ciall (50+)
+
→
fearacht
Ní hé fearacht an fhir seo anseo Eón chor ar bith. Tá ciall ag Eón, rud nach bhfuil aige seo
TUILLEADH (1) ▼
Tá tú báite go craiceann anois. Ba bheag a chiall thú agus fanacht amuigh faoin mbáistigh, a fhearacht siúd (a fhearacht sin)
+
→
foirm
Dúirt sé é sin! Dúirt sé go bhféadfadh ceachtar againn atá fúithi an fheamainn pháirteach a bhaint agus nach mbeadh aon mhaith aon tréas a chur air, nach gcaithfí é sa dlí. Thug sé a éitheach! Cén chiall nach gcaithfí? Déanadh sé mar sin é feiceamuist! Sin caint anois nach bhfuil i gclár ná i bhfoirm
TUILLEADH (2) ▼
Go bhfuil siad in ann an cloigeann a bhaint de dhuine agus cloigeann eile a chur air! Go dtuga Dia ciall duit! Níl do scéal i gclár ná i bhfoirm! An dtabharfása cead an cloigeann a bhaint díot fhéin?
Níl an chaint sin faoin gcogadh i gclár ná i bhfoirm. Má tá, cén chiall nár chuala muid cheana í. Is gearr air sin a cumadh as a údarás féin. 'Sé atá deas air
Tá mé ag imeacht ar fuaidreamh soir ansin ar feadh an lae agus ní raibh mé sa mbaile ag dinnéar ná ceo. Caithfidh an díth céille féin a bheith ann, arsa tusa
→
fág gan
Shílfeá gur mór an díth céille atá air a dhul ag cur anró air fhéin ag baint fheamainne le curach, agus dalladh feamainn dubh — airde crann loinge dhi — thíos ansin thíos aige ar chóngar. Ach ní minic leis an gceann céanna gan an chontráil a dhéanamh. Oibríodh sé leis. Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur. Sin é a fhearacht aige sin é
+
→
fág
Má rinne sé cleas den tsórt sin, sin é a d'fhágfadh gur beag a chiall é
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh údar achrainn ar bith aige, ach cár fhága tú an díth céille ina dhiaidh sin? — ní raibh d'údar achrainn aige ach a bheith dícéillí dhó
→
fáinne
Thug tú an sceach glaneascartha ón bhfréimh leat! Fáinne óir ort! Bheadh ciall in do leithide
→
fán
Sin é an fear a chuir fán uirthi óna muintir féin. Agus ní phósfadh sé í ina dhiaidh sin. Shíl sí go raibh léithe — go raibh sí ar rothaí an tsaoil — ach a bheith ag comhrá leis sin. Caithfidh an díth céille fhéin a bheith ann, go bhfóire Dia orainn!
→
féar
Cén chiall go gcuimhneofá amháin air? Do churach a ligean uait mar sin ar bheagán! Is maith an féar tirim duit fhéin í. Fan go hearrach nó go dteastaí leasú uait! Fóirfidh sí ansin. Ar ndóigh ní feamainn scine atá agat
Nach beag an chiall a bhíodh againn nuair a shíleadh muid go n-íosfadh an camán luatha na fataí a bhíodh muid a róstadh sa tine.
Go dtuga Dia ciall duit! Ní fhéadfá aon pháipéar a léamh ansiúd le a mbíonn de chantaireacht chainte ann. Dar mo leabhar, is geall leis an Dáil scaití é. Ach ní bhíonn aon chuideachta ann mura dtosaí P. fhéin. Sin é atá in ann brabach a fháil ar chuile dhuine.
Is maith uaidh Mh. Ph. S. Mh. an clár mín a chur ar chuile shórt. Dheamhan a leithide a chonaic tú ariamh ag ceartú scéil. Bheadh ciall ina leithide!
→
ceasúil
Bheadh ciall mairteoil, ach mairteoil an dole seo, tá sí chomh ceasúil agus gurb é clochneart duine drannadh léithe.
Go dtuga Dia ciall duit! Ba gearr le dhul do phúcán ar na farraigí coimhthíocha atá as seo go Meiriceá. Aon liagán amháin acub siúd, agus beireadh sé ar do phúcán, chuirfeadh sí go tóin poill í mar a d'fheicfeá sliogán (farraigí coimhthíocha — farraigí cithbhéalta, nó an teiscinn mhór. Bíonn farraigí scréachta mar sin go hiondúil, i bhfad ó chladach)
Is diachta dhuitse céithireacht ná casacht a bheith ort — duine nár fhága an splainc (splanc) le seachtain. Is maith an chiall ag daoine é, a mb'éigean dóibh a dhul amach faoi dhoininn agus faoi dheallradh le seachtain. Tá ceart acub an slaghdán a bheith orthub ar chuma ar bith.
→
bannaí 1
Tá an t-airleacan caite aige anois sa mbainc, agus duine díth céille a thiocfadh i mbannaí air aríst faoi thuilleadh.
