Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dorú
/drū/; /dorū/ Árainn
ainmfhocal, fireann
uimhir iolra: druifí /drïf′ī/
1.
a.
corna sreangáin nó ruóige a ligtear le rudaí a thomhais — ballaí, iomrachaí, cruacha, claíochaí srl. — nó lena chur leo lena ndéanamh díreach.
+
Tá sé chomh díreach le dorú — an-díreach
Dhá gcuirfeá dorú leis anois, ní fhéadfadh sé a bheith níos dírí
TUILLEADH (4) ▼
Ní mór dorú le na ladhracha siúd a shocrú agus a tharraingt amach
Mura gcuire tú dorú leis, ní bheidh aon chaoi rathúil agat air, ná dheamhan caoi
Fear an-phointeáilte é. Cuireann sé dorú le na cruacha i gcónaí
Seol leat mar sin. Ní fhéadfaidh an dorú aon bhréag a dhéanamh. Fágfaidh muid faoi é
·
An bhfuil aon dorú talúna thíos agat — dorú le talamh a leagan amach, lena chur le iomrachaí agus mar sin. Bíonn cupla dul dhe ar dhá chipín a bhíos ag a dhá cheann. Cuirtear an dá chipín sa talamh ag dhá cheann na hiomaire agus déantar an dorú a ríochan eatarthu. Nuair nach mbíonn leas dhá bhaint as bíonn sé tochraiste ar an dá chipín sin
b.
corna sreangáin nó ruóige a bhíos ar shlatacha iascaigh nó ar ghliondaí nó ar spiléid i gcomhair iascaigh. Tá an dorú cloiche, an dorú luaidhe, agus an dorú piléir ann (bíonn na meáchain sin ar na druifí sin) i gcomhair iascach ar an gcarraig, nó iascach bhallach ar an stopóig, nó ar an meath bhallach, nó i mbáid seoil, agus an dorú marbh (dorú gan meáchan ar bith) a bhíos le haghaidh ronnach, mangach srl. ar an stopóig, ar an meath bhallach, nó ar an meath mhóir. Iascairí a bhíos i gcurachaí nó i mbáid a mbíonn iomramh orthu, 'sé an dorú marbh a bhíos acu go hiondúil.
+
Dorú marbh a bhí aige. Deile. Ar ndóigh níl tú ag ceapadh gur dorú cloiche a bhí aige amuigh ar an meath mhóir. Is barrúil an t-iascaire a dhéanfása
An gcreidfeá gur mharaigh mise bromóig cheana le dorú marbh i stopóig Charraig Mh. agus mé ar na mangaigh. Is dochreidte an scéal é ach mharaíos. B'iontaí liom féin é ná an sneachta dearg. Fhóbair dom rith chladaigh a thabhairt orm fhéin de léim i ngeall air
TUILLEADH (1) ▼
Níl a fhios agamsa nárbh é an dorú marbh ab fhearr leis an iascach carraige fhéin ar na corachaí domhaine sin. Tugann na clocha go tóin iad, agus dheamhan breac ar bith a chothaíos na poill dhomhaine sin an tráth seo bhliain ar chaoi ar bith. Ag rith idir dhá uisce go barr cladaigh a bhíos siad
·
Dorú cloiche a bhí agam. Níor chuir mé an luaidhe sin ariamh suas ar an gcarraig
·
Cailleadh an dorú agus an duáin ort! (fc. cailleadh)
2.
+
Tá an rud seo as dorú — tá sé as cor; tá sé in aimhréidh; tá ainleog ann srl. (rothar, snáth danra, meaisín ar bith, srl.)
Scread chasta ort! Lig dó ar fad. Is mó atá tú a mhilleadh ná a leasú faoi. Tá sé as dorú agat
TUILLEADH (6) ▼
B'fhurasta a aithinte dhuit nuair a chuaigh tú ag fágáil do rothair aige sin le deasú gur as dorú a bheadh sé. Aineolaí é sin chomh mór liom féin
Tá an snáth ar fad as dorú agat. Tá sé de bheith ort go gcaithfidh tú rud a mhilleadh i gcónaí. Meas tú tuige?
Ara tá an seanainsiléad seo as dorú aríst. Caithfidh sibh a thabhairt ag duine eicínt a dheasós é
Chuir mé isteach oibreachaí an chloig uilig ceart facthas dom, agus bhí sé ag imeacht, agus ainneoin sin tá sé as dorú aríst
Diabhal an féidir go bhfuil sé (peann) as dorú aríst ort. Tuilleadh glugair aige! Níl sé ag tál ceart an ea? Ní bheadh a fhios ag duine cén marach atá chor ar bith air
Leag sé an simléar sin cheithre huaire agus bhíodh sé as dorú i gcónaí, théis a dhíchill. B'éigean dó éirí as sa deireadh, agus cead a thabhairt do S. a dhul ina éadan. Má chuaigh féin, níor fhan aon fhuíoll air ina dhiaidh

dorú in iontrálacha eile (10)

