→
beart
beirt (50+)
Coinnigh leat é sin. Sin é an fear fobhairne atá ag an mboss. Is mór a d'fhéadfadh sé sin a chur ann duit, dhá mbeadh sé leat, ach is mór a d'fhéadfadh sé a chur as duit ar an gcóir chéanna. Níl aon cheo dhá ndéarfaidh sé nach in é a dhéanfas an boss. Bíonn an bheirt ag ól in éindí chuile oíche
Freagraíocht trasna a bhí ann i gcaitheamh na hoíche ag an mbeirt. Go deimhin, níl roghain na díogha le bhaint as an gcúpla céanna. An faobhar céanna atá ar chaon duine acu
→
fáinne
Rinne muid fhéin fáinne féir don bheirt agus thosaigh siad ag plancadh a chéile. Tabhair plancadh air! Más ea fhéin, ní raibh gair ná gaobhar ag an mbleitheach mór ar Th.
→
fán
Chuaigh an bheirt sin i bhfán ar a chéile. Dhá mbeadh ceart le fáil bheidís pósta ag a chéile, ach daoine eile ag cur a ladar isteach i ngnaithí nár bhain dóibh beag ná mór. Tá an bheirt ansin anois: ise ina cailleach agus eisean ina sheanduine agus gan brat pósta ar cheachtar acu
Tá mé siún sioncaithe aige ó mhaidin, ag ceartú dhom faoi scholarships, agus faoina bheirt iníon atá imithe chuig coláiste. Dheamhan aithne air a raibh aon duine ariamh i gcoláiste cheana ach a bheirt iníon fhéin.
→
cinnire
Bhí duine againn ar chaon stuaicín agus beirt chinnirí ina cloigeann agus ba é díol an diabhail é dá mbeadh bromach capaill in ann rith ar an méid sin. (capall a cuireadh faoi charr den chéad uair)
+
→
cleite
Dhá gcloisteá an cleite comhrá a bhí ag an mbeirt ar an teallach aréir, ní dhéanfá aon mhaith go ceann bliana le gáirí.
TUILLEADH (1) ▼
Nach sílfeá gur seafóideach an cleite comhrá é sin do bheirt mar iad. Is mór adéarfá le gasúir dhícéillí.
→
clóic
Ní fhéadfadh clóic ar bith a bheith ar Sh. anois agus a bheirt mhac ag saothrú dólúm. Is iomaí duine nach bhfuil pínn ná bonn ag teacht isteach aige agus a chaithfeas maireachtáil ina dhiaidh sin — uireasa; ceal slí.
Bhí an bheirt ag tarraingt na braillíne ó chéile sa leaba, go ndearna siad círéabachaí dhi eatarthub.
Beirt bhádóirí a bhí ann — duine acub faoi fhéasóig uileag agus béalbhach ar an gceann eile. Ach cén uair a chonaic tú bádóir glanbhearrtha?
Is iomaí creachlaois a d'fhéadfainn fhéin a dhéanamh, murach go gcaithim freastal do na Gaeilgeoirí sin go hacht is go háirid. Sháróidís thú, agus barr an dathúlacht, ní hé an uair chéanna a dteastaíonn an dinnéar ó bheirt ar bith acub.
→
críoch
Dheamhan baile a mbeidh an bhean sin istigh air nach baile reicthe é. Tá sí in ann Crígh Mhuire a chur thrína chéile, ag seadú scéalta agus ag tarraingt anuas seansíomálachaí a bhí fadó an lá ann. Dheamhan beirt ar an mbaile seo nach ag maslú a chéile atá, chuile ré solais, agus is ise is ciontach leis ó thús deireadh go tosaigh.
+
→
beo 1
Níor tháinig beo as an mbriseadh (cath, cogadh) ach duine nó beirt.
TUILLEADH (2) ▼
Ar an dá luath agus ar bhain an bheirt amach chun achrainn, bánaíodh an teach. Ginealach an bhéil beo fhéin níor fhan istigh, cé is moite den chúpla acub fhéin.
Dheamhan firnéad an bhéil bheo acub a fuair obair ar an mbóthar, agus tá beirt agus triúr as an teach as an mbaile seo thoir ag obair ann. Neart fabhair a mhic ó! Is maith é an fabhar!
→
aer
Ní raibh an bheirt achar ar bith i nglacamas lámh nuair a chuir Seán in aer é — leag; shín; d'fhága ar lár
Thosaigh an bheirt ag coraíocht ach níor thug an stumpán beag ionú ar bith dó gur bhuail sé faoi é ar an talamh.
→
buail
Chuaigh beirt as an áit seo fadó amach ar an meatha mhóir ag iascach cholmóirí. Ná raibh ann mura dtáinig sé ina lom gaoithe aduaidh orthub agus b'éigean dóibh ligean leis an mbád iomramha gur bhuail siad tír i mBaile Uí Bheacháin i gContae an Chláir. Ach níor chás dóibh é ó bhuail siad tír in aon áit.
