Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fíor (50+)

 
Ná bain roghain ná díogha as an dream sin. Níl ann ach gach uile dhuine aca ag baint earasbár dhá chéile. Nach fíor dhom é?
 
Níl sé siúd t'fhearacht fhéin chor ar bith. Chuaigh fír na maitheasa annsiúd, agus tá a shliocht air: ní fhágfaidh sé a ghnaithí ar lár
 
Cuireadh fearadh na fáilte roimhe; cuireadh fearadh na fíor-chaoin fáilte roimhe = cuireadh na múrtha fáilte roimhe. (Níor chuala mé fearadh mar bhriathar Coimsí — "d'fhear", "fearaim" etc — san leagan seo. "Cuir" an briathar a mbaintear leas as leis)
 
feáin
Níl fí ná feáin air ó mhaidin ach ag dul Gaillimh bog te más fíor dó fhéin. Sé an chloch is faide siar ar a pháidrín é muis! Ní chorródh fear agus píce as an gclúid siúd anois é. Tá a chuid Gaillimh ar iarraidh
 
Sén chaoi ar shá mé na síolta ann, agus nuair a shá, chuir mé mám diúain síos sna fágálachaí ag cur fearasbar maitheasa orra má b'fhíor dom fhéin. 'Ar ndó' mo chreach mhaidne! Mharaigh mé le leasú iad. Ro-leasaithe a bhí siad roimhe sin fhéin
 
Eirigh as an bhfánaíocht agus déan buille eicínt maitheasa, feasta choíchin. Ach níl fír na maitheasa ionad
 
Cipiléirín crónta é. Níor cuireadh fír na maitheasa ann, agus is furasta 'aithinte air fhéin nar cuireadh.
 
cleite
Dheamhan luach leithphighne 'mhaith a rinne a dearbhráthair ariamh di, a's má's fíor di fhéin 'na dheidh sin, sé'n cleite is fhearr in a hata é.
 
Tá sí in aon-choinicéar amháin annsiúd ar a' teallach, a's is uirre atá 'chuile anshógh má's fíor di fhéin, ach is beag a' chlóic atá uirre in a dheidh sin.
 
Chuaidh cumaoin air ann, má b'fhíor dhó fhéin, ach áidhbhéil a bhío(nn)s aige leath na gcuarta.
 
cora
Dheamhan ceapadh 'bith a bhí agam go mbeannóchadh sé fhéin, dom, a's meastú nar chuir sé carra chainnte orm. 'Sé a bhí subháilceach má b'fhíor dó fhéin.
 
baile
Má's fíor di fhéin muis, chleacht sí fuigheall na bhfuigheall ag baile.
 
'Tuige nach bhfuil de bhealach aige ach mar sin. Má b'fhíor go raibh an-phosta de'n tsaoghal aige sin imBaile Átha Cliath!
+
beann
Sin é an fear nach raibh aon-bheann aige ar aonduine má b’fhíor!
TUILLEADH (1) ▼
Níl bínn aige siúd ar a' Rí má's fíor dhó fhéin = tá sé neamh-spleadhach neamh-uireasbhach ar chuile dhuine.
+
beart
Níl aon-lá ariamh, nach shin í 'gcuid aisiléaracht' sin — a' cuir beart in a shuidhe, a's ag imeartas ar chuile duine má's fíor dhóib fhéin. Ach feicthear dhomsa, gurab iad fhéin a bhío(nn)s siar leis i gcomhnuidhe.
TUILLEADH (2) ▼
Le teann críonnachta má b'fhíor dhó fhéin, a d'fhan sé sa mbaile, ach a' bhfeiceann tú fhéin, nach mbíonn duine dhá chríonna, nach dteigheann beart in 'aghaidh.
Tá sí chomh críonna le na h-easógaí má's fíor dhi fhéin, a's is iomdha beart a theighea(nn)s in a h-aghaidh ina dheidh sin.
 
