Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

beirt (50+)

 
Tháinig sé in a fhaitíos orm nuair a chonnaic mé an bheirt ag teacht = tháinig faitíos orm
 
Coinnigh leat é sin. Sin é an fear fobhairne atá ag an "mboss". Is mór a d'fhéadfadh sé sin a chur ann duit, dhá mbeadh sé leat, ach is mór a d'fhéadfadh sé a chur as duit ar an gcóir chéanna. Níl aon-cheo dhá ndéarfaidh sé nach shin é a dhéanfas an "boss". Bíonn an bheirt ag ól in éindigh chuile oíche
 
Freagraíocht treasna a bhí ann i gcaitheamh na hoíche ag an mbeirt. Go deimhin níl roghain na díogha le bhaint as an gcúpla céanna. An faobhar céanna atá ar 'chaon duine aca
 
Rinne muid fhéin fáinne féir do'n bheirt agus thosuigh siad ag pliunncadh (pleanncadh?) a chéile. Tabhair pliunncadh air! Má sea fhéin, ní raibh goir ná gaobhar ag an mbleitheach mór ar Th.
 
fán
Chuaigh an bheirt sin i bhfán ar a chéile. Dhá mbeadh ceart le fáil bheidís pósta ag án a chéile, ach daoine eile ag cur a ladar isteach i ngnaithí nar bhain dóibh beag ná mór. Tá an bheirt annsin anois: ise in a cailleach agus eisean in a sheanduine agus gan brat pósta ar cheachtar aca
 
Tá mé siún siunncaighthe aige ó mhaidin, a' ceartú dhom, faoi 'scholarships', a's faoi na bheirt inghean atá imthighthe chuig coláiste. Dheamhan aithne air a raibh aon-duine ariamh i gcoláiste cheana, ach a bheirt inghean fhéin.
 
Bhí duine aghainn ar 'chaon stuaicín a's beirt chinnirí in a cloigeann, agus badh é díol a' diabhail é, dá mbeadh bromach capaill indon rith ar a' méid sin. (capall a cuireadh faoi charr de'n chéad uair).
+
cleite
Dhá gcloisteá an cleite comhrádha a bhí ag an mbeirt ar a' teallach aréir, ní dhéanfá aon-mhaith go ceann bliadhna le gáiridhe.
TUILLEADH (1) ▼
Nach sílfeá gur seafóideach an cleite comhrádha é sin do bheirt mar iad. Is mór adéarfá le gasúir dhíthcéillidhe.
 
clóic
Ní fhéadfadh clóic a' bith a bheith ar Sh. anois, a's a bheirt mhac a' saothrú dólúm (dolom). Is iomdha duine nach bhfuil pighinn ná bonn a' teacht isteach aige, a's a chaithfeas maireachtáil 'na dheidh sin = uireasbha; ceal slighe.
 
Bhí an bheirt a' tarraingt na bráithlíne ó chéile sa leaba, go ndearna siad ceaithréabachaí dhi eatorra(b).
 
bannaí 1
Ní ghlacfaí i mbannuidhe ort mé, mar tá mé imbannuidhe ar bheirt cheana ann.
 
Tá bealach cairr ann, ach níl sé thar mholadh beirte.
+
beart
Fagh gad dom l'aghaidh an bheirt (bhirt).
TUILLEADH (2) ▼
Tá cion beirt (nó beart) eile ann, nuair a bheidheas chuile thiomsacht i dtoll a chéile aghainn. = nuair a bheidheas chuile scaipeadhach fhéir, bailighthe le chéile, déanfa sé beart eile.
A' déanamh sealuidheacht' ar a chéile ag iomchur an bheirt (bhirt) a bhí siad.
 
Beirt bhádóirí a bhí ann — duine acab faoi fhéasóig uileag, a's béalbhach ar a' gceann eile. Ach cé'n uair a chonnaic tú bádóir glan-bhearrtha?
 
Cé acu de'n bheirt a bhí ar béalóg.
 
Is iomdha creachlaois a d'fhéadfainn fhéin a dhéanamh, marach go gcaithim freastal do na 'gaedhilgeoirí' sin go h-acht a's go h-áithrid. Sháróchaidís thú, a's barr a' dathamhlacht, ní hé an uair chéadna a dteastuigheann an dinnéar ó bheirt a' bith aca(b).
 
crinn
Tá'n bheirt a' crinneadh a chéile leis an gcloich-phuis.
 
Dheamhan baile a mbeidh an bhean sin istigh air, nach baile reicthe é. Tá sí indon Crígh Mhuire a chur thrídh na chéile, a' seadú scéalta, a's a' tarraingt anuas sean-síothmálachaí a bhí fadó an lá ann. Dheamhan beirt ar a' mbaile seo, nach a' maslú a chéile atá, 'chuile ré soluis, a's is ise is cionntach leis, ó thús deire go tosuigh.
+
beo 1
Níor tháinic beo as a' mbriseadh (cath, cogadh) ach duine nó beirt.
TUILLEADH (2) ▼
Ar a' dá luath a's ar bhain a' bheirt amach 'un achrainn, bánuigheadh a' teach. Geinealach a' bhéil beo fhéin, níor fhan istigh, cé's moite de'n chúpla aca(b) fhéin.
Dheamhan firnéad an bhéil bheo aca(b) a fuair obair ar an mbóthar, a's tá beirt a's triúr as a' teach as a' mbaile seo thoir ag obair ann. Neart fabhair a mhic ó! Is maith é an fabhar!
 
aer
Ní raibh an bheirt achar a' bith inglacamus lámh, nuair a chuir Seán in aer é = leag; shín; d'fhága ar lár.
 
