Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ciall (50+)

 
Tá ceann-fhearann (ceann-fhearainn) ann = an leath-fhód le claidhe; an chiúiseóg a fhanas timpeall le claidhe gan treabhadh nó gan cur i bpáirc. Ach in Iarthair na Gaillimhe (le farraige. Tá an chiall réamhráite i Muigh Cuilinn agus inGnó Mhór) tugtar amanntaí é, ar na cúilíní beaga — agus iad ingreamús dá chéile — a bhíos in aice le claise an tsrotha nó le claidhe san áit nach dteigheann na hiomrachaí díreach. Sórt ladhrógaí nó crúbáin iad. Idtalamh nach dtreabhtar ní fhágtar mórán de chiúiseóig le claidhe ann, agus b'fhéidir gur ingeall air sin a haistríodh an t-ainm. Na daoine a thugas "ceann-fhearann" ar áiteachaí mar seo, "an leath-fhód le claidhe" a thugas siad ar an "headland" féin
+
Ní hé fearacht an fhir seo annseo Eón chor ar bith. Tá ciall ag Eón, rud nach bhfuil aige seo
TUILLEADH (1) ▼
Tá tú báite go craiceann anois. Ba bheag a chiall thú agus fanacht amuigh faoin mbáistigh ' fhearacht siúd. ('fhearacht sin)
 
Cén chiall go ngabhfá amach san bhfliuchán (san mbáistigh). M'anam gurb ort atá an macnas!
+
foirm
Dúirt sé é sin! Dúirt sé go bhféadfadh ceachtar againn atá fúithe an fheamainn pháirteach a bhaint agus nach mbeadh aon-mhaith aon-tréas a chur air, nach gcaithfí é san dlí. Thug sé a éitheach! Cén chiall nach gcaithfí? Déanadh sé mar sin é feiceamuist! Sin caint anois nach bhfuil i gclár ná i bhfoirm
TUILLEADH (2) ▼
Go bhfuil siad indon an cloigeann a bhaint de dhuine agus cloigeann eile a chur air! Go dtuga Dia ciall duit! Níl do scéal i gclár ná i bhfoirm! A' dtiúrfása cead an cloigeann a bhaint díot fhéin?
Níl an chaint sin faoin gcogadh i gclár ná i bhfoirm. Má tá, cén chiall nachar chuala muid cheana í. Is gearr air sin a cumadh as a údarás féin. Sé atá deas air
 
fág
Má rinne sé cleas den tsórt sin, sin é a d'fhágfadh gur beag a chiall é
 
Thug tú an sceach glan-eascarha ón bhfréimh leat! Fáinne óir ort! Bheadh ciall in do leithide
 
féar
Cén chiall go gcuimhneóchthá amháin air? Do churach a leigean uait mar sin ar bheagán! Is maith an féar tirm duit fhéin í. Fan go hEarrach nó go dteastuighe leasú uait! Fórfaidh sí annsin. 'Ar ndú ní feamainn scine atá agad
 
Nach beag a' chiall a bhíodh againn, nuair a shíleadh muid go n-íosfadh an camán luaithe na fataí a bhíodh muid a róstadh sa teine.
 
Go dtuga Dia ciall duit! Ní fhéadfá aon-pháipéar a léigheamh annsiúd le 'mbíonn de chantaireacht chainnte ann. Dar mo leabhar, is geall leis a' Dáil scaithtí é. Ach ní bhíonn aon-chuideachta ann mara dtoisighe P. fhéin. Sin é atá indon brabach a fhaghail ar 'chuile dhuine.
 
ceal 1
(Dh)ar ndóigh, chuaidh sé ann, cheal aon-splannc chéille a bheith aige.
 
Is maith uaidh Mh. Ph. S. Mh. an clár mín a chur ar chuile shórt. Dheamhan a leithide a chonnaic tú ariamh a' ceartú scéil. Bheadh ciall in a leithide!
 
Bheadh ciall mairt-fheoil ach 'mairtfheoil a' dole' seo, tá sí chomh ceasamhail a's gurab é cloch-neart duine drannadh léithe.
 
Go dtuga Dia ciall duit! Badh gearr le dhul do phúcán ar na fairrgí coimhightheacha atá as seo go Meriocá. Aon-liagán amháin aca(b) siúd, a's beireadh sé ar do phúcán, chuirfeadh sí go tóin puill í, mar d'fheicfeá sliogán (Fairrgí coimhigheacha = fairrgí cithbhéalta, nó an tseiscinn mhór. Bíonn fairrgí scréachta mar sin go h-iondamhail, i bhfad ó chladach).
 
Is diadhachta dhuitse céithireacht ná casacht a bheith ort — duine nar fhága an splainnc (splannc) le seachtmhain. Is maith an chiall ag daoine é, a mb'éigean dóibh a dhul amach faoi dhoininn a's faoi dheállradh le seachtmhain. Tá ceart aca(b) an slaghdán a bheith orra(b) ar chuma 'r bith.
 
cíos
Bheadh ciall cíos ach gearraidheachaí.
 
baorsa
Chaith sé an oidhche le baorsa. Cheangl(óch)thaidhe fear ab fhearr ciall ná é.
 
'Shiubhail mise gleannta 'gus sléibhte; 'gus cnuic a bí géar as a mbarr; 'gus a lán bealaighe eile nach ndéarfainn; a's dheamhan unsa ar bith céille in mo cheann' (as "Neilí")
 
Dheamhan bealthuidheacht ná cuid de bhealtuidheacht aghamsa le t'aghaidh, ná 'shlighe agam. Ith suas tor, tar iad. Is maith an chiall aghainn fhéin é!
 
crinn
Ní raibh ciall a' bith agaibh a dhul ar chúrsaí, agus sib fhéin a's an bád eile a' creinneadh a chéile. 'Séard a bhí agaibh a dhéanamh an uair sin scód a thabhairt di. Ní raibh baoghal a' bith go gcaithfí thart an seol. Tá bádóireacht mhaith agaibh chois teallaigh, go dteighe sib ar chlár na h-imeartha. Ní fhanann fuis nó fais orraibh annsin.
 
