Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dorugha
/drū/; /dorū/ Árainn;
ainm-fhocal, fireann
uimhir iolraidh = druifí /drïf′ī/
1.
a.
corna sreangáin nó ruadhóige a leigtear le rudaí a thomhais — ballaí, iomrachaí, cruacha, claidheachaí agus rl. — nó len a chur leo len a ndéanamh díreach.
+
Tá sé cho díreach le dorugha = an-díreach
Dhá gcuirtheá dorugha leis anois, ní fhéadfadh sé a bheith níos dírighe
TUILLEADH (4) ▼
Ní mór dorugha le na ladhracha siúd a shocrú agus a tharraint amach
Mara gcuiridh tú dorugha leis, ní bheidh aon-chaoi rathamhail agad air, ná dheamhan caoi
Fear an-phuinteáilte é. Cuireann sé dorugha le na cruacha i gcomhnaí
Seol leat mar sin. Ní fhéadfaidh an dorugha aon-bhréag a dhéanamh. Fágamuid faoi é
·
An bhfuil aon-dorú talúna thíos agad = dorú le talamh a leagan amach, len a chur le iomrachaí agus mar sin. Bíonn cupla dul dhe ar dhá chipín a bhíos ag a dhá cheann. Cuirtear an dá chipín san talamh ag dhá cheann na h-iomaire agus déantar an dorú a ríochan eatorra. An uair nach mbíonn leas dhá bhaint as bíonn sé tochraiste ar an dá chipín sin
b.
corna sreangáin nó ruadhóige a bhíos ar shlatacha iascaigh nó ar ghliondaí nó ar spilléid i gcomhair iascaigh. Tá an dorugha cloiche, an dorugha luaidhe, agus an dorugha piléir ann (bíonn na meadhchain sin ar na druifí sin) i gcomhair iascach ar an gcarraig, nó iascach bhallach ar an stupóig, nó ar an meath bhallach, nó i mbáid seoil, agus an dorugha marbh (dorugha gan meadhchan ar bith) a bhíos le h-aghaidh ronnach, mangach agus rl. ar an stupóig, ar an meath-bhallach, nó ar an meath mhóir. Iascairí a bhíos i gcurrachaí nó imbáid a mbíonn iomradh orra 'sé an dorugha marbh a bhíos aca go h-iondamhail.
+
Dorugha marbh a bhí aige. D'eile. 'Ar ndú' níl tú ag ceapadh gur dorugha cloiche a bhí aige amuigh ar an meath mhóir. Is baramhail an t-iascaire a dhéanfá-sa
An gcreidfeá gur mharbhuigh mise bromóig cheana le dorugha marbh i stupóig Charraig Mh. agus mé ar na mangaigh. Is do-chreidthe an scéal é ach mharbhuigheas. B'iongantaighe liom féin é ná an sneachta dearg. Fhobair dom rith chladaigh a thabhairt orm fhéin de léim ingeall air
TUILLEADH (1) ▼
Níl a fhios agamsa nacharb é an dorugha marbh ab fhearr leis an iascach carraige fhéin ar na corachaí domhaine sin. Tugann na clocha go tóin iad, agus dheamhan breac ar bith a chothuigheas na puill dhomhainne sin an tráth seo 'bhliain ar chaoi ar bith. Ag rith idir dhá uisce go barr cladaigh a bhíos siad
·
Dorugha cloiche a bhí agam. Níor chuir mé an luaidhe sin ariamh suas ar an gcarraig
·
Cailleadh an dorugha agus an dubháin ort! (fc. caill, cailleadh)
2.
+
Tá an rud seo as dorugha (drú) = tá sé as cor; tá sé in aimhréidh; tá ainleog ann agus rl. (rothar, snáth danra, meaisín ar bith, agus rl.)
Scread chasta ort! Leig dó ar fad. Is mó atá tú a mhilleadh ná a leasú faoi. Tá sé as dorugha agad
TUILLEADH (6) ▼
B'fhurast' aithinte dhuit nuair a chuaidh tú ag fágáil do rothair aige sin le deasú gur as dorugha a bheadh sé. Aineolaidhe é sin cho mór liom féin
Tá an snáth ar fad as dorugha agad. Tá sé de bheith ort go gcaithfidh tú rud a mhilleadh i gcomhnaí. Meastú tuige?
Ara tá an sean-ainsiléad seo as dorugha aríst. Caithfidh sib a thabhairt ag duine eicínt a dheasóchas é
Chuir mé isteach oibreachaí an chluig uilig ceart facthas dom, agus bhí sé ag imeacht, agus aindeoin sin tá sé as dorugha aríst
Diabhal an féidir go bhfuil sé (peann) as dorugha aríst ort. Tuilleadh glugair aige! Níl sé ag tál ceart an eadh? Ní bheadh a fhios ag duine cé'n marach atá chor ar bith air
Leag sé an simléar sin cheithre h-uaire agus bhíodh sé as dorugha i gcomhnaí, th'éis a dhichill. B'éigin dó eirghe as issan deireadh, agus cead a thabhairt do S. a dhul in a éadan. Má chuaidh féin, níor fhan aon-fhuigheall air 'na dhiaidh