coiric
Tá cárnán cloch thuas ar fhíor-choirricín an chnuic, a's ní bheadh fhios agad cé'r b'as a dtáinic siad. Ar aon-chor, ní bheidís ann marach gurb é an chaoi ar tárluigheadh ann iad.
+
Tá sé a' déanamh creachlaoiseacha síos faoi'n gcladach má's fíor dhó fhéin, ach sílim gurb é cuid a' bheagáin a dhéanfas an ceann céadna in aon-áit.
TUILLEADH (1) ▼
Déan 'chuile shórt a shamhlú leis sin, ach creachlaoiseachaí oibre. Ach breagh nar cuireadh fír na maitheasa in am ann!
 
Chaith sé amach baintreabhach annsin thiar a bhí taobh le páiste amháin. Bhí sagart óg ar a' gC. an t-am céadna, a's dubhairt sé go bhfeicfí na B. fós, a's gan in a gcuid tighthe móra ach na carógaí. Tháinic an tairngearacht annsin isteach fíor. Dheamhan teach mór dá raibh a' gabhail leo(b) nach bhfuil bánuighthe anois, a's tá leághadh chubhar na h-abhann orra(b) fhéin. Ba bheag a' scéal iad. Is iomdha créatúlacht a rinne siad ar dhílleachtaí a's ar dhaoine bochta.
 
cúl
Is mór a' tromuidheacht atá ag sagairt ar ól, má's fíor dhóib fhéin, a's fios maith ag 'chuile dhuine, nach gcuirfidís fhéin suas dhó, dhá bhfaghaidís ar chúla téarmaí é.
 
binse
Dheamhan a chos a chorruigh de'n bhinnse sin ó mhaidin, ach a' breacadh a luirgní le teine. Is géar a theastóchadh fír na maitheasa a chuir ann.
 
bocht 1
Má's fíor di fhéin, níl sí ach beo, bocht, a's is beag dhá cuid cluanaidheachta é sílim.
+
bocht 2
Má b'fhíor gur fhága sí sin leath a cuid airgid le roinnt ar na boicht! = dubhradh gur fhága sí sin leath a cuid airgid le roinnt amach ar dhaoine bochta, ach chaithfeadh sé gur bréag é.
TUILLEADH (1) ▼
Ní fearrde na boicht é, aindeoin, má's fíor dhó fhéin, nach mbeidís beo, marach é.
 
Brogús bhradach dhorcha í sin, a's í chomh h-íogmhar annsin, má's fíor di fhéin.
 
bruach
Nuair a leagann siad sin na bruachannaí leagann siad an iomaire as éadan: ní fhágann siad caolóid a' bith 'na ndiaidh. Is fusa an ithir a spréidheadh mar sin, má's fíor dóib fhéin.
 
Dhá mhéid aithmhéala é, má b'fhíor dó féin, is maith nar thairg sé roth nuadh a cheannacht dhuit = duine a bhris roth rothair ar dhuine eile.
 
Is ort atá 'chuile anshógh má's fíor dhuit fhéin. Caithfear buadán a chuir ar do chois, a's méaróg ar do láimh. Céard eile a theastuighea(nn)s uait? = gasúr goilleamhnach.
+
Ba h-imeartha an mac é, má b'fhíor dhó fhéin, a's breagh gur buaileadh an agóid air in a dheidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh a sárú sin faoi rothaí na gréine má b'fhíor dhó fhéin, ach tá fhios aige anois, gur buaileadh air ceart í.
 
