Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

bheo (50+)

 
Dheamhan mac an éin bheo in do thír nach bhfuil a' casaoid (ar shlaghdán, nó tinneas) a's ughdar aca(b). Ach is suarach a' t-iongnadh sin, a's an aimsear a' cothú chomh coimhightheach a's tá sí.
 
Dheamhan firnéad a' bhéil bheo istigh in do phobal nach bhfuil faoi chumaoin dó sin, ingeall ar é 'bheith 'na dhochtúr beithidheach.
 
Bhí sé chomh maith dhuit a dhul a's é a dhéanamh i gcoimhfhios le 'bheith ag imtheacht i ngan fhios mar sin, arae dheamhan mac an éin bheo sa tír nach bhfuil fhios aige go bhfuil tú ar a' gceird.
 
Níor bheo é sin, mara mbeadh sé a' deanamh cithréabachaí de rud eicínt. Níl billeog fágtha in a leabhar aige, nach bhfuil stróicthe, stiallta. Is deas a' chaoi é sin, a's a ghoirdeacht a's ó cheannuigh sé an leabhar sin.
 
bannaí 1
Tiubharfa mé bannaidhe béil duit, nach gcainnteocha mé le mac an aoin bheo air.
+
beo 1
Níl mé ach beo ar éigin {{= dith-bheo.}
TUILLEADH (44) ▼
Tá mé 'ceapadh nar bheo thú, mara mbeitheá a' coireamhaint ar dhuine eicínt.
Níor bheo é, go dteigheadh sé a' (de?) charruidheacht liom, a's nuair a chuaidh muid a' charruidheacht, ba gearr go ndearna mé cleas a' tradhaill leis. Ní bheidh an oiread fonn air aríst déarfainn.
Níor bheo é Seán, go dteighead sé ag ól, agus is beag a bhí ólta aige, 'san am a raibh sé ar meisce. Sílim gur beag an acmhúinn atá ar aon-ól aige — gur beag sin.
Níor bheo na gearrchaileadha, go bhfaghaidís cead a dhul chuig an gcéilidhe, ach sílim dhá mhéad fonn a bhí orra(b) a dhul ann, go raibh a dhá oiread fonn orrab a theacht as. Chuala mé nach damhsa a bhí ann, ach achrann
Níorbh bheo thú ariamh fhéin, mara mbeadh duine eicínt agad, le dóigh mhagadh a dhéanamh dhe.
Tá sé an-bheo ar a chois.
Is beag a bheidheas in aon-áit ingan fhios dó siúd. Tá dhá shúilín bheaga bheo aige.
Beainín bheo, bhíodhgamhail í, mara bhfuil a' téagar fhéin innte.
'Tairg biadh do dhuine bheo, a's mara n-ithe sé [é], leigfeadh sé dhó' (sean-fhocal).
Dheamhan neart aghamsa ort, mara n-ithe tú é. Ar chuala tú ariamh é: 'tairg biadh do dhuine bheo, a's mara n-ithe sé é, leigeadh sé dhó'
Ní fhágfa mé iall bheo ionnad = marbhócha mé amach a's amach thú; giorrócha mé leat; déanfa mé aon-lá amháin díot; déanfa mé do chreach.
Mara leige tú de do chuid gnaithí, ní fhágfa mé iall bheo ionnad. Sin é an chaoi a mbeidh sé aghad.
Má tharraingeann tú ort é siúd, dheamhan iall bheo a fhágfas sé ionnad.
Siúd é an droch-éadáil le caidéis a' bith a chuir air. Dheamhan iall bheo a d'fhágfad sé induine, dhá dtugadh sé faoi chor a' bith.
Bhí sé a' gabhailt air, nó nar fhága sé aon-iall bheo ann.
Siúd é nach bhfágfadh aon-iall bheo ionnad, dhá mbeadh a' taghd cheart air. Is measa é na ubhall na h-aithne.
Bhí rún aige gan aon-iall bheo a fhágáil i Seáinín, marach an chaoi ar eirigh le M. T. G. é 'thárrtháil air.
Níl aon-iall bheo ionnam leis an ocras = tá mé igcruth an bháis leis an ocras.
Is gearr nach mbeidh iall bheo ionnam, le neart ocrais.
Dheamhan iall bheo ionnam ag a' slaghdán. Tá mé tugtha ceart aige.
Buaileadh an oiread air, a's nar fágadh aon-iall bheo ann. Shíl 'chuile dhuine nach dtiocfadh sé as, a's breagh go dtáinic 'na dheidh sin.
'Má fheicim amuigh aríst choidhchin thú, an tráth seo d'oidhche' adeir a' t-athair léithe, 'ní fhágfa mé iall bheo ionnad'. Brúisc cheart é siúd.
Má fhaghann a' máighistir amach orainn é, ní fhágfa sé iall bheo ionainn. Ach ní bhfuighe, mara n-innsighe aon-duine de na gasúir bheaga dhó é.
Bhí sé chomh maith dhuit ladhar gainimh bheo a bheith agad leis sin. Ní féidir aon-ghreim a choinneál air.
