Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

bheith (50+)

 
Is minic leis an gceann céanna an droch-fhocal a bheith aige = cainnt gháirsiúil, nó cúlchainnt faoin gcomharsa
+
Ná bac le cur ar a shon fhéin a bheith in Seán. Tá sé ro-fhaiteach. Dhá ndeirtheá leis gur mharaigh sé duine, ní leigfeadh an faitíos dó a rá nar mharaigh
TUILLEADH (2) ▼
Is bocht an chaoi do dhuine a bheith cho faiteach sin ar fad. Céard a fhéadfas aonduine a dhéanamh ort?
Níor fhan focal ar bith cainte aige ar a dhul suas ar an "stage" dó. Bhí sé in a fhudar fadar. Tá sé ro-fhaiteach l'aghaidh na ceirde sin. Níorbh fhuláir do dhuine an-cheann a bheith air le seasamh in áit den tsórt sin. P. L. an buachaill!
 
Cén fáth a ndéanfadh sé é, adeir tú? Cén fáth, ach faitíos a bheith air?
+
Nuair a bhéas barr ar an gcruach seo gabhfaidh sé rite leis (an móin, féar, arúr etc.) earasbár ar bith a bheith ann = tada (den fhéar, den mhóin etc.) a bheith d'fhuílleach
TUILLEADH (3) ▼
Is diabhlaí an t-earasbar a bhí agam, agus gur shíl mé go mba ar a chruachúis dom mo dhícheall a bheith agam
Cén mhaith breáichte mara bhfuil rud eicínt in a haice? Dheamhan a dhath! Ní farasbar breáichte a chuireas bárr ar an bpota. Bíodh sí go breá nó ná bíodh, ach má tá sí in a gnathach maith agus an téagar a bheith san sparán aice, déanfaidh sí cúis
Níl aon-mhaith dhuitse a bheith ag caint ar sraith. Is measa an aimsir anois ná fadó. Nach bhfeiceann tú chuile bliain dhá bhfuil ag teacht go bhfuil sí ag baint fearasbár dhá chéile
+
Cuireann sí feánach leamhnacht 'ar chuid na muc 'chuile lá. Is beag an dochar dóibh éifeacht féin a bheith ionta. Go bhfoire Dia ar na muca nach bhfánn ach an fata tor! Is deacair dóibh aon-rath a bheith orra
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhéadfá gan dógh bhoilg a bheith ort agus an feánach fuisce a d'ól tú inné.
+
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó leigfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maoidheachtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl in a dheidh sin
TUILLEADH (3) ▼
Ní call duit a bheith ro-dhiomúch dhó chor ar bith. Níl sé fearacht mo phortach-sa nach bhfuil tada ann ach an leic liath. B'fhearr liom in a bhog-eibhinn fhéin é ná é a bheith gan aon-domhainn ar nós na bportaigh atá againn anois
Chonnaic mé ag dul síos an bóithrín ar ball é a fhearacht's dhá mba ag dul abhaile a bheadh sé. Má sea fhéin, tá sé in am sin aige, agus gan a bheith ag leádrán annseo níos fuide.
Chas bean an Ch. léithi é a fhearacht siúd nach mór a bhain bean an Ch. di. An iomarca fad a bheith ar a teanga 'ar ndó'. 'Deile! Sílim muise nach ro-bhuíoch di fhéin atá sí as ucht bean an Ch. a tharraint uirri fhéin. Roinn sí an onóir léithi. Sí atá i riocht
 
Ní fearadh mór don bhaile seo í sin a bheith ann ar aon-nós. Hébrí cén dochar a dhéanfas sí, ní dhéanfaidh sí sochar ar bith
 
Aimsir fhearthainne den tsórt seo b'fhearr do dhuine fanacht chois na teine, agus gan a bheith dhá chailleadh fhéin, ar scáth a mbeadh déanta aige. Ní raibh aon-cheó ariamh de bharr breac aimsir mar seo
 
Thiocfadh dhó an ceart a bheith aige ach ní feasach mé air. Is iomdha rud a d'fhéadfaí a dhéanamh ingan fhios domsa
 
Sin é an fiolladóir bradach. Ní fhágfadh sé bonn bán ort dhá ngéilltheá dhó. Is maith leis an rith uachtair a bheith aige i gcomhnaí i leabaidh druim díbearha a chur air as an tír!
 
Is gránna an rud a bheith cho fiosach sin. Tá tú treannach ar shean-bhean, tá sin
+
fios
Ní fhéadfadh aonduine é sin a rádh ach an té a mbeadh fios aige. Caithfeamuid foighid a bheith againn. Is maith an scéalaí í an aimsir.
TUILLEADH (6) ▼
B'fhearr dhuit ná fios do shaoil a bheith ag breathnú air, agus na goiceannaí a bhí sé a chur air fhéin. Dhá mbeadh gan a bheith agad ach an t-aon-gháire, chaithfeá a dhéanamh faoi. Buachaill báire é
Is fuide leis ná fios a shaoil go n-imighe an ceann eile as an teach go dteighe sé fhéin isteach ann. Chítear dhom gur suarach an mhaise do dhuine a bheith mar sin
Ba cheart duit fios do cheirde a bheith agad feasta
Níor mhaith liom fios a iarraidh ar aonduine faoi rud den tsórt sin, gan an-teanntás a bheith agam air
D'orduigh an creideamh dúinn gan [fios] a bheith againn de bhean ar bith ach dhár mbean fhéin
Inganfhios don dlí is cóir a bheith ann
 