Séiplíneach óg a bhuail faoi, a's é ar a' gceird sin, a' bánú tighthe, a's a' déanamh créatúlacht' ar bhaintreabhachaí. Níor chuir a' séiplíneach aon-araoid air, gur ionnsuigh sé fhéin é, idtosach. Annsin dubhairt a' séiplíneach leis, go mbeadh a' féar fós a' fás ar urlár a phárlúis. Tháinic a' méid sin isteach fíor. Níl cloch ar fhuaid a' tighe mhóir indiu (scéal faoi thighearna talmhana a ndearna séiplíneach eascanaidhe air, má's fíor).
 
buail
Bhí bualadh an naoi agam, chomh deas a's déarfá liom é, a's leig mé tharm é, in a dheidh sin, a' cur an fhir seo thall in a chúig má b'fhíor dhom fhéin. B'éigean dom é a chaitheamh idtraipisí sa deire, gan tada dhá bharr.
 
buan
Tá an fhíor-mhóin sin an-bhuan. Bhainfeá lá go n-oidhche as bord a' chléibh dhi.
+
buille
Tá fíor-bhuille aige = dubh-bhuille; an-bhuille amach a's amach.
TUILLEADH (2) ▼
Breagh nar fhan sé uathab, a's ní fhéadfaidís an buille feill a thabhairt dó, ach níor bheo é, gan a bheith 'brughadh orra(b) a's a' déanamh teánntáis leo(b) má b'fhíor dhó fhéin. Is olc a chuaidh an teanntás dó as a dheire.
Cé'n chaoi 'bhféadfadh sé aon-bhuille maitheasa a dheanamh. Níor cuireadh fír na maitheasa ann, nuair a bhí í 'chuir ann.
+
ainm
Ainm ó'n díle é sin i gConamara, má's fíor do na h-ughdair = ainm fiannach: ainm atá i bhfad ann.
TUILLEADH (1) ▼
Le gleacuidheacht má b'fhíor (dh)ó fhéin a thug sé an t-ainm contráilte uaidh, ach sílim go dtiocfa an ghleacuidheacht daor air, feadh 's na póilíos dhá fhaghail amach air (féach 'gleacuidheacht')
+
aire
Níl ann, ach réidh-chosán aistreánnach, agus níor mhór do dhuine a bheith fíor-aireach dhá shiubhal = cosán-ar-éigin é, agus é an-docamhail, agus chaithfeadh duine a bheith áirdeallach dhá siubhal nó bainfidhe leagan as.
TUILLEADH (1) ▼
Ní mór dhuit a bheith fíor aireach ag árdú an strapa sin, mar tá boidhléir mhóra ar forbhás ann = caithfidh tú 'bheith áirdeallach ag dul suas in aghaidh an strapa sin (féach strapa), mar tá daigéid mhóra cloch ann, agus is furasta leo sciorradh le fánadh.
 
aire
Tabhair fíor-aire dhuit fhéin anois, nó cuirfe mise dhá ghob ort i leaba gob amháin.
 
airí
Tá airgead na h-airidhe aige sin, má's fíor = go barr bachall; in a chocaí beaga.
 
anó
Is air atá 'chuile anshógh má's fíor dó fhéin = tá criotán a's cithréim a's éalang a's 'chaon tsórt air, agus bíonn sé i gcomhnuidhe a' casaoid a's a' fuasaoid.
 
'Dhá bhfeictheá Máirtín a's é ag árdú an Mháma; a's a phílí mná leis, má b'fhíor dhó fhéin!' ("Amhráin Chloinne Gaedheal" — l. 47).
 
ard 2
Badh cheart go mbeadh sé an-árd i bposta anois, má's fíor dhi seo thoir.
 
Is fada iad a' teacht anuas uirre, má's fíor dóib fhéin, ach níor tháinic siad anuas uirre fós.
 
átha
'Átha 'san abhainn, sin linn uisce thanaidhe a mbíonn an t-uisce marbh ann, gan a bheith a' rith mar bhíos sruth le fána, a's gan bun móna, nó creafóige, in a íochtar, ach scaineamh. Is ionann scaineamh agus fíor-ghaineamh, gaineamh mín. Scuabann an sruth an gaineamh léithe go dtagann sé go dtí an átha. 'Sé an áit a gcomhnóchadh an gaineamh ar an átha. Bíonn uisce éadtrom ar an átha' ("Peadar Chois-Fhairrge" — l. 69)