Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

claidhe (50+)

 
Tá ceann-fhearann (ceann-fhearainn) ann = an leath-fhód le claidhe; an chiúiseóg a fhanas timpeall le claidhe gan treabhadh nó gan cur i bpáirc. Ach in Iarthair na Gaillimhe (le farraige. Tá an chiall réamhráite i Muigh Cuilinn agus inGnó Mhór) tugtar amanntaí é, ar na cúilíní beaga — agus iad ingreamús dá chéile — a bhíos in aice le claise an tsrotha nó le claidhe san áit nach dteigheann na hiomrachaí díreach. Sórt ladhrógaí nó crúbáin iad. Idtalamh nach dtreabhtar ní fhágtar mórán de chiúiseóig le claidhe ann, agus b'fhéidir gur ingeall air sin a haistríodh an t-ainm. Na daoine a thugas "ceann-fhearann" ar áiteachaí mar seo, "an leath-fhód le claidhe" a thugas siad ar an "headland" féin
 
Bhíodh muid an-fhaiteach fadó. Dhá bhfeiceadh muid póilí ná sagart ag teacht ghabhfadh muid thar claidhe nó go dteighdís tharainn. Tá teanntás thairis sin sna daoine anois
 
Cuir an sceach san mbearna faitíos na heirimisce. Tá asail ag fálróid ar na bóithrí sin, agus ghabhfaidís isteach ann ar an bpuinnte. Cén bhrí ach dhá leagaidís an claidhe thoir agus a dhul san iothlainn!
+
fiar
Th'anam ón diabhal, thug tú fiar ro-mhór don chlaidhe sin. Breá nach bhfuair tú dorú talúna agus a chur leis. Ní caoi ar bith é sin le claidhe a dhéanamh. Tá go leór talúna diomalluithe agad annsin
TUILLEADH (1) ▼
Fág an claidhe beagán ar fiar mar seo nuair a bhéas tú dhá dhéanamh, i riocht agus go mbeidh casán isteach annseo agad. Níl maith ar bith dhuit é a leigint díreach
 
Nach freochanta atá an laoighdín sin. Ní maith a bhí a chosa déanta aige, nuair a bhí sé ag breathnú soir thar claidhe. Má theigheann sé len a mháthair, is dual dó an bhradaíl a bheith ann. Ba é díol an chlampair í a choinneál anoir thar an gclaidhe sin ach oiread
 
féar
Níl tada siar le claidhe ach féar siogáin = féar beag crannda, (ach ní raibh aon-phúiríní siogáin ann, ach an cineál céanna féir agus a bhíos orra)
 
Ná raibh Dia leis anois mara bhfuil na físeachaí agus na pínneachaí corra aige de bharr a aistir! A theacht aniar annseo ag ropaireacht ingeall ar uan a dhul thar claidhe air! Agus a chuid beithioch féin i bhfoghail orainne 'chuile ré solais!
 
cab
Nuair a bheadh lán-mhara rabharta mhóir ann, d'eireochadh sí (an tuile) cab ar chab le claidhe na dúirling[e]
 
Bhí mo chuid síl fhéin ídighthe, a's fuair mé an oiread ó T. Mh. a's a chraith na cupla caolóid a bhí thiar le claidhe dhom. Nach n-aithneochthá an mhaith atá orra(b) thar a' gcuid eile de'n gharrdha!
 
catóg
Tá siad réabtha amach uileag agam as anois, cé's moite d'aon-chatóig amháin atá thoir le claidhe, ach is deacair le na catógaí céadna a dhul ar gcúl.
 
Tá sé leath-bealaigh go claidhe, go h-árd.
 
Nuair a shíl mé a dhul isteach an bhéalóg sa ngarrdha, ná raibh ann, marar thuit a' claidhe in aon-bhrúisc amháin go talamh. Bhí an t-ádh orm nar thuit ceann de na gruadháin (chloch) siúd ar mo chosa.
 
Nach fánach a' t-ughdar a bhí aca(b) le dhul sa mbile buaic ar a' díthreabhach bocht sin — scáth cupla caoirín a dhul thar claidhe.
+
Ní bhiorrócha mé an claidhe sin, go mbí an cur críochnuighthe agham.
TUILLEADH (3) ▼
Ní mór an claidhe ó thuaidh a bhiorrú as éadan.
Dhá mbiorr(uighth)eá an claidhe céadna chuile lá a d'eireochadh ort, sé'n cás céadna é. Bheadh sé curtha in aer aríst ag daoine atá 'gabhail thart a' bóthar.
Bhí an claidhe biorruighthe agam suas go barr, nuair a thuit sé in aon-bhrúisc amháin go talamh aríst th'éis mo chuid anró.
 
Bhí sé 'cur bhlioscán in aer amach thar claidhe.
 
bocht 1
Sé'n tsiocair a bhí agham, idtosach, mé a' bheith 'biorrú claidhe ar gharrdha na bplanndaí annsin thiar, a's thuit spala ar ucht mo choise. D'fhan mar sin, go cheann cupla lá, a's rinne sí bracha. Dhá shileadh a leig mé aisti, ó shoin, ach is bocht a' bhail atá uirre fós.
 
Thuit a' claidhe in aon-bhrúisc amháin = thuit sé go sciobtha, a's go talamh in aoinfheacht.
 
Dubhairt sé go gcuirfeadh sé amach an claidhe de mo dheoin nó de m'aindeoin.
 
