Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

beó (48)

 
Ní leigfeadh aonduine beó an feithideach sin amach san ngarraí agus gan a fhios aige nach hé a chailleadh a dhéanfaí ar an iomaire
 
fiar
Ní chodlódh aon-duine beó néal in éindigh leis ar leabaidh. Sén chaoi a síneann sé é féin ar fiar = treasna ó chois na leabthan go dtí an cúinne is fuide uaithe sin ag a ceann
 
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis, agus ní imeódh sé uaim cho saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh in a shiopa, agus déarfadh sé in a dheidh sin gurb é atá ag coinneál leath na ndaoine beó! Nar ba gán measa a bhéas sé!
 
fios
Tá sé in am fios a dhul (a chur) ar a hinín. Mara dteighe, agus go beó, ní bhéarfaidh sí beó uirre
 
Is deacair dó freastal do chuile rud agus a bhfuil ag fortabháil air. Ní teallach atá sé a thógáil ach dhá theallach. 'Ar ndó' ní bheadh clann na deirfíre beó chor ar bith dhá uireasa
 
Beatha go beó, nó an sagart! Tá tuitim feóir ionam leis an ocras
 
Fágaim le m'uacht agus le m'anam go bhfuil mé reiche beó beithioch aice!
+
fág
Fág seo amach annseo go beó! Is roighin thú
TUILLEADH (2) ▼
Fág seo amach annseo leat a chodaí asail! Go on! Fág seo adeirim! Go on will you! Fág seo go beó!
'Ar ndó' ní dhéanfadh aon-fhear beó an cleas a rinne sé ach é fhéin, ach cár fhága tú an tseafóid agus an leibideacht?
 
Déan bráideóg fhíógaí agus gabhfaidh muid ag coinnleóireacht. Tá na crícheannaí sin siar beó beitheach le smólaigh agus lonta dubha
+
féar
Fan beó a chapaill, agus gheobhaidh tú féar = deaghghealladh ach nach gcothóidh sé duine gan cur leis; geall rud do dhuine agus maireadh sé ar a rogha caoi uaidh sin amach; bíodh foighid agad agus ná fuasaoid d'easbaidh agus tiocfaidh gach rud ceart uair eicínt amach annseo
TUILLEADH (3) ▼
Tá tusa ar dhruim (ar mhuin) na muice, ach cén chaoi a mairfidh daoine eile. Fan beó a chapaill agus gheobhaidh tú féar! M'anam gur deas é do chómhrádh
Beidh an saol go maith fós ach foighid a bheith againn, adeir sé. Foighid! Fan beó a chapaill agus gheobhaidh tú féar! Níl a fhios aige sin cáil an bhróig ag luighe ar aonduine eile, agus is rí-chuma leis
Fiafraím díot, cén chaoi a ndéanfaidh muinntir na háite seo an saol a ríochan, nó go ndéantar a bhfuil tusa a rádh. Fan beó a chapaill agus gheobhaidh tú féar, ab ea. Mar a chéile sib ó sháil go rínn. Tá sibse cho dona le dream ar bith eile
 
beo 1
Beidh saoghal maith ann fós, an té a mhairfeas beó (a bheidheas beo) len' fheiceál.
 
Sí an cheird is luar liom beó a bheith ag feamnadh. Tá sí an-tsraimlí. Níl snáth ar mo chraiceann nach bhfuil fliuch báite, de bharr mo lae agus gan baol ar bith orm a bheith réidh léithe fós
 
Má bhíonn tú ag fanacht go bhfagha tú fáill anoir annseo air sin, sé féithiú an tsionnaigh ar mhagarlaigh an tairbh agad é. Dheamhan a chos sin a chuirfeas a chloigeann anoir thar bhéal an bhóthair sin an dá lá agus a bhéas sé beó
 
Dhá mbeadh scrublaíocht ar bith ann mar mháistir scoile, ní ag dul ag fiachadh ar an dílleachta sin a bheadh sé. Ach tá sé siúd beó droch-mhúinte. M'anam gurb é a chuma sin atá air
 
fiann
Tá Seán anois in a Oisín indiaidh na Féinne. Níl beó dhá raibh ann ach é féin
 
fonn
An bhfeiceann tú an fear sin thoir san ngarraí. Feacha an stolladh rómhair atá air! Nach gcuirfeadh sé fonn oibre ar fhear ar bith beó!
 