+
→
bealach
Tá díth chéille ort, má chuireann tú aimsir air sin. Is mó a bheas sé sa mbealach ort.
TUILLEADH (1) ▼
"Shiúil mise gleannta agus sléibhte; agus cnoic a bí géar as a mbarr; agus a lán bealaí eile nach ndéarfainn; agus dheamhan unsa ar bith céille in mo cheann" (as Neilí)
Dheamhan bealaíocht ná cuid de bhealtaíocht agamsa le t'aghaidh, ná a shlí agam. Ith suas tur tar iad. Is maith an chiall againn fhéin é!
→
coraice
Tá díth céille ort ag baint do dhrár dhíot féin, go gcaitear coraice dhubh na bliana ar aon nós. Dar ndóigh, níor tháinig táirm ar bith ar an ngeimhreadh fós. Amach romhat atá a mhic ó!
→
crinn
Ní raibh ciall ar bith agaibh a dhul ar chúrsaí, agus sibh fhéin agus an bád eile ag crinneadh a chéile. Séard a bhí agaibh a dhéanamh an uair sin, scód a thabhairt di. Ní raibh baol ar bith go gcaithfí thart an seol. Tá bádóireacht mhaith agaibh chois teallaigh, go dté sibh ar chlár na himeartha. Ní fhanann fuis nó fais oraibh ansin.
→
críoch
Dheamhan bean i gCrígh Banbhan is lú ciall ná í agus a dhul ag déanamh cleas den tsórt sin.
→
cuach
Chuach sé suas M. seo amuigh le fuisce agus bladaireacht agus dheamhan a chos nach ndeachaigh in éindí leis. Dhá mbeadh breith ar a aiféala aige, b'fhada uaidh a d'fhanfadh sé, ach caithfidh an díth céille féin a bheith ann, arsa tusa.
Ara droch-chríoch orthub mar mhná. Ná déan a samhailt chor ar bith liom. Ní beag dhóibh a bhfuil thar bharr a gcéille acub cheana, agus gan an cleas céanna a dhéanamh liomsa — shoraidh dhaob (díobh) mar mhná.
→
beoigh
Cén chiall nach mbeoíonn (nach mbeonn freisin) tú amach agus gan an oíche a ligean ort fhéin?
→
borr
Dhá mbeadh splanc ar bith céille agat, ní ag borradh leis an abhlóir sin a bheifeá — ní hea sin.
→
brachán
Bheadh ciall chuile dhuine a bheith ag caint agus ag déanamh gaisce, ach bratainn bhradach an bhracháin — níor mhilleán ar aon duine a bheith ag déanamh gaisce, cé is moite de ghrifisc bhradach an bhracháin (brachán jumpers nó a mhacasamhail a bhíos i gceist anseo.)
→
breoigh
"Ach siúd an rud a mharaigh agus a bhreoigh mo chiall; Agus a d'fhága mé ag osnaíl i ndiaidh mo Chaitlín Triall." (Caitlín Triall)
→
breá
Nach breá nach mbeadh ciall agat agus ligean den ainle bhradach sin! Tá sé sin sách gártha mar atá sé agus gan tusa a bheith ag spochadh leis agus ag baint chaoineacháin as (páiste)
Is dhóibh ab fhusa bruithshléacht a bheith orthub, lá is go bhfaighidís amadáin lena gcuid oibre a dhéanamh in aisce dóibh. Ach tá ciall ag daoine anois tharas an uair sin.
Má tá mé brúidiúlach beathaithe fhéin, cá'il do chaillteamas-sa? Nach mbeadh ciall i nduine a mbeadh slacht a chodach air tharas an té nach gcuirfeadh tada bior eanga air.
→
buanadas
Chuirfeadh an mhóin sin thar bharr do chéille thú ag iarraidh í a lasadh, ach tá dubh-bhuanadas inti ina dhiaidh sin. Má chuireann tú gabháil di síos ar maidin, déanfaidh sí go headarshuth gan stró ar bith.
→
búistiún
A bhúistiúin mhóir, ba chóra dhuit ciall a bheith agat feasta choíchin, tharas a bheith ag comórtas le gasúir! (gasúr a raibh méid mhaith ann atá i gceist anseo. Níor cheart dó a bheith ar an ealaín agus ar an ábhailleacht chéanna a bhí ar siúl ag páistí beaga)
→
ainm
Bíodh ciall agaibh in ainm Dé agus Mhuire, agus ná tugaidh údar cainte don tír (déarfaí é le dream a bheadh ar hob troda)
→
aird 2
Má thugann tusa airde ar bhréaga agus ar chumadóireacht, cuirfidh siad thar bharr do chéille thú.
Sin é an peann a bhain an chaint agus ag troid amach, agus leaba do mháithreachaí splanc eicínt chéille a bheith acub, agus gan a bheith ag moladh lena gclainn.