Tá gothadh na cneamhaireachta ar an asal sin. Ní mór dhaoib fanacht ag aireachas air, nó tiocfa sé thar claidhe
 
amuigh
Tá sé ag útamáil leis, thoir amuigh le claidhe, ó indé.
 
airde 2
Bhí an claidhe sé troighthe ar aoirde go maith.
 
anuas
Bhí sé 'teacht anuas le claidhe, le colbh le balla etc.
+
D'árduigh mé an claidhe = chuir mé clocha air; bhí sé leagtha, agus rinne mé suas aríst é.
TUILLEADH (1) ▼
Tá claidhe le n-árdú agam imbarr a' bhaile, pébrí céard a leag é.
 
Ní raibh aon-fhámhall aice ach an claidhe = fascadh
 
fearg
Dheamhan a mbíodh as seo go dtí an claidhe i bhfearg an tsagairt sin, ach ó bhuailfeadh sí é, go gcaithfeá éisteacht leis go leigeadh sé faoi aríst. Bhí sé preabach mar sin, ach dheamhan a gcuimneódh sé ar an bpuinnte aríst air
 
Is mór an fhoghail atá beitheach indon a dhéanamh leis an sracadh thar claidhe féin. An bhfeiceann tú an gort eorna sin thiar ag mac Sh. Tá a bhfuil aníos le claidhe ann ó rath
+
Diabhal claidhe ar aon-gharraí ag gabhail linn ach claidhe a bhéas foghluithe. Dhá bhfaightí am air, níor mhór seachtain a chaitheamh dhá mbiorú = beidh beithigh indon a dhul isteach thar na claidheachaí, agus foghail a dhéanamh sna garrantaí
TUILLEADH (1) ▼
Bhí achrann ar an mbaile seo thiar inné. P. a chuaigh ag fuagairt foghla do N. agus d'ionnsuigh N. é. Dar mo choinsias tá a bhfuil d'fhataí ag P. imbarr an bhaile foghluithe, millte. Beithigh N. a rinne é. Leag siad an claidhe teorann
 
Ní follántas ar bith dhomsa a bheith do mo sheacadh fhéin annseo chois claidhe ag éisteacht libse ag nathaíocht
 
Bhíodh fál buaile ann san sean-reacht. Ní bhíodh cuid den talamh roinnte chor ar bith, ach cead ag chuile fhear a chuid fhéin a chur air, agus duine a chur amach ag fosaíocht in a gcionn annsin. Ag pailitéaraí is mó a bhíodh sé … Dheamhan binn ná binn a shocruithí ar thalamh den tsórt siúd. Bhíodh an talamh cuir agus an cimín cho maith le chéile gan claidhe ná fál. Dhá mbeadh droch-fhosaíocht ann, an té a mbeadh foghail déanta air, bíodh
 
Chuir sé an claidhe isteach = leag sé an claidhe isteach sa ngort nó sa bpáirc.
+
istigh
Bhí an gamhain sactha i lúibinn istigh le claidhe = bhí cruit air i gcúinne chois an chlaidhe.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí siad a' locadh caorach istigh le claidhe = bhí siad a' sáinniú caorach le h-ais an chlaidhe.
 
feadh
Tá na léasáin soir feadh na hiomaire ón gclaise sruth go claidhe. 'Deile céard a chart í (feamainn) ach cearca?
 
Nach diabhlaí an forcamhás atá air! Dheamhan greim a d'ith sé ó mhaidin ach ag breathnú síos thar claidhe ingarraí J. Síleann sé go bhfuil maith ar chuid na comharsan thar a chuid fhéin = asal ag breathnú go beóphianta thar claidhe
 
Má fhanann aon-chosamar den fheamainn sin d'fhuighleach thar éis an garraí a bheith leasuithe, caith le claidhe í, agus fónfaidh sí l'aghaidh múirín a dhéanamh
 
fáisc
Fáisceadh idir an mótar agus an claidhe mé
 
fál
Ag déanamh fáil atá siad le dhá lá. Sea agus claidhe dúshlánach. Tá siad ag cur balla fidín in íochtar agus clocha coiléir as sin suas
+
fód
Claidhe fóid atá sé a chur ar an ngarraí. Shílfeá go mb'fhearr dhó móta = claidhe scrathachaí
TUILLEADH (1) ▼
Ní sheasfaidh an claidhe fóid sin achar ar bith feadh's na scrathachaí tabhairt uatha. Ach sin é a ghníos sé i gcomhnaí
+
Tá sé curha againn ó fhad go dtí é. Níl fágha anois ach an leathfhód le claidhe = ceannfhearainn, nó stiall i ngarraí timpeall le claidhe. Ní bhíonn ann ach stuall chaol idtalamh ar bith a shaothruíthear le láighe
TUILLEADH (2) ▼
M'anam nach leath-fhód a fhágas sé sin le claidhe, ach cion iomaire. Bíonn splannc ar a chraiceann igcomhnaí go mbeidh sé amuigh as garraí
Tuige nach siúileann siad soir ar an leathfhód le claidhe agus gan a bheith ag talltú na n-iomrachaí. Tá siad in a gcis ar easair aca, tá sin
+
fidín
Is diabhlaí an claidhe atá sé a dhéanamh agus fidín in a leath = san leath íochtair
TUILLEADH (1) ▼
Cuir isteach máithreachaí len a bhun agus déan balla fidín eatorra le na mainnt a líonadh. Beidh claidhe dúshlánach agad annsin deirimse leat