 
Chonaic mise bó thiar anseo ag N. Mh. Bhí an úth calctha aici. Chinn orthu aon deoir bhainne a fháil uaithi théis a ndíchill. Bhí fear beag ag obair anseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cinnte ar C. agus ar chuile dhuine. Fuair sé ruainnín den wire beag sin a d'fheicfeá ar scloig na mbuidéil lemonade. Dhírigh sé amach é nó go raibh sé chomh díreach le dorú. Sháigh sé suas i chaon dallán den úth é i ndiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé lena láimh ach é a shá leis suas. B'iontas an chaoi a raibh sé in ann é a dhéanamh ach níorbh é a chéad uair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleán ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rá leis. Bhí bleánach dhó (dhe) ar an talamh shular féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
 
Níl na ceanna cruacháin ná na malraigh Cháit sin le n-ithe chor ar bith. Má bhuaileann siad go deo an duán agat, caith ag an deachma iad. A mhalrait níl le déanamh leo. Nach cloigeann ar fad é an ceann cruacháin. Bhí mé lá i mbliana ansin thíos ar an starráinín, agus bhí siad do mo bhualadh chomh tréan in Éirinn agus a bhí mé dhá gcaitheamh i bhfarraige. Ach dhá mbeinn ann go dtiteadh déidín agam, ní bhfaighinn priocadh ó thada eile. Ghliondáil mé suas mo dhorú faoi dheireadh le cantal, agus aníos liom. Ná bac thusa le lá ar bith a mbeidh bualadh ar a leithidí sin. Tá tú réidh le iasc an lá sin
 
deis
Má tá tú le dhul ag baint mhóna amárach, breá nach gcuireann tú deis eicínt ort féin. An bhfuil bara agat? Ná dorú. Ná sleán. Sílim go mbeidh sí gan baint má bhíonn sí in do chleithiúnas-sa
 
Shílfeá agus chomh díocasach agus atá sé chuig iascach go bhfaigheadh sé deis. Níl dorú, snúda, glionda ná ní dhár dhealbh an ghrian aige ach i gcleithiúnas chuile dhuine eile, agus gur minic a chaitheas an fear sin fanacht istigh (gan a dhul ag iascach) nuair a bhíos a dheis imithe amach aigesean
 
Tá sé chomh díreach le dorú, le urchar gunna, le saighead as bogha, le slat sailí, le grásta Dé srl.
 
Níl mórán díreadais sa gclaí sin. Más leat díreadas a bheith i gclaí agat, ní mór dhuit dorú a leagan leis
 
Chuaigh an dorú i bhfostú sa stopóig agus chinn sé orm dólámh a thabhairt liom nó gur bhris mé é. Cén bhrí ach bhí breac breá buailte agam
 
domhain 1
Má tá fút a dhul ar an domhain, níor mór dhuit cuid is mó ná sin de dhorú. Cúig nó sé d'fheánna eile
 
Chuaigh mé soir lá ag an gCora Bh. Bhí brachlainn acu ann (bradáin). Bhí píosa dorú in mo phóca agus cupla duán. 'Sé díol an diabhail é, arsa mise liom fhéin, mura dtuga mé ceann astaí (asaibh) le duánacht amhrais. Chaith mé amach. Diabhal mé go raibh mé ag cur sámhais iontu leis an duán, ach ba é a cás céanna é. D'fhan mé ansin. "Má théann tú ar meath téirigh ag iascach," arsa mise liom féin. Bhí a fhios agam go mbeadh maor eicínt in mo mhullach gan mórán achair. Diabhal easna dhíom, nuair ab fhada liom an fanacht, nach bhfaigheann gruán mór de chloich, agus nach gcaithim amach ina gceartlár í. Bhuail cúpla mé in éindí …
 
Is minic a chonaic mé na ballachaí ag snámh isteach faoin dubhlaoisc ansin agus mé ag breathnú orthu as seo. Tá faoi na huláin sin beo leo. Dhá mbeadh dorú agat, ba gearr a bheifeá ag marú strapa éisc ann …