Sheáin ar ball
 
Tá ball dobhráin follasach uirthi faoina smig
 
D'airigh mé fothram eicínt ar ball, ach ní carr a bhí ann ina dhiaidh sin
 
Cén sórt fothramán é sin a chuala muid ar ball? Blastannaí a chuaigh amach ab ea? Ba diabhaltaí an fothramán a rinne sé mura ndeachaigh amach ach ceann
 
Céard a thug an roiseadh sin do tyre do bhicycle? Tá an tube ag freagairt ann. Ná fág ball na háite nó go gcuire tú deis eicínt air. Mura gcuire, fágfaidh sé ar an mbóthar thú
 
fág i
Foighid ort! Tá an-tsaint san airgead aige, ach fágfaidh sé ina dhiaidh é ar ball — ní fhéadfaidh sé a thabhairt san uaigh leis
+
fág
Nár fhága mé ball na háite choíchin, má leag mise ariamh barr mo láimhe ar do bhicycle!
TUILLEADH (3) ▼
Murach gur éirigh liom a theacht i láthair, sin ní fhágfá. Bhí tú réidh leis. Mharódh sé thú ar bhall na háite
Ní fhágfadh sé ball na háite murach an trua a ghlac mé dá chuid páistí — mharóinn ar an láthair é
Fág na beithígh go dtí ar ball — gan bleán, gan beathú srl
 
Ba gheall le solas fáideoige a chonaic mé ag teacht aniar an tamhnaigh ar ball. Ní féidir gurb iad muintir Bh. a bheadh ag tóraíocht duine eicínt, nó b'fhéidir gur beathach a chuaigh amú
 
féar
Ara ná géill do J. Tá sé sin chomh bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás. Nár dhúirt sé liom fhéin an lá faoi dheireadh gurb é an áit a bhfuil an mac ag obair anois ag déanamh céibheannaí i nDúiche Sheoigheach. Diabhal mé gur chreid mé é, agus go ndeachaigh mé dhá inseacht sa mbaile aríst. Rinne siad ball séire dhíom. Céibheannaí i nDúiche Sheoigheach!
 
Ní theagann fíbín ar bith ar do chuid beathachsa bail agus beannú orthu! … Nach bhfaca mé thiar sa ngarraí ar ball iad agus gan cor acu
 
Chonaic mé thiar ansin thiar é (an gasúr) ar ball agus é ag caidhleadh suas chloch ina gcarnán — ag déanamh tithe beaga dhó fhéin mar dhóigh dhe!
+
Má chuireann aon duine den ghrifisc sin aon chaidéis ormsa, dar brí an leabhair, ní bheidh aige ach malrait. Chuile bhall agamsa ach duine den dream sin.
TUILLEADH (1) ▼
Dar príosta dá bhfaigheadh sé aon chaidéis d'aon cheo dhá mbeadh agamsa, ní fhágfadh sé ball na háite go gcuireadh sé bail ó Dhia air.
 
Nach mór an cam srón birín orm go gcaithfidh mé a dhul faoi dhó sa ló chuig an bpump ag iarraidh bairillí uisce, agus neart uisce ar mo chuid talúna fhéin ach nach leagfaidís (na beithígh) smut air i ngeall ar an gcailimhineoig. Ach is beag an locht a bheas acu air ar ball, nuair a theangmhós an tart tuilleadh leofa.
 
Ní chloisfeá méir i gcluais sa teach s'againne ag cantaireacht putaí. Is minic a fuaidh sé thríom tosaí dá léasadh, ach má dhéanaim sin leofa beidh na hollghártha ann chomh maith céanna. 'Mar a chéile an ball séire agus a ghiolla,' arsa tusa.
 
As cantáil a bhí thíos ag an T. M. a cheannaigh sí an ball sin.
 
Níor mhór do dhuine a bheith stuama le ball mar sin a chinnireacht (rothar gluaiste)
 
Tá caint aige — cipiléireacht agus caint ar sraith. Dhéanfeadh sé ball séire d'aon duine beo a bheith ag éisteacht leis.
 
An mbeadh an oiread den bhall séire ort agus go dtabharfá bhót (vote) dhóibh sin? Nach bhfeiceann tú go bhfuil ciseach déanta acub den tír. Ach is deacair cuid de na daoine a chomhairleachan.
 