Dorugha in iontrálacha eile (7)

 
Chonnaic mise bó thiar annseo ag N. Mh. Bhí an úgh calctha aice. Chinn orra aon-deor bhainne a fháil uaithe th'éis a ndichill. Bhí fear beag ag obair annseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cínnte ar C. agus ar 'chuile dhuine. Fuair sé ruainnín de'n "wire" beag sin a d'fheicfeá ar scluig na mbuidéil "lemonade". Dhírigh sé amach é nó go raibh sé cho díreach le dorugha. Sháith sé suas is 'chaon dollán de'n úgh é indiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé len a láimh ach é a sháthadh leis suas. B'iongantas an chaoi a raibh sé indon é a dhéanamh ach níorbh é a chéaduair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleaghan ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rádh leis. Bhí bleaghánach dhó (dhe) ar an talamh shul'ár féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
 
deis
Má tá tú le dhul ag baint mhóna ambáireach, breagh nach gcuireann tú deis eicínt ort féin. An bhfuil barra agad? Ná dorugha. Ná sleaghan. Sílim go mbeidh sí gan baint má bhíonn sí in do chleitheamhnas-sa
 
Shílfeá agus cho díocasach agus atá sé chuig iascach go bhfuigheadh sé deis. Níl dorugha, snúda, glionnda ná ní dhár dhealbh an ghrian aige ach igcleitheamhnas 'chuile dhuine eile, agus gur minic a chaitheas an fear sin fanacht istigh (gan a dhul ag iasgach) an uair a bhíos a dheis imighthe amach aige-san
 
Tá sé cho díreach le dorugha, le urchar gunna, le saighead as bogha, le slat sailighe, le grásta Dé agus rl.
 
Níl mórán díreadais ins an gclaidhe sin. Má's leat díreadas a bheith i gclaidhe agad, ní mór dhuit dorugha a leagan leis
 
Chuaidh an dorugha i bhfastódh 'sa stupóig agus chinn sé orm dólámh a thabhairt liom nó gur bhris mé é. Cé'n bhrigh ach bhí breac breagh buailte agam
 
Chuaidh mé soir lá ag an gcara 'Bh. Bhí brachlainn aca ann (bradáin). Bhí píosa dorugha in mo phóca agus cupla dubhán. 'Sé díol an diabhail é, arsa mise liom fhéin, mara dtugaidh mé ceann astaí (asaibh) le dúbhánacht aimhris. Chaith mé amach. Diabhal mé go raibh mé ag cur sámhais ionnta leis an dubhán, ach ba é a cás céadna é. D'fhan mé annsin. "Má theigheann tú ar meath teirigh ag iascach" arsa mise liom féin. Bhí a fhios agam go mbeadh maor eicínt in mo mhullach gan mórán achair. Diabhal easna dhíom nuair ab fhada liom an fanacht nach bhfaghann gruadhán mór de chloich, agus nach gcaithim amach in a gceartlár í. Bhuail cúpla mé in éindigh …