Rud ar bith dhá mbeidh ag imeacht, ní beó iad gan a fhastú ar fad dóibh féin
+
fraigh
Chroch mé san bhfraigh (/frəi/) í (speal). Bainfidh mé bliain eile aisti más beó buan na daoine
TUILLEADH (1) ▼
Má theagann S. sna fraghachaí dar m'anam duit go mbeidh scéal agad air. Níl duine ar bith beó is preabaí ná é. Speirfeadh sé thú cho héascaidh agus a bhreathnódh sé ort. Mo chomhairle dhuit: ná bac leis
 
Ná cuir chuige ná uaidh. Tá frith-chantal eicínt air na laethantaí seo. Níl sé cho gealgháireach agus a bhíodh sé. An bhreac-aimsir is dóigh. Chuirfeadh sí cantal ar dhuine ar bith beó. Níl lá seasta ar bith ag teacht
 
Tugann sé froisín achrainn don bhean anois agus aríst, nuair a chinneas chuile dhuine eile air. Ní beó é gan a bheith i gcomhnaí ag sceaimhínteacht.
 
fuadar
Fudar mná atá fút! Is furasta aithinte ort é. Ní bheitheá cho beó ar do chois ag dul i dtráigh fheamainne
 
Tomás Sh. Ara a dhuine tá sé ag déanamh fíniú san gcréafóig le fada an lá. M'anam go sílím gurb dhá bhliain go ham seo a cuireadh é. 'Cheap tusa go raibh sé beó fós
 
Ní beó é gan a bheith ag siod-mhagadh faoi chuile dhuine, agus gan acmhainn ar bith aige fhéin. Is minic amhlaidh é a mh'anam
 
Chaithfeadh an léana féir sin an faobhar ab'fhearr beó
 
feall 1
Tuilleadh ghéar den diabhal aige anois! Ba bheag an scruball a bhí aige fhéin an fear bocht sin thiar a mharú. É a mharú a rinne sé scáth ar fhága sé beó dhe. Sé cóir Dé é anois gur eirigh an cleas céanna dhó fhéin. Más feáll filleann
+
Tá an fhloscaíocht bhéil sin breá go leór! Ag moladh na mná anois nuair atá sí san gcréafóig. Ní dhéarfadh muinntir na mná muis, go raibh seisean in a dheagh-cheann di, agus í beó
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan dochar ann, ach a bhfuil de fhloscaí mar sin aige. Níl fear ar bith beó is túisce a dhéanfadh soilíos duit ná é. Ach is deacair do dhuine stuaim a choinneál ar an bhfoighid scaití ag éisteacht leis ag floscaíocht
 
Dheamhan bréag nach raibh foighid agad le na gasúir sin ó mhaidin. Sháróidís aonduine beó len a gcuid gleó agus sclamhaireacht
 
folach 2
Dheamhan falach beó den bhráithlín sin thuas le chéile anois
 
fuil 2
Fuil leat go beó agus teirigh ag glaoch air
 
Is beag an fhulaint atá aice. Mara dteagadh ach iasc beó in a cois, bheadh sí cho hanshóiteach, agus dhá mba ag saothrú báis a bheadh sí
 
fód
Sé an fód beó an fód atá an-fhada síos san gclaise: an fód nar corraíodh cheana
+
"Shuidh Peadar ar leac leathan abhann (dhomhainn?). Tháinig Críost as a chionn. 'Céard tá ort a Pheadair? 'Ó 'Thiarna, m'fhiacail atá tinn'. 'Eirigh a Pheadair agus bí slán; ní thusa amháin ach a maireann beó. Coinnigh an artha seo (in) do cheann, agus ní bheidh dae (doigh) fhiacal ort aríst go deó" (sin leagan amháin ar artha na ndoigheachaí fiacal)
TUILLEADH (1) ▼
Labhair sé faoin a fhiacla, agus ní thuigfeadh aon-fhear beó é = labhair an-íseal, agus an chaint a changailt
 
fuacht
Seán seo thoir! Ní fhaca mé an teas ag breith ar an bhfuacht aige (air) aon-lá ariamh. Beo bocht a bhí sé, agus beó bocht atá sé, ní dhá roinnt leis é!
 
fuar 2
Míle buíochas le Dia nach bhfuil croí agam cho fuar agus atá agad-sa. Dhá mbeadh, b'fhearr liom san talamh ná beó
 
deacair 1
Mo bhrún agus mo dheacair nach ndeachaidh mé ann gan méir a bhaint de mo shróin. Dhá dteighinn bhéarfainn beó air
+
Faraor ghéar dheacrach nach mbriseann sé a smut leis. Ní beó é gan a bheith ag iarraidh a dhul amach
TUILLEADH (1) ▼
Faraor ghéar dheacrach má bhain mé aon-fhód ariamh di. Feacha an aimsir sin! Nach gcuirfeadh sí carghas ar aonduine beó! 'Chuile lá ag baint fhearasbarr dá chéile
 
Ní dheasaíonn sibse na tithe cho minic agus a dheasaíos muide iad. Ach níl aon-chrúóig agaibhse leis. Tithe ceann slinne is mó atá amach an taobh se'agaibh-se anois. Siad is fhearr sógh freisin. Chuirfeadh na sean-tithe ceann tuí seo thar bharr do chéille tú dhá ndeasú chuile bhliain beó
 
Donacht as air! Donacht a bhíos air chuile lá beó
 
An dá lá is beó mise aríst ní fheicfidh tú annseo mé (an dá lá agus a bhéas mé beo, an dá lá agus an fhad agus a mhairfead) = choichín