I nDomhnach, níl gnaoi ar bith agamsa ar a chuid clabaireachta sin. Chuile bhall agamsa ach clabaire. Níor thaitnigh clabaire ariamh liom, thar chineál duine ar bith.
 
Bheadh cúnamh maith ar choirpéis an tí in imeacht sé seachtainí, ach an gaineamh agus na clocha a bheith ar bhall na háite.
 
coirt
Tá coirt shalachair ar chuile mhíle ball dhá bhfuil istigh faoi chaolachaí an tí. Caithfidh tú a dhul ag sciúradh a Ph.
 
Is maith mar a tharla! Ó casadh isteach anois thú, ní fhágfaidh tú ball na háite go gcuire mé comaoin eicínt ort. B'fhiú dhom freisin!
 
conán
Murach chomh sásta agus atá an conán eile, mharóchadh sé Seáinín ar bhall na háite, agus dá maraíodh fhéin, dheamhan leathcheart a dhéanfadh sé leis.
 
cora
An bhfuil a fhios agat cén chéad bhall a bhí romham thoir ann — M. T. Uí D. — agus mo léan níor leis ab fhaillí é gan cara chainte a chur orm.
 
'Sé an chaoi a mbeidh sí ar ball, fágtha ansiúd ar an trá thirim, gan Murchadh gan Mánas. Ní hé a mhalrait de chosúlacht atá uirthi agus chomh deacair is atá sé í a shásamh faoi fhear — ní iarrfaidh fear ar bith í as deireadh na cúise.
+
Ba bhreá an ball éadaigh é sin an lá ar chuir tú suas ar do chraiceann é agus féacha an bhail atá anois air, ina chíréabachaí.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan ball istigh faoi chaolach do thí nach bhfuil ina chíréabachaí ag na bacaigh de ghasúir sin. Neart bata nár mhór dhóibh.
+
baile
Níl tréad ar bith gan coilíneach, adeir siad, agus níl baile ar bith gan fear eicínt a mbeidh an ball séire air.
TUILLEADH (1) ▼
Sin é fhéin baile na ball séire (nó an baile le ball séire) — baile mí-ásach, baile aistreánach, doshiabhalta; baile nach bhféadfaí aon cheart a bhaint den mhuintir a bheadh ann.
 
baing
Leag de leataobh an chloch sin go fóilleach. Fónfaidh sí sin nuair a theastós baing uaim ar ball.
+
'Sé an chéad bhall é a chonaic mé i mbéal an bhealaigh romham agus mé ag dul soir.
TUILLEADH (2) ▼
Is fhearr dhuit an malrach sin a smachtú in am. Má thugann tú a bhealach fhéin dó, cinnfidh ort aon cheart a bhaint dhó ar ball.
Mura n-éirí tú as an mbealach sin (drochghnásdrochnós), caoinfidh tú é ar ball. Ach bíodh agat a mhic ó. Beatha do dhuine a thoil mar adeir C. leis an mac nuair a chuaigh sé le tincéireacht.
 
Ní dhéanfadh bealadh na hairí aon mhaith don bhall oirnise sin anois, arae tá sé caite ó Dhia agus ón saol.
 
Is beag an toradh a thabharfaidís sin ar an bPápa fhéin agus tagadh sé ag caint leo, arae tá an bhradaíl agus an leiciméireacht chomh bealtaithe isteach iontub anois agus nach scarfaidh sí leob go n-imí an ball dubh den fheadóig.
+
Cá mbeadh an ball séire do do thabhairt inniu ag iascach! Nach bhfuil an cuan fré chéile ina chuilíní bána. Deirimse leat go bhfuil sé bungharbh go leor ar an bhfarraige inniu.
TUILLEADH (2) ▼
Más gabáiste le aghaidh a ndinnéir atá sa bpota seo, is mór mo mheas go bhfuil sí ó mhaith. Tá cuilíní súí ag titim inti chuile phointe. I nDomhnach is deas an blas a bheas uirthi ar ball.
Chuirfeá slat ar pharóiste sula bhfeicfeá teach chomh broghach brocach leis. Tá cuilín shúí i chuile mhíle ball de.
 
Murach nárbh fhiú liom a dhul ag fiachadh ort a chuimleacháin, mo choinsias is dar m'anam, ní fhágfá ball na háite go dtugainn do chuid fola le n'ól duit.