fliuch 1
Seo é an saol a gcaithfidh chuile dhuine a chuid aráin a fhliuchadh in allas a mhailí fhéin nó a bheith dhá uireasa. Níl duine ar bith ag fáil a bheatha ó neamh anois. Tá an saol sin imithe. Dar Dia is maith an ceart é freisin
+
fliuch 2
Ná bíodh do chois fliuch ar chaoi ar bith. Is leath sláinte do dhuine a chois a bheith tirm
TUILLEADH (3) ▼
"Báisteach ó Dhia againn agus é a bheith fliuch agus cuid an lae amáireach go ndéana sé inniu" (rann)
Sé moladh na mná óige a druim a bheith fliuch = ag tarraint cléibh fheamainne agus le obair shraimlí
Ní fhaca mé ariamh é gan srón fhliuch a bheith aige
 
Tá an bealach sin thar a bheith go dona le fliuchán = go leór uisce, locháin etc. ar bhóthar
+
focal
Tá ag chuile dhuine a laghad agus a fhéadfas sé de phlé a bheith aige le cúirteanna. Béarfar ar fhocal ort ann nó's maith a chruthós tú. Tá dlíodóirí annsiúd agus faobhar orra ag faire ar chuile fhocal a thiocfas as do bhéal nó go n-aimsighe siad é. Nach bhfuil a fhios agam é
TUILLEADH (2) ▼
Ag iarraidh a bheith ag gabhail an fhocail a bhí sé an uair sin. Bhrath sé nachar thaithnigh sé linne gur dhúirt sé gur thug na deirbhshiúrachaí a raibh d'éadach san teach leo, tharéis na sochraide. Chuir sé luighe eicínt eile air in athuair. Sea a mhaisce! Len a níochán, agus ní len a choinneál a thug siad leó é. Nach tráthúil! Breá nachar nigh siad é san áit a raibh sé?
M'anam gur beag nach ndeachaidh an sciorradh focail daor air. Ní fuláir do dhuine greim maith a bheith ar a theanga i gcúirt aige. Bíonn siad ag iarraidh breith ar theanga ort
 
Ba deacair dóibh an t-ádh a bheith orra, go mba leó fhéin uainne é. Shíl siad go raibh siad in a rith seóil ceart críochnuithe anois. Bhí a dhá láimh timpeall ar an saol. Ach is ag Dia is fhearr a fhios. Foillsíonn Dia an chneamhaireacht agus an mí-scruball i gcomhnaí. Is fada ar an saol mé agus níl aon-lá ó tháinig cuimhne dhom nach h-amhla a fheicim é. Chuala tú an scéal faoin bhfear a chonnaic fear eile ag marú duine agus dhá chur ingan fhios. Mhionnuigh sé agus mhóidigh sé mara bhfoillsíodh Dia é, nach mbeadh aon-áird aige fhéin ar Dhia níos mó. D'fhan mar sin. Chonnaic sé go raibh an saol ag féithiú leis an té a rinne an marú … Sin é an chaoi a raibh sé. Bhí fear eile marbh cheana ag an té a maruíodh. Nach maith gur fhoillsigh Dia an choir sin!
+
Chonnaic mé an sonnda uaim agus é an-fhollasach. Ní fhéadfadh sé a bheith ní ba follasaí dá mbeadh mo láimh leagha air
TUILLEADH (3) ▼
M'anam nach gar dó a bheith ag ceilt nach mbíodh sé ag cúirtéaracht léithi. Sé a bhíodh, agus go follasach!
Marach cho follasach agus a rinne sé é, bhí an báire leis. Más le duine caimiléaracht a dhéanamh, ní mór dó a bheith cuibhiúil!
Is follasach nach bhfuil aon-mhaith a bheith ag caint leis. Sí a chomhairle fhéin a dhéanfas sé dhá mbeadh an saol ag caint
+
Ní fuláir dhuit a bheith ar t'áirdeall fhéin = ní mór duit; is ceart duit
TUILLEADH (4) ▼
Ní fuláir dhó deifir a dhéanamh más leis a bheith in am
Níorbh fhuláir duit sé phunta dhéag a fháil ar an dá ghamhainín sin anois le bheith íocha ionta. Nar thug tú fhéin aon-phunta dhéag orra?
Ní fuláir duit foighid a bheith agad. Ní dhéanfar de rith ná de léim mar sin é
Níorbh fhuláir do dhuine fairsingeacht réasúnta talúna a bheith aige do chaoirigh. Sliabh a d'fheilfeadh ceart iad
 
M'anam nach beag dom a bhfuil ag fortabháil orm cheana agus gan tusa a dhul ag cur tuilleadh orm. Cén chaoi a bhféadfainnse a bheith san áirdeall ar do chuid beithioch. Tá mo chuid fhéin ag déanamh cír tuaifill díom. Má ba leat féarach a cheannacht, bhí agad é a fháil in aice láthair: sin nó leigean dó ar fad. Bheadh bó trí lá báite nó bascha annsin thuas shul má gheobhfaí í
+
Is furasta dhó féar agus fóthair a bheith aige, agus a bhfuil d'fhairsinge (talúna) aige. Ba bheag a bheadh aige, dhá mbeadh sé cho gann linne
TUILLEADH (1) ▼
Is deacair dhó féar ná fóthair a bheith aige lá agus gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint, nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléaracht, agus ag biorú claidheachaí nuair a bhí aige a ghnatha a dhéanamh
 
Is neámhaí liom an fothram sin le é bheith in a choisméig duine