→
cnigín
chriogaide (7)
+
Is fánach a' chriogaide a' ghortóchadh duine ar a' tsúil. An tsúil, an ghlúin a's an uillinn, na trí áit nach bhfuil fulannach ar thada.
TUILLEADH (3) ▼
Is beag a' chriogaide uaidh siúd, a dhéanfadh smíste de dhuine. Nach bhfuil sé chomh láidir le Goll Mac Móirne!
Dheamhan lúd ná láthar sa dithreabhach siúd. Má thugann tú aon-chriogaide amháin dó, fágfa tú sínte é.
Má thugann tú aon-chriogaide dhomsa aríst, diabhal mise ann, mara bhfaighe tú cumaoin do láimhe. Mar sin, b'fhearr dhuit, eirghe as in am. = má bhuaileann tú de chriogaide mise aríst, ní bheidh agad ach malrait (buailfe mé criogaide ort in omós, criogaide is mó b'fhéidir ná thug tú fhéin uait).
InDomhnach muise, is dathamhail a' scéal agam é, má eirigheann cimleachán de'n tsórt sin i mo mhullach. Cuirfe mise luighe fiadh de chriogaide air sin lá eicínt.
→
diaidh
D'eirigh sé as an nathaidheacht sin. D'fhága sé in a dhiaidh í. Níl a fhios agam nach bhfuair sé a sháith di. Bhí sé ag tarraint an iomarca siothmálachaí air féin len a chuid deagh-chainte. Is maith an bannaí ar an teanga a mhic ó, corr-chriogaide a fháil