Thosuigh an bheirt a' carruidheacht, ach níor thug a' stumpán beag ionbhadh a' bith dó, gur bhuail sé faoi é, ar a' talamh.
 
buail
Chuaidh beirt as an áit seo fadó, amach ar a bhfeatha mhóir (meath?) ag iascach cholmóirí. Ná raibh ann mara dtáinic sé in a lom gaoithe aduaidh orra(b), a's b'éigean dóib leigean leis a' mbád iomramha gur bhuail siad tír imBaile Uí bhFiadhcháin i gConndae an Chláir. Ach níor chás dóib é, ó bhuail siad tír in aon-áit.
 
Tháinic beirt bhuailteoirí le súistí dhá lascadh, nó gur dhíbrigheadar as an teach é.
 
buinne 1
Fuair T. C. a's N. bairille beag sa mbruth-faoi-thír, tá suím bliadhanta ó shoin. D'áitigh ar a' mbeirt a' dul dó, a' ceapadh gur ól a bhí ann, a's badh eadh freisin, a's ná raibh Dia leis, marar thuit an buinne tónach anuas lobhtha dhe, a's dheamhan deoir a d'fhan ann nar dóirteadh amach sa snátha mara. Shuidh an cupla síos ar a' dúirling a' caoineadh na h-éadála! Deir siad fhéin gur 'rum' a bhí ann, ach is dona a chreidfinn é.
 
ainm
Tá an bheirt ar aon-ainm (amháin) = sé'n t'ainm céadna atá ar a' mbeirt.
 
Bhain focal focal eile amach, agus is gearr go raibh an bheirt in adhar a chochaill.
 
Tá sé 'cinnt orm aoileach a choinneál amach leis a' mbeirt = tá sé 'cinnt orm an oiread aoiligh a choinneál tarraingthe go dtí an garrdha agus a leasóchadh a bhfuil siad indon a chur nó 'fhódú.
 
anam
M'anam ag Dia maran h-óg a' mhaise fós di é, a's beirt fhear curtha aice.
 
Tá beirt fhiainise agam gur bhuail sé mé. Nach shin é mo dhóthain
 
Tá do dhóthain fuirinn agad i gcurrach má tá beirt iomróirí maithe inte
 
fraigh
Bhí mé féin le frogh, agus marar shaothruigh mise an oíche ag an mbeirt a bhí taobh thíos díom (san leabaidh) castar liom é
 
Chuaigh beirt as sin thoir thart annseo aréir ag fuagairt "show" san mbóithrín seo thoir san oíche amáireach. Beidh "monkeys" ann
 
fuagra
Fuair sé fuagra faoin bpinsean le goirid. Dúradh leis dhá bhfaghadh sé beirt i bhfiainise go raibh sé in aois, go bhfaigheadh sé ar an bpuinnte é
 
fuaim
Bhí mise in mo shuí istigh san tsáinne siúd agus mé ag éisteacht leis an mbeirt. Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac. M'anam nach bréag ar bith é sin. Ba ghearr gur tharraing siad anuas na bóithrí … Bhí an báire liom annsin
 
Nuair a bhíos beirt grádhthach le chéile, agus a muinntir in aghaidh an phósta, b'fhearr dóibh imtheacht le chéile.
 
Má fhaghann tú beirt a bhéas ceart gheobhaidh tú duine in a dheidh sin a bhéas fabhtach, agus a dhíolfas an chuid eile. Tá duine indon baile a scrios
 
feadh
Ní bheidh stró ar bith orainn a árdú ar feadh an bheirt eile a theacht
 
feall 1
Ní raibh aon-tuilleamaí aige siúd le aonduine aca, ná le aon-bheirt aca dhá dteigheadh sé chuige sin, marach an buille feille. Sin é a d'fhága ar lár é.
 
fill
Rug an bheirt isteach ar a chéile, ach dhá mbeadh sé ag dul do Phádraig go deó dearg na díle, ní bhainfeadh sé filleadh ná feacadh as = cor ná car
 
fiú
Ba bheag ab fhiú an garraí dhá bhfaghadh an bheirt againn lá eile air = bheadh sé ionann agus curha nó críochnuithe
+
D'imigh a bhean agus beirt dhá chuid páistí uaidh. Bhí sé báite i bhfiacha. Ní raibh bonn bán air, agus in a dheidh sin fhéin, níor leig sé a mhaidí le sruth. Tá a shliocht air: sí an fhoighid a sháruigh an dubhchinniúint. Is maith saidhbhir an fear inniu é. Is cóir adeir siad go bhfaghann foighid fortún
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh foighid ná fuireach orra go dteigheadh an bheirt aca ar cuairt, agus chuaigh = ní dhéanfadh siad foras ná comhnaí
 
fonsa
Fir iad a bhfuil síoraíocht ionta, ach níl mórán gaisce orra in a n-iomróirí. Bhí muid ag teacht isteach den mheath mhóir, agus tháinig sé in a lom gaoithe adtuaidh. Bhí an bheirt aca ag iomradh. Má bhí fhéin bhí gíoscán ag na liúrachaí ag pléascadh ar na fonnsaí. Ba shin iomradh mhí-stuama in a dheidh sin … Dheamhan fabht ar bith atá in adhmad na curaí
 
Níl ag tarraint na gcloch ach carr amháin agus beirt ag freastail = dhá líonadh, dhá fhalmhú etc
 
fuath
Th'éis go raibh siad in a dhá gcuid déag le chéile, níl beirt ar bith is mó gráin ar a chéile ná iad anois. 'Ar ndú' ní bhíonn grádh dhá méid nach mbíonn fuath dhá réir. Deir siad é