→
buinne 1
Fuair T. C. agus N. bairille beag sa mbruth faoi thír tá suim blianta ó shin. D'áitigh ar an mbeirt ag dul dó ag ceapadh gur ól a bhí ann, agus ba ea freisin, agus ná raibh Dia leis murar thit an buinne tónach anuas lofa dhe agus dheamhan deoir a d'fhan ann nár dóirteadh amach sa snátha mara. Shuigh an cúpla síos ar an duirling ag caoineadh na héadála! Deir siad fhéin gur 'rum' a bhí ann, ach is dona a chreidfinn é.
Tá sé ag cinnt orm aoileach a choinneáil amach leis an mbeirt — tá sé ag cinnt orm an oiread aoiligh a choinneáil tarraingthe go dtí an garraí agus a leasódh a bhfuil siad in ann a chur nó a fhódú.
→
fraigh
Bhí mé féin le fraigh agus murar shaothraigh mise an oíche ag an mbeirt a bhí taobh thíos díom (sa leaba), castar liom é
→
fuagair
Chuaigh beirt as sin thoir thart anseo aréir ag fuagairt show sa mbóithrín seo thoir san oíche amárach. Beidh monkeys ann
→
fuagra
Fuair sé fuagra faoin bpinsean le gairid. Dúradh leis dhá bhfaigheadh sé beirt i bhfianaise go raibh sé in aois, go bhfaigheadh sé ar an bpointe é
→
fuaim
Bhí mise in mo shuí istigh sa tsáinne siúd agus mé ag éisteacht leis an mbeirt. Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac. M'anam nach bréag ar bith é sin. Ba ghearr gur tharraing siad anuas na bóithrí … Bhí an báire liom ansin
→
imigh le
Nuair a bhíos beirt grách le chéile, agus a muintir in aghaidh an phósta, b'fhearr dóibh imeacht le chéile
→
fabhtach
Má fhaigheann tú beirt a bheas ceart gheobhaidh tú duine ina dhiaidh sin a bheas fabhtach agus a dhíolfas an chuid eile. Tá duine in ann baile a scrios
→
feall 1
Ní raibh aon tuilleamaí aige siúd le aon duine acu, ná le aon bheirt acu dhá dtéadh sé chuige sin, murach an buille feille. Sin é a d'fhága ar lár é.
→
fill
Rug an bheirt isteach ar a chéile ach dhá mbeadh sé ag dul do Phádraig go deo dearg na díle, ní bhainfeadh sé filleadh ná feacadh as — cor ná car
→
fiú
Ba bheag ab fhiú an garraí dhá bhfaigheadh an bheirt againn lá eile air — bheadh sé ionann is curtha nó críochnaithe
+
→
foighid
D'imigh a bhean agus beirt dhá chuid páistí uaidh. Bhí sé báite i bhfiacha. Ní raibh bonn bán air, agus ina dhiaidh sin fhéin, níor lig sé a mhaidí le sruth. Tá a shliocht air: sí an fhoighid a sháraigh an dubhchinniúint. Is maith saibhir an fear inniu é. Is cóir adeir siad go bhfaigheann foighid fortún
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh foighid ná fuireach orthu go dtéadh an bheirt acu ar cuairt, agus chuaigh — ní dhéanfadh siad foras ná cónaí
→
fonsa
Fir iad a bhfuil síoraíocht iontu ach níl mórán gaisce orthu ina n-iomróirí. Bhí muid ag teacht isteach den mheath mhóir agus tháinig sé ina lom gaoithe aduaidh. Bhí an bheirt acu ag iomramh. Má bhí fhéin, bhí gíoscán ag na liúrachaí ag pléascadh ar na fonsaí. Ba in iomramh mhístuama ina dhiaidh sin … Dheamhan fabht ar bith atá in adhmad na curaí
Níl ag tarraingt na gcloch ach carr amháin agus beirt ag freastail — dhá líonadh, dhá fholmhú srl.
→
fuath
Théis go raibh siad ina dhá gcuid déag le chéile, níl beirt ar bith is mó gráin ar a chéile ná iad anois. Ar ndóigh ní bhíonn grá dhá méid nach mbíonn fuath dhá réir. Deir siad é
→
fuin
Tá sé fánach againne a bheith ag comórtas le Muintir Ch. Tá beirt acu sin ina máistreásaí scoile, agus chuile dhuine sa teach ag saothrú. Níl pínn ná bonn dhá shaothrú sa teach seo. Agus caithfidh duine fuint de réir na mine
+
→
fulaing
D'ardaigh an bheirt againn gob na curaí agus chuaigh mise fúithi ach dhá mbeadh mo chailleadh den tsaol leis, ní fhéadfainn a fulaingt. D'fhuagair mé air go raibh mé ag dul dhá ligean anuas. Sin é an uair a bhraith sé na clocha — dhá dhaigéad mhóra — agus iad ceangailte ar na seasannaí. 'M'anam nach iontas ar bith nach bhfuil tú in ann a fulaingt,' adeir sé
TUILLEADH (1) ▼
M'anam scarthóir ar bith a bhí ag coinneáil scartha ó bheirt shleádóirí, go raibh sé dhá chur fhéin thar a fhulaing. Níor dhíol trua ar bith a leithide dhá maraíodh sé é fhéin