Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

buailim (8)

 
Tá an-chóisir cailíní ag ceann an bhóthair ann inniu. Agus níl uathub ach 'buailim ort' a rá. Beidh siad chugat ar sheol na braiche.
+
Buailim ort, tigim leat ag imirt deis nó báire bheag, nó ag déanamh dhá chomlán le haghaidh cluiche, seasann an dá cheannphoirt amach ón slua agus deireann duine acu leis an duine eile: "buailim ort". Freagraíonn an ceann eile é: "tigim leat". Ansin deireann an chéad duine: "beidh Ned Phatch agam." Deireann an darna duine: "beidh Séamaisín Pháidín agam", agus dhá réir sin, go mbí an slua ídithe nó an dá chomlán lán. Tigim adeirtear i gcónaí sa gcluiche seo i chuile cheantar, ainneoin go bhfuil tagaim i leaba tigim i gcuid mhaith áiteachaí sa ngnáthchaint. Deirtear buailim ort, tigim leat freisin dhá n-imíodh fear agus bean le chéile agus gan aon tsúil leis, nó gan mórán aithne acu ar a chéile; nó dhá dtugadh beirt ar bith taitneamh dhá chéile ar bheagán eolais; nó dhá mbeadh bean ann a bheadh i ndiaidh fir agus é in ann í a mhealladh leis ar sheol na braiche.
TUILLEADH (6) ▼
Ní raibh san imeacht sin ach buailim ort, tigim leat, mar adeir an ceann eile.
Tá siad chomh mór le chéile anois le dhá ghadaí. Ar an dá luath agus ar chuir siad aithne ar a chéile, ní raibh ann ach buailim ort, tigim leat.
Is diabhaltaí aibéil a phós siad. Sin é an buailim ort, tigim leat ar chaoi ar bith.
Dheamhan a bhfuil call dó a rá léithe anois thar buailim ort agus beidh sí leis na sála aige ar sheol na braiche. Is cumasach an bhua a bhíos ag cuid de na daoine.
Níl ag an bputach seo thíos a rá leis ach buailim ort, agus mise i mbannaí go mbeidh an ceann atá anseo greadta leis in éindí leis le ábhailleacht ar bith a dhéanamh a mheabhrós sé dhó.
Sin é nach raibh i bhfad ag fáil mná sa gcruinniú. Dheamhan a ndearna sé ach siúl suas go dtí an chéad cheann a chas leis agus bleid a bhualadh uirthi agus í a ardú leis. Sin é ar chuma ar bith buailim ort agus tigim leat. Is fada go ndéanfadh fear na háite seo é in áit strainséara, ná a ligfeadh an faitíos dó a dhéanamh.