Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

baramhail (8)

 
beart
Is baramhail a' beart a d'fhiach (d'fhéach) sé a chuir 'na shuidhe, leis an uncail a dhíbirt as a' teach. Ní bhíodh iabh air chuil' oidhche, ach a' toirnéis, a's a' déanamh troimpléisc ar fud a' tighe, nuair a bíodh an t-uncail in a chodladh — ar dhóigh dhe, go raibh an teach sídheamhail! Ach (dh)ar ndó(igh), bhí fhios ag a' gceann eile go maith, céard a bhí dhá dhéanamh.
 
Is maith an faisean atá tú a thabhairt faoi deara dhuit fhéin, ag imtheacht in do bhoideoide soir faoi'n mbaile sin thoir. Ní hé baramhail a leasa atá faoi dhuine 'bith atá ar do cheird.
 
ainm
Ainm baramhail a thug sé air, ach ní ainm slactmhar é = thug sé leas-ainm air, a bhainfeadh gáiridhe as, ach mar sin fhéin ní ainm gnaoidheamhail le rádh é (níl sé ionráidhte).
 
imigh
Is baramhail an chaoi bhfuil chuile shórt ag imtheacht ar an aimsir seo.
 
Is baramhail an t-imreoir thú, 'cuir isteach faoi (le) do pháirtidhe (baramhail = greannmhar).
 
dorú
Dorugha marbh a bhí aige. D'eile. 'Ar ndú' níl tú ag ceapadh gur dorugha cloiche a bhí aige amuigh ar an meath mhóir. Is baramhail an t-iascaire a dhéanfá-sa
 
Rachaidh mise faoi dhuit a dhuine chroidhe má fhaghaimse aon-tuairisc ar do bheithidheach go ngabhfaidh scéala agad ar ala na h-uaire. Ach níl mórán baramhail agam duit, a dhul dhá thóraidheacht ins an ruta seo chor ar bith. Siar a thug sé a aghaidh adéarfainn
 
Tá an scéal sin féin baramhail go leor. An chéad-oíche ar chuir sé seo thíos an "Radio" ar siubhal, amach ar an tsráid a bhí an chaint uiliog ag dul. Cé'n bhrigh ach bhí an teach ag dul thar maoil. Chasadh sí féin cnoth. "Na bheailbheannaí atá calctha" adeireadh sí. "Go gcalcaidh an diabhal agad iad, nachar fhága é ins an áit a raibh sé" adeir sé féin. "Ní raibh muid dhá iarraidh luath ná mall". Chuaidh duine eicínt amach ar an tsráid. Ba ghearr go ndeachaidh duine agus duine eile amach. Níorbh fhada go raibh an teach fré chéile amuigh, agus a raibh a dul thart an bóthar … Ba í an oíche ab fhearr ariamh í a fuair "Haw-Haw", nó gur thosuigh na mádraí ag tafann … Na buachaillí báire seo síos a chuaidh ag méirínteacht lena "wireannaí" agus chuir siad an bhail sin air. Cá'il an rud atá ag dul uatha …