Dheamhan bean i gCrígh Banban is lugha ciall ná í, a's a dhul a' déanamh cleas' de'n tsórt sin.
 
Ara droch-chríoch orra(b) mar mhná. Ná déan a samhailt chor 'bith liom. Ní beag dhóib a bhfuil thar bharr a gcéille aca(b) cheana, a's gan an cleas céadna a dheanamh liomsa = shoraidh dhaob (díob) mar mhná.
 
beoigh
Cé’n chiall nach mbeodhuigheann ("nach mbeodhann" freisin) tú amach a's gan an oidhche a leigean ort fhéin?
 
borr
Dhá mbeadh splannc a' bith céille agad, ní 'borradh leis an amhlóir sin a bheitheá — ní h-eadh sin.
 
Bheadh ciall 'chuile dhuine 'bheith cainnt a's a' déanamh gaisce, ach bruthtuinn bhradach a' bhrocháin = níor mhilleán ar aonduine a bheith 'déanamh gaisce, cé's moite de ghrifisc bhradach a' bhrocháin (brochán jumpers nó a mhacsamhail a bhíos i gceist annseo.)
 
'Ach siúd an rud a mharbhuigh a's a bhreoidh mo chiall; A's a d'fhága mé ag osnaighil indiaidh mo Chaitlín Triall. ("Caitlín Triall")
 
breá
Nach breagh nach mbeadh ciall agad, a's leigean de'n ainnle bhradach sin! Tá sé sin sáthach gártha mar tá sé, a's gan tusa 'bheith spochadh leis, a's a' baint chaoineacháin as (páiste).
 
bruach
Nach maith an chiall ag sionóir (seanóir) bocht mar mise é, atá ar bhruach cheithre scóir (bliadhain)?
 
aer
Bheadh ciall amanntaí, ach is gránda an rud a bheith ar a' gceird sin 'chuile oidhche 'san aer
 
Tá sé in am aige feasta choidhchin, roinnt céille a bheith aige, agus eirghe as an aeramáil.
 
Is dhóib ab fhusa bruth-shléacht a bheith orra(b), lá's go bhfaghaidís amadáin le na gcuid oibre a dhéanamh in aisce dóib. Ach tá ciall ag daoine anois fharra's an uair sin.
 
Má tá mé brúideamhlach beathuighthe fhéin, cá'il do chaillteamas-sa? Nach mbeadh ciall induine a mbeadh slacht a chodach air, fharra's a' té nach gcuirfeadh tada bior-eanga air.
 
Bheadh ciall in a leithide, a bhuailfeadh faoi'n rud a dhéanamh.
 
buail
Bhuail saobhchan céille an duine bocht, as ráig óil.
 
Nach díocasach a' buailteoir é (ciall gháirseamhail)
 
Chuirfeadh a' mhóin sin thar bharr do chéille thú ag iarraidh í 'lasadh, ach tá dubh-bhuaineadas innte, in a dheidh sin. Má chuireann tú gabhail di síos ar maidin, déanfa sí go h-eadarshuth gan stróbh a' bith.
 
buille
Cé'n chiall nach ndéanann sé buille 'bith oibre ar an aimsir seo?
 
A bhúistiúin mhóir, ba chóra dhuit ciall a bheith agad, feasta choidhchin, fharrus, a bheith a' comórtas le gasúir! (gasúr a raibh méid mhaith ann, atá igceist annseo. Níor cheart dó a bheith ar an ealadhain, a's ar an ámhuilleacht chéadna a bhí ar siubhal ag páistí beaga)
 
Go gcuire Dia rath ort! Chuirfeadh sé sin thar bharr do chéille thú, le na chuid áidhbhéil
 
ainm
Bíodh ciall agaibh in ainm Dé a's Mhuire, a's ná tugaidh ughdar cainnte do'n tír (déarfaidhe é le dream a bheadh ar thob troda)
 
aird 2
Má thugann tusa áirde ar bhréaga agus ar chumadóireacht, cuirfe siad thar bharr do chéille thú.
 
Sin é an peann a bhain an chainnt a's a' troid amach, agus leaba do mháithreachaí splannc eicínt chéille 'bheith aca(b), agus gan a bheith a' moladh le na gcloínn.
 
Go dtuga Dia ciall duit, dá mbeadh sí chomh dona a's tá a leigean amach, is fadó an lá a bhí sí thíos sa talamh.
 
Bheadh ciall bliadhain, ach 'sí 'n anachain chéadna 'chuile bhliadhain í = ní dhéanfaidhe iongantas a' bith, dá gcailltí iad bliadhain amháin, ach sé'n cás céadna é chuile bhliadhain imbéal a chéile.
+
Bheadh ciall an-tlachán (n)ach is dona a bhí(onn)s an greím deireannach sluigthe aige, nuair seo amach aríst ag obair é.
TUILLEADH (2) ▼
Beidh tú fhéin in t'an-tlachán, ach a dteaga (dtaga) ciall duit.
Is beag an chiall duine a' bith, nach bhfuil in' an-tlachán = ní bhíonn aon-chiall ag aon-duine nach mbíonn sanntach agus uathbhásach (ch)uig obair.
 
anuas
Cé'n chiall daoib a bheith anuas ormsa — níor chuir mise tada as daoib?