Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

buailim (6)

 
Tá an-chóisir cailíní ag ceann a' bhóthair ann indiu. Agus níl uathab ach 'buailim ort' a rádh. Beidh siad chugad ar sheol na braiche.
+
Buailim ort, tigim leat = ag imirt deis nó báire bheag, nó a' déanamh dhá chomlán le h-aghaidh cluithche, seasann a' dá cheannphuirt amach ó'n sluagh, a's deireann duine aca leis an duine eile: "buailim ort". Freagruigheann a' ceann eile é: "tigim leat". Annsin deireann a' chéad duine: "beidh Ned Phatch agam." Deireann a' darna duine: "beidh Seumaisín Pháidín agam", a's dhá réir sin, go mbí an sluagh ídighthe nó'n dá chomlán lán. "Tigim" adeirtear i gcomhnuidhe sa gcluithche seo is chuile cheanntar, aindeoin go bhfuil "tagaim" i leaba "tigim" i gcuid mhaith áiteachaí sa ngnáth-chainnt. Deirtear "buailim ort, tigim leat" freisin, dhá "n-imthigheadh" fear a's bean le chéile a's gan aon-tsúil leis, nó gan mórán aithne acu ar a chéile; nó dhá dtugadh beirt a' bith taithneamh dhá chéile ar bheagán eoluis; nó dhá mbeadh bean ann a bheadh indiaidh fir, a's é indon í a mhealladh leis ar sheol na braiche."
TUILLEADH (4) ▼
Ní raibh 'san imtheacht sin, ach 'buailim ort, tigim leat' mar adeir a' ceann eile.
Tá siad chomh mór le chéile anois le dhá ghaduidhe. Ar a' dá luath a's ar chuir siad aithne ar a chéile, ní raibh ann ach 'buailim ort, tigim leat'.
Dheamhan a bhfuil call dó a rádh léithe anois, thar 'buailim ort', a's beidh sí leis na sála aige, ar sheol na braiche. Is cumasach a' bhuadh a bhíos ag cuid de na daoine.
Níl ag a' bputach seo thíos a rádh leis, ach 'buailim ort', a's mise imbannaí, go mbeidh an ceann atá annseo, greadtha leis in éindigh leis, le ámhuilleacht a' bith a dhéanamh, a mheabhróchas sé dhó.