Dhá mbeadh cupla mála gaineamh bheo caithte ar a' tsráid sin, ba mhór a' slacht a's a' ghlaineacht uirre é
Go méaduighidh Dia feoil bheo a's daoine slána aghainn (agaibh etc). = beannacht nó guidhe adeirtear th'réis feola a ithe idteach comharsan, nó dhá mbeithí a' cainnt ar eallach, nó ar bhris a d'eireochadh do dhuine eile idtaobh eallaigh. Ach le béilí feola a altú é, go h-áithrid.
Go méaduighe dia feoil bheo a's daoine slána [againn], a's nar fheice Dia feoil anachain aghainn.
Is fadó an lá cheana nar ith mé béilí feola chomh deas sin. Go méaduighe Dia feoil bheo a's daoine slána agaibh, a's ag 'chuile dhuine eile.
Ba mhaith iad 'chuile lá ariamh faoi'n a gcuid feola. Go méaduighe Dia feoil bheo, a's daoine slána aca(b), a's ag chuile chréatúr eile.
Is fhearr do dhuine í 'mharbhú (muc) dhá dheoin fhéin, ná caitheachtáil í 'mharbhú (le tinneas). 'Go méaduighe dia feoil bheo, a's daoine slána aghainn'.
Ó thárla í bheith de bhiseach orainn, mharbhuigh muid caora do Mhártan (in omós na Féile Mártan) imbliadhna. 'Sé'n ceart é, má bhíonn do chuid ag eirghe leat. 'Go méaduighe Dia feoil bheo a's daoine slána againn fhéin, a's ag 'chuile dhuine eile'.
'Ní sheo í an fheoil ab fhearr linn dá mbeadh neart air. Ach céard tá le rádh aghainn, ach 'go méaduighe dia feoil bheo a's daoine slána [againn]', a's go bhfága Dia a chuid fhéin ag 'chuile chréatúr'. (B'éigean an mhuc a bhíothas 'ithe a mharbhú, arae facthas go raibh tinneas na muc a' teacht uirre).
Níor mharbhuigh sé muc ná mart ná caora ariamh, nach roínnfeadh sé le 'chuile dhuine ar a' mbaile í. Bhí sé an-chóir ar a' mbealach in. Ro-chóir, go minic, b'fhéidir, arae is iondamhail go mbíodh sé fhéin ar deire. 'Go méaduighe dia feoil bheo a's daoine slána' aige, arae is maith an aghaidh sin air.
Má mharbhuigh muid muc do Mhártan fhéin, tiubharfa dia muc eile dhuinn in a leaba, le congnamh dé. 'Go méaduighe dia feoil bheo, a's daoine slána againn.
Ní raibh geinealach an bhéil bheo ann = ní raibh duine ná deoruidhe ann; ní raibh mac na sceiche ann; ní raibh aon-duine ann. (Measaim gur "sceithche" nó "sceithighe" an leitriú ceart air seo, as nach bhfuil baint ar bith aige le "sceach". "Mac na sceithighe" = duine a sceithfeadh nó a d'innseochadh rún, nó mbeadh cainnt aige, nó é beo, le rud a innseacht. Tá sé a' luighe le réasún. Cuir i gcoimmeas é le "geinealach an bhéil bheo", "críostuidhe an bhéil bheo etc.").
Dheamhan geinealach a' bhéil bheo a bhí ann, cé's moite dhom fhéin.
Ní raibh geinealach a' bhéil bheo agam, le blas a dheanamh dhom.
Dhá mbeadh duine 'bith ann, ach dheamhan geinealach a' bhéil bheo a bhí ann, le dhul in éindigh liom.
Ná h-innis é sin anois do gheinealach a' bhéil bheo; fainic a' labhróchthá le geinealach a' bhéil bheo, ar a' méid sin.
Dheamhan geinealach a' bhéil bheo anois aige, le fad méire 'dhéanamh dhó, ach 'réir mar gheobhfas sé fear ar a lá páighe.
Ní raibh an oiread uaignis ariamh orm, arae dheamhan geinealach a' bhéil bheo a bhí ar a mbóthar, a's shílfeá nar cheart dó a bheith an-deireannach.
Dheamhan geinealach a' bhéil bheo as d. l. a bhí ann, a's b'annamh leob, nach a' seasamh ar a chéile a bheidís, in áit de'n tsórt sin.
Chaith mé seachtmhain ar a' luighe chuig ("heig" an fhuaim. chuige?) istigh 'san ospuidéal, a's dheamhan geinealach a' bhéil bheo (ó'n mbaile) a thaobhuigh mé ar a' bhfad sin. = bhí mé seachtmhain in mo luighe tinn ann, a's níor tháinic deoruidhe ó'n mbaile dom' fhéachaint an t-achar sin.
Dheamhan geinealach a' bhéil bheo istigh ar a' mbaile a bheannóchadh dó, ná a thaobhóchadh é anois. Tá 'chuile dhuine gránuighthe air anois, a's ní h-iongnadh dhóib.